Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath DCU
" Tá Fios Feasa bainteach leis an iarchéim MSc i nGnó agus Teicneolaíocht an Eolais a sholáthraíonn Fiontar in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath - is sinne a mhúineann modúl na n-ilmheán sa chúrsa san.
Ollscoil na Ríona Queen's University
" Ar dtús, d'fhreastail mé ar ranganna oíche in Ollscoil na Ríona.
raic na dtáillí ollscoile the uproar over university fees
" Ní hé raic na dtáillí ollscoile atá ar intinn agam, cé gur léir ón gcomhghuallaíocht áiféiseach idir Páirtí an Lucht Oibre agus an Páirtí Daonlathach ar an gceist áirithe sin go bhfuil clochmhíle de shaghas éigin sroichte againn i stair na polaitíochta in Éirinn.
chéimithe ollscoile university graduates
" D'eascair an smaoineamh ó eagras darbh ainm An Comhchaidreamh, eagras do mhic léinn agus do chéimithe ollscoile.
An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath University College Dublin
" "A Bhean Mhic an tSaoi," a dúirt sé, "níl d'fhear céile á *hire*áil agam, ach do bheinn faoi chomaoin agat muna mbraithfeá go gcaithfeá an scéal ar fad a insint do na tuismitheoirí!" Seal san ollscoil ======= Tar éis na scoile, chuaigh Máire go dtí An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, áit a ndearna sí an Léann Ceilteach agus nuatheangacha - Gaeilge, Béarla agus Fraincis.
Ollscoil Obar Dheathain Aberdeen University
" Rinne mé staidéar ar Ghàidhlig na hAlban in Ollscoil Obar Dheathain ansin rinne mé staidéar ar Ghaeilge na hÉireann sna hollscoileanna i nGaillimh, i gCorcaigh agus i mBaile Átha Cliath.
Ollscoil na Ríona Queens University
" "Bhí an dá cheol *compatible*, chroith siad lámha áit éigin i mo chloigeann, ach níor thoisigh mé a smaoineamh ar an cheol mar shlí bheatha go dtí go raibh mé in Ollscoil na Ríona.
Ollscoil Obar Dheadhain Aberdeen University
" " Fir óga ======= Murab é an seicteachas atá faoi bhláth in Albain, céard atá ag tarlú, mar sin? Rud éigin eile ar fad, dar leis an Ollamh Steve Bruce, ó Ollscoil Obar Dheadhain: "Níl fadhb an tseicteachais ag Albain.
sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath in UCD
" Agus é ina mhac léinn, bhíodh sé ag seinm na fidle ag gigs agus ag léiriú ceirníní don chomhlacht Ceirníní Cladaigh, chomh maith le roinnt léachtóireachta a dhéanamh sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.
iar-Sheansailéir ar Ollscoil na hÉireann former Chancellor of the National University of Ireland
" Tá go leor gaiscí tábhachtacha déanta aige a bhféadfadh sé maíomh astu, áfach, dá mba mhian leis: is iar-Ghobharnóir é ar Bhanc Ceannais na hÉireann, iar-Rúnaí ar an Roinn Airgeadais, iar-Uachtarán ar Acadamh Ríoga na hÉireann, iar-Chathaoirleach ar APSO, iar-Sheanadóir, iar-Sheansailéir ar Ollscoil na hÉireann, príomhchomhairleoir Sheáin Lemass nuair a bhí Éire ag plé ballraíochta sa Chómhargadh (mar a bhí air ag an am).
an ollscoil is sine the oldest university
" Bunaíodh an coláiste sa bhliain 1348 agus is í an ollscoil is sine i lár na hEorpa.
cóngarach d'Ollscoil na Ríona near Queens University
" Bhí an oifig suite i gceantar an-deas, is é sin Ascaill na Lus, cóngarach d'Ollscoil na Ríona.
gnáth-ollscoil a regular university
" Thug sé roinnt blianta ag múineadh buachaillí bodhra tar éis dó filleadh ar Éirinn i 1969, go dtí gur ceapadh é ar fhoireann Roinn na Gaeilge i gColáiste Phádraig, ar coláiste oiliúna é do mhúinteoirí, mar aon le gnáth-ollscoil.
bpolaitíocht ollscoile university politics
" Daoine eile a bhfuil postanna acu agus iad ina mbainisteoirí i mbialanna taobh le taobh le bheith ar chúrsa ollscoile, nó iad páirteach i bpolaitíocht ollscoile nó i bpolaitíocht áitiúil.
chéim ollscoile university degree
" Ach nuair a thosaíomar ag labhairt lena chéile, shílfeá nach raibh ann ach an tseachtain seo caite go rabhamar inár ndlúthchairde!" Is léir go ndeachaigh Gaillimh i bhfeidhm ar Mhairéad le linn a hóige mar chinn sí ar chéim ollscoile (sa Ghaeilge agus san fhealsúnacht) a dhéanamh ansin agus chuir sí fúithi sa chontae tar éis di a céim a bhaint amach sna seachtóidí.
