Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
an tuairim the opinion
" Nochtaíonn Ard-Rúnaí CMÉ an tuairim go rialta gur féidir an cheist a réiteach trí mhúinteoirí neamhcháilithe ó thíortha eile a úsáid agus neamhaird a thabhairt ar cháilíocht na Gaeilge.
tuairimí polaitiúla political opinions
" asp) ======= A Chara, Is mór mo mheas ar Bharra Ó Donnabháin, mar gheall ar a chuid oibre ar son na Gaeilge, ach ní mór mo mheas ar a chuid tuairimí polaitiúla.
pobalbhreitheanna opinion polls
" Dála an scéil, cad iad pobalbhreitheanna a bhí i gceist aige? Cinn as an aer? Le meas, agus díomá, Séamas Ó Neachtain (Nua-Eabhrac) (www.
tuairim choitianta popular opinion
" Is é an tuairim choitianta go ndéanann eachtraí den chineál seo dochar mór do chás an Lucht Taistil toisc go n-ídíonn sé pé dea-thoil atá ag an bpobal trí chéile ina leith.
bharúil opinion
" Is é mo bharúil go bhfuair na daoine i mBostún Theas níos mó den mhilleán ná mar a bhí tuillte acu.
cuireadh tuairimí in iúl opinions were expressed
" Sna meáin chumarsáide, cuireadh tuairimí in iúl go tréan.
phobalbhreitheanna opinion polls
" Mar shampla, níos luaithe i mbliana ba é an Seanadóir Shane Ross a thug faoi deara fabht bunúsach sa reachtaíocht chun cosc a chur ar phobalbhreitheanna sna laethanta roimh thoghchán.
den bharúil láidir of the strong opinion
" Tá Balor s'againne den bharúil láidir nach mbíonn a dhath ar bith eile le déanamh ag na daoine sin a scríobhann isteach go rialta chuig Clár Plé *Beo ar Éigean*; agus ar mhaithe le rud inteacht cruthaitheach a thabhairt dóibh le déanamh iarann sé moltaí fá choinne ainm úr Farmleigh.
ar aon tuairim of the same opinion
" Agus an rud a dúirt sí ná 'Mura rachadh sé amach, chuirfinn amach é!' Bhí siad ar aon tuairim go hiomlán faoi shaoirse na tíre agus faoi chúrsaí Gaeilge.
phobalmheas opinion poll
" Ach ní raibh mórán den lucht éisteachta sa halla a d'aontaigh leis an bharúil seo sa díospóireacht a bhí ann ag deireadh a chainte - agus sin mar a bhí sé sa phobalmheas a rinne *The Guardian* sa samhradh (cf.
barúlacha opinions
" Glacann páistí barúlacha agus luachanna a dteaghlaigh ach múnlaíonn siad iad de réir a n-eispéiris féin.
den bharúil of the opinion
" Deir sí nach maith léi an léamh a dhéanann criticeoirí áirithe ar a saothar - tá sí den bharúil go bhfuil cuid de na nithe atá scríofa acu ina thaobh mícheart amach is amach.
tuairim opinion
" " Aon duine a éisteoidh leis an albam nua, tá mé cinnte go n-aontóidh sé leis an tuairim sin.
pobalbhreitheanna opinion polls
" Léirigh pobalbhreitheanna éagsúla le trí bliana anuas go raibh an tóin tite as a dtacaíocht, ach níor tugadh mórán airde air sin.
pobalmheasanna opinion polls
" Léirigh na pobalmheasanna go mbeadh ról tábhachtach ag Fortuyn sa pharlaimint 150 suíochán.
phobalmheasanna opinion polls
" Is é an Seanad freisin a stop an rialtas ó chosc a chur ar phobalmheasanna díreach roimh thoghchán.
