Pota Focal Intergaelic
dour | four | hour | oar | oir
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ár gcráiteachta our torment
" Fanóidh muid anseo go dochloíte ag déanamh angaidh mar dhealga an chactais i gcroí bhur gCinnteachta, i gcnámh droma bhur gCumais; ag canadh amhráin ár gcráiteachta; ag léirsiú ar shráideacha na hagóide; ag líonadh na bpríosún le dínit na tragóide.
ár bhfiontair féin a chruthú to create our own enterprises
" A fhaid is go n-aithníonn muid go mbíonn fréamhacha na gcomhlachtaí ilnáisiúnta éadomhain go minic, go bhfeiceann muid na deiseanna atá ann ár bhfiontair féin a chruthú agus a fhorbairt, agus go ndéanann muid iad a bhunú agus a fhás go bródúil agus go cinnte, beidh linn.
ag comhlíonadh ár ndualgais fulfilling our duty
" Tharla sé gach áit ar glacadh le roinnt mhaith eachtrannach, mar sin tuige nach dtarlódh sé in Éirinn? Muna nglacaimid leis na hinimircigh, áfach, ní bheimid ag comhlíonadh ár ndualgais sa domhan, dualgas atá orainn de bharr go bhfuil rath eacnamaíoch ar an tír faoi láthair.
do shliocht ár sleachta for our children's children
" Mar gheall ar a n-íobairt, tá sé de dhualgas orainn anois cabhrú lena chéile agus domhan nua cothrom carthanach síochánta a chruthú do shliocht ár sleachta.
ar leic an dorais againn on our doorstep
" Ní thiocfaí sibh a fhágáil gan chomhluadar lá Nollag agus sibh ar leic an dorais againn, anois an dtiocfaí?" Ní raibh cónaí ar Dervla agus Daire sa tsráid seo ach le cúpla mí anois agus cé go raibh aithne shúl acu ar go leor de na comharsana ní raibh cuma ar aon duine go raibh faill cainte aige.
ár gcion féin our own bit
" Cionn is gur comhlacht muidinne atá lonnaithe ar an Fhál Charrach, i nGaeltacht Dhún na nGall, ba mhian linn ár gcion féin a dhéanamh i gcur chun cinn na teanga.
i gcosaint ár n-oidhreachta in the protection of our heritage
" Is í an Ghaeilge ceann de na gnéithe is bunúsaí inár gcultúr agus tuigeann mórán daoine, anseo in Éirinn agus ar fud an domhain araon, an tábhacht atá le húsáid na teanga sa ghnáthshaol tráchtála agus an pháirt mhór atá aige sin i gcosaint ár n-oidhreachta.
Thug fear eile ardú meanman dúinn Another man raised our spirits
" Thug fear eile ardú meanman dúinn nuair a scríobh sé: "Táim i mo chónaí anseo in Áth Luain ach déanaim mo chuid guí fós trí Ghaeilge.
Tá an bhlagaid sa dream againn baldness runs in the family/our lot
" "Tá an bhlagaid sa dream againn, tá a fhios agat.
ár ndul chun cinn our progress
" Tugann na grianghrafanna léargas dúinn ar chomh gasta is atá an timpeallacht ag athrú agus ar an mhéid a bhraitheann ár ndul chun cinn go fóill ar obair fhisiciúil láimhe.
ár n-anam a dhíol to sell our souls
" Bheimis ana-shásta ár n-anam a dhíol ar mhaithe le hairgead ar feadh cúpla bliain dá mbeadh sé ann, ach níor tharla sé.
Beidh an droim síos linn Our backs will be killing us
" "Beidh an droim síos linn roimh dheireadh an lae.
leigheas ár gcás remedy our situation
" Cé go raibh toradh uafásach ar agóid seo an bháis "ba sórt achainí é a bhí dírithe ar an bpobal: féach seo é ár gcás, tabhair tacaíocht d'ár gcás, leigheas ár gcás.
agus chan ar sheirbhís d'ár gcuid féin and not on a service of our own
" Tarlaíonn sé sin mar go bhfuil muid ag craoladh mar chuid de sheirbhís Bhéarla agus chan ar sheirbhís d'ár gcuid féin.
