Pota Focal Intergaelic
hiss | kiss | miss | pass | pis
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag spóchadh as a chéile ragging each other, taking the piss
" Agus ba mar sin a bhí an saol i gcónaí idir Fiachra agus Féilim agus iad ag spóchadh as a chéile agus gach re duine acu ag tabhairt comhairle nach raibh an fear eile ag iarraidh a chluinstin.
mún camaill camel piss
" D'ólfainn mún camaill tur te anois dá gcuirfí os mo chomhair é agus bheadh blas air.
dubh san aghaidh pissed-off, fed-up
" " Bhí sí dubh san aghaidh ag an fhalsacht seo agus bhí sí ar tí an cheist a thógáil le Stiofán nuair is seo isteach an doras é.
ag mún pissing
" I láthair na huaire, tá dhá eite an pháirtí ag mún (go meafarach) ar a chéile agus an fhírinne lom ag achan dream acu, dar leo féin.
ag déanamh do mhúin le gaoth pissing against the wind
" Gan an teagmháil sin, tá tú ag déanamh do mhúin le gaoth! Samhlaigh chomh deacair is atá sé sin a dhéanamh mar bhean! AÓF: Mar sin, tá an leabhar saolaithe.
mún beag a small piss
" Síos an halla, isteach sa chistin, an leithreas cúil, mún beag, ar ais sa chistin, an halla arís agus isteach sa seomra suí—an teilifís ar siúl, gan fuaim, ach ní raibh ann ach scéal nuachta éigin, tubaiste, cogadh, dúnmharú.
Ar nós gadhair a dhéanann a mhún ar chrann, like a dog which pisses against a tree,
" Ar nós gadhair a dhéanann a mhún ar chrann, chun cur in iúl don saol mór gur leisean an fearann sin.
ag déanamh múin ar pissing on
" B’fhuath leis an ealaíontóir múrmhaisithe Bascach, José Maria Ucelay, an saothar seo agus dúirt sé amach go neamhbhalbh go raibh sé ar “cheann de na píosaí ealaíne is boichte a ndearnadh riamh” agus nach raibh ann ach “pornagrafaíocht ag déanamh múin ar Gernika” agus sa spiorad céanna dhiúltaigh Uachtarán Thír na mBascach do thairiscint Picasso an pictiúr a ghlacadh ar son na mBascach.
spréachta pissed off
" Is é a deir sé anois ná go ndeachaigh sé suas agus é ina bhall de bhanna amháin, agus gur tháinig sé anuas agus é ina bhall de bhanna eile! An amhlaidh go raibh Kíla cineál spréachta leis de bhrí gur fhág sé an banna go tobann ? “Is dócha go raibh ar feadh tamaill.
mhúin taught, pissed
" ” Cén múinteoir a mhúin ar na huibheacha? Bhíodh dúil mhór ag Balor sa chaitheamh uair dá raibh, sular tháinig na dlíthe úra isteach agus an tobhach ar an tobac agus ar gach rud eile a chaitear.
Breast piss off
" “Tá an Nollaig fuadaithe ag Cóca Cóla agus ag an phutrachán plobartha sin a thionscain siad,” a mhaíonn sé, “agus ní Brains Cowen atá i gceist agam!” Breast Rúdolf! Dar le Balor Bearránach go mb’fhearr go mór é féin mar Dhaidí na Nollag ná feolamán díolta Cóca Cóla.
ag spochadh as taking the piss
" Feictear fógraí bréagacha sna meáin nó ar an idirlíon ó am go chéile ag spochadh as fíorshaol na fógraíochta, ach cuma shnasta proifisiúnta orthu.
ag tarraingt na tóna as taking the piss entirely
" Ní raibh muid ag iarraidh a bheith ag tarraingt na tóna as.