Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
chlár plé discussion forum
" Nuair a tháinig na héin bheaga chainteacha Lochlannacha anseo - na síodeitigh nó *bombycilla garrulus* - chuaigh mé ar an idirlíon fosta agus tháinig mé ar shuíomh gréasáin éaneolaithe áitiúla, a bhí ag déanamh tríligh le chéile, mar a déarfá, ar chlár plé.
plé discussion
" Is dóigh mura bhfuil ar a gcumas idirdhealú a dhéanamh idir an tAigéan Indiach agus an tAigéan Ciúin nach díol iontais é nach mbeadh ar a gcumas plé ró-stuama a dhéanamh ar aon cheo beagán níos casta.
chláracha plé an idirlín Internet discussion forums
" Ar chláracha plé an idirlín nochtann daoine a gcuid tuairimí agus déanann plé ar na fíricí.
ní raibh corr ná alt dá saol nach raibh pléite there wasn't a twist or turn in her life that wasn't discussed
" Tharraing scéal amháin scéal eile agus sula raibh an oíche istigh ní raibh corr ná alt dá saol nach raibh pléite.
á phlé being discussed
" Níl sé seo amhlaidh d'fhonn is go bhféadfadh an Ghaeilge dul leis an nua-aimsear; tá an Ghaeilge gach aon phioc chomh nua-aimseartha is atá aon teanga eile atá á labhairt, mar gach aon rud atá sa saol atá inniu ann, tá sé á phlé go nádúrtha ag cainteoirí na teangan.
an-phlé a lot of discussion
" Seans nach bhfuil i roinnt den chaint seo ach ráflaí gan bhunús (cé go bhfuil an-phlé á dhéanamh ar na cúrsaí seo sna hirisí ríomhaireachta faoi láthair), ach is fiú a bheith ar an airdeall faoi na himpleachtaí fadtéarmacha a bheidh ag aon chaighdeán slándála nua.
ar phléigh siad that they dealt with
" Tá an Roinn Sláinte faoi scamall de bharr na slí ar phléigh siad leis na mná ar tugadh fuil shalaithe dóibh.
ag plé go teibí dealing abstractly
" Ní bheidh iontas ar éinne, seachas, b'fhéidir, ar chorr-státseirbhíseach thall sa mBruiséal a bhíonn ag plé go teibí le saol oibre na mílte duine, gan aon tuiscint cheart aige ar thoradh a chuid ionstraimí reachtúla sna pobail bheaga iascaireachta atá scoite amach ón lárchumhacht.
nithe a phlé leis discuss things with him
" Aontaíonn siad ar fad gur duine uasal é; gur cainteoir maith é; gur spreag sé iad; gur chuir sé iad ag traenáil go dian, gan trócaire; go ndeir agus go ndéanann sé rudaí aisteacha; go n-ullmhaíonn sé iad ar fheabhas le haghaidh cluichí móra sa chaoi is nach ngéilleann siad go deireadh an chluiche; go gcuidíonn sé leo ar bhealaí éagsúla ina saol pearsanta; gur féidir labhairt leis agus nithe a phlé leis; go mbíonn a theach i gcónaí ar oscailt dóibh; go gcailleann sé guaim air féin uaireanta; go dtugann sé deochanna gránna dóibh le n-ól uaireanta; agus go ndéanfadh rud ar bith ar son fhoireann na Mí.
cláracha plé discussion forums
" Bíonn cláracha raidió agus teilifíse, nuachtáin, irisí, cláracha plé, scéalta agus ceachtanna le fáil saor in aisce, ach cúpla nóiméad a chaitheamh ag baint úsáide as inneall cuardaithe.
pléite go mion discussed in detail
" Ní théann bliain amháin thart gan na conspóidí bliantúla a bheith pléite go mion sna clubthithe, sna tábhairní, sna meáin chumarsáide agus i gach comhluadar ina bhfuil na cluichí tábhachtach.
ag plé le scéalta dealing with stories
" Tá tú ag plé le scéalta agus carachtair nár chum tú féin agus tá tú ag cur le rudaí a cheap daoine eile.
