Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
modh ordaithe method of ordering
" Má tá rath le bheith ar do ghnó, caithfidh do chuid custaiméirí muinín a bheith acu i do chomhlacht, caithfidh do chuid táirgí agus an dóigh a bhfuil siad curtha i láthair i do chatalóg a bheith taitneamhach do na custaiméirí agus caithfidh modh ordaithe agus íocaíochta na n-earraí a bheith éasca agus sásúil dóibh.
ordú aire ministerial order
" Bheadh duine eile de na robálaithe, Joe Dillon, sa phríosún muradh botún a deineadh in ordú aire agus é á aistriú ó Phríosún Mhuinseo go Port Laoise.
as ordú out of order
" Dúirt mise agus ceardchumannaí eile go raibh Griffiths go hiomlán as ordú ach ní raibh sé sásta leithscéal a ghabháil .
as ordú out of order
" An raibh an tUachtarán Máire Mhic Ghiolla Íosa as ordú nuair a tharraing sí anuas ceist na pótaireachta i measc na nÉireannach agus í ag tabhairt oráide ag an chomhdháil "Reimagining Ireland" i Charlottesville, NC na Stát Aontaithe an mhí seo caite? Mhaígh daoine áirithe go raibh treisiú á dhéanamh aici ar íomhá na nÉireannach mar dhream atá tugtha don deoch agus gurbh fhearr i bhfad dá n-éistfeadh sí a béal, go háirithe agus í thar lear.
ordú seasta standing order
" An sprioc is mó anois 1,000 síntiúsóir tré ordú seasta.
a d'ordódh deoch as Gaeilge who would order a drink in Irish
" Bhí ráfla ann go bhfaigheadh aon duine a d'ordódh deoch as Gaeilge ar leathphraghas í, rud nár dheimhnigh mé riamh.
ordú aire ministerial order
" Gabhadh arís é tamall ina dhiaidh sin ach an uair seo, agus é á aistriú ó Phríosún Mhuinseo go Port Laoise, deineadh botún in ordú aire agus bhí sé saor arís.
ordú béil oral command
" Ní raibh aon tagairt ach oiread do mheamram an Ghinearáil Seán Mac Eoin ina bhfuil sé scríofa gur thug an tAire Cosanta Jim Gibbons ordú béil don arm gunnaí agus armlón a ullmhú le cur thar teorainn.
ordaithe prescribed
" O thús na bliana bhí druga neamhordaithe á úsáid aige ina chillín – an t- antaibheathach *rifampicin*.
ordaíodh dóibh filleadh they were ordered to return (to)
" Nuair a shroicheadar an Caisleán Glas, ordaíodh dóibh filleadh ar an gCarraig Mhór toisc go raibh an réiteoir meáite ar an gcluiche a imirt san ionad a bhí ceaptha dó de réir na socruithe.
próiseas a bhí ordaithe the process which was ordered
" Dá mba chéim thábhachtach i stair oideachas na hÉireann é foilsiú an churaclaim, mar a dúirt an Micheál Martin ag an am, cad chuige nár shocraigh sé fhéin nó an Roinn Oideachais an próiseas a bhí ordaithe in Alt 30 den Acht Oideachais a leanúint leis an churaclam a fhorordú? An amhlaidh gur glacadh cinneadh gan a leithéid a dhéanamh? Nó an é go ndearnadh neamart ann? Tugann an tAcht Oideachais bealaí eile d'airí oideachais le polasaí oideachais na tíre a chur chun cinn agus is dócha go dtiocfadh leis an roinn a rá go dtig le hairí na bealaí sin a úsáid le curaclam a mholadh.
an t-ordú the order
" D’admhaigh baill de chuid an RPF do Hourigan go raibh siad freagach as agus gur thug Kagame an t-ordú dóibh é a dhéanamh.
d'ordaigh ordered
" Chun a shaol a ceiliúradh, d'ordaigh a dheartháireacha beoir speisialta ón ghrúdlann le grianghraf de James i measc na sléibhte ar an lipéad agus fuair muid uilig buidéal de tar éis na sochraide.
D’ordófá you/one would order
" D’ordófá tríd an bpost.
hordú díbeartha expulsion order
" Cé go raibh cead aici fanacht in Éirinn go ceann 7 mí eile, ghlac sí le hordú díbeartha ar chúis nach bhfuil soiléir.
as ordú of ordering
" Theith comhpháirtí Khodorkovsky sa choireacht, Leonid Nevzlin, go hIosrael sula bhfuarthas ciontach in absentia é as ordú dúnmharuithe polaiteoirí agus lucht gnó a chuir isteach ar phleananna leathnaithe Yukos.
ordú srianta sealadach temporary restraining order
" Cuireadh tú leis an gcás ar na mallaibh agus chuir an breitheamh ordú srianta sealadach ar an iontaobhas teaghlaigh inar chuir Hicks an t-airgead thuasluaite.
b'éigean an t-ordú a chomhlíonadh the order had to be followed
" Bhí cás Uí Eára ina measc ach ní raibh sé iontach sásta ach b'éigean an t-ordú a chomhlíonadh.
cuirim i gcás ordú mór for example the big order
" ” Tagann dea-scéal anois is arís – cuirim i gcás ordú mór do Bombardier ar fiú £200 milliúin é - ach is léir go mbeidh geilleagar na Sé Chontae in ísle brí go ceann i bhfad i bhfad eile.
tugadh ordú díbeartha a deportation order was given
" Ach in ainneoin na nasc doimhin seo leis an tír, tugadh ordú díbeartha do Jimmy Mubengan i ndiaidh dó dhá bhliain a thabhairt i bpríosún mar gheall ar throid i gclub oíche.
ordaíodh do na hoibrithe gabháil isteach ann the workers were ordered into it
" Ach ordaíodh do na hoibrithe gabháil isteach ann agus leanacht ar aghaidh lena gcuid oibre.
an t-ordú catagórach the categorical order
" Níl na rialacha i ngort na moráltachta chomh scaoilte le gort na polaitíochta agus tugann Kant ‘an t-ordú catagórach’ ar an dualgas a thugann an duine aonair air féin an rud ceart a dhéanamh.
ag ordú deochanna calling for drinks
" Ní raibh cosúlacht mhuintir AA orthu agus iad ag ordú deochanna.
gan ordú cúirte without a court order
" Ní ghnáthchleachtas é d'iriseoirí taifid den chineál sin a thabhairt do na Gardaí gan ordú cúirte ach deineadh eisceacht an iarraidh seo.