Ollscoil na Banríona Queens University
" Bhí suim an-mhór ag a athair sa Ghaeilge mar d'fhreastail sé ar léachtaí ar an tSean-Ghaeilge a thug an tOllamh Ó Briain do na mic léinn in Ollscoil na Banríona.
céimeanna ollscoile university degrees
" Tá an-bhrú ar an ngrúpa seo, daoine fásta óga, in ainneoin go bhfuil oideachas maith orthu, céimeanna ollscoile agus dioplómaí ina bpócaí acu.
Ollscoil na Ríona Queen's University
" ” Tá cinneadh déanta ag coláistí áirithe mar Choláiste na Tríonóide agus Ollscoil na Ríona ranna beaga a dhúnadh.
lasmuigh den ollscoil outside university
" Ó am go chéile casann muid amhrán nó dhó chun spórt a bheith againn! ENíG: An mbíonn deis agat féin an Ghaeilge a labhairt lasmuigh den ollscoil? SNíR: Le déanaí tá cúpla duine a bhfuil Gaeilge líofa acu tar éis bogadh go Milwaukee.
chun dul i dtaithí ar an ollscoil ann to get used to the university there
" AÓF: An bhfuil tú chun cuairt a thabhairt ar an áit roimh ré le socrú isteach ann? TC: Beidh mé ag caitheamh coicíse ann i Meán Fómhair 2006 chun labhairt leis an Dochtúir Mick Maloney faoin obair a bheas romham ann agus chun dul i dtaithí ar an ollscoil ann.
céim ollscoile sa gceoleolaíocht a university degree in musicology
" Cúpla seachtain ó shin, casadh fear orm a raibh céim ollscoile sa gceoleolaíocht aige agus phléamar cineálacha éagsúla ceoil.
Ollscoil Obar Dheathain Aberdeen University
" Ar an drochuair, ní raibh *bivvy bags* ag an bheirt mhac léinn ó Ollscoil Obar Dheathain a fuair bás le chéile roimh an Nollaig agus mar sin ní raibh aon dídean acu nuair a thosaigh stoirm sneachta.
Ollscoil cháiliúil a famous university
" Ollscoil cháiliúil is ea Virginia Tech, in ainm is a bheith mar “MIT an Deiscirt”, agus bíonn foirne spóirt na hollscoile, na *Hokies*, le feiceáil ag imirt ar bhonn náisiúnta gach bliain.
ó thúr cloig na hollscoile from the university's bell tower
" Níor tharla ach eachtra amháin eile inchurtha leis seo i stair Mheiriceá – nuair a mharaigh mac léinn ollscoile in Austin, Texas, Charles Whitman, a raibh taithí naoscaireachta aige sa Chór Muirí, trí dhuine dhéag ó thúr cloig na hollscoile le raidhfil.
céim ollscoile university degree
" Is airde fá chúig an rannpháirtíocht i gcúrsaí spóirt i measc an 25% is saibhre agus ina measc siúd a bhfuil céim ollscoile acu.
cáilíocht ollscoile teanga a university language qualification
" Obair na paróiste an cúram a bhí air agus, diaidh ar ndiaidh, chaill sé teagmháil leis an teanga bheo agus rinneadh Gaeilgeoir ócáideach de, duine de na daoine sin a raibh cáilíocht ollscoile teanga acu ach nár bhain úsáid as an teanga ar bhealach ar bith rialta.
freastal ar an ollscoil. to attend university.
