Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
pléascadh ifreanda hellish explosion
"pléascadh ifreanda, le bladhairí agus srapnal, ag stróiceadh fríd an aer ag dó agus ag scrios a raibh i láthair ag Rásaí na Gaillimhe.
ag pléascadh exploding
" Mí álainn na Bealtaine a bhí ann agus bhí na héin ag canadh, na bachlóga ag pléascadh ar na crainn, na barraí ag teacht aníos go tréan agus méileach na gcaorach agus a gcuid uan go binn ar na sléibhte.
pléascadh explosion
" Bhí pléascadh i mbothanna earcaíochta míleata i Manhattan agus sna Bronx agus gortaíodh beirt.
tar éis do na buamaí pléascadh after the bombs had exploded
" Bhí a bhformhór dóite go dona de bharr na tine a bhí sa Sari tar éis do na buamaí pléascadh.
ag pléascadh exploding
" Agus an t-eagrán seo de *Beo! *á ullmhú, tá na mílte diúracán ag pléascadh fud fad na hIaráice, iad á scaoileadh ag airm na Stát Aontaithe agus na Breataine.
ar tí pléascadh about to explode
" Ina dhiaidh sin ar fad, tagann *el castillo*, atá ar nós crainn a bhfuil tine ealaíne ar achan chraobh de agus atá ar tí pléascadh.
nuair a bhíodh buamaí ag pléascadh when bombs used to explode
" Bhíodh *frisson *ann nuair a bhíodh buamaí ag pléascadh; bhí muid ag déanamh gáire fán iliomad tabúnna a bhíodh greanta i sochaí an Tuaiscirt, ach le himeacht bhunús an fhoréigin, níl fágtha ach cultacha liatha na polaitíochta.
ar tí pléascadh amach ag caoineadh about to burst out crying
" Maidir liom féin, ní raibh a fhios agam an raibh mé ar tí pléascadh amach ag caoineadh, nó mo bhricfeasta a chur amach le teann déistine de bharr na sonraí uafásacha a bhí á gcloisteáil agam.
ag pléascadh na háite blowing up the place
" Is macasamhail mhuintir Kennedy iad, amuigh ansin ag tarraingt raic an diabhail, ag pléascadh na háite, ag dó na hambasáide go talamh agus a leithéidí sin.
buama ag pléascadh a bomb exploding
" Agus, mar sin, tar éis don láithreoir an ráiteas sin a dhéanamh mar gheall ar bhaint na nÉireannach leis an fhoiréigean, an chéad radharc eile a bhí le feiceáil ná buama ag pléascadh i dteach tábhairne sa Bhreatain.
pléascadh ollmhór massive explosion
" “Mhúscail an pléascadh ollmhór gach duine sna Cealla Beaga agus chonaic muid an tine thuas ar bharr Chró na Rad,” a d’inis sé dom.
ag pléascadh exploding
" “Looking After Number One” – an tús ag pléascadh le drumaí Crowe agus Geldof ag screadaíl, “If I want something, I get it, And then I’m going to ask for more”.
pléascadh ollmhór massive explosion
" I rith na seachtaine céanna ar diúltaíodh do phlean Bloomberg maidir le táillí plódaithe, tharla pléascadh ollmhór ar Shráid 42, atá i gcroílár Manhattan in aice le Grand Central Station, nuair a bhris galphíopa faoin tsráid.
tharla an pléascadh. the explosion occurred.
a fhad is a bhí na Meiriceánaigh i mbun pléascadh rudaí, while the Americans were exploding things
" Go deimhin, is gá béim a chur ar an bpointe seo: a fhad is a bhí na Meiriceánaigh i mbun pléascadh rudaí, bhí muintir na Seapáine ag cur satailít nua sa spás a chuirfidh seirbhís iontach tapa idirlín ar fáil do mhuintir na hÁise, mar aon le teilifís ardghléine ar bhonn trialach freisin.
nuair a pléascadh an doras isteach. when the door burst in
" Bhí na Sínigh ar phionta uimhir a deich agus bhí an Cór ar véarsa seasca is a trí d’amhrán tríocha is a ceathair nuair a pléascadh an doras isteach.
pléascadh an explosion
" Tharla pléascadh ar an mbád an lá dár gcionn inar maraíodh cúigear agus inar gortaíodh beagnach gach duine eile ar bord, cuid mhór acu dóite go dona.
pléascadh bolgáin bubble burst
" Tháinig borradh mór faoi na meáin shóisialta toisc pléascadh bolgáin dot com ag deireadh na nóchaidí.
pléascadh explode
" Tá glúin amuigh ansin ar tí pléascadh, nach bhfuil oiread agus nóisean an tairbh acu cad is údar don fhuinneamh scriostach seo laistigh díobh.