nár pléadh go poiblí that hasn't been discussed in public
" Cén tionchar a bheas ag an vótáil leictreonach ar na toghcháin áitiúla agus Eorpacha? Níl a fhios sin ag éinne, ach tá gné amháin den scéal nár pléadh go poiblí fós: a laghad vótaí is a bhí idir iarrthóirí éagsúla nuair a tionóladh na toghcháin dheireanacha i 1999.
plé discussion
" Ach ba é an rud ab iontaí liomsa ag an chóisir seo ná an plé a bhí ag dul ar aghaidh fán Luan roimhe sin, a fhad is a bhí mise ag ól mo bhabhla *tequila *agus ag ithe mo phláta de bhaill éagsúla de mhuc - an craiceann, an teanga, an croí agus na magairlí - a maraíodh an lá roimhe sin.
ag plé leis an iarléiriú dealing with post-production
" Go dtí seo is ag plé leis an iarléiriú ar thionscadail anamúlachta a bhí siad, ach ba mhaith leo é sin a athrú.
plé leanúnach le gnólachtaí continuous dealings with businesses
" Bíonn comórtas gnó againn gach bliain i rith Sheachtain na Gaeilge, chomh maith le plé leanúnach le gnólachtaí.
plé discussion
" Fadhb na ndrugaí ======= Is minic pléite fadhb na ndrugaí sa spórt.
pléite discussed
" pléitear é seo sna meáin náisiúnta go léir, istigh i bpubannaí, ag stáisiún an Luais, ar ghalfchúrsaí, in oifigí agus i mórán áiteanna eile nach iad.
plé discussion
" Rinneadh go leor plé ar an cheist anseo sna Stáit Aontaithe.
i mbun plé engaged in discussion
" Agus, má chláraíonn tú ar an suíomh, is féidir leat do chuid Gaeilge a úsáid go rialta agus tú i mbun plé leis na daoine eile agus ag cur leis na haltanna.
plé discussion
" * Admhaítear gur fágadh píosaí tábhachtacha ar lár, ach mar sin féin tugann sé léargas sainiúil éifeachtach ar shaibhreas oidhreacht na Gaeilge agus na Gàidhlig, a théann i bhfeidhm go láidir ar an tsúil agus ar an chluas (tá tráchtaireacht fuaime ag dul leis an taispeántas), a thugann pléisiúr go minic agus a bhaineann preab as duine corruair fosta.
plé discussion
" Sin an pictiúr mór, a deirim leis, an pholaitíocht ar scála domhanda, ach tá pictiúr beag ann fosta, na leanaí a mharaítear, na pléascáin fhéinmharaitheacha.
a phlé to discuss
" I lár mhí Dheireadh Fómhair, tháinig breis is 60 duine le chéile i mBarra an Teampaill i mBaile Átha Cliath chun “Praghas an Fhuinnimh agus Todhchaí na hÉireann” a shamhlú agus a phlé.
an t-uafás plé a great deal of discussion
" Sna laethanta roimh chinneadh an FAI agus roimh agus tar éis an chluiche cháilithe dheireannaigh i gcoinne na hEilvéise, rinneadh an t-uafás plé agus cur agus cúiteamh faoi Brian Kerr agus faoi fhoireann na hÉireann.
plé discussion
" " Agus cé gur chuir sé béim ar cheist na teanga sa dráma, bhí a lán plé faoi na téamaí polaitiúla atá ann nuair a bhí sé ar an ardán ar dtús i nDoire i 1980.
plé discussion
"plé iontach suimiúil ar siúl mar gheall ar an smuigleáil ar leathanaigh Slugger O’Toole ((www.
cinnteofar rannpháirtíocht daoine óga sa phlé the participation of young people in the discussion will be ensured
" Chuige sin cinnteofar rannpháirtíocht daoine óga sa phlé agus díreofar ar réimsí a bhfuil spéis acu siúd ach go háirithe iontu.