tuairim opinion
" Mar shampla, de réir Alt 27 má chreideann móramh an tSeanaid agus an tríú cuid den Dáil gur chóir tuairim an phobail a lorg ar bhille a bhfuil tábhacht náisiúnta ag baint leis, tá ar a gcumas é a chur faoi bhráid an Uachtaráin.
bharúil opinion
" Ach tá an seandearcadh ag na heasaontóirí poblachtánacha go fóill agus is é mo bharúil go bhfuil siad ag dul suas caolsráid chaoch (mar a déarfá sa Bhéarla) agus má leanann siad ar aghaidh go mbeidh níos mó fulaingthe neamhriachtanaí ann.
barúlacha binbeacha venomous opinions
" Cúis iontais dúinn uilig gur thug an t-eagarthóir, Éamonn Ó Doornail, cead a cinn don chailleach cháidheach a cuid barúlacha binbeacha a scaipeadh fríd an liarlóg leamh seo.
pobalmheasanna opinion polls
" Léiríonn na pobalmheasanna nach bhfuil ag éirí leis an Rialtas a chur ina luí ar an bpobal gur chóir don Astráil a bheith páirteach in aon chogadh san Iaráic.
Tagaim féin leis an tuairim seo I agree with this opinion
tuairimí opinions
" Agus bhí gach cluiche mór ag an am sin chomh fada is a bhain siad linne (faoi mar a bhí gach céilí "mór" roinnt blianta ina dhiaidh sin!) agus, cé go bhfuilim tar éis 40 bliain a chaitheamh ag dul go dtí na cluichí móra agus go leor leor cluichí eile, níor tháinig aon athrú ar mo chuid mothúchán nó mo chuid tuairimí faoin iománaíocht.
bharúlacha opinions
" Loighciúil? B'fhusa Trimble a thuigbheáil da mbeadh sé cothrom ina bharúlacha.
barúlacha a mhúnlú to shape opinions
" Ní raibh sé ábalta barúlacha a mhúnlú i dtreo a pholasaithe féin agus chaill sé an cath ina pháirtí féin.
phobalmheas opinion poll
" " Ní hamháin, mar sin, go bhfuil an bunreacht á shárú, ach is léir ó phobalmheas a rinne an Irish Times le gairid go bhfuil formhór phobal na tíre seo i gcoinne ionsaí ar An Iaráic agus, dá réir, i gcoinne aon tacaíocht a thabharfadh Rialtas na tíre seo dá leithéid.
ar aon intinn of the same opinion
" Faoi mhí na Nollag, dhealraigh sé go raibh beagnach gach duine ar aon intinn leo faoi seo.
tuairimí opinions
" De réir dealraimh, ba é an seomra a cuireadh ar fáil chun tuairimí an phobail a bhailiú an chuid ba shuimiúla den seó.
tuairimí seafóideacha nonsensical opinions
" Ag an bpointe seo, is cosúil nach mbacann siad fiú le héisteacht leis na tuairimí seafóideacha a bhíonn le cloisteáil ar an nuacht teilifíse agus raidió.
tuairimí opinions
" Maidir leis an rialtas, lig siad orthu nach raibh mórán suime acu i dtuairimí na sluaite agus nach mbeadh tionchar dá laghad ag an líon daoine a bhí i láthair ar dhearcadh an rialtais.
ar aon intinn of the same opinion
" Tá a lán daoine eile ar aon intinn le "Jim Óg".
tuairimí opinions
" Cé acu a n-aontaíonn tú leis na tuairimí thuas nó nach n-aontaíonn, rud amháin atá ag éirí soiléir i Nua-Eabhrac ná nach bhfuil ceachtar den dá thaobh sásta géilleadh.
tuairime opinion
" Chuaigh Blair agus Bush glan i gcoinne na tuairime a bhí ag na Náisiúin Aontaithe gur cheart fanacht níos faide agus nár cheart ionsaí a dhéanamh ar an Iaráic de bharr na tubaiste a d'fhéadfadh tarlú.