ár saothar our work
" Fuair muid teachtaireacht dhea-mhéine ó Mháire Mhic Giolla Íosa, Uachtarán na hÉireann le gairid inar ghuigh sí rath is séan ar ár saothar.
ag goradh ár mbonnachaí warming our feet
" Gan mac an éin bheo ag cur isteach ar cheachtar againn ach ag goradh ár mbonnachaí os comhair gríosach bhreá chlochmhóna agus chaon duine againn bíogtha ag an gclár teilifíse a bhí ag ceiliúradh Oíche Chinn Bliana na mílaoise ar fud an domhain.
ár mbreithiúnas our judgement
" Chailleamar ár mbreithiúnas maidir lenár luachanna.
ár gcóras our system
" D'fhéadfadh na húsáideoirí atá ar ár gcóras leas níos mó a bhaint astu sin ar fad.
agus cá háit ar ráinigh ár laoch and where did our hero arrive
" Ag tús na bliana chuir an Pápa é mar idirghabhálaí go dtí Bali Hi agus cá háit ar ráinigh ár laoch ach i mBaile Thaidhg! "Ní go Bali Hi a cuireadh mise, ámh, ach go Baghdad, fá choinne cruinnithe le Saddam Ó hOisín.
ár gcaidreamh éagórach agus impiriúil our unjust and imperial relationship
" Agus más fíor go dtuigeann níos mó daoine ná riamh san Eoraip go bhfuil praghas le n-íoc as ár gcuid caiteachais agus as ár gcuid forbartha neamhshrianta, agus as ár gcaidreamh éagórach agus impiriúil leis na tíortha bochta, is léir chomh maith nár bhog Stáit Aontaithe Mheiriceá oiread is órlach ón ráiteas cáiliúil a thug George Bush ag Rio sa mbliain 1992.
ansin go dtabharfadh muid droim láimhe don Eoraip mhéadaithe that we would turn our back on an enlarged Europe
" Ach an bhfuil sé ceart go dtiocfadh muid i dtír ar an airgead Eorpach ar feadh i bhfad agus ansin go dtabharfadh muid droim láimhe don Eoraip mhéadaithe? Tá argóint ann go ndéanann comhlachtaí Meiriceánacha airgead a infheistiú in Éirinn de bharr muid a bheith inár mbaill den Aontas Eorpach agus má dhiúltaíonn muid do Chonradh Nice go léireoidh sin easpa díograise agus go ndéanfar an t-airgead seo a infheistiú i bpostanna in Albain, Sasana agus oirthear na hEorpa.
ár saibhreas a roinnt to share our wealth
" Má dhiúltaíonn Éire don chonradh, beidh muid fós mar chuid den Aontas ach cuirfear teachtaireacht chuig na baill eile: go raibh muid sásta glacadh leis na buntáistí ach nach bhfuil muid sásta ár saibhreas a roinnt le tíortha atá ar an imeall fós.
ár ndícheall our best
" Déanann muid ár ndícheall: ceapaire cáise nó turcaí, úll nó piorra, sú oráiste nádúrtha.
ár gcuid laochra our heroes
" Ba iad na himreoirí peile agus iomána ár gcuid laochra, imreoirí ar nós Des Foley, Achill Boothman agus Fran Whelan as Áth Cliath, Ollie Walsh agus Tommy Walsh as Cill Chainnigh, Jimmy Doyle, Donie Nealon agus "Babs" Keating as Tiobraid Árann, Nicky Rachard agus "Hopper" McGrath as Loch Garman.
agus ár dtuiscint a mhúnlú and shape our understanding
" Sna suiteálacha *They're All the Same* (1991) agus *Same Difference *(1990) ardaíonn sé ceisteanna faoin tslí a dtig le teanga dul i bhfeidhm orainn agus ár dtuiscint a mhúnlú, sa chás seo íomhá meáin de bheirt a bhfuiltear in amhras orthu gur baill iad den IRA.
