Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
chuntas polaitiúil political count
" Beidh aird á tarraingt sna míonna atá romhainn, ní hamháin ar an chóimheas agus ar an iolrú a chleachtann na páistí seo sa seomra ranga, ach ar an chuntas polaitiúil ar a bunaíodh an stát, cuntas atá anois ag tuar athruithe bunúsacha i nádúr an Tuaiscirt é féin.
cloí le modhanna polaitiúla stick to political methods
" Measann sé go raibh sé tábhachtach an fód a sheasamh agus foréigean a úsáid ach i ndiaidh uafás Inis Ceithleann tháinig sé ar an tuiscint go mbeadh sé níb éifeachtaí cloí le modhanna polaitiúla agus na gunnaí a chur ar leataobh.
tuairimí polaitiúla political opinions
" asp) ======= A Chara, Is mór mo mheas ar Bharra Ó Donnabháin, mar gheall ar a chuid oibre ar son na Gaeilge, ach ní mór mo mheas ar a chuid tuairimí polaitiúla.
an chórais pholaitiúil the political system
" Agus ní hé an straitéis is fearr do leas fadtéarmach an chórais pholaitiúil.
dtargaid pholaitiúil áisiúil convenient political target
" Leithscéal a bhí in ionsaithe an 11 Meán Fómhair chun mothúcháin chiníocha agus dearcadh ciníoch a chur in iúl i leith dreama a bhí ina dtargaid pholaitiúil áisiúil.
chnáimhseachas polaitiúil political obstetrics
" Is cuid de chnáimhseachas polaitiúil gach tíre é a bhfuil ag titim amach ó thuaidh.
putóga an tráchtaire polaitíochta the guts of the political commentator
" Agus seo agaibh anois roinnt dá bhfaca Balor Fáidh nuair a ghrinnigh sé putóga an tráchtaire polaitíochta a bhí aige mar dhinnéar Lá Nollag: **Earrach 2002**: Agus tarlóidh sé san am sin go mbeidh caint mhór ar olltoghchán in Éirinn.
chíor thuathail pholaitiúil political unrest
" As Cali, Columbia ó dhúchas, tháinig Gomez ar imirce go DC nuair a bhí sí dhá bhliain déag chun éalú ón chíor thuathail pholaitiúil ina tír féin.
tionchair pholaitiúil political influence
" Ach chuaigh na Caitlicigh chun oideachas a fháil, agus anois tá meánaicme nua ag fás a bhfuil níos mó tionchair pholaitiúil acu, agus na scileanna le hairgead agus le háiseanna a bhaint as na stáit sa Tuaisceart agus sa Deisceart, agus ón Eoraip.
moill a chur ar an dul chun cinn polaitiúil to hold up political progress
" **PM:** Cén fáth? **ANO:** Le tríocha bliain anuas tá tionchar mailíseach ag an scata fear seo - 100 faoin chéad Protastúnach a bhfuil dlúthbhaint acu leis na Máisiúin - atá saor ó smacht, atá ina "fhórsa taobh istigh de fhórsa" a bhfuil líomhaintí seanbhunaithe agus forleathana curtha ina leith gur chuidigh siad le dúnmharaithe agus le coireanna eile, gur úsáid siad paramílitigh dhílseacha le hionsaithe a dhéanamh agus go ndearna siad a ndícheall moill a chur ar an dul chun cinn polaitiúil.
seandílseachtaí polaitiúla old political loyalities
" Tá go leor de na seandílseachtaí polaitiúla imithe le sruth faoin am seo, agus cuirfidh cuid de na torthaí an-iontas ar dhaoine.
ceann scríbe polaitiúil political goal
" Ní scoirfidh an IRA go dtí go bhfuil ceann scríbe polaitiúil - é éiginnte faoi láthair - bainte amach.
claochlú polaitiúil political transformation
" " Chonaic Mac Coille an claochlú polaitiúil a bhí ar siúl sa tuaisceart ag an am.
speictream polaitiúil political spectrum
" "Labhair mé leo gan dabht ó am go ham ach lagaigh an chinsireacht an tsnaidhm idir iriseoirí agus an eite thábhachtach seo den speictream polaitiúil.
chomhfhreagraí polaitiúil political correspondent
" Ar ais in RTÉ ======= Tugadh cuireadh do Mhac Coille filleadh ar "Morning Ireland" i mí na Samhna anuraidh agus d'fhág sé a phost mar chomhfhreagraí polaitiúil le TG4, áit a raibh sé bliana caite aige.
an seanréimeas polaitíochta the old political regime
" Comhghuaillíocht ======= Dúirt Gerry Adams go raibh an seanréimeas polaitíochta ag athrú agus gur féidir comhghuaillíocht a bhunú idir Sinn Féin, an Páirtí Glas agus Páirtí an Lucht Oibre le clár den eite chlé a chur chun tosaigh.