" AÓF: Cén chaoi ar thosaigh tú ag déanamh fidleacha? YB: Bhuel, nuair a chríochnaigh mé mo chuid scolaíochta, níor theastaigh uaim freastal ar an ollscoil.
ollscoileanna, universities,
" Ó shin i leith, tá conarthaí ar luach na gcéadta milliún dollar iad tiomsaithe aige ar son ollscoileanna, ospidéal, ord eaglasta, iarsmalann agus iliomad cúiseanna carthanachta.
a sheanchomrádaí ollscoile his old university comrade
" Tar éis an tsaoil, ámh, ná déan dearmad gur vótáil pobal Mheiriceá dó, ní uair amháin, ach faoi dhó, agus gur bhua sách éasca a fuair sé ar a sheanchomrádaí ollscoile John Kerry i dtoghchán 2004.
idir sonóg pheile Ollscoil Oregon between the football mascot of Oregon University
" Bíodh an diabhal ag scéalta beaga mar thrioblóid ar an stocmhalartán, shíormharú san Iaráic, agus easpa árachais i measc na saoránach bocht - ba é an scéal mór ná an troid a thit amach idir sonóg pheile Ollscoil Oregon agus sonóg pheile Ollscoil Houston i rith cluiche peile Meiriceánach an deireadh seachtaine seo a chuaigh thart.
gurbh údar díomá é don ollscoil it was a cause for dissappointed to the university
" Tar éis dó sonóg na foirne eile, ar a dtugtar The Houston Cougar, a leagan chun talaimh, chrom sé thairis agus thosaigh sé ag déanamh ionsaithe ar an Cougar a raibh cuma ionsaithe gnéis air! Tuigfidh tú, mar sin, gurbh údar díomá é don ollscoil agus do Disney Donald Duck a fheiceáil ar an teilifís náisiúnta ag tabhairt faoi Chúgairín Houston.
tá peil ollscoile ann, there is also university football,
" Chomh maith leis sin, tá peil ollscoile ann, a imrítear sa séasúr céanna, atá in ainm is a bheith neamhphroifisiúnta.
ba sna hollscoileanna a thosaigh an pheil Mheiriceánach. in was in the universities that American Football began.
" **Stair na peile Meiriceánaí** Go deimhin, ba sna hollscoileanna a thosaigh an pheil Mheiriceánach.
idir ollscoileanna na Stát Aontaithe between the universities of the United States
" Ar aon nós, tá cluiche darb ainm "peil" á imirt idir ollscoileanna na Stát Aontaithe ó shin i leith.
Leath an cluiche amach ó na hollscoileanna mór le rá The game spread out from the well known universities
" Leath an cluiche amach ó na hollscoileanna mór le rá ar an gcósta thoir, agus roimh i bhfad, bunaíodh sraithchomórtas idir na seanollscoileanna, ar a tugadh The Ivy League.
mar gheall ar sheanbhallaí fhoirgnimh na n-ollscoileanna. because of the old walls of the unversities' buildings.
" Roghnaíodh an t-ainm seo mar gheall ar sheanbhallaí fhoirgnimh na n-ollscoileanna.
Ba é seo aimsir bhunaithe agus fháis na n-ollscoileanna móra stáit This was the period during which state universities were establised and grew
" Ba é seo aimsir bhunaithe agus fháis na n-ollscoileanna móra stáit freisin, agus taobh istigh de scór bliain nó mar sin bhí ollscoileanna ag imirt an spóirt nua seo ó chósta go cósta.
Tá an staid seo ar an staid ollscoile is mó i Meiriceá. This is the biggest university stadium in America
" Tá an staid seo ar an staid ollscoile is mó i Meiriceá.
dhá shraithchomórtas ollscoile déag twelve university leagues
" Mar chomparáid, ní féidir ach le 82,000 duine a bheith i bPáirc an Chrócaigh agus 90,000 i Staid Wembley! Tá dhá shraithchomórtas ollscoile déag ar leith sna Stáit Aontaithe, agus cothrom is deich mball i ngach ceann, gan trácht ar scór nó dhó sraithchomórtas beag idir na coláistí agus ollscoileanna beaga timpeall na tíre.
an uair dheireanach a chonaic mé cluiche peile idir-ollscoile in Éirinn, the last time I saw an inter-varsity football match in Ireland,
" Más buan mo chuimhne, an uair dheireanach a chonaic mé cluiche peile idir-ollscoile in Éirinn, bhí céad duine sa lucht féachana! Cuid de shaol ollscoile is iad na cluichí seo do gach mac léinn.