ár rian féin our own mark
" Ansin, tá amhrán darb ainm "Blessing" a fuaireamar ó amhránaí Meiriceánach, Jonell Mosser, atá lonnaithe i gceantar Nashville; canann sise é mar roc-amhrán ach tá muidne tar éis ár rian féin a fhágáil air.
ag stróiceadh na gruaige asainn pulling our hair out
" ES: Ar bhain sibh taitneamh as bheith ag taifeadadh nó an raibh sibh ag troid le chéile uaireanta? BNGP (ag gáire): An fáth go bhfuil mé ag gáire ná go raibh laethanta ann go rabhamar ag stróiceadh na gruaige asainn le frustrachas, mar nach raibh sé ag teacht le chéile go héasca, b'fhéidir amhrán a chanamar go breá beo.
ar ár macasamhail on our likes
" Cad iad na laigí agus na láidreachtaí a bhaineann leis an eagraíocht? An laige is mó is dócha ná go bhfuilmid cuid mhaith ar chúl ar ár macasamhail sa chóras oideachais Béarla.
stair ár sinsear the history of our ancestors
" An samhradh seo caite, thug mo dheirfiúr cóip domh de leabhar a raibh stair ár sinsear ann agus fuair mé eolas ann gur tháinig Dennis Byrne, sin-seanathair mo sheanmháthar, go Meiriceá thart fá 1820.
gach n-aon dár n-áitreabhaigh all of our inhabitants
" Ó thaobh na feirmeoireachta de, tá titim ana-mhór i líon na ndaoine atá ag brath ar an dtalamh mar shlí bheatha agus tá tamall ann ó bhí an fheirmeoireacht ag cur aráin i mbéalaibh gach n-aon dár n-áitreabhaigh.
ár soraidh céad slán le Fine Gael our one hundred goodbyes to Fine Gael
" Agus ár soraidh céad slán le Fine Gael, páirtí a chuir níos mó ná lámh amháin ina bhás féin.
ár gcóras polaitíochta our political system
" An é go bhfuil ár gcóras polaitíochta imithe ar strae, nach ndéanann muid an rogha cheart agus muid ag toghadh ár gcuid polaiteoirí? An é nach gcaitheann na daoine a mbíonn orthu fanacht i scuainí ospidéil a vóta nó an é nach dtugtar rogha cheart dóibh ar aon chuma? Tá litreacha á bhfoilsiú go laethúil ar leathanach an eagarthóra san *Irish Times* ag moladh leasainmneacha do shnáthaid shnasta seo Shráid Uí Chonaill.
ar ár macasamhail on our likes
" Cad iad na laigí agus na láidreachtaí a bhaineann leis an eagraíocht? An laige is mó is dócha ná go bhfuilmid cuid mhaith ar chúl ar ár macasamhail sa chóras oideachais Béarla.
ár gcuid mótarbhealach our own motorways
" Níor ghá dúinn déirc a iarraidh sa mBruiséal: bheadh neart airgid againn chun ár gcuid mótarbhealach féin a thógáil.
i nglúin s'againne in our generation
" B'fhéidir nach dtiocfaidh sé i nglúin s'againne.
stair ár sinsear the history of our ancestors
" An samhradh seo caite, thug mo dheirfiúr cóip domh de leabhar a raibh stair ár sinsear ann agus fuair mé eolas ann gur tháinig Dennis Byrne, sin-seanathair mo sheanmháthar, go Meiriceá thart fá 1820.
ár soraidh céad slán le Fine Gael our one hundred goodbyes to Fine Gael
" Agus ár soraidh céad slán le Fine Gael, páirtí a chuir níos mó ná lámh amháin ina bhás féin.
go n-éireodh idir muid féin agus ár gcairde i Meiriceá that we'd fall out with our friends in America
" Níor mhaith le héinne in Éirinn go n-éireodh idir muid féin agus ár gcairde i Meiriceá ach, má thosaíonn cogadh, tá an chuma ar an scéal go bhféadfadh a leithéid tarlú.
ár n-iníon uchtaithe our adopted daughter
" "Tugann muid 'ár n-iníon uchtaithe' uirthi," a deir Cummiskey, a bhfuil ceathrar clainne agus seisear garpháistí aige, agus a bhfuil cónaí air i New Dorp Beach.