éabhlóid pholaitiúil political evolution
" Ach tá an éabhlóid pholaitiúil atá ag dul ar aghaidh an-suimiúil.
todhchaí pholaitiúil political future
" Ach tá todhchaí pholaitiúil i bhfad níos traidisiúnta agus níos coimeádaí i ndán do mhuintir na hOllainne.
díospóireachtaí polaitiúla political debates
" Má shiúlann tú thart ar an taispeántas, beidh tú ábalta sleachta a léamh as leabhair staire, nó sleachta as díospóireachtaí polaitiúla ó aimsir an Ghorta, atá ar taispeáint ar bhallaí an struchtúir.
léirsiú polaitiúil political demonstration
" "Ní bheadh sé sásúil dá mba rud é nár ceapadh múinteoir toisc go bhfuarthas amach gur gabhadh é ag léirsiú polaitiúil tamall de bhlianta roimhe sin," arsa an t-urlabhraí.
eagras polaitiúil political organisation
" (Cár chuala mé trácht ar a leithéid de chleachtas cheana?) Déanann daoine dearmad uaireanta nach maireann aon eagras polaitiúil ach le tacaíocht ón bpobal as a dtagann sí.
córais pholaitiúla political systems
" " Cé go bhfuil na seoltaí ríomhphoist solúbtha na laethanta seo tá an chuma ar an scéal nach bhfuil na córais pholaitiúla chomh solúbtha céanna.
armlón polaitiúil political ammunition
" Ní raibh an fear armtha, rud a thugann armlón polaitiúil dóibh sin a deir nach bhfuil athrú ar bith tagtha ar mheon na bpóilíní ó rinneadh an PSNI den RUC.
á úsáid ar chúiseanna polaitiúla being used for political reasons
" Dallamullóg ======= Is léir go bhfuil an PSNI á úsáid ar chúiseanna polaitiúla.
mhórbhua pholaitiúil major political victory
" Cé acu is breá leat é nó gur gráin leat é, is gá an méid seo a admháil: ní hamháin go bhfuil sé ag troid cogaidh i gcoinne na sceimhlitheoireachta, a bhféadfadh iarmhairtí a bheith aige ar bhonn idirnáisiúnta ar feadh na scórtha bliain, bhí sé ar chúl an mhórbhua pholaitiúil a fuair a pháirtí Poblachtánach i mí na Samhna, a thug smacht ar an Chomhdháil dóibh.
ár gcóras polaitíochta our political system
" An é go bhfuil ár gcóras polaitíochta imithe ar strae, nach ndéanann muid an rogha cheart agus muid ag toghadh ár gcuid polaiteoirí? An é nach gcaitheann na daoine a mbíonn orthu fanacht i scuainí ospidéil a vóta nó an é nach dtugtar rogha cheart dóibh ar aon chuma? Tá litreacha á bhfoilsiú go laethúil ar leathanach an eagarthóra san *Irish Times* ag moladh leasainmneacha do shnáthaid shnasta seo Shráid Uí Chonaill.