Cuid de shaol ollscoile Part of university life
" Más buan mo chuimhne, an uair dheireanach a chonaic mé cluiche peile idir-ollscoile in Éirinn, bhí céad duine sa lucht féachana! Cuid de shaol ollscoile is iad na cluichí seo do gach mac léinn.
agus iad ag éisteacht le hamhráin pheile a n-ollscoile. while listening to the football song of their university.
" Leanann an-chuid alumni na n-ollscoileanna a bhfoirne go deireadh a saoil, agus is minic go bhfuil iar-mhic léinn feicthe agam ag caoineadh agus iad ag éisteacht le hamhráin pheile a n-ollscoile.
Thosaigh an séasúr i mbliana le dhá dhroch-thuairt d'ollscoileanna móra. The season began this year with two blows for the big universities.
" Shílfeá go seasfainnse ar leataobh ag breathnú ar an radharc seo go searbhasach – ach bhíos i lár baill ag canadh leo, gan de cheangal agam féin leis an ollscoil ach gur chaith mé seimeastar ag teagasc inti! Éirí na n-íochtaránThosaigh an séasúr i mbliana le dhá dhroch-thuairt d'ollscoileanna móra.
thuas ar ardán staid na hollscoile up on the platform of the university stadium
" Cá bhfios nach mbeidh mé féin thuas ar ardán staid na hollscoile an tseachtain seo chugainn ag tabhairt uchtaigh dár bhfoireann.
baile beag ollscoile little university town
" Is cuimhin liom chomh deacair is a bhí sé beoir éagsúil a aimsiú i gcuid mhaith tábhairní Meiriceánacha, fiú i 1994 nuair a tháinig mé go Champaign-Urbana, ar baile beag ollscoile faoin tuath in Illinois é.
dár n-iarchomrádaí ollscoile to our old university friend
" Is dócha nár cuireadh iontas orm, mar sin, nuair a d'fhiafraíos de chara de mo chuid le déanaí cad a tharla dár n-iarchomrádaí ollscoile in Illinois.
in aon ollscoil in any university
" Tháinig sé go hÉirinn agus é ocht mbliana déag d’aois de bhrí nár éirigh leis áit a ghnóthú in aon ollscoil sa Bhreatain.
líonta sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath filled in UCD
" “Bhí an t-ádh liom nach raibh cuóta na mac léinn eachtrannach líonta sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath agus d’éirigh liom áit a fháil ansin.
saol na hollscoile university life
" Isteach chuig saol na hollscoile agus saol an spóirt a d’imigh mise.
Cuirfear ar chumas na n-ollscoileanna the universities will be enabled
" Cuirfear ar chumas na n-ollscoileanna tabhairt faoin obair seo go proifisiúnta, a bhuíochas seo ar fad d’Éamon Ó Cuív a thuig tábhacht an mhéid atá á bhaint amach thar sáile.
taighde ollscoile university research
" Tarlaíonn go minic agus taighde ollscoile ar siúl go mbíonn ort tionscadail fhiúntacha a chaitheamh i dtraipisí má thagann an maoiniú reatha chun críche.
chun na hollscoile to university
" Rachaidh siad chun na hollscoile; bainfidh siad céimeanna amach; rachaidh siad le gairm chiallmhar inphinsin.
saothraíonn céimithe ollscoile university graduates earn
" Dé réir an ECFE, saothraíonn céimithe ollscoile thart ar 50 faoin chéad níos mó ná iad siúd nach bhfuil oideachas tríú leibhéal bainte amach acu (Foinse: *OECD Factbook,* 2008).
ollscoil. university
" Is bruachbhaile de chuid Pamplona é Cizur Minor agus tá sé gar don ollscoil.
ollscoil shaor open university
" “Ag an am chéanna, bhí sé ag iarraidh ollscoil shaor a bhunú in achan tír.
Ollscoil Leighis Medical University
" Deir Premier Exhibitions go raibh na marbháin gan aitheantas agus go ndearnadh gach iarracht na gaolta a aimsiú sular tugadh do na póilíní iad agus ansin chuig Ollscoil Leighis Dalian (pairtnéirí Premier Exhibitions), áit a ndearnadh teascadh, nó sceanairt agus plaistiniú orthu.
