Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
gclár píolótach pilot programme
" Tá formhór na mbialann sa chathair páirteach i gclár píolótach chun biachlár dátheangach a úsáid.
scéim phíolótach pilot scheme
" Ach níl stádas ag an Tionscnamh Iompair Tuaithe go náisiúnta ach mar "scéim phíolótach", agus níl aon chinnteacht ann go leanfar leis nó go gcuirfear an maoiniú ar fáil chun an tionscnamh a leathnú go ceantair chúlráideacha eile ina mbíonn daoine scoite amach ón saol.
ar bhonn píolótach on a pilot basis
" Thug mé cuairt le gairid ar an naíonra Gaeilge atá i mBéal an Átha Mhóir, áit a bhfuil clár nua gníomhaíochtaí do pháistí réamhscoile á chur i bhfeidhm ar bhonn píolótach.
trialacha píolótacha pilot trials
" Cuireadh tús leis an gclár i dtús na bliana seo nuair a tugadh cuireadh do na naíonraí sa gcontae páirt a ghlacadh sna trialacha píolótacha.
scéim phíolótach pilot scheme
" Cathain a bunaíodh PCT agus cé a bhunaigh é? Bunaíodh Pléaráca Teoranta, an Scéim Ealaíon Phobail, i 1993 mar scéim phíolótach trí bliana faoi chlár de chuid na Gníomhaireachta do Chomhrac na Bochtaineachta le maoiniú ón gClár Europach *Horizon*.
scéim phíolótach pilot scheme
" Bunaithe ar thorthaí an phróisis seo, chuireamar tús le scéim phíolótach inar thug Paddy agus Nóirín cuairteanna ar scoileanna chun amhráin thraidisiúnta a mhúineadh do na páistí.
togra treorach a pilot scheme
" D’fhógair Príomh-Aire na hAstráile, Kevin Rudd, i mí Lúnasa anuraidh go gcuirfear tús le togra treorach, ar a dtugtar an Pacific Islands Guest Worker Scheme (PIGWS).