plé discussion
" Beidh fiontraithe éagsúla ag déanamh cur síos agus plé ar na deiseanna a thug an Ghaeilge dóibh: Irial Mac Murchú, ón gcomhlacht léiriúchán teilifíse Nemeton, Úna Nic Gabhann ón mbialann Ghaelach Caife Úna, Ciarán Mac Fhearghusa ó Na Gaeil Óga (a labharfaidh faoin bhfiontraíocht shóisialta) agus Rónán Mac Murchaidh ó Gaelfest (a dhíreoidh ar an bhfiontraíocht chultúrtha).
phlé discussion
" ie)) nó fiú amháin anseo in Beo! Ach tugann blaganna an chumhacht ar fad don bhlagadóir – de ghnáth ar chlár plé bíonn cead ag aon duine páirt a ghlacadh sa phlé a bhíonn ar siúl.
Pléigí bhur gcás leis siúd discuss your situation with him
" Pléigí bhur gcás leis siúd”.
cinnteofar rannpháirtíocht daoine óga sa phlé the participation of young people in the discussion will be ensured
" Chuige sin cinnteofar rannpháirtíocht daoine óga sa phlé agus díreofar ar réimsí a bhfuil spéis acu siúd ach go háirithe iontu.
plé discussion
" Beidh fiontraithe éagsúla ag déanamh cur síos agus plé ar na deiseanna a thug an Ghaeilge dóibh: Irial Mac Murchú, ón gcomhlacht léiriúchán teilifíse Nemeton, Úna Nic Gabhann ón mbialann Ghaelach Caife Úna, Ciarán Mac Fhearghusa ó Na Gaeil Óga (a labharfaidh faoin bhfiontraíocht shóisialta) agus Rónán Mac Murchaidh ó Gaelfest (a dhíreoidh ar an bhfiontraíocht chultúrtha).
phlé discussion
" ie)) nó fiú amháin anseo in Beo! Ach tugann blaganna an chumhacht ar fad don bhlagadóir – de ghnáth ar chlár plé bíonn cead ag aon duine páirt a ghlacadh sa phlé a bhíonn ar siúl.
cinnteofar rannpháirtíocht daoine óga sa phlé the participation of young people in the discussion will be ensured
" Chuige sin cinnteofar rannpháirtíocht daoine óga sa phlé agus díreofar ar réimsí a bhfuil spéis acu siúd ach go háirithe iontu.
plé discussion
" Beidh fiontraithe éagsúla ag déanamh cur síos agus plé ar na deiseanna a thug an Ghaeilge dóibh: Irial Mac Murchú, ón gcomhlacht léiriúchán teilifíse Nemeton, Úna Nic Gabhann ón mbialann Ghaelach Caife Úna, Ciarán Mac Fhearghusa ó Na Gaeil Óga (a labharfaidh faoin bhfiontraíocht shóisialta) agus Rónán Mac Murchaidh ó Gaelfest (a dhíreoidh ar an bhfiontraíocht chultúrtha).
plé polaitiúil a chothú to promote political discussion
" An bhfuil an dúshlán sin á láimhseáil againn i mbealach straitéiseach go leor? Tá Conradh na Gaeilge sásta neart picéad a eagrú; tá achainí ar líne curtha ar fáil ag Glór na nGael agus tá siad ar a ndícheall ag iarraidh plé polaitiúil a chothú ar an cheist.
le sos cogaidh a phlé to discuss a ceasefire
" (Dála an scéil, tháinig cuid de cheannairí poblachtánacha na hÉireann, Gerry Adams agus Martin McGuinness ina measc, go teach príobháideach anseo sa bhliain 1972 le sos cogaidh a phlé.
pléimis let us discuss
" ” Foinse eile Ach pléimis anois foinse fuinnimh eile a raibh scéalta nuachtáin fúithi le déanaí, ach líon níos lú ná mar a bhí i gceist i gcás adaimh an Uasail Blair.
plé oscailte open discussion
" Tugann sé tacaíocht d’eagraíochtaí eile trí bholscaireacht agus aitheantas a thabhairt dá gcuid feachtas agus imeachtaí agus soláthraíonn sé áis i gcomhair plé oscailte faoi chúrsaí a théann i bhfeidhm ar an bpobal.