ár bhfuinneamh cruthaitheach our creative energy
" Múnlaíonn an tsochaí thart timpeall orainn ár bhfuinneamh cruthaitheach, éiríonn muid cotúil agus cosantach maidir le muid féin a chur in iúl go pearsanta agus go macánta.
ár n-aird our attention
" Díríonn muid ár n-aird ar rudaí eile.
ar imeall ár sochaí on the edge of our society
" Is ealaín í an Outsider Art a chruthaíonn dream atá ar imeall ár sochaí de bharr mhíbhuntáiste éigin, meabhairghalar nó mar go bhfuil siad difriúil.
ár Mamó féinig our own grandmother
" Bhíos i mo thaibhse agus bhíos i mo Dracula uair amháin agus bhíodh £20 á fháil agam agus gan mé ach ocht mbliana d'aois! Agus ba sinne na páistí ar an gclár "Dilín Ó Deamhas" agus ba í Mamó ar an gclár a sheinn agus a chan ar an gclár ár Mamó féinig.
ónár n-urraí from our sponsors
" Ba dheas, cinnte, dá mbeadh méadú ar mhéid na ndeontas seo ach tá muid buíoch as an tacaíocht atá á fáil againn ónár n-urraí.
inár gcuid gníomhaíochtaí in our activities
" Inár dtuairim féin, tá muidne ag déanamh obair mhór leis an teanga seo a chaomhnú ar dhóigh straitéiseach agus tá gnéithe láidre trasteorann agus trasphobail le feiceáil inár gcuid gníomhaíochtaí.
ár n-ionracas a cheistiú to question our honesty
" Tá sé ráite acu ina bhforógra gurb é ról an ealaíontóra luachanna a choinneáil beo atá bunúsach agus daonna, agus nach mór seasamh in aghaidh na bhfórsaí a dhéanann iarracht ár n-ionracas a cheistiú.
ár sinsear of our ancestors
" Mar is anseo atá aire á tabhairt do shaibhreas teanga, cultúrtha agus oidhreachta ár sinsear agus nár mhór an éagóir é neamhaird a thabhairt air sin.
táim an-tógtha lenár gceol féin very taken with our own music
" Bhain mé taitneamh as ag an am ach i láthair na huaire, mar a dúirt mé, táim an-tógtha lenár gceol féin.
dár n-easpórtáil dhomhanda of our exports throughout the world
" Sin, áfach, níos lú ná 1% dár n-easpórtáil dhomhanda agus níos lú ná 1% dár n-olltáirgeacht náisiúnta don bhliain chéanna.
céatadán d'ár gcostaisí a íoc to pay a percentage of our costs
" Ar éirigh libh maoiniú a fháil ón stát? Má d'éirigh, an leor é mar dheontas? Ar deireadh d'aontaigh Údarás na Gaeltachta céatadán d'ár gcostaisí a íoc, ach caithfidh an t-airgead seo a bheith caite againne ar dtús.
inár dtreo in our direction
" Caitheadh clocha agus barraí iarainn agus cúpla buama peitril inár dtreo.
Theastaigh uainn freastal ar ár bpobal féin we wanted to cater for our own community
" Theastaigh uainn freastal ar ár bpobal féin, i.
dár gcultúr sainiúil féin our own distinctive culture
" Bhí uainn go mbeadh TnaG ag freagairt dár gcultúr sainiúil féin.
inár bhfochair in our company
" Deich mbliana ó shin, gan trácht ar fhiche nó ar chaoga bliain, cé a chreidfeadh go mbeadh dráma nua Gaeilge á léiriú ag foireann dhíograiseach, ghairmiúil den scoth agus ag aisteoirí a bhíonn inár bhfochair sa seomra suite gach oíche beagnach tré mheán na teilifíse; go mbeadh ár mbealach teilifíse féin againn, ag craoladh chugainn cluichí na nGael agus spórt eile seachtain i ndiaidh seachtaine, "beo beathaíoch" mar a deir SBB! Tá an teicneolaíocht tar éis an mhíorúilt seo a chur ar fáil, agus daoine atá tar éis í a thabhairt chun blátha.
sceideal ár gcúrsaí a dháileadh to distribute our course schedule
" Le cuidiú na meán nua tá muid ábalta sceideal ár gcúrsaí a dháileadh ar fud na tíre.