Rinne muid talamh slán den staid pholaitiúil we took the political situation for granted
" "Rinne muid talamh slán den staid pholaitiúil.
neamhsheasmhacht pholaitiúil political instability
" Ní leor é tromlach simplí má vótálann móramh beag de mhuintir na Sé Chontae ar son athaontú na tíre; tá neamhsheasmhacht pholaitiúil tuartha ag aontachtaithe.
scannán polaitiúil political film
" Shíl mé gurbh é *Bowling For Columbine *an scannán polaitiúil is fearr a chonaic mé le fada an lá.
dhul chun cinn polaitiúil political progress
" Cad é mar is féidir éirí tógtha fá fhoirgnimh atá tógtha ar ghaineamh slogach? Cad é mar is féidir éirí tógtha fá dhul chun cinn polaitiúil ó thuaidh nuair atá fhios agat go bhfuil daoine ag fanacht le hé a scrios.
lena gcuid aidhmeanna polaitiúla a bhaint amach to achieve their political aims
" Agus pé argóint faoi mhoráltacht atá ag na rialtais sin, beidh deireadh leis nuair a fheicfear an sléacht a bheas déanta ag na sceimhlitheoirí agus na dúnmharfóirí atá fostaithe acu lena gcuid aidhmeanna polaitiúla a bhaint amach.
córas polaitiúil political system
" Ní féidir an córas polaitiúil agus na luachanna atá againn san iarthar a bhrú ar dhaoine sa Mheánoirthear a bhfuil cultúr agus meon eile acu.
tráchtairí polaitiúla áirithe certain political commentators
"tráchtairí polaitiúla áirithe den tuairim go n-íocfaidh sé as sa chéad olltoghchán eile, a bheidh ar siúl an bhliain seo chugainn.
dhíospóireachtaí polaitiúla political debates
" Agus tú ag siúl timpeall an taispeántais, d'fhéadfá sleachta a léamh as leabhair staire, nó ó dhíospóireachtaí polaitiúla a tharla roimh aimsir an Ghorta, ar bhallaí an struchtúir.
gníomhaíoch polaitiúil political activist
" Nuair a labhair mé leis an mhí seo caite mhínigh sé cén fáth nach n-aontaíonn sé leis an dearcadh atá ag daoine áirithe gur gníomhaíoch polaitiúil é.
toil pholaitiúil political will
" Níl de dhíth anois ach an toil pholaitiúil.
toil pholaitiúil political will
" "Ní fheicim go bhfuil an toil pholaitiúil ann í a mhaoiniú i gceart - sin é an chéad rud a déarfainn.
seasmhacht pholaitiúil political stability
" Cé go bhfuil deacracht mhór amháin ag an Astráil, is é sin go bhfuil sí chomh fada sin ó na príomh-mhargaí (ach amháin an Nua-Shéalainn), tá buntáistí aici freisin - seasmhacht pholaitiúil, aeráid mhaith, éagsúlacht nádúir i gcomparáid le háiteacha eile - a mheallann na sluaite.
ar chúiseanna polaitiúla for political reasons
" Ag an am bhí a hathair i bpríosún ar chúiseanna polaitiúla, agus ní raibh sé ró-éasca dá máthair post a fháil, toisc nach raibh sí sásta an mhóid dílseachta a bhí ar oibrithe an stáit a ghlacadh le linn an chogaidh chathartha a ghlacadh.
a tuairimí polaitiúla her political opinions
" Bhí beagáinín eagla uirthi a tuairimí polaitiúla agus scéal a fir céile a nochtadh don phríomhoide, an Dr.
brú láidir polaitiúil strong political pressure
" Is cinnte go mbeidh brú láidir polaitiúil ann leis té a chreidtear a bheith ciontach i mbuamáil na hÓmaí a choimeád i bpríosún.
neamhpholaitiúil non-political
" Is eagras neamhbhrabúsach, neamhpholaitiúil agus neamhsheicteach é ÁdTF.
sáinn pholaitiúil eile another political deadlock
" D'fhéadfadh sé ansin geallstan nach scorfaidh siad an Tionól arís má athbhunaítear é, ach tá fadhbanna anseo - má thoghtar go leor ball den DUP agus go leor easaontóirí ón UUP, d'fhéadfadh siad sáinn pholaitiúil eile a chruthú sa Tionól, gan Chéad- agus leas-Chéad Aire bheith ainmnithe.
scoilt pholaitiúil political division
" " Nuair a tháinig Aled go dtí na Sé Chontae, ba é an chéad rud a thug sé faoi deara, ní nach ionadh, ná an scoilt pholaitiúil a ritheann fríd achan ghné den tsochaí anseo.
solúbthacht pholaitiúil political flexibility
" D'fhéadfaí a áiteamh, áfach, go bhfuil laigí ag baint leis an mhéid atá le rá ag Maier faoi na fir sa teaghlach, a n-andúil sa ghnéas agus a solúbthacht pholaitiúil.
