Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
rogha option
" Thuig mé go mb'fhéidir gur rogha aici ag leibhéal amháin é agus gur rogha ag gach duine é a bhíonn imeallach, nach bhfuil sásta cur suas leis an tseafóid atá ag baint leis an saol socair, agus tá meas agam i gcónaí ar na daoine a bhíonn imeallach.
na roghanna is coitianta the most common options
" Mar shampla, níl aon roghchlár "File" ann a thuilleadh agus tá na roghanna is coitianta ar nós "Oscail" agus "Sábháil" faoi cheilt taobh thiar de chomhartha ildaite sa chúinne is airde ar chlé.
roghanna úsáideacha useful options
" Cuireann an tréith seo ríomhairí Apple i gcuimhne dom mar tá go leor roghanna úsáideacha faoi cheilt taobh thiar den úll gorm ar na ríomhairí sin.
Rinne mé an chéad rogha ar an dráma a cheannach I optioned the drama
"Rinne mé an chéad rogha ar an dráma a cheannach ceithre bliana ó shin, agus dúirt mé le Jimmy go raibh mé ag iarraidh mo scéal féin a dhéanamh de.
nach bhfuil an dara suí sa bhuaile ann anois that there is no other option now
" Fear faille is ea Kenny, agus léirigh sé go bhfuil easpa tuisceana agus breithiúnais i gceist óna thaobhsan de mar gur shíl sé go mbeadh sé cuí teacht i dtír ar chruachás Ahern ar an 2 Aibreán agus rún a chur os comhair mhuintir na hÉireann nach bhfuil an dara suí sa bhuaile ann anois ach olltoghchán eile a ghairm.
ábhar roghnach option, matter of choice
" An dtig géilleadh do phrionsabail de réir mar a athraíonn cúrsaí geilleagair? B’fhíor don Choimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, nuair a thug sé le fios i mbliana nár cheart breathnú ar an tacaíocht atá de dhíth ar an Ghaeilge mar ábhar roghnach breise: “Is buanchearta iad cearta teanga; ní lamháltais ná pribhléidí iad a thugtar le linn aimsir na flúirse.
ní raibh an dara suí sa bhuaille acu they had no other option
" Do phoblachtánaithe, saoirse chun saoirse a bhaint amach a bhí faighte acu; d'Aontachtaithe, ar íorónaí an tsaoil, bhí cibé cumhacht a bhí acu ídithe diaidh ar ndiaidh ag a ndiongbháilteacht dhobhogtha agus ní raibh an dara suí sa bhuaille acu ach dul isteach i gcomhrialtas le náisiúnaithe.
ag meá dhá thaobh an scéil weighing up all options
" Ar nós roinnt mhaith de Ghaeil na hAlban, tá sé féin ag meá dhá thaobh an scéil go fóill.