Pota Focal Intergaelic
peann | binn | cinn | dinn | finn | ginn
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
aos pinn agus aos scuaibe writers and painters
" Saothar iontach comhoibrithe idir aos pinn agus aos scuaibe an dá thír is ea *An Leabhar Mòr*, agus tosaíonn na samplaí liteartha atá le léamh ann chomh fada siar le hAmhra Cholm Cille, a cumadh go gairid i ndiaidh aimsir Cholm Cille féin - foinse inspioráide na hIomairte - agus críochnaíonn siad le scríbhneoirí mar Shomhairle Mac Gill Eain agus Rita Duffy, Nuala Ní Dhomhnaill agus Craig MacKay - cuid d'aos ealaíne ár linne féin.
Gura fada buan é i mbun pinn. Long may he be writing
i mbun pinn engaged in writing
" (Nóta ón eagarthóir chuig ár gcuid léitheoirí ionúine ar dlíodóirí iad: is é an t-ainmfhocal *'ócáidí'*, agus ní ainm álainn *'Ódí' *Chumhra Chliste, atá faoi cháilíocht na haidiachta gránna gallda sin thuas, bíodh a fhios agaibh!) Bígí ólta as bhur gcloigeann agus sibh i mbun pinn.
ar ais i mbun pinn arís. back writing again
" ”Maitheadh dom mo pheacaí, agus mar sin, seo an bhliain úr chugam – biseach orm agus mé ar ais i mbun pinn arís.
aos pinn na Gaeilge Irish language writers
" Ní hé nach mbaineann aos pinn na Gaeilge úsáid as an seanchas agus ní hé nach léann daoine cnuasach seanchais nó scéalta traidisiúnta ó am go ham.
i mbun pinn to start writing
" Is cuid de fhealsúnacht Roddy Doyle féin, an gnáthdhuine a spreagadh i mbun pinn agus sin é an fáth gur bhunaigh sé *‘Fighting Words’* ionad scríbhneoireachta cruthaitheach i mBaile Átha Cliath i 2009, áit a mbíonn an teagasc saor in aisce do chách.
i mbun pinn to write
" Bhain na himeachtaí áit amach ar chéad leathanach *The New York Times*, spreag siad James Joyce i mbun pinn agus b'iad ba chúis go cliathánach le titim rialtas na Breataine.
déantóirí pinn penmakers
" Tá tagairtí sa leabhar seo do ghairmeacha beatha a raibh an fhánaíocht ag baint leo go minic agus atá dearmadta le fada – lucht déanta sreangáin agus díoltóirí tae agus tobac, coirpigh agus striapacha, oibrthe lása, gréasaithe, súdairí, déantóirí folt bréagach, agus déantóirí pinn.
pinn luaidhe pencils
" Le linn na drochaimsire féin agus muid coinnithe istigh faoi dhíon, bhí neart cluichí a bhféadfaí a imirt – caitheamh saigheada nó fáinní; táiplis, nathracha nimhe agus dréimirí; cártaí agus ‘lúdó’, agus bhíodh páipéar, criáin, marla, péint uisce agus pinn luaidhe againn chun an t-am a mheilt go dtiocfadh an ghrian amach arís.
go háirithe na tearmainn pinn particularly the writing refuges
" Anseo a luíonn tábhacht na n-aonad scríbhneoireachta agus go háirithe na tearmainn pinn don lucht acadúil.