ár ndícheall our best
" Ach rinneamar ár ndícheall agus, dar liomsa, tá an ceol ar an albam an-chroíúil agus táim an-bhródúil as.
bhí sé ar intinn againn i gcónaí it was always our intention
" D'fhásamar suas lena chéile ó thaobh an cheoil de agus bhí sé ar intinn againn i gcónaí (ó bhíos sé bliana déag d'aois) albam a dhéanamh.
ár n-iarratas our application
" Tá Foras na Gaeilge tar éis diúltú dár n-iarratas.
ár bpríomhfhoinse uisce our main source of water
" "Is é an tobar seo ár bpríomhfhoinse uisce.
níos giorra dár mac nearer to our son
" D'éirigh mé as an obair i Meitheamh 2002, dhíol muid an teach agus bhog muid go hiardheisceart Washington State, ionas go mbeadh muid níos giorra dár mac.
ár gclár imeachtaí our programme of events
" Tá cáil ar ár gclár imeachtaí agus ar ár gcuid cúrsaí.
Go bhforbrófar an suíomh s'againne that our site will be developed
" Go bhforbrófar an suíomh s'againne, (www.
dár n-oidhreacht of our heritage
" Cén fhís atá agat féin don Ghaeilge? Go dtuigfeadh gach Éireannach gur leo féin an teanga agus go mbeadh an grá céanna acu di is atá acu don chuid eile dár n-oidhreacht.
i bhfad ónár gcúl féin far from our own goal
" Déan feall i bhfad ónár gcúl féin".
ár ndara leanbh our second child
" Is dócha go raibh tionchar níos mó ag na comharthaí nua seo ar fad de chuid 9/11 orm féin de bharr go raibh mo bhean chéile ar tí ár ndara leanbh a bheith aici.
ár linne féin of our own time
" Saothar iontach comhoibrithe idir aos pinn agus aos scuaibe an dá thír is ea *An Leabhar Mòr*, agus tosaíonn na samplaí liteartha atá le léamh ann chomh fada siar le hAmhra Cholm Cille, a cumadh go gairid i ndiaidh aimsir Cholm Cille féin - foinse inspioráide na hIomairte - agus críochnaíonn siad le scríbhneoirí mar Shomhairle Mac Gill Eain agus Rita Duffy, Nuala Ní Dhomhnaill agus Craig MacKay - cuid d'aos ealaíne ár linne féin.
ár seacht ndicheall our very best
" Rinneadh an teagasc go léir as Gaeilge, agus rinneamar ár seacht ndicheall gan Béarla a labhairt, fiú amháin nuair a bhíomar sa teach tábhairne.
ár ngairmeacha our professions
" Ní haon ionadh é, b'fhéidir, gur mhaígh an cumadóir Caitliceach James MacMillan ina dhiaidh sin go bhfuil "ár ngairmeacha, ionaid oibre, ciorcail acadúla agus forais spóirt lán le leithéidí Findlay".
caithfidh sé a bheith ar ár gcumas ár n-aidhmeanna a leathnú fosta we have to be able to broaden our aims as well
" Má fhásann an tionscadal, caithfidh sé a bheith ar ár gcumas ár n-aidhmeanna a leathnú fosta.
ár saothar our work
" Agus, ar ndóigh, is ceist oscailte í, cad is "fíor-Ghaeltacht" ann - beidh gach glúin inár ndiaidh in ann a rian féin a fhágáil ar ár saothar.
féiniúlacht ár sinsear féin the identity of our own ancestors
" Ach ní bheimid in ann glacadh leis an dearcadh seo go dtí go dtuigfimid féiniúlacht ár sinsear féin - daoine a labhair an Ghaeilge agus a chuir a ndearcadh domhanda féin in iúl tríd an teanga.
tá sé faoinár gcúram it's under our care
" "Achan ní atá ag baint leis an teanga, bhuel, tá sé faoinár gcúram a bheag nó a mhór.
chun ár n-aird a tharraingt to attract our attention
" Na criticeoirí, na polaiteoirí agus an pobal scoilte ar an cheist seo: an taispeántas fiúntach ealaíne é seo nó an sorcas faiseanta é? An bhfuil rud ar bith fágtha le rá ag an ealaín chomhaimseartha? An gcaithfidh an ealaín geit a bhaint asainn nó déistin a chur orainn chun ár n-aird a tharraingt? Tá an criticeoir agus láithreoir ealaíne Matthew Collings den tuairim go bhfuil an ealaín chomhaimseartha seafóideach.
