Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
faoi chúrsaí séarachais. about matters pertaining to sewerage.
" Bheadh sé contráilte a rá nach bhfuil suim ag pobal na Gaeltachta ach i scéalta faoi dhrochstaid na mbóithre nó faoi chúrsaí séarachais.
nár leagadh rialacháin os comhair Thithe an Oireachtais ina thaobh. regulations pertaining to it were not laid out in front of the Houses of the Oireachtas
" Is cosúil nár tugadh an stádas dlíthiúil don churaclam faoin Acht Oideachais (1998) mar gheall ar nár leagadh rialacháin os comhair Thithe an Oireachtais ina thaobh.
a bhaineann linn which pertains to us
" Na buntáistí atá ann dúinne ná go mbeidh muid in ann teacht ar gach rud (leictreonach) a bhaineann linn ó aon ríomhaire a bheidh ar an idirlíon.
de réir an dlí mar a bhaineann sé le dídeanaithe. according to the law as it pertains to refugees
" Locht mór eile atá ar an bpróiseas seo ná an sainmhíniú atá ar “theaghlach” de réir an dlí mar a bhaineann sé le dídeanaithe.
ná go mbaineann sí le haistriú ó thraidisiún amháin go traidisiún eile. that it pertains to the crossover between traditions
" Is é an fáth a ndeachaigh an ortha seo i bhfeidhm orm ná go mbaineann sí le haistriú ó thraidisiún amháin go traidisiún eile.
maidir leis an gcaidreamh tionsclaíoch pertaining to industrial relations
" Mar chomhtharlú, bhí polasaithe maidir leis an gcaidreamh tionsclaíoch ag croílár an fheachtais toghchánaíochta sa bhliain 1929, mar a bhí siad an iarraidh seo.
an dóigh ar bhain sé le mo cheantar dúchais féin, the way in which it pertained to my own native area
" Maidir leis an teideal Gaeilge, nuair a smaoinigh mé ar an gcúlra ceoil a bhí i mo theaghlach agus an dóigh ar bhain sé le mo cheantar dúchais féin, níorbh fhada gur roghnaigh mé an logainm áitiúil Cloch Fhuaráin, ar baile fearainn in aice le mo bhaile féin i gContae Ard Mhacha é, mar theideal Gaeilge ar an albam.
a bhaineann lena óige Chaitliceach. which pertains to his Catholic youth
" Tá *pop memorabilia* iontu fosta, mar aon le paidrín plaisteach atá lonrach sa dorchadas, ar iarsma é a bhaineann lena óige Chaitliceach.
a bhain leo féin. which pertained to themselves
" Níl a fhios agam an é seo an chéad uair i stair na tíre gur shocraigh rialtas vótaí a thabhairt do dhaltaí scoile ar cheist chonspóideach a bhain leo féin.
gur leosan a bhaineann an aicíd mharfach seo. that this fatal disease pertains to them
" Déantar an focal áirithe sin a ghiorrú cionn is nár mhaith leis an chliarlathas go n-aithneofaí go coitianta gur leosan a bhaineann an aicíd mharfach seo.
a bhain leis which pertained to
" Is tar éis na réabhlóide in 1789, nuair nach raibh fáilte a thuilleadh roimh rud ar bith a bhain leis an monarcacht ná leis an eaglais, gur tosaíodh ar an Marianne a úsáid chun luachanna an náisiúin - ‘liberté, égalité, fraternité’ - a léiriú.
agus a ngabhann leis and all that pertains to it
" Is sinne a ndéanfaimid Ní as an aer mar sin an ailtireacht agus a ngabhann leis, an mhargaíocht agus a ngabhann leis, ná na gnéithe daonna éagsúla eile agus gach a ngabhann leo.
bhaineann lena pertaining to his
" Sa leabhar L’Adversaire a scríobh Emmanuel Carrère agus atá bunaithe ar shaol Romand, feictear an príomhcharachtar ag imeacht as an teach chuile mhaidin chun dul ag obair, mar dhea, nó ag ligint air go mbeidh sé imithe ón mbaile ar feadh tréimhse cúpla lá toisc go gcaithfidh sé freastal ar chomhdháil éigin i dtír iasachta a bhaineann lena chuid oibre.
bhaineann le pertaining to
" Tuigeann na daoine a bhfuil cónaí orthu faoin tuath, ina mbíonn tinte iontu go rialta, an chontúirt a bhaineann le tine.
ag baint le pertaining to
" Ní shábháiltear mórán féir a thuilleadh mar go bhfuil an iomarca anró ag baint lena bhaint, lena shábháilt, lena stóráil.