plé agus díospóireacht rialta regular discussion and debate
" Tá gá le plé agus díospóireacht rialta leo siúd agus le dreamanna eile, le cinntiú go bhfuil éifeacht lena saothar agus go bhfuil siad sásta rudaí nua a thriail.
ag plé leis an léann working in academia
" Admhaíonn sé nár mhaith leis dul i gcomórtas le roinnt de na daoine óga is fearr atá ag plé leis an léann faoi láthair.
ag plé le coistí dealing with committees
" Ina theannta sin, bím féin ag plé le coistí maidir le rólanna taobh istigh de choiste, cúrsaí fostaíochta agus bainistíochta, agus le coistí atá ag dul i dtreo aitheantais le hiad a ullmhú don ról úr a bheadh acu mar ghobharnóirí.
pléadh it was discussed
" Díospóireacht Agus mar sin, tharla díospóireacht i measc pholaiteoirí agus iriseoirí Mheiriceá le déanaí nach raibh mé ag súil leis riamh i dtír mar seo – pléadh chomh fada agus a d’fhéadfaí amhrasaigh i gcásanna sceimhlitheoireachta a chéasadh.
níos mó plé more discussion
"níos mó plé san Eoraip ar chánacha a ghearradh ar an aerthaisteal mar gheall ar an drochéifeacht atá aige ar an chomhshaol.
atá á phlé i gcúrsaí eitlíochta that is being discussed in aviation
" An hidrigin Breosla eile atá á phlé i gcúrsaí eitlíochta ná an hidrigin, breosla nach ndéanann aon truailliú nuair a chaitear é.
go rabhthas ag plé a leithéid go hoscailte anois that such a thing was being discussed openly now
" Ach chuir sé iontas orm fós féin go rabhthas ag plé a leithéid go hoscailte anois i Meiriceá.
phléamar we discussed
" Cúpla seachtain ó shin, casadh fear orm a raibh céim ollscoile sa gceoleolaíocht aige agus phléamar cineálacha éagsúla ceoil.
á bplé being discussed
" Sin cuid de na haidiachtaí ar baineadh úsáid astu agus cúrsaí spóirt na tíre bige seo, agus go speisialta na trí ócáid ar leith a tharla i bPáirc an Chrócaigh, á bplé ag “saineolaithe” spóirt, staire agus polaitiúla, gan trácht ar “Thadhg an Mhargaidh”.
nach raibh cead acu a phlé, that they weren't allowed to discuss,
" Ba léir go raibh rudaí áirithe nach raibh cead acu a phlé, nó nach raibh siad ag iarraidh a phlé.
ag plé le teangacha mionlaigh atá i mbaol báis. dealing with minority languages that are in danger of dying.
" Nuair a labhair mé le Kruass le gairid ar an ghuthán, mhínigh sé dom gur chaith sé suas le bliain in Inis Meáin ag deireadh na gcaogaidí ag déanamh staidéir ar chóras fuaime na Gaeilge agus ag foghlaim na teanga, agus gur spreag an tréimhse sin é lena shaol a chaitheamh ag plé le teangacha mionlaigh atá i mbaol báis.
go leor plé plenty of discussion
"go leor plé faoin Éirinn nua ar siúl le déanaí, ach beidh an tseanbhratach chéanna ar mo mhála agam Déardaoin seo chugainn agus mé ag imeacht agus tá a fhios agam céard a chiallaíonn sé sin domsa.
ag plé le dealing with
" **Imreoirí óga**Bhí iontas ar Seán Taylor nuair a chuala sé go raibh na clubanna ag plé le buachaillí chomh hóg le hocht mbliana, mar shíl seisean go raibh sé féin an-óg nuair a thosaigh sé le hOrient agus gan é ach deich mbliana.
pléadh a lán ceisteanna suimiúla a lot of interesting questions were discussed
" Ba é téama na comhdhála idirnáisiúnta seo ná iompar poiblí agus saoránacht chathrach agus pléadh a lán ceisteanna suimiúla lena linn.
á bplé being discussed
" Is aoi dofheicthe é ag ár gcóisirí dinnéir, a mbíonn a chuid tuairimí á bplé go fíochmhar inár measc.
