Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
gan beann agam ar an teilifís paying no heed to the television
" Bhí mé ag úthairt liom sa bhaile tráthnóna Dé Sathairn amháin agus gan beann agam ar an teilifís a bhí ar siúl sa chúlra.
ag tabhairt airde ar a gcuid éileamh paying attention to their demands
" Tá moladh tuillte ag Conradh na Gaeilge as ucht a bheith sásta leanúint ar aghaidh ag ardú na ceiste ar feadh na mblianta agus gan mórán ag tabhairt airde ar a gcuid éileamh.
gan beann ar rialtas paying no heed to the government
" Borradh ======= Cén fáth go bhfuil an scéal amhlaidh? Céard tá taobh thiar den bhorradh seo le scór bliain sa CLG ar fud na tíre? Freagra simplí atá ar an gceist seo dar liom, is é sin, muintir na hÉireann! Gnáthchosmhuintir na tíre atá ag dul i mbun a saol sóisialta agus spórtúil féin gan beann ar rialtas ná Aontas Eorpach.
mura bhfuil fonn ort íoc as if you don't feel like paying for it
" I gcás an chláir ríomhphoist Eudora, mura bhfuil fonn ort íoc as nó má theastaíonn uait triail a bhaint as ar dtús, is féidir leagan saor in aisce a íoschóipeáil.
ní air sin a bhí aird Dhónaill it wasn't what Dónall was paying attention to
" Bhí rang staire sa tsiúl ach ní air sin a bhí aird Dhónaill.
ag tabhairt airde ar Chorn Sacair an Domhain paying attention to the World Cup in soccer
" B'fhéidir go mbíonn níos mó daoine ag tabhairt airde ar Chorn Sacair an Domhain, ach is cinnte gur ag na Cluichí Oilimpeacha atá an t-aicsean, an dráma, an t-iontas agus an éagsúlacht is mó maidir le cúrsaí spóirt.
bréan de bheith ag íoc bille ard fóin sick of paying a high phone bill
" Tá siad ródhaor! **Tá mé bréan de bheith ag íoc bille ard fóin gach mí i gcomhair seirbhíse atá go hainnis.
ag íoc comhlachtaí príobháideacha paying private companies
" Is é an rud íorónta, áfach, ná murach a ndrochobair féin i 1973 (deireadh a chur le riachtanas Gaeilge sa státseirbhís) níor ghá don stát na milliúin euro a chaitheamh gach bliain ag íoc comhlachtaí príobháideacha le cáipéisí stáit a scríobh nó a aistriú go Gaeilge.
ag íoc comhlachtaí príobháideacha paying private companies
" Is é an rud íorónta, áfach, ná murach a ndrochobair féin i 1973 (deireadh a chur le riachtanas Gaeilge sa státseirbhís) níor ghá don stát na milliúin euro a chaitheamh gach bliain ag íoc comhlachtaí príobháideacha le cáipéisí stáit a scríobh nó a aistriú go Gaeilge.
beag beann ar an bhfuacht not paying attention to the cold
" Táid préachta, na créatúir, ina ngúnaí beaga, ach *fair play*, leanann siad orthu leis na ciceanna arda agus le rothlú na mbataí, beag beann ar an bhfuacht san aer.
ag tabhairt airde ar paying attention to
" Tá comhlachtaí anois ag tabhairt airde ar an mblagadóireacht mar shlí chun margaíocht a dhéanamh.
ag tabhairt airde ar paying attention to
" Tá comhlachtaí anois ag tabhairt airde ar an mblagadóireacht mar shlí chun margaíocht a dhéanamh.
gan íoc as rud ar bith without paying for anything
" Nuair a thiontaigh sí thart leis na deochanna sin a fháil, d'imigh sé leis gan íoc as rud ar bith.
beag beann ar na boic mhóra not paying heed to the big bucks
" Cosúil le cuid mhaith clubanna agus sraithchomórtas eile i Meiriceá a tháinig ar an saol le déanaí, treabhann siad a n-iomaire féin, beag beann ar na boic mhóra, agus is cosúil go bhfuil na sraithchomórtais bheaga seo ag dul ó neart go neart.
i leaba costas iompair a íoc. instead of paying transport costs.