Cúrsaí cluaise pertaining to hearing
" Cúrsaí cluaise! Is leor a rá go n-úsáidtear a theicnící go forleathan.
bhain leis pertained to him
" Nuair a théadh sé tríd an doras úd, chailleadh sé an cuibheas agus cibé smearadh den tsibhialtacht a bhain leis.
ag roinnt leis pertaining to him
" Uimhir a ceathair – Micheál Martin, fear atá ag treabhadh leis go héifeachtach san Eoraip, sa Mheán Oirthear, sna Stáit Aontaithe, fear gan oiread agus smid smál lucht rachmais ag roinnt leis - fear atá curtha faoi dheireadh amach chun cás an Rialtais a dhéanamh.
Baineann sé seo this pertains
" Baineann sé seo le gach gné den saol Mheiriceánach, ach tá sé níos feiceálaí ná riamh anois agus sinn ar maos san oiread sin fadhbanna, ceann ar dhroim a chéile.
ag baint leis pertaining to it
" Le hais na peile, tá éirim agus ealaín ag baint leis an sacar, mar atá leis an iomáint.
bhaineann pertains
" Is méanar liom gach a bhaineann leo: na postaeirí daite chuile áit, an cur is cúiteamh ar an raidió, an chanbhasáil, na breitheanna pobail, an vótáil féin agus ar ndóigh lá an chomhairimh.
ar an ábhar pertaining to it
" Ba sa *Sunday Independent* a bhí an t-alt ba mhaslaí ar an ábhar ó pheann Donal Lynch ar an 21 Meitheamh: “*Call a government department and try to get an answer in Gaeilge and hear the stutters of confusion.
fá dtaobh de pertaining to
" Mar sin caidé an ‘big deal’ fá dtaobh de leathanach eile a bheith ag feidhmiú agat nuair atá na boscaí sin ticeáilte cheana féin? Caithimse cuid mhór iarracht agus fuinneamh i ndaoine a sheachaint, agus nuair a deirtear liom go dtig leat a bheith ar gach eolas te bruite fá dtaobh de chuid gníomhaíochtaí agus gluaiseachtaí achan duine a bhfuil tú mór leis, cha dtig liom a shamhlú cúis ar bith le d’intinn a bheith truaillithe ag stuif mar seo nuair nach bhfuil mórán smachta agat ar do chuid gluaiseachtaí agus gníomhaíochtaí féin.
i dtaca le pertaining to
" Tá scéalta go leor eile sa bhéaloideas logánta i dtaca le Corn Melbourne.
bhain leo pertained to them
" Tréimhse chorrach i stair na hÉireann a bhí againn san idirlinn agus gan ghuth ceart clóite ag pobal na Gaeilge is na Gaeltachta le scagadh a dhéanamh ar cheisteanna a bhain leo go sonrach.
ag baint leis pertains
" Ach tá a mhaorgacht féin ag baint leis an gheimhreadh.
ag baint le pertaining to
" Leagann na Mandaean an-bhéim ar an saol teaghlaigh agus tá an méid sin tábhachta ag baint le pósadh is le tuismeadh nach gcleachtar aontumhacht.
saol a ghabh leis everything pertaining to it
ag baint pertaining
" ) Tá ceisteanna beaga míne le réiteach istigh sa teanga féin, ceart go leor, ach tá deacrachtaí i bhfad Éireann níos tromchúisí ag baint leis na cainteoirí a labhraíonn an Ghaeilg, nó a dhéanann iarracht í a labhairt, is cirte a rá (agus a scríobh dá réir)! Is í an áit a mba cheart díriú, ar na deacrachtaí sa duine féin agus sa dóigh a mhíláimhseálann an tÉireannach (ní hionann is an duine) an teanga Ghaeilge.
bainteach léi pertaining to it
" Tá Uluru, nó Carraig Ayers, ar cheann de na seoda aiceanta is cáiliúla san Astráil a mheallann turasóirí chucu, ach tá stair chontúirteach bainteach léi beagnach ón lá a chonaic an fear geal í de chéaduair.
