Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
gcomhphátrúin joint patrons
" Thoiligh a Shoilse, Éamon de Valera, Uachtarán na hÉireann, agus a Mhórgacht, Seán Cairdinéal Daltún, Príomháidh na hÉireann Uile, bheith ina gcomhphátrúin ar an gcomórtas ag an am.
pátrúin patrons
" Bhí sé nimhneach go leor fosta ag caint faoi na pátrúin, ag rá go raibh Charles Saatchi agus an Tate Modern ag díriú isteach ar "an lowest common denominator" agus go raibh an chontúirt ann go mbeadh drochthionchar aige sin ar fhorbairt na healaíne.
éarlamh oifigiúil official patron saint
" Níl dabht ar bith faoina shinsir, ach oiread liom féin, agus is é a bheas mar phátrún agus mar éarlamh oifigiúil ar Stát Hibridithe Ilchiníoch Thuaisceart Éireann - agus mé féin fosta, dar ndóigh, mura mbím ar mo sheanléim arís trí lá i ndiaidh mo bháis!" Guíonn Ian Mór an Páiseadóir an Bhéil Nimhe, Ard-Rí SHITE, Nollaig mhór mhaith ar léitheoirí *Beo ar Éigean*.
phátrúin patrons
" Chruthaigh Caravaggio pictiúir a bhí drámatúil agus lán de d'atmaisféar, agus a bhí ina n-ábhar scannail, iontais agus míshuaimhnis go minic acu sin, eaglaisigh de ghnáth, a bhí mar phátrúin aige.
Éarlamh patron saint
" Éarlamh na Breataine Bige is ea Naomh Daithí (nó Dewi Sant sa Bhreatnais), ar ndóigh.
patrúin patrons
" Ba é an staraí ealaíne / ainmhíchara an Dochtúir Peter Husard a bhunaigh an músaem in Chichester sna Stáit Aontaithe i lár na seachtóidí, agus ó shin i leith tá staidéar á dhéanamh ansin ar ainmhithe éagsúla agus ar a gcuid ealaíne, mar shampla: na patrúin a fhágann caocháin agus iad ag tochailt faoi thalamh; an dóigh a dtiteann cac staile i bhfoirm pirimide; na marcanna a fhágann cait ina dtimpeallacht féin nó an t-eagar a chuireann scaoth éan orthu féin ag eitilt sa spéir le titim na hoíche.
pátrúin shaibhre rich patrons
" Nuair a fhéachann tú siar ar an stair, tá sé spéisiúil a fhoghlaim nach eaglaisí nó pátrúin shaibhre ba chúis leis na gaiscí ealaíne a rinneadh sa chathair seo le linn an 17ú haois – rud a bhí amhlaidh i dtíortha eile – ach an pobal mór meánaicmeach a raibh airgead le spáráil acu agus a bhí ag iarraidh pictiúir a cheannach le crochadh ina dtithe féin.
príomhphátrúin main patrons
" Shílfeá gur beag athrú atá tagtha ar an áit ó aimsir na Medici, príomhphátrúin na cathrach ón 14ú haois, go dtí go sciobann bíp! bíp! na *motorini *a bhíonn ag greadadh leo síos na sráideanna cúnga ar ais go dtí an fíorshaol tú agus tuigeann tú go bhfuil an chathair, a thóg na Rómhánaigh mar ionad trádála sa bhliain 59 R.
phátrúin patrons
" Cad é a tharlódh, mar shampla, dá vótálfadh tromlach na ndaltaí ar son oideachas trí Bhéarla agus tromlach a dtuismitheoirí ar son oideachas trí Ghaeilge (nó a mhalairt)? Ar leor móramh simplí do na daoine a chaitheann vóta le cinneadh a dhéanamh bealach amháin nó bealach eile nó an gcaithfear móramh de phobal na scoile uilig a bheith ann? Cad é a tharlódh dá mbeadh móramh de na vótóirí ar mhalairt tuairime ó phátrúin na scoile? Nach bhfuil cearta an phátrúin ar shainspiorad na scoile a roghnú mar chuid den dlí? Dá mbeadh móramh ar son oideachas trí Bhéarla cad é faoi chearta bunreachtúla agus dlíthiúla mhuintir na Gaeltachta - fiú más mionlach iad - ar oideachas trí Ghaeilge? Is í an fhadhb is mó leis an suirbhé seo ná nach bhfuil a fhios ag na daoine atá ag vótáil (nó i mbun baghcait fiú) cá luíonn an suirbhé mar chuid den phróiseas leis an fhadhb teanga a réiteach.
éarlamh nimhe heavenly patron
" Measadh fear na Rúraíochta, Lugh Lámhfhada (agus Llew Llawgyffes na Breatnaise faoina leagan thoir) le dia na gealaí, éarlamh nimhe do Chú Chulainn.
éarlamh patron(s)
" org Tá beirt éarlamh faighte acu: Lynette Faye an BBC agus Rónán Mac Aodha Bhuí, RnaG.
éarlamh patron
" Fíricí a thabharfadh le fios cén sórt “carad” é Iosrael dá éarlamh flaithiúil.
bpátrún patrons
" Is ó bhailiúchán na bpátrún ealaíne Meicsiceach, Jacques agus Natasha Gelman, a thagann an saothar seo agus is díol suntais é go bhfuil roinnt de na píosaí is íocónaí a rinne an bheirt le feiceáil ann, cosúil le, ‘Diego ar M’intinn’, féinphortráid déanta ag Kahlo, agus ‘Díoltóirí Lilí Cala’ le Rivera.
thoighsí a bpátrún nua their new patrons’ fancies
" Bhí ealaíontóirí na hÍsiltíre ar an neamhacra don chéad uair riamh i stair Iarthar na hEorpa le saothar a dhéanamh nach raibh ag brath ar choimisiúin ó na heaglaisí amháin agus thosaigh siad ag cruthú pictiúr a bhí dírithe ar thoighsí a bpátrún nua.
ba mhór an mhaise do na héarlaimh nua seo it spoke well of these new patrons
" Tháinig an tacaíocht a spreag an mhórchruthaitheacht seo ó cheannaithe agus ó bhaincéirí, uasalaicme úr na linne sin, agus ba mhór an mhaise do na héarlaimh nua seo a chaitheadh a gcuid airgid go feiceálach ar thionscnaimh mhóra phoiblí ealaíne.
saibhreas a phatrúin the wealth of his patron
" Taispeánann Ghirlandaio saibhreas a phatrúin Tornabuoni tríd na meáin mórchostais, lapis lazuli nó leac neimhe, ór agus ruaim an chachtais a úsáideann sé i bhfreascó ’s aige Díbirt Joachim ón Teampall.
ainm éarlaimh na hEorpa the name of the patron of Europe
" Tá sé ráite gur roghnaigh Joseph Ratzinger ainm éarlaimh na hEorpa, Benedict, cionn is go raibh sé mar aidhm aige an Eoraip a athshoiscéalú.
in ómós éarlamh na cathrach in honour of the city's patron saint
" Rinneadh athnuachan anuraidh sa chathair ar sheantraidisiúin meánaoiseach oilithreachta in ómós éarlamh na cathrach Colm Cille agus leanfear leis an traidisiúin ársa seo ar an Chéadaoin 14 Lúnasa.
Lá Fhéile patron day
" Déantar an turas seo de ghnáth ag meánoíche ar 9ú Meitheamh (Lá Fhéile Cholm Cille) nuair a shiúlann na hoilithrigh thart cúig stad déag atá scaipthe ar fud na Glinne.