ár gcur chuige our approach
" Tá solúbthacht in ár gcur chuige maidir le freastal ar rannpháirtithe ár gcláracha agus ár gcúrsaí, is é sin, tá cúrsaí á dtairiscint againn ag amanna agus le hábhar a oireann do na rannpháirtithe seo.
ár gcraobh áitiúil our local branch
" Craobh Sheáin Uí Dhonnabháin an t-ainm atá ar ár gcraobh áitiúil de Chonradh na Gaeilge, a bunaíodh in 1896.
ár gcuid léitheoirí ionúine our dear readers
" (Nóta ón eagarthóir chuig ár gcuid léitheoirí ionúine ar dlíodóirí iad: is é an t-ainmfhocal *'ócáidí'*, agus ní ainm álainn *'Ódí' *Chumhra Chliste, atá faoi cháilíocht na haidiachta gránna gallda sin thuas, bíodh a fhios agaibh!) Bígí ólta as bhur gcloigeann agus sibh i mbun pinn.
lenár scéal féin a chumadh to make up our own story
" D'úsáid sé an seomra céanna arís agus arís eile ina phictiúir - d'athraigh sé an troscán agus uirlisí éagsúla chun scéal úr a chruthú agus muid a mhealladh isteach ina dhomhan rúnda lenár scéal féin a chumadh.
ár sochaí our society
" Tar éis do Howard Dean a léiriú nach leor comhluadar a chruthú ar an idirlíon chun tacaíocht a chinntiú taobh amuigh den chibirspás, b'fhéidir gur chóir dúinn glacadh leis nach n-athróidh an t-idirlíon ár sochaí ach gur féidir leis cabhrú linn ár dtuiscint ar an domhan a leathnú.
ár dtuiscint our understanding
" Tar éis do Howard Dean a léiriú nach leor comhluadar a chruthú ar an idirlíon chun tacaíocht a chinntiú taobh amuigh den chibirspás, b'fhéidir gur chóir dúinn glacadh leis nach n-athróidh an t-idirlíon ár sochaí ach gur féidir leis cabhrú linn ár dtuiscint ar an domhan a leathnú.
ár gcuid earraí our goods
" "Tá sé níos deacra anois ár gcuid earraí agus seirbhísí a dhíol taobh amuigh den Aontas agus bheadh sé an-amaideach an bac seo a mhéadú dár ndeoin féin trí chostaisí a ardú.
dár ndeoin féin of our own free will
" "Tá sé níos deacra anois ár gcuid earraí agus seirbhísí a dhíol taobh amuigh den Aontas agus bheadh sé an-amaideach an bac seo a mhéadú dár ndeoin féin trí chostaisí a ardú.
go bhfuil ár n-oidhreacht á scrios that our heritage is being destroyed
" Bhí tuairim is 10 ngrúpa agus suas le 25 duine sa seomra leis na toscairí agus iad uile ag tabhairt na teachtaireachta céanna dóibh: go bhfuil ár n-oidhreacht á scrios ar mhaithe le forbairt ainrianta agus go bhfuil an rialtas agus an tAire beag beann ar thuairim an phobail.
ár dtuairim féin a nochtadh to express our own opinion
" Is saineolaithe muid ar fad sna cúrsaí seo agus is breá linn ár dtuairim féin a nochtadh (baineann Des Cahill an-mhíleáiste as seo ar "Sportscall"!) "Fadhbanna" Manchester United ======= Ar an taobh eile den scéal, cuireann sé ionadh orm féin uaireanta cé chomh corraithe is a bhíonn daoine uaireanta agus ábhair spóirt faoi chaibidil acu.
ár gcuntasóirí our accountants
" "Bhí achan duine lánsásta," a deir Ian McPherson, bainisteoir na drioglainne, "muidne, na hoileánaigh - agus ár gcuntasóirí.