pléascadh explode
" Cá rachadh vótoirí náisiúnaíocha nó poblachtacha a bheadh ag iarraidh agóid a dhéanamh in éadan Shinn Féin? DUP agus TUV Cúpla bliain ó shin agus bheadh an DUP ar tí pléascadh ar chluinstin thráchtaireacht Brendan Hughes ar na blianta b’fhuiltí de na Trioblóidí dóibh, ach ní mar sin atá anois.
pléascadh le chéile bashing it out
" Ach bhíos ana-shásta dosna lads agus is breá liom an grianghraf - Kíla agus stair 'Rock n Roll' ag pléascadh le chéile.
pléascadh blast
" Tharla an pléascadh i 2007 ar Shráid Al-Mutanabbi, áit a bhí lán le daoine agus stallaí leabhar agus bhí an buama chomh láidir sin gur mharaigh sé 38 duine.
ag pléascadh exploding
" Mar a dúirt cara liom i Wisconsin "An gcloiseann tú sin? Sin torann na mílte inchinní beaga ag pléascadh timpeall na tíre!" B'fhéidir go raibh sé seo réamhbheartaithe ag an uachtarán an t-am ar fad.
ar tí pléascadh about to explode
" An spéir mar a bheadh clúdach corcáin a bhí ar tí pléascadh le racht cúir agus sneachta.
pléascadh an chéad bhuama the first bomb exploded
" Dar liomsa, ón uair a pléascadh an chéad bhuama a mharaigh seisear ar shráideanna Bhéal Feirste ar 20 Márta, 1972, ní raibh aon bhunús mórálta le modhanna cogaíochta na bProvos agus is ceart go mbeadh sé ina údar náire d’aon duine a bhí bainteach leis.
bhí mo bholg bocht ar tí pléascadh my belly was about to burst
" Uair an chloig den obair sin agus bhí mo bholg bocht ar tí pléascadh.
pléascadh gáire a burst of laughter
" (pléascadh gáire) Ar an darna nó an tríú hiarracht, bhain mé an duais sa chomórtas cháilithe.
bhí an saol thart orthu réidh le pléascadh the city was about to erupt all around them
" Ní raibh meas ar bith acu ar an lucht oibre ach ba chuma cén t-oideachas a bhí ar fáil d'aos óg Dhoire, bhí an saol thart orthu réidh le pléascadh.
pléascadh na gclaochladán the transformers exploding
" Séard a bhí ann ná pléascadh na gclaochladán timpeall an chontae trí chrainnte a bheith ag titim orthu.
pléascadh explosion
" Bhí an dá choinín seo dallta, ní ag ceannsoilse cairr ach ag an solas a éiríonn as carranna le thine, le pléascadh na mbuamaí peitril agus le solais ghorma jípeanna an PSNI.
ceann nach bhfuil ar tí pléascadh one which isn’t about to explode
" Más mar sin atá nach gceapfá go bhfaighfí liathróid eile, ceann nach bhfuil ar tí pléascadh i lámha an chúl báire cuir i gcás, nó nuair atá an lán tosaí á chiceáil thar an trasnán.
pléascadh díreach os comhair exploding just in front of
" Tar éis do bhuama deorgháis pléascadh díreach os comhair na léirseoirí rith slua beag, mé féin ina measc, isteach i dtaobhshráid.
Pléascadh an rúndacht seo this secrecy burst
" Pléascadh an rúndacht seo ar an 5ú Meitheamh nuair a thug an Guardian le fios go raibh seirbhísí rúnda Mheiriceá tar éis sonraí gach taifid teileafóin a rinneadh tríd an gcomhlacht Verizon a bhailiú, agus gur mó is dóichí go raibh sé seo ar siúl le blianta fada.
ag pléascadh amach blasting out
" An áit nach raibh ach cuntar beáir, suíocháin, tinteán agus daoine teannta isteach le chéile ag cromadh ar chomhrá, tá anois mórscáileáin i ngach cúinne ag pléascadh amach Sky News nó a dtarla i chuile shórt spóirt, idir Sacar an Premiership, chruicéad, leadóg, snúcar, ghalf agus araile.
pléascadh ar gach meán nuachta bursting onto every news medium
" Go gearr i ndiaidh ceist na ndaoine ar a seachnadh pléascadh ar gach meán nuachta i gcéin agus i gcóngar, bhí mé ag caint le hiarchime poblachtach faoin cheist.
ar tí pléascadh about to explode
" Fear gaoismhear amháin, Job Cohen, a choinnigh guaim agus staidéar i muintir na hÍsiltíre sé bliana ó shin nuair a bhí an tír ar tí pléascadh.