Baineann pertains
" Baineann an saothar leis an ealaíontóir Jeremy Deller agus cuireann sé fírinne lom agus léirscrios cogaidh os ár gcomhair amach ar bhealach díreach simplí.
bainteach leis pertaining to
" Baineann saothar Deller le téamaí éagsúla agus bíonn go leor acu bainteach leis an drámaíocht shóisialta.
bhaineann go dlúth pertains particularly
" » Scéal bleachtaireachta é Sceon na Mara a bhaineann go dlúth leis an bhfarraige ar an gcósta thoir, agus a thugann léargas ar stráice comhaimseartha de shaol na hÉireann.
bhaineann pertain
" Bíonn imeachtaí go leor a bhaineann le seoladh na féile.
ag baint le pertaining to
" De réir na teoirice polaitiúla, tá tairbhe ar leith ag baint le córas an dá sheomra: go bhfuil an córas seo níos cobhsaí, gur fearr é chun leas dreamanna mionlaigh a chosaint agus go mbíonn an reachtaíocht níos feidhmiúla.
bheith ag baint leis pertain to it
" Bheifeá ag súil go ndéanfadh an Rialtas ionadaíocht mhaith ar son an phobail, go ndéanfaidís an conradh is fearr maidir le hacmhainní na tíre agus nach dtiocfaidís ar aon réiteach a mbainfeadh, nó go bhféadfadh baol sláinte a bheith ag baint leis.
ag baint lena pertaining to his
" Bhí móthúcháin agus leochailleacht ag baint lena shaothar chomh maith le bua péintéireachta a d’fhorbair sé ar feadh breis is trí scór blianta.
bhaineann sé le it pertains to
" Tá sé feidhmiúil a fhad is a bhaineann sé le comhsheasmhacht a bheith ann i measc réiteoirí ó thaobh cur chun cinn na rialacha, ach níl béim ar chumas nádúrtha réiteoireachta a mheas.
bhaineann le meáchan pertaining to weight
" Feictear dom go bhfuil sé fíoríorónta gur roghnaíodh an meafar seo de bharr gur foilsíodh roinnt tuarascálacha le blianta beaga anuas a léiríonn go bhfuil an Astráil chun tosaigh ar beagnach gach tír eile i ngné áirithe amháin a bhaineann le meáchan, ach ní hábhar bróid ná ceiliúrtha é.
ag baint le pertaining to
" Agus Balor an Bligeard ag titim thart le teann gáire agus é ag tabhairt Agallamh Bertie ar an chomhrá seo, mhaígh sé go raibh tábhacht ar leith ag baint le cuid freagraí Bhertie: “Cé nach bhfuil tuairisceoir ar bith eile sa tír ag iarraidh agallamh a chur ar fhear Dhroim Conrach, is mór is fiú a chuid tuairimí a fháil faoi staid an náisiúin, anois go bhfuil an t-olltoghchán thart agus muintir Fhianna Fáil imithe isteach i ndorchacht agus in uaigneas na hoíche polaitiúla.
An dála céanna the same pertains
" An dála céanna geall leis i gcás teannán na hioscaide agus maidhm sa teannán cúlmhurnáin, nó teannán Aichill.
ag baint lena mhodh pertaining to his style
" Bíonn tionchar ar an aigne ag baint lena mhodh péintéireacta saonta agus cuireann sé in iúl go láidir na mothúcháin agus an gaol atá aige lena cheantar dúchais tríd na dathanna láidre a úsáideann sé chomh maith leis an lámh oilte láidir atá aige ar an scuab.
ag baint le pertaining to
" Bhí gnéasúlacht éigin ag baint le bheith ag tuairisciú ar an uafás is déanaí i súile aicmí áirithe ach anois, le theacht na síochána, ní bheadh le déanamh acu ach a bheith ag scagadh mionchúrsaí suaracha Stormont i bhfad ó bholadh an cordite.
ag baint leofa pertaining to them
" Cheap mise go raibh chuile dhuine tógtha mar seo, ar bhealach, is go raibh tú i measc filí agus scoláirí dá leithéid agus bhí uathúlacht faoi leith ag baint leofa chomh maith.
ag baint leis pertaining to
" Ar an drochuair, léiríonn eachtraí na míosa seo caite sa Bhrasaíl agus san Ísiltír go bhfuil fírinne éigin ag baint leis an dearcadh sin.
bhaineann le pertaining to
" Ní fhéadfainnse dul go dtí an mhórsceir ar bord loinge mar bíonn tinneas farraige chomh dona orm go n-éirím tinn ar an mbád ó Ros a’ Mhíl go hÁrainn! Buntáiste eile a bhaineann le muireitleán a thógáil ná go mbíonn an turas an-sciobtha don té a mbíonn ganntanas ama air.