Ollscoil university
" Dearcadh an duine Thug léachtóir eacnamaíochta anseo in Ollscoil Virginia moladh dá chuid mac léinn cúpla mí ó shin, agus tchítear dom go bhfuil sé ar a laghad chomh tráthúil anois is a bhí sé nuair a dúirt sé den chéad uair é.
ollscoile university
" Chuaigh Thomas Sotinel agus Jacques Mandelbaum, criticeoirí scannáin, céim níos faide i Le Monde ag deireadh mí Márta agus iad ag scríobh faoin inimireach neamhdhleathach mar phearsa i scannáin an lae inniu: Is é an fáth go bhfuil na scannáin ‘*Welcome*’ agus ‘*The Visitor*’ (scannán de chuid Tom McCarthy a tháinig amach in Éirinn le linn an tsamhraidh 2008) chomh éifeachtach sin ná go gcuirtear saol corrach cumhach an inimircigh os comhair gnáthdhuine, garda tarrthála i linn snámha nó múinteoir ollscoile i gcás an dá scannán thuas.
lasmuigh den ollscoil outside of the university
" Luaigh tú i do chuid cainte le hArd-Fheis Chonradh na Gaeilge go mbaineann an ghné shóisialta le forbairt na hollscolaíochta lasmuigh den ollscoil féin agus gur dea-shampla den ghné sin Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge.
táillí ollscoile university fees
" Beidh an bhliain seo chugainn níos deacra agus táillí ollscoile ar na bacáin arís.
Ollscoil university
" Na mic léinn a d’fhreastail ar Ollscoil Uladh ag Cúil Raithin, ar náisiúnaigh iad a mbunús, dhearc siad ar Phort Stíobhard mar bhaile, chan Cúil Raithin.
Ollscoil university
" Creidim go bhfuil cuid mhór ag an philleadh ar an Ollscoil le déanamh leis.
Ollscoil university
" Mar a dúirt an tOllamh Richard Kingsford, saineolaí ar na haibhneacha intíre in Ollscoil New South Wales, "*When those rivers run, I believe it's one of the most spectacular events in the world*.
ollscoile university
" Tá thart are €250,000 á íoc le gach uachtarán ollscoile sa tír seo faoi láthair: tá a bpá níos mó ná mar a íoctar le Príomhaire na Breataine! Cén fáth? (http://www.
Ollscoil university
" Iarléachtóir ag Ollscoil Lampeter is ea Greg Stevenson, atá anois ina láithreoir ar chlár faoin ailtíreacht ar S4C.
ollscoil university
" Bíodh gur chaith sé roinnt blianta ar an ollscoil lena dhintiúirí a bhaint amach, níl a chuid cainte (ná scríobh, chreidfinn) réidh le cur os ard go fóill.
hollscoileanna universities
" Níl aon amhras faoi sin: is ann atá na hollscoileanna is mó cáil ó thaobh innealtóireachta de, cuir i gcás MIT, Berkeley, agus Stanford; is ar thaighdeoirí Meiriceánacha freisin a bhronntar bunús na nduaiseanna Nobel, agus ar ndóigh, i measc na gcomhlachtaí móra teicneolaíochta, tá a bhformhór bunaithe sna Stáit.
ollamh ollscoile university professor
" Tuairiscíodh san alt go ndúirt ollamh ollscoile, Dr.
ollscoil a university
" Cloisfidh tú treoraí ag maíomh ar an dáta sin nuair a dhruidfidh na turasóirí cruinn thart air lá ar bith i gcearnóg na hollscoile, óir ní féidir iad a choinneáil amach as an áit.
n-ollscoileanna universities’
" Dhíol gach éinne ar bord loinge sinn, polaiteoirí, lucht bainc, lucht eacnamaíochta na n-ollscoileanna agus lucht na meán, óir lig siad thar dhream ar bith eile, don tubaiste theacht aniar aduaidh ar an phobal.
Ollscoil university
" Níorbh é a chéad uair thiar ansin, mar chaith sé seal in Ollscoil Princeton cheana féin, faoi stiúir John von Neumann - duine de na matamaiticeoirí is mó san fhichiú haois a d'fhág a rian ar shaol na heolaíochta agus ríomhaireachta.
Ollscoil university
" Scríobh Rogan Taylor, urlabhraí *Share Liverpool FC* agus ceannaire an Roinn Sacair in Ollscoil Learphoill an leabhar seo.
ollscoil university
" Nuair a bhí mé ag réiteach le dul amach chun na hAfraice chun mo chuid taighde a dhéanamh ar an teanga KiSwahili, d’fhreastail mé ar chúpla cúrsa a bhí Joshua Fishman a mhúineadh mar aoi-léachtóir ag an ollscoil sa samhradh.