bharúlacha opinions
" Ós rud é go dtig linn a rá go mbeidh an cogadh thart nuair a bheas poblachtánaigh óga sásta (nó nuair a bheas cead acu) dul isteach sa tseirbhís phóilíneachta, is ceist an-tábhachtach í cén fháilte a chuirfear roimh bharúlacha agus thraidisiúin Chaitliceacha, phoblachtánacha féin, i gcroí an PSNI.
barúlacha opinions
" Ar tharla sé riamh in iarthar Bhéal Feirste gur nocht ball de chuid an RUC a anam do phobal mór náisiúnach? Ainneoin gur carachtar i ndráma é an t-iarphóilín, dearbhaíonn McKeown agus Campbell go bhfuil siad dílis do na barúlacha a fuair siad agus iad ag plé le fíorbhaill den RUC.
tuairim opinion
" Bhí teoiricí ag daoine faoi seo agus ina measc bhí an tuairim ann go bhfuil sé "ródheas" agus nach bhfuil féith an mharfóra ann! Dá bhrí sin uilig bhí an-áthas ar a lán daoine anseo in Éirinn nuair a bhuaigh Pádraig an comórtas sin toisc gur Éireannach é agus "fear deas".
tuairim opinion
" Chuir siad an tuairim seo in iúl in eagarfhocal i mí na Samhna 2002 tar éis fhoilsiú chostais "shéasúr na máirseála' sna Sé Chontae.
tuairimí opinions
" Is bean í Caoilfhionn Nic Pháidín nach bhfuil eagla uirthi a tuairimí a chur in iúl, fiú muna n-aontaíonn daoine eile léi.
barúil opinion
" Ach níor ghin briseadh ar bith acu an oiread poiblíochta domhanda agus a ghin briseadh na míosa seo caite … Cé nó cad é a bhí taobh thiar de bhá long cháiliúil na teilifíse réadúla "Cabin Fever" amach ó chósta Thoraí, oileán dúchais Bhalor, áit a raibh dún agus mún a mhuintire ó thús ama? Sin ceist chrua na míosa seo, ceist nach furasta freagra a fháil uirthi nó ní lia cloch ar dhuirlingí Thoraí ná barúil i dtaca leis an cheist chasta chiapach chéanna.
tuairimí gnéaschlaonta nó ciníocha sexist or racist opinions
" Shéan sé go raibh tuairimí gnéaschlaonta nó ciníocha ag bainisteoirí sa choláiste agus dúirt sé liom go raibh sé ag iarraidh rudaí a réiteach liomsa "go pearsanta".
a tuairimí polaitiúla her political opinions
" Bhí beagáinín eagla uirthi a tuairimí polaitiúla agus scéal a fir céile a nochtadh don phríomhoide, an Dr.
ar aon intinn of the same opinion
" Deir sí gur thuig siad go luath go raibh siad ar aon intinn den chuid is mó faoi rudaí, agus gur mar sin atá fós.
tuairimí opinions
" Cé nach raibh béim mhór ar an pholaitíocht sa bhaile agus Cunningham óg, deir sé: "Ba theaghlach Éireannach é agus bhí tuairimí ag gach duine.
thuairim opinion
" Céard é a n-údarás agus a bhfreagracht - céard é tionchar lucht bainistíochta ar easpa smachta na n-imreoirí? Mo thuairim féin ná gur gá freagracht áirithe a chur ar bhainisteoirí as iompar a gcuid imreoirí agus as a n-iompar féin (is minic iad ó smacht leis) ar an bpáirc agus lasmuigh di.
tuairimí ciníocha racist opinions
" Chuir siad bac le rudaí an t-am uilig, agus nuair a chuir muid ceist orthu faoin bhuiséad le haghaidh sláinte agus sábháilteachta sa choláiste, bhí fearg ar Richard Griffiths, oifigeach airgeadais, agus tháinig sé amach le tuairimí ciníocha in aghaidh na nÉireannach.