Baineann dearfacht positivity pertains
" Baineann dearfacht agus sonas le haos óg na hÉireann fós, áfach.
ag roinnt léi pertaining to her
" Ná níl oiread agus ribe den maoithineachas ag roinnt léi.
bhain sé le aicme it pertained to a class of people
" Agus gur bhain sé le aicme b’fhéidir ná raibh an oiread sin béime leagtha uirthi mar aicme agus bhí baint agam leis an gCumann Gaelach cuid mór freisin agus bhí daoine a bhí tagtha as na Gaeltachtaí agus bhí an-luí agam leo.
rúinne den chodarsna ag baint lena dhearcadh a touch of ambiguity pertaining to thier view
" Ach tá rúinne den chodarsna ag baint lena dhearcadh ar an AE: muid ag brath air lenár bhfuascailt ón ngéirchéim geilleagair agus sinn á dhamnú ag an am céanna.
dar bhaineas le which pertains to
" I leabhar Daniel Corkery dar bhaineas le meadaracht shaol Chathair Chorcaí darbh aimn Log an Chiúinis, déanann duine amháin ann mearbhall fén óráidíocht phoiblí.
maorlathais a bhaineann leis bureucracy pertaining to it
" Aithníodh ag an am gur deis a bhí ann lena chinntiú go mbeadh an tAcht ag freastal go sásúil ar riachtanais phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta; go ndéanfaí soiléiriú ar chearta agus ar dhualgais teanga; agus go n-aimseofaí dóigh leis an ualach riaracháin agus maorlathais a bhaineann leis a ghearradh siar.
i dtaca leis pertaining to
" Ní raibh an rialtas náisiúnta in ann aon reachtaíocht a rith i dtaca leis an mhuintir dhúchais de réir an dara hailt.
rúndiamhracha iad ná baineann beag ná mór leis an léitheoir they’re mysteries which don’t pertain in any way to the reader
" B’é rúndiamhracht na staire agus na filíochta príomhcheist Cleanth Brooks ina leabhar tábhachtach, The Well Wrought Urn (1947), leabhar a mhaígh ‘poems are structures in their own right’, structúirí neamhspleácha, rúndiamhracha iad ná baineann beag ná mór leis an léitheoir fiú.
Bhain pertained
" Bhain na leasuithe sin leis an bpeil agus leis an iománaíocht araon agus ba leasuithe chun feabhais iad.
fírinne áirithe ag baint leis a certain amount of truth pertains
"fírinne áirithe ag baint leis mar sin, sa chaoi go léiríonn sé an drochmheas a bhí ag údaráis náisiúnta na Fraince ar theangacha réigiúnda – agus an chaoi a chuaigh sé sin i bhfeidhm ar fhéiníomhá na gcainteoirí.
ag baint leis pertaining to it
" Mar a dúirt an tOllamh Seán Ó Tuama cúpla bliain ó shin agus cosaint á thabhairt aige d’oidhreacht liteartha Daniel Corkery, “is áiteamh é a chloistear coitianta go maith ag antraipeolaithe lenár linn féin; go mbíonn bunchóras luachanna le haithint i ngach cultúr fé leith, córas a mbíonn cruth faoi leith agus buaine áirithe ag baint leis, agus mar ghnathnós, go mbíonn rian láidir den chóras sin le haithint ar shaothar agus ar iompar gach duine a bhaineann leis an gcultúr sin.
bhaineann le beathú na muc pertaining to feeding pigs
" In ainneoin dhaingniú na rialacha a bhaineann le beathú na muc le blianta beaga anuas (ag eascairt as treoracha an Aontais Eorpaigh), is nós le go leor Spáinneach lasmuigh de mhórcheantair uirbeacha na tíre banbh nó dhó a ramhrú i gcónaí.
