Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
gcumarsáid bhéil oral communication
" Le déanamh cinnte go leanfadh an buntáiste sin, shocraigh Gaillimh le Gaeilge an pobal gnó i nGaillimh a spreagadh le go dtabharfaidís aitheantas don chaiteachas mór sin trí úsáid na Gaeilge a thabhairt isteach i gcomharthaíocht, i stáiseanóireacht, i bhfógraíocht agus i gcumarsáid bhéil le custaiméirí.
cur i láthair ó bhéal oral presentation
" Scileanna ar nós cur i láthair ó bhéal, cruinniú a eagrú nó idirbheartaíocht a dhéanamh.
hiarratais scríofa agus bhéil written and oral requests
" Dúirt an tuairisc go gcaithfeadh comhairlí Thuaisceart Éireann glacadh le hiarratais scríofa agus bhéil i nGaeilge, glacadh le húsáid na Gaeilge i ndíospóireachtaí comhairle, cáipéisí a dhréachtú i nGaeilge agus fir/mná teanga a fhostú.
scrúduithe béil oral exams
" An jab a bhí agamsa ná scrúduithe béil a chur ar na mic léinn.
traidisiún béil oral tradition
" Tá an traidisiún béil an-tábhachtach agus tá na fabhalsceálta agus na finscéalta a choimeád a sinsear beo mar chuid lárnach fós den chultúr láidir Faróch.
ghné labhartha oral aspect
" Tá an ghné labhartha mar chuid thábhachtach den damhsa seo agus, ós rud é go raibh an damhsa i gcónaí lárnach sna féilte traidisiúnta, chabhraigh seo leis an teanga a choimeád beo.
gnéas béil oral sex
" Is éard atá i gceist le híonacht ghnéasach, a deir an clár le daoine óga, ná "diúltú do chaidreamh fisiciúil a spreagann tú go gnéasach"; is gá dóibh, mar sin, staonadh ó chaidreamh collaí agus gnéas béil, agus níl cead acu lámh a leagan ar bhaill ghnéis a chéile, go dtí go bpósann siad.
traidisiún béil oral tradition
" AÓF: Cén chaoi a múineann tú féin tiún do dhaoine óga atá ag foghlaim uait? An bhfuil sé deacair ceol a mhúineadh? SJW: Ós rud é gur traidisiún béil atá againn, sin an chaoi a múinim an ceol.
aimsir na scrúduithe cainte at the time of the oral exams
" "Seo cuid den aiféala a bhíonn orm ag deireadh gach bliana, go dtosaím ag cur aithne orthu aimsir na scrúduithe cainte agus mé ar buile liom féin agus leis an gcóras nach gcuireann muid aithne ar a chéile ag tús na bliana.
druileanna béil oral drills
" Bhí an t-ádh orm mar go ndeachaigh mé chuig rang ar feadh tamaill inar úsáid an muinteoir druileanna béil leis na briathra a theagasc.
cultúr béil agus béaloidis oral and folklore culture
" "Teanga gan focail mar yes agus no, an dtuigeann tú cé chomh deacair, cé chomh difriúil is atá an chumarsáid?" nó "Scríobhann siad *leery *mar 'laoghaire'" nó "Níor theanga scríofa í i dtús ama, agus is cultúr béil agus béaloidis é fós".
thionscadal staire béil oral history project
" In agallamh a bhí mar chuid de thionscadal staire béil mar gheall ar Lyndon Johnson, bhí an méid seo le rá ag O’Brien faoin theaghlach agus a chúlra Éireannach: “Is dóigh liom gur gnáthdhuine mé a bhfuil an ghnáthshuim aige sa teaghlach agus ina thír agus sna rudaí a dúradh gur cheart duit creidiúint iontu.