Ollscoil university
" Tháinig mé chuig an áit fhiáin álainn seo chun an Ghaeilge a mhúineadh in Ollscoil Brest, ach fágfaidh mé an scéal sin do lá eile.
Ollscoil university
" Críostaí Soiscéalach, a fuair oideachas Caitliceach in Ollscoil Marquette in Milwaukee sular éirigh sé as gan chéim, mhol sé pá na n-oibrithe stáit a ghearradh siar go mór, cáin ar chomhlachtaí agus ar dhaoine saibhre a ghearradh siar leis, seirbhísí poiblí a ghearradh siar go mór, agus beartas ‘ar son na beatha’ a chur chun cinn.
ollscoil university
" **SMM: Bhog tú go Gaillimh le freastal ar an ollscoil anseo, an bhfuil an ceart agam?** BNC: Tá.
ollscoile university
" Ní hiontas é go bhfuil an oiread sin páipéarachais cruinnithe ag an Uigeannach a bhí ina léachtóir ollscoile ar feadh i bhfad go dtí gur roghnaigh sé bealach na polaitíochta.
saol na hollscoile university life
" Is dócha gur rud mór eile a chuireann sonas i gcroí an aosa óig inniu ná saol na hollscoile.
Ollscoil university
" Ní móide go dtabharfaidh Caoimhe — ná na mílte eile a chuir Barack Obama faoi dhraíocht lena bhriathra binne agus a mheangadh ceanúil — mórán aird go deo ar an méid atá á scríobh ag a huncail faoi Uachtarán SAM agus an bhaint atá aige le lucht an airgid atá ag déanamh scrios ar an domhan lena chomhairle geilleagair a d’eascair as Ollscoil Chicago agus a chuid saineolaithe ar nós Milton Friedman.
Ollscoil university
" Cohen ó Ollscoil Nua-Eabhrac go bhfuil géibheann Ai Weiwei mídhleathach fiú de réir dhlí na Síne féin, agus más féidir duine chomh cáiliúil leisean a ghabháil agus a chur faoi ghlas, cén chosaint atá ag an ghnáthshaoránach Síneach? Is díol suntais é gur osclaíodh an iarsmalann is mó ar an domhan i gCearnóg Tiananmen díreach sular gabhadh Ai Weiwei.
ollscoileanna áirithe certain universities
" Is léir go bhfuil suim ag roinnt mhaith daoine sa Ghaeilge i Victoria, agus is é an trua nár smaoinigh rialtas na hÉireann ar scéim cosúil le scéim Fulbright a eagrú roimhe seo, chun scoláirí óga Gaeilge a chur chun na hAstráile agus é mar aidhm acu an Ghaeilge a mhúineadh in ollscoileanna áirithe.
ollscoil university
" Ba nós nuair a bhí muid inár mic léinn san ollscoil, go gcuirfí siar go dtí an Ghaeltacht muid agus roghnaigh mise Conamara agus chaith mé coicís ar an gCnocán Glas sa Spidéal.
gcarrchlós na hOllscoile the university carpark
" Bhí sé socraithe agam casadh le Krzysztof i gcarrchlós na hOllscoile ag a leath uair tar éis a hocht ar maidin.
ollamh ollscoile a university professor
" Ag caint ag Tóstal na Gaeilge an mhí seo caite, mhol an tOllamh Colin Williams ó Ollscoil Caerdydd go gceapfaí iarbhreitheamh, abhchóide sinsireach nó ollamh ollscoile le scagadh agus próiseáil neamhspleách a dhéanamh ar na moltaí a bheas ag eascairt as an phróiseas athbhreithnithe.
ollscoil university
" Sean-Deasghnátha á gCleachtadh =============== Labhair mé le Bogdan Neagota, eitnegrafaí as ollscoil Cluj maidir le gnéithe de chultúr na tuaithe sa Rómáin.
céimithe ollscoile university graduates
" ) - Seisear Seanadóir atá tofa ag céimithe ollscoile (triúr ó Ollscoil Náisiúnta na hÉireann agus triúr ó Choláiste na Tríonóide.
mhic léinn ollscoile university students
" In Ollscoil Saint Marys i lár na cathrach, bunaíodh scéim do mhic léinn ollscoile ar mhaith leo tabhairt faoi réiteach coimhlinte, scéim a ligeann dóibh taisteal go Béal Feirste agus obair a dhéanamh le haos óg Náisiúnach agus Aontachtach gach bliain.