bharúil opinion
" Tá siad siúd atá i bhfábhar an dlí ag rá gur sotalach an mhaise do lucht caite tobac a bheith den bharúil go bhfuil sé de chead acu sláinte daoine eile, na hoibrithe beáir go háirithe, a chur i mbaol.
den tuairim of the opinion
" Bhí Elisa den tuairim go raibh an tír go hálainn, "cé is moite den bháisteach, an ghaoth agus an ceo!" Bhí meascán ann ó thaobh aimsire de i mí Iúil, ach cé go raibh sé dian in amanna, níor chaill sí féin ná a cara Sara Cerrutí lá ar bith de shé lá an chúrsa, rud atá neamhchoitianta.
den tuairim of the opinion
" Tá 45% den tuairim nár mhiste é a leasú beagán fós agus gan ach 10% atá sásta leis mar atá sé.
thuairimí bhallstáit na heagraíochta the opinions of the member states of the organization
" Tá Uachtarán na Stát Aontaithe George Bush ag iarraidh ar na Naisiúin Aontaithe teacht i gcabhair ar Mheiriceá anois tar éis dó neamhaird iomlán a thabhairt ar thuairimí bhallstáit na heagraíochta roimhe seo.
den bharúil of the opinion
" D'fhéadfadh gunnaí agus armlón bogadh an bealach céanna, ach dealraíonn sé go bhfuil David Trimble den bharúil go bhfuil éachtaí ag dul a theacht ó phoblachtánaigh sna seachtainí atá romhainn.
tuairimí opinions
a tuairim féin her own opinion
" Bhí craic iontach againn go dtí gur thug an bhean in aice linn a tuairim féin dúinn as Gaeilge! Ansin, rinne duine éigin gearán i gceann de na tithe tábhairne Éireannacha anseo de bharr go raibh "Go raibh maith agat" scríofa i dtrí theanga ar na hadmhálacha a bhí á dtabhairt do na custaiméirí, ach nach raibh an Ghaeilge i measc na dteangacha sin.
pobalmheasa opinion poll
" Ach is cúis mhór imní é toradh pobalmheasa a rinne an clár "Prime Time" an mhí seo caite, a léirigh gur tábhachtaí le pobal an stáit seo gardaí, dochtúirí, múinteoirí, sagairt, agus fiú dlíodóirí, ná baill an cheathrú eastát.
tuairimí opinions
" Beidh daoine ag vótáil ar son na bpáirtithe a mbeidh an mhuinín acu a gcuid tuairimí a chur chun cinn san idirbheartaíocht a thiocfas i ndiaidh an toghcháin, agus, mar a tharlaíonn roimh aon idirbheartaíocht, beidh seasamh diongbháilte, dobhogtha ag achan dream.
ar aon intinn of the same opinion
" Bhí a fhios i gcónaí aici gur theastaigh uaithi a gnólacht féin a bhunú agus bhí an bheirt eile ar aon intinn léi.
ar aon tuairim of the same opinion
" Tá na turasóirí, na hinimircigh agus bunadh na cathrach ar fad ar aon tuairim faoi rud amháin: go minic i Nua-Eabhrac, nuair is gá duit dul, ní féidir leat dul! Níl an chuma ar an scéal go dtiocfaidh aon athrú ar chúrsaí in 2004.
pobalmheas opinion poll
" Léirigh pobalmheas a deineadh i mí Mheán Fómhair seo caite go raibh leibhéal níos ísle tacaíochta aige i measc an phobail ná mar a bhí ag iarcheannaire Fhine Gael, John Bruton, nuair a fuair a pháirtí réidh leis siúd.
tuairim opinion
" Chaill an daonra pé muinín a bhí acu sna páirtithe polaitíochta mar gur tháinig siad ar an tuairim nach raibh siad ag freastal ar riachtanais an phobail ach ar a gcuid riachtanas féin.
do bharúil your opinion
" Is féidir leat do bharúil a chur in iúl don rialtas ag (www.