" Is gearr go mbeidh sé níos saoire na caoirigh a mharú i leaba costas iompair a íoc.
ag íoc an phá paying the wages
" Dar ndóigh, ligeann siad orthu go bhfuil an paisean agus an tuiscint cheart acu ar an traidisiún, ach i ndáiríre níl ann acu go dtuigeann siad cé tá ag íoc an phá i ndeireadh na seachtaine.
ag tabhairt airde dá laghad ar an Phobal, paying the least bit of attention to the Public,
" “Bhuel, a Aire,” a d’fhreagair Laoch na Litríochta, “Meafar atá ann: fiú sa saol iar-thoghcháin, mar a shamhlaíonn tú féin é, beidh Caipitleachas fós *ag* *blíp blíp blípeáil* an Lucht Oibre (mar a déarfá féin go deas múinte); beidh an Rialtas fós ina shámhchodladh; ní bheidh aon duine ag tabhairt airde dá laghad ar an Phobal, agus beidh an Todhchaí fós sa chac!”
ag tabhairt airde ar mhianta na bpáistí paying attention to the children's wishes
" RM: Sea, is dóigh go bhféadfaí a rá go raibh muid ag tabhairt airde ar mhianta na bpáistí lena raibh muid ag plé.
ag íoc cíosa, paying rent.
" Cé gur ceantar gorm é le fada, bhíodh an-chuid de na Gormaigh úd ag íoc cíosa, seachas a bheith ina n-úinéirí.
ag tabhairt neamhairde paying no heed
" Bheadh daoine ag tabhairt neamhairde ar an scéal, déarfainn, ach go bhfuil an tsonóg úd, The Duck, á húsáid ag Ollscoil Oregon le cead ó Disney.
an méid airgid a bheidís ag íoc liom. the amount of money they'd be paying me.
" Ach ansin d’inis siad dom mar gheall ar an méid airgid a bheidís ag íoc liom.
Bhí a chomhlacht in ainm is a bheith ag íoc as mo bhille óstáin, his company were supposed to be paying for my hotel bill
" Bhí a chomhlacht in ainm is a bheith ag íoc as mo bhille óstáin, ach ní raibh sé íoctha acu fós.
ag íoc úis paying interest
" Dá bhrí sin, beidh cáiníocóirí Mheiriceá ag íoc úis do na bancanna leis na bancanna a tharrtháil mar gheall ar a gcuid cearrbhachais! Ní haon ionadh é gur chuir William Engdahl síos air mar “the most brazen financial swindle in the scandal-ridden American finance history.
ag íoc paying
" Má tá tú ag iarraidh fanacht ann is fiú an seomra a chur in áirithe cúpla mí sula dté tú ann nó is é ag íoc ar shon an chlú atá tú, agus ní as na seomraí iad féin.
ag díol paying
" D’fhan mé in óstáin eile i Nua-Eabhrac a bhí trí uaire níos daoire (nuair a bhí duine inteacht eile ag díol ar a shon).
ar cuairt paying a visit
" Tá fabhalscéal ag La Fontaine, An Criogar agus an Seangán1, ina bhfeictear an criogar ar cuairt chuig an seangán ag tús an fhómhair ag lorg cúnaimh go dtí go mbeidh an drochshéasúr thart.
ag íoc paying
" Beimid go léir, agus sliocht ár sleachta, ag íoc as an dearcadh sin go ceann tamaill, i saol an airgeadais agus i saol na timpeallachta araon.
ag íoc dúthrachta paying bonuses
" An Stair Radacach a Léiriú ============= Agus leis an géarchéim baincéireachta, agus na baincéirí fós ag íoc dúthrachta leo féin agus an lucht oibre ag cailleadh a bpost agus a bpá, chítear do a lán daoine go bhfuil cleas mór airgid imeartha orthu.
cuairt a thabhairt paying a visit
" Teacht ar an Eolais ========== Cuid eile den taighde beag a rinne mé ná cuairt a thabhairt ar láithreáin ghréasáin an Gaelic Players Association, an GPA (nó Cumann na nImreoirí Gaelacha - CIG -), Cumann Lúthchleas Gael (CLG), Cumann Rugbaí na hÉireann, an IRFU (nó CRÉ) agus an Cumann Peile na hÉireann, an IFA (nó CPÉ) le go bhfeicfinn an raibh eolas le fáil iontu i dtaobh fadhb an ghortaithe.
ag déanamh neamhaird paying no attention
" Thosaigh an Ghearmáin, gan amhras ar bith, ag tochras ar a ceirtlín féin le tamall anuas agus tá sí ag déanamh neamhaird dá ról traidisiúnta i stiúradh na hEorpa.
ag tabhairt urraime paying homage
" "* Tá dílseoirí mar a bheadh íobartaigh an ghrá leatromaigh ann - tá grá acu don Choroín ach bhí Eilís II i mBaile átha Cliath ag tabhairt urraime dóibh siúd a throid ar son saoirse na hÉireann; tá polaiteoirí Aontachtacha ar nós cuma liom faoi riachtanais an aicme oibre Phrotastúnaigh.
gan bheann ar an ngoimh paying no attention to the cold
" Thug muid faoin gceol gan bheann ar an ngoimh.
ag íoc go daor paying dearly
" B’fhéidir gur éirigh cuid againn rómhuiníneach asainn féin agus go bhfuil an chuid eile againn ag íoc go daor as anois.