ollscoileanna universities
" Tá go leor scoileanna agus ollscoileanna ag iarraidh orainn an tsraith a chur ar fáil dóibh.
i gceann d’ollscoileanna in one of (Salvador’s) universities
" Thosaigh Luciano, léachtóir staire i gceann d’ollscoileanna Salvador, ag ól Santo Daime breis is scór go leith bliain ó shin, nuair a bhí a leithéid go hiomlán i gcoinne an dlí.
freastal ar an ollscoil to attend university
" Níl fonn air freastal ar an ollscoil agus is mór an t-ábhar mórtais dó an teideal atá bainte amach aige mar bhradaí ríomhaireachta.
Fondúireacht Ollscoil Éireann Cheanada ICUF
" Ón bhliain 2009, le maoiniú ón Chrannchur Náisiúnta agus ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, chuir Fondúireacht Ollscoil Éireann Cheanada (ICUF) dámhachtainí ar fáil chun teagascóirí Gaeilge a fhostú ar feadh bliana le Gaeilge a theagasc i roinnt ollscoileanna in Oirthear Cheanada.
go múinfí na teangacha áitiúla Dúchasacha san ollscoil that local Native languages be taught in the university
" Tá cúig éileamh acu, ina measc go múinfí na teangacha áitiúla Dúchasacha san ollscoil agus go gcuirfí níos mó scolaireachtaí ar fáil do mhic léinn Dúchasacha.
San ollscoil in the university
" Suáilceach agus Sochainteach ========== San ollscoil ina raibh mé féin ag múineadh is ag stáidéar, chaith mé laethanta is oícheanta ag éisteacht is ag caint le mic léinn eile faoi ábhair mhóra ár linne.
ollscoileanna universities
" Bhí suim aige i ríomhaireacht óna óige, agus rinne sé dianstaidéar ar ríomhairí i roinnt coláistí agus ollscoileanna (Ollscoil Learpholl Shasana ina measc!) go dtí gur earcaigh seirbhísí rúnda Mheiriceá é ina luathfhichidí.
roimh fhreastal ar an ollscoil before attending university
" Táim féin ag gabháil i dtreo na tuairime gur chóir bliain a chaitheamh ag obair roimh fhreastal ar an ollscoil, ach níl ionamsa ach an colúnaí teicneolaíochta! Ach má éiríonn leat agus má shocraíonn tú ar freastal ar an tríú léibhéal, ná bac leis an gcarr nua a thairg do thuismitheoirí duit do thorthaí maithe: iarr liúntas teicneolaíochta uathu agus ceannaigh na giuirléidí seo a leanas.
i leabharlann na hollscoile in the college library
" com/en-us/smartpen/wifi-smartpen/> Cluasáin Fhuaimdhíonacha ========= B’fhéidir nach gceapfá go mbeadh cluasáin fhuaimdhíonacha róthábhachtach ach má cheapann tú ar feadh meandair amháin gur chóir duit tabhairt faoin staidéar i leabharlann na hollscoile leis na cluasáin a fuair tú le do iPod/ seinnteoir MP3/ guthán, b’fhéidir gur chóir duit gabháil ar ais ar scoil! Tá rud nó dhó le foghlaim agat go fóill! Tá liosta cuimsitheach ag CNET <http://reviews.
trácht dhíograiseach na hollscoile ar an bhfaiche the busy movement one finds in a university on the square
" An samhradh timpeall orainn, agus trácht dhíograiseach na hollscoile ar an bhfaiche.
ollscoileanna universities
" Bailte móra, ollscoileanna, agus fiú ardscoileanna féin a bhíonn á reáchtáil, agus is féilte breátha pléisiúrtha iad a mbíonn daoine ag súil leo ó cheann ceann na bliana.
ar Shlí Dála na hollscoile on the university Concourse
" Tharla rud an tráthnóna sin ar Shlí Dála na hollscoile a chuir i mbun machnaimh mé.
ar féidir a chaitheamh le leathbhádóir ollscoile which may be used along with a university partner
" Chomh maith le cúnamh iontach eile, cuireann Enterprise Ireland ‘dearbháin nuálaíochta’ ar fáil ar féidir a chaitheamh le leathbhádóir ollscoile a thabharfaidh faoin taighde don ghnó nua.