buntáistí agus míbhuntáistí ag baint le advantages and disadvantages pertaining to
" Domhnach Broc ====== **SMM: Mura ndéanfar an nascadh sin idir an dá sheirbhís, arbh fhearr libh a bheith scartha le Domhnach Broc, nó tá buntáistí agus míbhuntáistí ag baint le Domhnach Broc?** ENíCh: Tá caidreamh agus teagmháil eadar Casla, Baile na nGall, Doirí Beaga agus Domhnach Broc i bhfad níos dlúithe anois ná mar a bhí.
a bhaineas le which pertains to
" Ina chnuasach *The Stormy Hill* (1929), scríobh Daniel Corkery gearrscéal a bhaineas le sagart bródúil a dhéanann iarracht seanadhílseacht na ndaoine a mhealladh.
finscéalta ag baint leo araon myths pertaining to them both
" Is iad a dtíortha ionchollaithe an bheirt acu, cothaíonn siad dílseacht as an ghnáth agus tá finscéalta ag baint leo araon.
bhaineann leis an bhronntóir pertaining to the donor
" I gcás aon síntiús os cionn €200, caithfear gach sonrú – ballraíocht, cuntais, agus tuarascálacha bliantúla – a bhaineann leis an bhronntóir a chur chuig an Choimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí.
lochtanna a bhaineann leis faults pertaining to
" Níor chualamar faic faoi na lochtanna a bhaineann leis an Dáil féin.
ag roinnt leo pertaining to them
" Ní lia duine ná tuairim ó thaobh féidearthachtaí na meán sóisialta de, ach an eol dúinn na míbhuntáistí atá ag roinnt leo ina dhiaidh sin? De réir taighde nua atá déanta ag Ionad frithmhaistíneachta Choláiste na Tríonóide, theagmhaigh lámh fhuarchroíoch na cibearbhulaíochta le duine as gach ceathrar cailíní agus le buachaill as gach seisear.
bhaineas leis na beacha pertaining to bees
" B’fhearr dúinn, dar le Ferguson, ceacht Bernard Mandeville a fhoghlaim ón ndán fáthchiallach aige siúd a bhaineas leis na beacha, The Fable of the Bees, dán a rinne cur síos ar dhul chun cinn sochaí a bhí lán le daoine laga cantalacha.
doiléire ag baint a lack of clarity pertaining
" Thug Oifig an Ombudsman freagra ar na moltaí seo (9 Meitheamh, 2009) ach bhraith siad go raibh doiléire ag baint le cuid de na nithe a bhí le fágáil ar lár ón dréachtscéim.
a bhain le which pertained to
" Ní raibh fiú réad amháin ann, áfach, a bhain le labhairt na Gaeilge i measc na ndaoránach agus na gcoilíneach Éireannach a chuir fúthu de bhonn tola i mblianta luatha na coilíneachta.
Baineann saothar (Noone’s) work pertains (to)
" Baineann saothar Noone lena stát féin, Victoria, an ceantar is deireanaí inar chuir na coilínigh Eorpacha fúthu in oirthear na hAstráile.
bhfuil baint aige le it pertains to
" Tá méadú suntasach le feiceáil sa fhrith-Chaitliceachas le bliain anuas agus measaim go bhfuil baint aige le cothrom céad bliain síniú Chúnaint Uladh a bheas a cheiliúradh an mhí seo (Meán Fómhair).
Bhain cruóg leis an obair sin an urgency pertained to that work
gcontúirt a bhainfeadh le the danger which would pertain to
" Ba é Alfred Deakin, an tArd-Aighne, a bhí freagrach as dréachtú an bhille agus labhair seisean faoin gcontúirt a bhainfeadh le hinimirce ón Áise.
nach síleann go bhfuil draíocht ar leith ag baint le who do not think that there’s a special magic pertains to
" Cosaint ar Leith do Dhream ar Leith ============== Is beag duine sa lá atá inniu ann nach síleann go bhfuil draíocht ar leith ag baint le páistí, agus gur daoine speisialta iad ar chóir dúinn iad a chosaint agus a chothú, go bhfuil an grá agus an gean de dhíth orthu, agus gur dual dúinn ár ndícheall a dhéanamh dóibh.
ach an tábhacht a bhain lena leithéid but the importance which pertained to such
" Is iad cairteanna agus catalóganna ón Éigipt is ón mBabalóin ón gcúigiú haois déag RC an fhianaise is sine ar marthain, rud a léiríonn ní hamháin an spéis ach an tábhacht a bhain lena leithéid i saol na ndaoine ársa seo.