mo thuairim phearsanta féin my own personal opinion
" Sílim gurb iad na hamhráin dúshraith an cheoil rince agus gurb iad is tábhachtaí, dá bhrí sin! B'fhéidir nach n-aontódh go leor daoine liom faoi sin ach sin mo thuairim phearsanta féin.
tuairimí opinions
" Nocht sé a chuid tuairimí faoin scéal in amhráin mar "Sunday, Bloody Sunday" agus "The Luck of the Irish".
aistí tuairimíochta opinion essays
" Aistí léirmheasa is mó atá iontu, ach bíonn colúin rialta agus aistí tuairimíochta de chineálacha éagsúla sa pháipéar, chomh maith le dánta; níor cheart na dánta a ligean i ndearmad, cé gur annamh a léim iad sin.
aistí tuairimíochta opinion essays
" Aistí léirmheasa is mó atá iontu, ach bíonn colúin rialta agus aistí tuairimíochta de chineálacha éagsúla sa pháipéar, chomh maith le dánta; níor cheart na dánta a ligean i ndearmad, cé gur annamh a léim iad sin.
den tuairim of the opinion
" Bhí a fhios ag Nicholson, a fuair bás i Jersey City in 1855, go raibh go leor dá cairde den tuairim go raibh sí as a meabhair de bharr gur chaith sí oiread ama in Éirinn.
phobalmheas opinion poll
" Moladh an Aire ======= Nuair a mhol an tAire Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta, John O'Donoghue, go raibh sé in am ag an CLG sacar agus rugbaí a cheadú isteach i bPáirc an Chrócaigh, bhí sé, de réir an phobalmheasa seo ar aon nós, ag caint thar cionn an chuid is mó de dhaonra an stáit seo.
tuairimí láidre diúltacha strong negative opinions
" Ní fios cé mhéad den 480,000 duine seo nó mar sin atá i gcoinne Pháirc an Chrócaigh a bheith ar fáil ar baill de CLG iad, ach shamhlófá má tá tuairimí láidre diúltacha sa stát ar an gceist gur i measc bhaill na heagraíochta a gheobhfá iad.
de réir an phobalmheasa seo ar aon nós according to this opinion poll at least
" Moladh an Aire ======= Nuair a mhol an tAire Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta, John O'Donoghue, go raibh sé in am ag an CLG sacar agus rugbaí a cheadú isteach i bPáirc an Chrócaigh, bhí sé, de réir an phobalmheasa seo ar aon nós, ag caint thar cionn an chuid is mó de dhaonra an stáit seo.
an dá thuairim the two opinions
" Is léir faoi láthair go bhfuil an dá thuairim san eagraíocht.
ár dtuairim féin a nochtadh to express our own opinion
" Is saineolaithe muid ar fad sna cúrsaí seo agus is breá linn ár dtuairim féin a nochtadh (baineann Des Cahill an-mhíleáiste as seo ar "Sportscall"!) "Fadhbanna" Manchester United ======= Ar an taobh eile den scéal, cuireann sé ionadh orm féin uaireanta cé chomh corraithe is a bhíonn daoine uaireanta agus ábhair spóirt faoi chaibidil acu.
pobalmheas opinion poll
" Bhí gach pobalmheas roimh an toghchán ag tuar go mbeadh an bua ag Mariano Rajoy, an t-iarrthóir ón Partido Popular (Páirtí an Phobail) agus an fear a bhí mar chomharba ar José María Aznar.
pobalmheasanna opinion polls
" Léirigh pobalmheasanna freisin gur chreid an pobal go láidir go raibh an chontúirt don Astráil méadaithe de bharr na bainte a bhí ag an Astráil leis an ionradh, ainneoin an rialtas a bheith ag rá a mhalairte.
den tuairim of the opinion
" Tá sé den tuairim nach bhfuil meas ceart ag go leor de lucht na Gaeilge ar a litríocht féin.