á plé being discussed
" Ach cén teorainn a bheidh leis an méid sonraí is féidir le heagraíochtaí a bhailiú? Bhí teicneolaíocht nua ó ghrúpa Dermot Diamond in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath á plé ag comhdháil FEÉ freisin – teicneolaíocht iontach úsáideach agus suimiúil a chabhróidh leat do chuid sláinte a mheas go huathoibríoch.
á bplé being discussed
" Tá moltaí Rifkind á bplé ag an pháirtí faoi láthair agus déanfaidh a gceannaire ráiteas ina leith sna míonna beaga amach romhainn.
Pléadh an cás the case was discussed
" Pléadh an cás sa Dáil agus, sa deireadh, d’éirigh Molloy as a phost mar aire stáit.
plé discussion, debate
" Déantar plé san iris idirlín *Slart *(*Second Life Art*) ar gach rud atá ag tarlú sa saol fíorúil agus san fhíorshaol ó thaobh cúrsaí ealaíne de, agus tacaíonn an iris chomh maith leis na dánlanna atá ag gníomhú ar Second Life.
Ag eascairt as plé an Choimisiúin, arising from the debate of the Commission
" Leithscéal Ag eascairt as plé an Choimisiúin, cuireadh moltaí áirithe faoi bhráid na rialtas agus na n-eagraíochtaí eile a raibh baint acu leis an bpolasaí asamhlaithe.
ní bheinn sásta é a phlé ar an teilifís. I wouldn't like to talk about it on TV
" Mar sin, ní bheinn sásta é a phlé ar an teilifís.
plé discussion
" Déantar plé sna haistí ar réimse leathan ábhar – na meáin chumarsáide Ghaeilge; an fhéiniúlacht Éireannach agus an Ghaeilge; litríocht na Gaeilge; an Ghaeltacht agus logainmneacha, ina measc.
ag plé le cearta daonna dealing with human rights
" Dar le tuarascáil a scríobh Rodolfo Stavenhagen (2006), *rapporteur* leis na Náisiúin Aontaithe a bhíonn ag plé le cearta daonna agus buansaoirse daoine dúchasacha, tá na difríochtaí seo sa chaighdeán maireachtála tar éis fás as “stair idirdhealaithe”.
ag plé le foirne involved with teams
" Bíonn líon mór daoine ag plé le foirne na laethanta seo.
ag plé lena chomhghleacaithe dealing with his colleagues
" ***Míbhuntáistí:*** Níl scileanna maithe idirphearsanta aige agus é ag plé lena chomhghleacaithe nó le grúpaí san earnáil iompair.
Phléigh na hionadaithe a bhí i láthair the representatives who attended discussed
" Phléigh na hionadaithe a bhí i láthair a dtaithí phearsanta i leith na gcúrsaí seo.
an plé an discussion
" Mar a thugann an teideal le fios, bhain an plé a rinneadh lena linn leis na cineálacha éagsúla físe i leith thodhchaí na tíre ba mhian leo siúd a ghlac páirt sa chruinniu mullaigh a bheith bainte amach faoin mbliain 2020.
ag plé cúrsaí rialachais discussing matters of governance
" Mhol na rannpháirtithe sa ghrúpa áirithe a bhí ag plé cúrsaí rialachais gur chóir go dtabharfaí faoi phróiseas dhá chéim leis an sprioc seo a bhaint amach.
plé oscailte open discussion
" Is seoid é an cineál seo daonlathais Shíónaigh atá á scaipeadh ag Bush agus ag a chuid cairde ar fud an Mheánoirthir, nach ea? Cad chuige nach ndéanann na príomhmheáin plé oscailte ar an eolas atá san alt seo? Eolas tábhachtach is ea é a d’fhéadfaí a úsáid le cogaí a sheachaint; cogaí ar nós na coimhlinte gairide a bhí ar siúl sa tSeoirsia i rith an tsamhraidh seo, nó cogadh idir cumhachtaí núicléacha a d’fhéadfaí a bheith ar siúl amach anseo agus a bheadh ní ba thubaistí fós, b’fhéidir.
phléann leis which deals with
" Ach níor mhór dáiríreacht an Aire faoin mholadh a cheistiú mura bhfuil oiread is comhad amháin laistigh dá Roinn féin a phléann leis an ábhar seo.
ag plé leis dealing with
" Is léachtóir le Bord Fhíon na hÉireann é John McDonnell, fear a thug seacht mbliana ag plé leis an tionscal fíona san Astráil agus a bhí chomh éagsúil lena chomhstiúrthóir is atá cailc le cáis.