a bhaineann le cothabháil which pertain to the upkeep
" Tá idir cáineadh agus moladh déanta ar an chinneadh a ghlac Comhairle na Veinéise ar na mallaibh séadchomharthaí suntais a ligint amach ar cíos d’fhógróirí ar mhaithe le hairgead a dhéanamh le dul i ngleic leis na costaisí ollmhóra a bhaineann le cothabháil na séadchomharthaí céanna.
a bhaineann le slándáil which pertains to security
" Aithnítear an tábhacht a bhaineann le slándáil séadchomharthaí agus suíomhanna stairiúla, cosúil le Droichead an Rialto, ach nuair atá cistí poiblí faoi ionsaí, caithfidh an maoiniú teacht ó fhoinse éigin eile.
nár bhain le which didn’t pertain
" Blianta fada ó shin, bhain cuid den phléisiúr le rudaí beaga neafaiseacha nár bhain le cúrsaí Oireachtais ar chor ar bith: an seomra en suite; na buidéil bheaga foltfholctha le tabhairt abhaile don dream óg; agus an buidéal mór *Jameson 12 Year Old* a bhronntaí ag an am maille leis an seic ar £25 mar chéad duais i gcomórtas na Lúibíní.
a bhaineann go dlúth leis an 21ú céad which pertains explicitly with the 21st cent.
" Tá físeán déanta ag Julie atá ar *youtube* faoin turas pearsanta seo a théann siar sé ghlúin dá mhuintir ach ní *The Fields of Athenry* atá i gceist le *Clocks* ach ceol agus amhráin a bhaineann go dlúth leis an 21ú céad.
mothú ar leith ag baint le do bhaile féin a particular feeling pertaining to your own home
" Lig mé do chodanna den amhrán a bhí cumtha agam eitilt thart ar an teach inar tógadh mé, mar bíonn atmasféar nó mothú ar leith ag baint le do bhaile féin.
bhain cúinsí ar leith leis special conditions pertained to
" Ach bhain cúinsí ar leith leis an stoirm seo.
deacracht faoi leith ag baint le a particular difficulty pertaining to
" ========== Ós rud é go mbeadh deacracht faoi leith ag baint le srian a chur leis an gceart gluaiseachta ar fud an Aontais Eorpaigh atá ag daoine ó na ballstáit éagsúla, caithfidh an Bhreatain díriú ar inimircigh ó thíortha lasmuigh den Aontas Eorpach chun ráta na hinimirce a laghdú.
fabhtanna a bhain leis faults which pertained to
" Leabhar is ea *The Revival of Irish: Failed Project of a Political Elite* le Donal Flynn (*Original Writing*) a léiríonn na fadhbanna agus go deimhin na fabhtanna a bhain leis an chóras éigeantach ó bhunú an stáit a leith.
bhaineann le cruthú an domhain pertaining to the world’s creation
" An Dinnseanchas Beo ======== Tugtar Ré na hAislinge, nó an Dreamtime, ar dhéscéalaíocht mhuintir dhúchais na hAstráile a bhaineann le cruthú an domhain.
ag baint le beagnach gach post pertaining to almost every job
" Agus cá bith seasmhacht fostaíochta a bhí ann blianta ó shin, tá neamhchinnteacht ghoilliúnach ag baint le beagnach gach post na laethanta seo.
deacrachtaí a bhaineas leis difficulities pertaining to
" Tadhall le Naimhde ======= Mhínigh O Brien ina leabhar tar éis dó éirí as oifig mar thaidhleoir Éireannach agus idirnáisiúnta fiú na deacrachtaí a bhaineas leis an ndébhríochas taidhleoireachta: *“the successful wielder of ambiguity has a certain high imperiousness in his attitude to facts and inclines to a magician-like confidence in the overmastering power of language.
faoi chuile ní a bhainfeas le about everything pertaining to
" Ba cheart an comhoibriú sin a bheith idir graithí turasóireachta agus muintir na n-oileán agus socrú a bheith déanta le muintir na n-oileán iad féin faoi chuile ní a bhainfeas le dhul isteach agus amach ar na hoileáin.