ár sinsear our ancestors
" Bhíomar mórálach cheana féin as ár dtimpeallacht anseo, as an chaoi ar thug ár sinsear aire don talamh thar na blianta.
lenár gcomhghleacaithe with our colleagues
" "I dteannta lenár gcomhghleacaithe in Ollscoil Strathclyde, tá gluaisteán hidrigin tógtha againn, a fhaigheann a chumhacht ó chealla breosla.
ina ndéanfar ár bpáistí a ionfhabhtú in which our children will be infected
" "Tá muid ag cruthú timpeallachta ina ndéanfar ár bpáistí a ionfhabhtú, ina n-éireoidh siad torrach agus ina ndéanfaidh siad daoine eile torrach," a dúirt sé.
ár n-oidhreacht our heritage
" I gcodarsnacht leis an dearcadh atá againne ar ár n-oidhreacht, i Sasana tá £200 milliún á chaitheamh acu ag cur bóithre faoi thalamh, agus mar sin de, thart ar Stonehenge.
ag déanamh ár seacht míle dícheall an bua a fháil doing our utmost to gain victory
" Bímid ag iomaíocht go tréan agus ag déanamh ár seacht míle dícheall an bua a fháil.
go leic an dorais againn féin to our own doorstep
" Bhí gach duine in aghaidh na cinedheighilte san Afraic Theas, ach an túisce is a tháinig siad go leic an dorais againn féin, d'éiríomar sprionlaithe, agus ceachartha agus just fucking barbartha i ndáiríre.
Tosaímid a mhúnlú ár n-ionchas we begin to mould our expectations
" Tosaímid a mhúnlú ár n-ionchas le cuidiú na bhfocal a léimid.
inár n-ionchas in our expectations
" Bheadh scéal againn mar sin féin agus thiocfadh linn léamh air, dul amach air, féachaint cén cor a chuirfí inár n-ionchas de réir mar a léifimis linn.
in imeacht ár laetha during the course of our days
" An fhírinne féin, is cumadóireacht í de thoradh a léimid ar a gcastar dúinn in imeacht ár laetha.
de bharr ár bhfiosrachta because of our inquisitiveness
" Meallann Hopper isteach muid i ndomhan príobháideach mar *peeping toms*; amharcann muid isteach ar an saol uaigneach seo, muid ag brath ciontach de bharr ár bhfiosrachta ach ar bís le níos mó a fheiceáil.
ár sinsir our ancestors
" Tháinig ár sinsir anall anseo as timpeall deich n-áit éagsúla: Cill Dara, Muineachán, Ros Comáin, agus Uíbh Fháilí ina measc.
ár dtuairimí féin our own opinions
" Bíonn ár dtuairimí féin againn go léir.
ár mboscaí ríomhphoist our email boxes
" "Turscar" an focal a mholtar ansin chun cur síos a dhéanamh ar na teachtaireachtaí ríomhphoist seo atá ag líonadh ár mboscaí ríomhphoist.
ár ndaonnacht féin our own humanity
" Léiríonn sé dúinn ár ndaonnacht féin ar bhealach rúndiamhrach éigin.
ár dtáirgí a logánú to localize our products
" "Agus é sin ráite, toisc gurb é ár n-aidhm go mbeadh ár dtáirgí inrochtanach agus inúsáidte ag gach aon duine, d'aithin muid go mbeadh orainn ár dtáirgí a logánú in i bhfad níos mó teangacha ná mar a bhí déanta againn roimhe seo.
ár sáith our fill
" Ach cá háit a dtéann amhraí eile na hÉireann lena scíth a ligean agus le teacht chucu féin arís i ndiaidh bliain mhór oibre a chur isteach? Tá Éamon Ó Caoimhnis, Aire na Galltachta, ag dul ar ais go dtí Féile na nGael i Milwaukee Cois Locha, ach tá ár sáith ráite faoi Joe Mac Dunno agus é féin agus a gcuid eachtraí ann anuraidh - an bheirt acu in iomaíocht lena chéile ag iarraidh an óráid ab fhaide a thabhairt agus an líon ba mhó daoine a chur ina gcodladh.