Ag plé dealing
" Ag plé le ríomhairí agus le radharc súile a bhíodar.
phlé discuss
" Ba é cuspóir comhdháil na bliana seo nó damhsa mar léann a phlé.
Pléifidh mé I'll discuss
" Pléifidh mé an bhlagadóireacht agus a mionsonraí níos mine amach anseo, ná bíodh aon buairt ort faoi sin! Is fearr an t-ádh ná éirí go moch! Tá muintir na hÉireann loite ó thaobh rogha córais nuachtlitreach leictreonacha.
phléifear shall be discussed
" B’fhearr i bhfad a leithéid a bheith mar théama ag na scoileanna samhraidh líonmhara agus na tionóil acadúla ná cuid de na téamaí aduaine a phléifear i ndorchlaí intleachtúla sna míonna beaga amach romhainn.
phlé discuss(ion)
" Seo ceist ar fiú a phlé san am i láthair agus tairiscintí á lorg ag Foras na Gaeilge do fhoilsitheoir nuachtáin.
chlár phlé discussion board
" ie ) cuireadh duit do chuid tuairimí a nochtadh ar an ábhar seo sa chlár phlé.
plé discussion
" D’inis Frank dom faoi fhís ina ndearna Set & Tom plé ar an mblagadóireacht.
ag plé dealing
" An saol crua é a bheith os comhair ceamara sách minic chaon seachtain ar bonn seasta? BNC: Is obair chrua í, caithfidh tú i gcónaí a bheith ar an airdeall, caithfidh tú i gcónaí a bheith aireach faoi céard tá timpeall ort, céard tá ag tarlú sa domhan, bíodh tú i do láithreoir, nó id’ iriseoir, nó aon duine atá ag plé leis na meáin, mura dtuigfidh tú céard tá ag tarlú sa domhan mór, beidh sé sin soiléir! Ó chláracha do ghasúir, cláracha siamsaíochta, is cuma céard é an t-ábhar, mar ag deireadh an lae, tá bunús iriseoireachta leis an bpost.
pléite discussed
" Tá fás Facebook pléite agam cheana sa cholún seo agus aon duine a cheanglaíonn leis an gcumhacht sin, agus a thuigeann gurb é sin an áit ina bhfuil an margadh, beidh rath orthu, cinnte.
plé of discussion
" Bhí neart plé ar siúl ar na hábhair seo i meáin chraolta na Gaeilge, cinnte, ach ba bheag a scríobhadh.
phlé discussion
" ’ (Woodham-Smith, 375-6) Dá dtosófainn ar an phlé faoin Uileloscadh le “bhí barraíocht daoine san Eorpa i 1939”, thabharfaí 'Faisistí' orm, mar ba cheart a thabhairt.
phlé discussion
" Dar leis an gcuid is mó de na saineolaithe, ní raibh sa bhille "comhréitithe" seo ach cur i gcéill - cur amú ama – mar dhris chosáin roimh an mórbhille, a fágadh gan a phlé ar urláir na Comhdhála chomh fada sin gur bhaolach nach rithfí in aon chor é muna rithfí faoi Lá Choille é.
phlé discuss
" Pé scéal é, oireann sé mar tá sé i gceist agam cúrsaí bia a phlé san alt seo, agus mar a dúirt fear liom tráth, ní theastaíonn ach péire maith bróg, caipín agus dinnéar te chun an dé a choinníoll sa duine le linn aimsir mar seo.