Sinn beag beann ar we paying no attention
" Sinn beag beann ar an eolas sin, isteach sa choill linn.
ag íoc paying
" Chuir sé fearg ar dhaoine nuair a tháinig sé chun solais go raibh an stát ag íoc na mílte €uró in aghaidh an lae as seirbhísí an lucht dlí.
ag íoc paying
" Tá daoine in Éirinn ag íoc morgáistí móra ar thithe agus árasáin nach fiú oiread is leath an airgid a íocadh orthu agus tá fearg ar dhaoine dá bhrí sin.
sna tithe ag airneál paying a social visit at night time
" Bhíodh daoine istigh sna tithe ag airneál agus bhíodh siad ag caint ar pholaitíocht agus ar chúrsaí iascaireachta agus mar sin.
ar cuairt paying a visit
" Tá dul chun cinn mór déanta acu; bhí mé ar cuairt i gConamara agus chonaic mé an obair iontach atá á cur ar fáil, ní hamháin dúinne, ach go hidirnáisiúnta, ag Telegael agus eile, tá go leor acu ann.
Teilgean Físe agus Íoc an Cheadúnais projecting an image and paying the licence
" Teilgean Físe agus Íoc an Cheadúnais ================== Maidir leis an táille eile, is scéal eile ar fad í.
in ionad creidmheas a íoc ar ais rather than paying back credit
" An loighic atá ag *SmartyPig* ná in ionad creidmheas a íoc ar ais, is féidir an t-airgead céanna a chur ar leataobh is é á thuilleamh agat.
ar cuairt ar paying a visit
" Ar ndóigh, ní raibh gach duine sásta faoi Ériu ársa agus ná faoina bratach nuachumtha thrídhathach a cuireadh in airde le “fáilte” a chur roimh Bhanríon Shasana, Eilís II, a bhí ar cuairt ar na Sé Chontae le 60 bliain a réime a cheiliúradh.
beidh cáin á híoc acu they’ll be paying tax
" Más go dleathach a bheidh siad ag obair, beidh cáin á híoc acu.
as íoc go daor to paying dearly
" D’éiríomar cleachta le fiche bliain anuas as íoc go daor as cupán caife móide gabhdóg aonar uaigneach amháin, nó sruán, ar €4.
lánúin ag íoc a couple paying
" Chonaic mo dhá shúil féin lánúin ag íoc €45 as eachtraíocht bheag turasóireachta nár mhair tada thar 25 nóiméad.
táille ard a íoc le paying a large fee to
" Tá Walsh i ndiaidh táille ard a íoc le Mars Barra ar chúrsa bainisteoireachta a mhairfidh deich lá agus deich n-oíche, ach tá Balor ag déanamh go mbeadh Louis fós in áit na leathphingine fiú dá ndéanfadh sé cúrsa deich mbliana léi.
beag beann ar aon cheangal not paying attention to any connection
" Ní hé go mbeifeá ag iarraidh an daonlathas a cheilt ar phobal na tíre ach ar an drochuair pléadh achan rud faoin spéir le linn na bhfeachtas reifrinn úd beag beann ar aon cheangal a bheith acu lena raibh sna conarthaí.
ag íoc as a n-ainghníomh paying for their horrific deed
" Mar a dúirt a mháthair in agallamh amháin, ní bheadh “clabhsúr” acu go deo na ndeor mura mbeadh na dúnmharfóirí ag íoc as a n-ainghníomh.
ag díol táille paying a charge
" In áit a bheith ag díol táille le Roinn Phil Hogan chun an damhach séarachais a athnuachan, bhíodh breis is míle euro ar fáil le haghaidh cóiriú séarachais.
ag déanamh neamhairde paying no attention
" Go maire siad sin agus nára fada an lá go bhfeice sinn faoi rath is faoi shíocháin ina dtír féin iad in ionad a bheith sna campaí inar caitheadh iad le dhá ghlúin anuas agus pobal an domhain ag déanamh neamhairde de scéal a ndíbeartha, dá ngéibheann is dá marú lá i ndiaidh lae.
gan sciar mhaith de bheith aisíoctha without paying back a large amount of the repayments
" Dálta áiteanna eile, thug na bancanna ó thuaidh méid sheafóideach airgid amach ar iasacht le go gceannódh daoine díomhaoine idir 2000 agus 2008 gan sciar mhaith de bheith aisíoctha, tá líon na morgáistí níos ísle inniu ná mar a bhí sé i 1994.