ordú béil oral command
" Ní raibh aon tagairt ach oiread do mheamram an Ghinearáil Seán Mac Eoin ina bhfuil sé scríofa gur thug an tAire Cosanta Jim Gibbons ordú béil don arm gunnaí agus armlón a ullmhú le cur thar teorainn.
ag déanamh béaltrialacha doing oral exams
" Is féidir linn bheith amuigh ag bunú clubanna óige, ag déanamh béaltrialacha le haghaidh na bhfáinní óir agus airgid, ag eagrú imeachtaí ar nós Chath na mBannaí agus deirí seachtaine oiliúna.
scrúdú béil oral exam
" Is cosúil gur scrúdú scríofa agus scrúdú béil a bheidh sa gceann Béarla.
den traidisiún béil of the oral tradition
" Mar sin, is cuid den traidisiún béil é anois.
ar chnuasach véarsaíochta ó bhéaloideas Chonamara on a collection of verses from the oral tradition of Connemara
" “Dhá bhliain ó shin agus mé féin agus John Ryan ag obair ar chnuasach véarsaíochta ó bhéaloideas Chonamara – an leabhar agus dlúthdhiosca do ghasúir ar bhaist muid *Gugalaí Gug!* air – chinn muid ar *Aniar,* atá dírithe ar dhaoine fásta, a chruthú.
béaloideas folklore oral tradition
" Ba í Bríd Ní Bheirn a scríobh na scéalta síos sa bhliain 1930 mar chuid de phróiseas a bhí ar bun le seanchas agus béaloideas na tíre a chaomhnú.
ceol béil oral music
" Agus tú ag léamh leat, bíonn an glór sin fós e cloisteáil i gcúl d’intinne mar a bheadh ceol béil ann.
viva voce oral exam
" Chríochnaigh mé mo thráchtas don MA ar an dara lá de mhí an Mheithimh agus bhí an viva voce agam ar a 5ú.
filíochta béil oral poetry
" Tá nótaí cuimsitheacha ag dul le gach uile dhán agus tá aiste fhada chritice sa leabhar chomh maith a dhéanann dian-iniúchadh ar fhilíocht Learaí agus a shuíonn na dánta i gcomhthéacs na filíochta béil i gcultúir eile ar fud an domhain, san Afraic, i Meiriceá Theas agus áiteacha nach iad.
an scrúdú chainte the oral exam
" Cuimhnímis go raibh pas faighte ag an naonúr Garda a bhí lonnaithe ar an Bhun Bheag ins an scrúdú chainte Ghaeilge ach, d'ainneoin sin, ní raibh ochtar acu in innimh déileáil leis an phobal trí mheán na teanga.
don scrúdú cainte for the oral exam
" Tá 40% de na marcanna iomlána ag dul don scrúdú cainte anois ach bíonn an bhéaltriail bunaithe ar scór shraith de phictiúir agus is léir go bhfoghlaimíonn na scoláirí nathanna cainte de ghlanmheabhair.
an bhéaltriail bunaithe ar oral exam based on
" Tá 40% de na marcanna iomlána ag dul don scrúdú cainte anois ach bíonn an bhéaltriail bunaithe ar scór shraith de phictiúir agus is léir go bhfoghlaimíonn na scoláirí nathanna cainte de ghlanmheabhair.
le haghaidh na béaltrialach for the oral exams
" An cheist is mó a chuireann imní ar dhaltaí Ardteistiméireachta agus iad ag ullmhú le haghaidh na béaltrialach: céard a dhéanfadh duine le cnap mór airgid? Ach a mhalairt ar fad atá ann do Patrick Clarke, ní haon údar imní í an cheist seo dó mar tá ceathrú milliún euro bainte aige mar airgead duaise ag imirt cártaí.
na healaíona béil the oral arts
" Is eagraíocht phobail é a chuireann spás taitneamhach ar fáil do chainteoirí Gaeilge de gach aois agus a chuireann béim ar na healaíona béil - an amhránaíocht, an fhilíocht agus an drámaíocht.