ár dtuairimí féin our own opinions
" Bíonn ár dtuairimí féin againn go léir.
tuairimí opinions
" (Faoi láthair táimid ag tabhairt faoi shuirbhé i measc lucht gnó na háite chun a gcuid tuairimí agus dearcadh i leith na Gaeilge a fháil.
den bharúil sin go coitianta generally of that opinion
" Táim féin sásta a rá anois go bhfuil an fhoireann seo ar cheann de na foirne is fearr a bhí riamh ann agus go mbeifear den bharúil sin go coitianta taobh istigh de chúpla bliain eile.
a nocht an tuairim who voiced the opinion
" An mhí seo caite, thug Peter King, Teachta Comhdhála (agus Caitliceach) as Long Island, Nua-Eabhrac faoi oifigeach de chuid na Vatacáine a nocht an tuairim go raibh an scannal maidir le mí-úsáid príosúnach i measc saighdiúirí na Stát Aontaithe san Iaráic ní ba mheasa do Mheiriceá ná ionsaithe 9/11.
den tuairim of the opinion
" Tá sé féin, le cois a chomhghleacaí Michael Daly, go láidir den tuairim gur ar mhaithe leo féin a bhíonn go leor de na coimeádaithe ealaíne agus na gnólachtaí móra, agus go bhfuil siad ag teacht i dtír ar phíosaí ealaíne atá faoina gcúram ar mhaithe lena leas féin.
i mo thuairimse in my opinion
" An fhadhb atá agamsa (agus ag a lán daoine eile sa lá atá inniu ann), áfach, ná easpa ama, go háirithe agus gan mé i mo chónaí sa phríomhchathair! An deacracht is mó, i mo thuairimse, ná an easpa deiseanna ar chomhrá a dhéanamh le daoine eile, ach amháin sna seomraí cainte ar an idirlíon.
phobalmheasa opinion poll
" * De réir an phobalmheasa is déanaí, tá an tUasal Brady 6% chun tosaigh ar an Uasal Ryan.
tuairim opinion
" Fuair an rialtas tuairim ó dhlíodóirí go rachadh sé rite leis na daoine cás cúirte a ghnóthachtáil.
tuairimí a nochtadh to offer opinions
" I gcás na Gaeilge, mar sin, is é aidhm thionscadal na Gluaise Pobail ná an téarmaíocht seo a roinnt le pobal na Gaeilge agus meán a sholáthar chun gur féidir leis an gcomhluadar sin tuairimí a nochtadh ar an téarmaíocht agus ar a húsáid.
pobalmheasanna opinion polls
" Agus Bush ag tumadh sna pobalmheasanna, áfach, is é an cheist atá ann ná an ndéanfaidh sé aon bheart díchéillí an samhradh seo agus é ag iarraidh an taoide a chasadh arís.
den tuairim of the opinion
" An bhfuil seans ar bith ann go dtarlóidh sé seo? Níl cuma ar bith ar an scéal go bhfuil an tAire Sláinte den tuairim go bhfuil gá leis an méid seo caiteachais agus níos lú cuma fós go bhfuil an tAire Airgeadais chun tacaíocht a thabhairt dó, mar is ag an Roinn Airgeadais atá an chumhacht.
tuairim opinion
" Tacaíonn an lagiarracht a rinne na Gardaí ar mhíniú sásúil d'fháil ar chuid de na rudaí aisteacha a tharla leis an tuairim nach bhfuil an fhírinne uilig ar eolas againn fós.
bharúlacha opinions
" Ach d'aonghuth a bhronn na moltóirí an bonn óir agus Gradam an Iompaithe Ghasta ar iomaitheoir uimhir a sé mhíle naoi gcéad nócha is a naoi, an tAire Spóirt, Seán Ó Dunno Who, as a bharúlacha éagsúla dochta daingne faoi cén bhliain go díreach a bhainfeadh Éireannach bonn óir eile sna Cluichí Oilimpeacha.