Maidir le costaisí an stáit a íoc in relation to paying the state’s costs
" ”* Maidir le costaisí an stáit a íoc dúirt Oifig an Ard-Aighne go raibh sé soiléir nach ndíolfaí iad ó tharla go raibh tuarastal an Uasail Uí Mhonacháin á n-íoc leis taobh amuigh don stát (bhí sé ag obair mar ailtire i nDoire) agus nach bhféadfaí an teach soghluaiste a ghabháil.
ag íoc as paying for it
" Chuile shaoránach ar fud an oileáin seo, tá baint acub le Teach Laighean, tá siad ag íoc as agus ba chóir go dtuigfidís cén obair atá ar siúl ann.
bainim níos mó sásamh as cuairt a thabhairt ar sheanfhothracha mainistreach I enjoy more so paying a visit to an old monastery building
" Anois, de bharr an chúrsa sheandálaíochta, bainim níos mó sásamh as cuairt a thabhairt ar sheanfhothracha mainistreach, ar iarsmalanna, nó ar shuíomhanna ar a bhfuil iarsmaí dár sinsir le feiceáil.
ag íoc paying
" Ag brath ar an sórt Yeti a cheannaíonn tú beidh tú ag íoc idir €200 agus €570 in aghaidh na bliana ar mhótarcháin.
ag tabhairt ómóis don paying homage to
" Tá tú ag tabhairt ómóis don stíl a bhí ann romhat agus is cleachtas é a tharlaíonn go minic san India agus i dtíortha eile.
gan íoc leo uaireanta as an obair not paying them at times for the work
" Fágann sin nach annamh a dhéanann fostóirí is fir eile na mná seo a éigniú, a chur ag obair ar feadh tréimshsí fada is gan íoc leo uaireanta as an obair a dhéanann siad.
gan aon aird a thabhairt ar without paying attention to
" Tá meáin chumarsáide ann a bhfuil claonadh iontub i dtreo toradh amháin seachas toradh eile agus má dhíríonn siad isteach ar an mionlach ar an taobh eile - gan aon aird a thabhairt ar na ceisteanna nach bhfuil freagraithe ag na polaiteoirí - tá éagóir níos measa ansin.
saghas, neamhaird de chúrsaí caighdeáin almost paying no attention to standards
" Táthar ag déanamh, saghas, neamhaird de chúrsaí caighdeáin.
dírithe paying attention
" Ba ar na scannáin amháin a bhí mé féin dírithe, áfach, agus le linn choicís na féile d’éirigh liom 32 as breis is céad saothar a fheiceáil.
ag ócáid chuimhneacháin in ómós do on the occasion of paying respect to
" Thosaigh an lucht féachana ag feadaíl go drochmheasúil ar an uachtarán, Jacob Zuma, ag ócáid chuimhneacháin in ómós do Mandela féin.
i dtreo na híocaíochta towards the paying
" B’fhéidir go bhfuil an ceart aige agus tá go leor daoine eile á rá, agus drogall orthu roimhe, gur céim eile í seo i dtreo na híocaíochta d’imreoirí idirchontae CLG.
aisíocaíochta na nótaí gealltanais paying back the promissory notes
" D’éirigh leo fosta aisíocaíochta na nótaí gealltanais a chur siar.
ar cuairt paying a visit
" Cad é an dóigh ar chas sí led’ athair?** NFarrell: Ba as Béal Feirste m’athair ar ndóigh agus bhí sé ar cuairt chuig Béal an Átha Móir i Liatroim blianta fada ó shin agus bhuail sé lem’ mháthair.
cuairt a thabhairt paying a visit
" Tá Ciara Nic Gabhann faoi dhraíocht na hailtireachta agus na staire i ndiaidh di cuairt a thabhairt ar an chathair shíoraí, an Róimh.
ach éisteacht le by paying attention to
" Tá ceachtanna i dtaobh an gheilleagair le foghlaim dar le John-Paul Mc Carthy ach éisteacht le Léachtaí Reith a thug Niall Ferguson le déanaí.
Tá neamhaird iomlán á tabhairt ag staraithe historians are paying no attention to
" Tá neamhaird iomlán á tabhairt ag staraithe ar fhoinsí i nGaeilge dar le Breandán Delap.