an tionscadal a phlé discussing the project
" Is cuimhin liom an tionscadal a phlé leis in Doheny and Nesbitts, Lá Fhéile Pádraig 2001, an teach tábhairne mór le rá ar Shráid an Rátha, áit a mbíonn na polaiteoirí is lucht na meán.
plé debate
"plé ar siúl san Astráil i dtaca le daonra na tíre beagnach ó cuireadh tús le lonnaíocht Eorpach sa bhliain 1788.
ag plé le dealing with
" Is dócha freisin go gcuirimid níos mó béim ar mhargaíocht ná foilsitheoirí eile – tá duine againn ag plé le margaíocht go lán-aimsearach.
ag plé discussing
" Is breá le polaiteoirí a bheith ag maíomh go bhfuil siad ag nochtadh tuairímí nua-aimseartha nuair a bhíd ag plé ábhar ar leith.
pléite discussed
" Léigh sé píosaí dúinn a bhí pléite níos déanaí sa scoil, sa mheánscoil fiú amháin! Ní hionadh go raibh mé bailithe de mo mhúinteoirí féin!” Ní beag an t-athrú atá tagtha ar an bPolainn agus ar na Polannaigh ó chaith siad díobh cuing an chumannachais, ar ndóigh.
ag plé dealing
" Chaith siad beirt tréimhsí ag plé leis na trioblóidí ó thuaidh.
an-phlé great discussion
"an-phlé le blianta anuas faoi inréimniú na teilifíse agus ríomhaire.
phlé discuss
" Ag deireadh Mhí Mheán Fómhair tháinig 300 duine le chéile, idir thaiscéalaithe, thaighdeoirí, pholaiteoirí, agus lucht gnó, i Moscó chun todhchaí an Artaigh a phlé.
phléann discuss
" Tráthnóna, ámh, bíonn cláracha cainte acu le láithreoirí mar Bill O'Reilly, Seán Hannity, agus Alan Colmes, tráchtairí béalscaoilte gáifeacha den eite dheis, a phléann cúrsaí an tsaoil ó dhearcadh na heite deise.
ina bplé in their dealings
" Cé nach molann seisean gur cheart pilleadh ar an Ghaeilge éigeantach, deir sé nár cheart go mbeadh Béarla éigeantach don phobal ina bplé leis an stát ach an oiread.
phléitear are discussed
" Nuair a phléitear cúrsaí sacair na hÉireann agus imreoirí a rugadh in Éirinn, déantar tagairt do dhornán imreoirí go mion agus go minic agus is iad na hainmneacha céanna a thagann chun cinn sa chíoradh nuair a chuirtear an cheist “cérbh é an t-imreoir sacair ab fhearr a tháinig amach as an tír seo?” Bíonn ainm amháin ar bharr gach goib ag ceann an chomhairimh agus is é sin George Best, imreoir a áirítear i measc an bheagáin sin a bhfuil fíorstádas i measc imreoirí sacair an domhain acu.
ag plé discussion
" Cloisim daoine ar RTÉ ag plé cuairt na banríona ar Éirinn roimh i bhfad, ach ní chloisim éinne i mbun scagtha faoi ról an teaghlaigh ríoga sa mharú in Afganastáin agus i dtíortha eile.
plé oscailte open discussion
" Caithfear plé oscailte agus macánta a dhéanamh ar na ceisteanna seo sna míonna amach romhainn agus ins an fheachtas toghchánaíochta go mór mór.
pléite discussed
" Smacht nach nDéanann Leas ============== Tá gné thábhachtach de chleachtadh daonlathach na tíre, áfach, nach bhfuil pléite ag aon pháirtí go dtí seo, mar atá, córas na n-aoirí.
plé le to deal with
" Is minic lucht na heite deise i gceannas sa stát sin, ach dála na hÉireann, is polaiteoirí ‘den lár’ iad, a bheadh chomh sásta céanna plé le ceardchumainn agus a bheidís ag deighleáil le comhlachais tráchtála.
ag plé le dealing with
" Is i Maigh Eo is mó a bhím ag obair ar na saolta seo agus dá bhrí sin bím ag plé le cúrsaí réiteoireachta agus oiliúna sa chontae sin.