ar aon intinn of the same opinion
" Anois, tá sé ina réamhéileamh do *rapprochement *idir iad agus Sinn Féin ach tá Sinn Féin agus an DUP ar aon intinn - abairt nár baineadh mórán úsáide aisti le 30 bliain - fá na hinstitiúidí polaitiúla.
mo bharúilse my opinion
" Is é mo bharúilse nach bhfuil sé éasca an Ghaeilge a fhoghlaim, go háirithe nuair nach mbíonn deis rialta agat a bheith á labhairt - ach leanaimis ar aghaidh agus rachaimid ó neart go neart! Is múinteoir Gàidhlig, aisteoir agus amhránaí í Beathag Mhoireasdan.
thuairim na n-údarás the opinion of the authorities
" Ag an gcomóradh níos túisce i mbliana rinneadh athléiriú ar an gcath (bhí an toradh céanna air) agus rinneadh tagairt do thuairim na n-údarás in 1804 gur baineadh úsáid as an Aifreann agus as an nGaeilge le comhcheilg a spreagadh.
tuairimí a nochtadh to voice opinions
" Cé go mbeadh deacracht ag an Uachtarán reatha Máire Mhic Ghiolla Íosa tuairimí a nochtadh ar cheisteanna áirithe, níl aon dabht ach go mbeadh an díospóireacht a spreagfadh leithéidí Michael D.
a thuairimsean his opinion
" Gluais • Glossary carógblack-haired woman airdheed míchinniúintill fate caidéisinquisitiveness frigháireslight smile ní shamhlófáyou wouldn't imagine cár go cluaisgrin to the ears go réchúiseachin a laidback way geolánfan glinnclear, distinct a dhallfadh thúwhich would blind you ceirdtrade an rud ar dheacra greim a fháil airthe thing that was difficult to get hold of súimínsip fiosrúinvestigating ar a thóirlooking for him geoindrone, hum boladh a allais féin chuigethe smell of his own sweat coming to him cuideachtacompany leigheassolution díbholaíochdeodarant ceist oidhreachtaquestion of inheritance os cionn cláirlaid out (dead) uisce reoiteiced water a thuairimseanhis opinion prochógahovels drochfháistinebad prophecy buagift tairbhebenefit ar nós cuma liomindifferently a shúile sáite i ngile na cathrach amuighhis eyes staring at the whiteness of the city outside marfachdeadly ag dul don éag mar cháchgoing the way of all flesh beathalivelihood bean feasafortune-teller go frimhagúilmockingly ag ceilt na seanscéine uirthihiding the old terror from her beag beann ar bhrothallindifferent to heat anamsoul an dea-scéalthe good news an drochscéalthe bad news á pholladhstabbing him a ghéaga leata faoi chosa an domhainhis legs open under the feet of the world
den tuairim of the opinion
" Is beag rud atá i gcoiteann ag an trealamh i liosta Aer Lingus, agus tá an chuma air go bhfuil siad den tuairim gur fearr aon ghléas nua nach bhfuil tástáilte go hiomlán a sheachaint más féidir.
bharúil opinion
" Sin an bharúil atá ag formhór na ndaoine sa cheantar seo, déarfainn.
dearcaidh úrnua totally new views/opinions
" I mo phostsa, tá tábhacht ag baint le dearcaidh úrnua.
den bharúil of the opinion
" Faoi láthair, tá suas le 60 duine ag fanacht ar shaothar uaithi - rud atá dúshlánach go leor nuair a chuireann tú san áireamh nach mbíonn Marla ag péinteáil ach ar feadh uair an chloig, trí lá sa tseachtain! Páiste faoi leith ======= Tá roinnt daoine den bharúil gur páiste faoi leith, cineál *prodigy*, í Marla ach diúltaíonn a tuismitheoirí glacadh leis sin; tá siad sásta a admháil go bhfuil bua aici ach, taobh amuigh de sin, deir siad gur gnáthpháiste atá inti.