Bhain cinnteacht le a certainty pertained to
" Bhain cinnteacht le Cogadh an Fhuachta.
fhoréigean a bhain le violence which pertained to
" Guthaíocht faoin Teorainn Leis an fhoréigean a bhain le laghdú líon na laethanta a mbeadh brat na Breataine ar foluain os cionn Halla na Cathrach i mBéal Feirste, tuigeann muid cén fáth.
nár bhain bille cearta na tíre le the national rights bill didn’t pertain to
" In 1856, mar shampla, rialaigh Cúirt Uachtarach na Stát Aontaithe nár bhain bille cearta na tíre le daoine Gormaigh, agus d'fhan an rialú sin slán go dtí 1868.
gné aisteach is ea grá a bhaineann níos minice love is a strange thing which pertains more often
" Sa lá atá inniu ann, gné aisteach is ea grá a bhaineann níos minice le réimsí na tuisceana is geilleagair seachas le réimsí na braistinte agus an mhothúcháin, faraor.
raibh an t-olc ag baint le cuid mhór that evil pertained to a lot
" Má bhí sé de rún aige athmhuintearas a chothú idir an dá phobal, b’olc an tús a chuir sé leis an obair nuair a thug sé aitheasc sa bhliain 2006 ina ndearna sé athfhriotal ar shliocht a chuir i leith Muhammad go raibh an t-olc ag baint le cuid mhór dá ndearna sé.
cáipéis a bhain le a document which pertained to
" Ach nuair a cuireadh ceisteanna faoin ábhar chuig an Roinn Sláinte, admhaíodh gurb as an tír seo a tháinig an moladh chun an fhoclaíocht a athrú agus gur chuir siad cáipéis a bhain le leasú na treorach faoi bhráid mheitheal de chuid an Aontais Eorpaigh ar an 28 Feabhra 2012.
Baineann sé seo le this pertains to
" Baineann sé seo le daoine atá ag lorg tearmainn sa tír seo agus tá roinnt seanadóirí againn atá ag brú na ceiste seo chun cinn ins an Seanad.
a ndeachaigh an fhianaise a bhain leis evidence pertaining to him went
" Fiosrú faoi Dhomhnall Ó Lubhlaí =============== **SMM: Cén tuairim a fuair tú i measc mhuintir Shinn Féin ar cheist Dhomhnaill Uí Lubhlaí a bheith ag taobhú is ag faire ar Ghluaiseacht na Poblachta agus maítear gurbh shin é an fáth a ndeachaigh an fhianaise a bhain leis ar throigh gan tuairisc?** TÓC: Tá mé ag fiosrú an scéil sin.
a bhain le tréimhse neamhghnách which pertained to a peculiar period
" Tháinig réad chun solais roinnt blianta ó shin, ámh, a bhain le tréimhse neamhghnách sa chaidreamh nuair a bhí eascairdeas le sonrú idir an dá thír.
nach raibh baint aige le féiniúlacht which didn’t pertain to identity
" Ach don chéad uair riamh gan aon áibhéil - chuala mé aontachtach ó cheann de na páirtithe móra ag caint go mothúchánach ar cheist nach raibh baint aige le féiniúlacht nó le seasamh na fóide ar son an aontais.
baineann sé leis an dá dhearcadh it pertains to the two opinions
" Teanga na Saoirse agus Teanga na Daoirse ================ An dara cosúlacht, baineann sé leis an dá dhearcadh i leith an dá theanga.
níl aon chóipceart ag baint le hoideas there’s no copyright pertaining to a recipe
" ceol: níl aon chóipceart ag baint le hoideas.
easpa daonlathais ag baint leis an mbealach a lack of democracy pertains to how
" Cinnte, tá easpa daonlathais ag baint leis an mbealach a thoghtar an Seanad.
a bhaineann le fiacha príobháideacha which pertain to private debt
" B’é an Breitheamh Hogan an breitheamh a d’éist leis na cásanna cúirte ba chasta le cúpla bliain anuas, cásanna cosúil le sáinn uafásach Mrs Fleming a bhí cromtha fén MS, agus na cásanna ilghnéitheacha a bhaineann le fiacha príobháideacha agus na bancanna.
teorainn chinnte ag baint le a definite limit pertaining to
" Mhínigh sé i Temple Street v D and Anor (2011) go raibh teorainn chinnte ag baint le cearta grúpaí creideamhach a gcuid prionsabail a chur i gcrích, ach ní fhéadfadh sé an cheist seo a scagadh gan ceiliúradh a dhéanamh ar charthanacht fhairsing an Bhunreachta: “*Article 44.