tuairim opinion
" Dúirt saineolaithe na linne nach raibh baol ar bith ag baint leis an tseift seo agus glacadh lena dtuairim.
malairt tuairimí conflicting opinions
" Is ar an ábhar seo go bhfuil malairt tuairimí le cloisint ó sheandálaithe éagsúla maidir leis an dochar a dhéanfadh nó nach ndéanfadh sé an mótarbhealach nua seo a thógáil gar do Chnoc na Teamhrach.
tuairimí láidre strong opinions
" * Gluais • Glossary dul i dtaithí arget used to seanmóirsermon léachtaíreadings gnáthchomhráordinary conversation chomh tuirseach is a bhínnhow tired I used to be luasspeed sruth caintea stream of words foighneachpatient botúinmistakes séiplíneachchaplain bosca faoistineconfession box ag éisteachthearing confessions eascainíswearing iarrachtattempt leithreastoilet sna Flaithisin Heaven seálshawl sa Nigéirin Nigeria deoisediocese gáneed ualachburden misneachhope leictreachaselectricity cuisneoirífridges cadhnrabattery a bheadh le luchtúwhich would have to be charged gineadóirgenerator go han-spárálachvery sparingly scannán an-mholtaa highly-praised film deontasgrant bolgánbulb mionrud éiginsome small thing le caoi a chur airto repair it m'airdmy attention draíochtmagic a d'ardaíodh mo chroíwhich used to lift my heart a chuaigh i bhfeidhm go mór ormthat really made an impression on me spioradáltachtspirituality achrannquarrelling aighnisdisputes tuairimí láidrestrong opinions pearsantachtaí láidrestrong personalities in árach a chéileat loggerheads Ghoill naimhdeas mar sin go mór ormthat sort of hostility really upset me chruthódh séit would prove turas na croisethe stations of the cross an CarghasLent aisteachstrange gníomh creidimhan act of faith ráiteasstatement briathar Déthe word of God béimemphasis trí chéilein general gannscarce comaoineachcommunion fireann nó baineannmale and female an-ghar don nádúrvery close to nature do bhaol a mbáiteto the danger of being drowned scór ógánachtwenty young men a bádhwho were drowned truamhéalachheart-breaking strompthastiff ina baclainnon her arm mothúcháinemotions ar tír móron the mainland ag cur láimhe ina mbás féincommitting suicide d'aireofáyou would feel bádrowning sciobadh na farraigethe sea's snatching sólássolace i gcréin the soil i ngaineamh na cillein the sand of the grave faraoralas uaigneas imeachtathe loneliness of departure cé is moite de na laethanta saoireapart from the holidays a fhilleann go lánaimsearthawho return on a full-time basis de cheal postanna feiliúnachadue to a lack of suitable jobs ábhair acadúlaacademic subjects
tuairim opinion
" Is tuairim sheanchaite é go bhfuil aighneas idir na healaíona agus an gnáthshaol; go bhfuil na healaíona ag feidhmiú i bhfolús agus gan mórán bainte acu le gnáthdhaoine.
tuairimí opinions
" B'fhéidir go mbeidh seans ann an t-am seo, mar den chéad uair riamh, tá na Spáinnigh toilteanach éisteacht le tuairimí Rialtas Ghiobráltar agus iad a chur san áireamh.
pobalmheasa opinion poll
" " *Agus, iontas na n-iontas, in ainneoin dhrochthorthaí na dtoghchán áitiúil, de réir pobalmheasa a foilsíodh mí ó shin tá sásamh an phobail leis an rialtas seo níos airde ná riamh.
tuairim opinion
" Cén tuairim atá aici faoin mbrú seo? "Ní dóigh liom go bhfuil an brú, i ndáiríre, ag teacht ó údaráis na n-ollscoileanna iad féin," a deir sí.