aidhmeanna polaitiúla political aims
" Na hÉireannach atá ag cleachtadh na Gaeilge sa Bhruiséil sa lá atá inniu ann, tá an-ghrá againn don teanga ach níl aidhmeanna polaitiúla againn ó thaobh na teanga de.
an staid pholaitiúil the political state
" Ní raibh mé ag súil leis na heachtraí a tharla, a d'athraigh an staid pholaitiúil agus a loit íomhá dhearfach na tíre os comhair tsaoil, ar bhonn fadtéarmach b'fhéidir.
ag cur a leas gearrthéarmach polaitíochta féin putting their own short-term political welfare
" Beidh sé freisin, áfach, ar lámha slam mhór de pholaiteoirí an deiscirt atá faoi láthair ag cur a leas gearrthéarmach polaitíochta féin os cionn leas fadtéarmach mhuintir na hÉireann, thuaidh agus theas.
le dlús a chur le próiseas na polaitíochta to speed up the political process
" Bhí an Taoiseach Bertie Ahern agus Príomhaire na Breataine i mBéal Feirste ar an 23ú lá den mhí seo caite le dlús a chur le próiseas na polaitíochta.
dul chun cinn polaitiúil political progress
" Ó thuaidh, ní bheidh dul chun cinn polaitiúil le sonrú go ceann roinnt blianta.
fheachtas polaitíochta political campaign
" Tá tábhacht ar leith ag baint leis an fheachtas polaitíochta agus tá éifeacht áirithe ag baint le lá an toghcháin féin.
turas polaitiúil agus pearsanta political and personal journey
" San agallamh seo le **Robert McMillen**, cuireann sí síos ar an turas polaitiúil agus pearsanta a rinne sí ó Ghaoth Dobhair go hallaí na cumhachta i mBeal Feirste.
ráiteas polaitiúil political statement
" In agallamh leis an *New York Times*, dúirt an tEaspag Sheridan chomh maith: "Níl ráiteas polaitiúil á dhéanamh agam.
achrann polaitiúil political unrest
" Agus is ansin a sheas an laoch óg álainn ar feadh ceithre chéad bliain, mar fhinné ar na círéibeacha, ar na cogaí agus ar an achrann polaitiúil a bhí ag réabadh thart timpeall air.
in abar polaitiúil in a political morass
" Chaill siad a gceannasaíocht ar a bpobail i dtoghchán an Tionóil agus is léir go bhfuil an dá pháirtí in abar polaitiúil.
chumhacht shubstaintiúil pholaitiúil substantial political power
" Tá sé soiléir go bhfuil na poblachtánaigh, a bhí gníomhach ó na seachtóidí i gcoimhlint na Sé Chontae, anois ag díriú ar chumhacht shubstaintiúil pholaitiúil a fháil dóibh féin ó thuaidh agus ó dheas.
eagraíochtaí polaitiúla de chuid an ghnáthphobail grassroots political organizations
" Tá macasamhail an nóis Mheiriceánaigh seo na nithe a gcreideann tú féin go pearsanta iontu a léiriú don saol mór le feiceáil sa chóras polaitiúil chomh maith; tá baill d'eagraíochtaí polaitiúla de chuid an ghnáthphobail páirteach sa rialtas, agus vótóirí aonair ag cur a gcuid tuairimí in iúl don phobal, ag súil gur féidir leo dul i bhfeidhm ar pholasaithe náisiúnta.
chruacheist pholaitiúil political conundrum
" Labhair Nixon agus a Rúnaí Stáit le chéile ar an ghuthán níos déanaí an lá sin faoin chruacheist pholaitiúil a chothaigh na himeachtaí seo do na Stáit Aontaithe.
leasa pholaitiúil political good
" Ar son leasa pholaitiúil Shinn Féin tuigtear do Beo! go bhfuil seans maith ann go gceadóidh an IRA do chuid dóibh siúd a bhí páirteach sa luíochán eolas a chur ar fáil.
cearta sibhialta agus polaitiúla civil and political rights
" " Bernadette McAliskey ======= Tá clú agus cáil ar Bernadette McAliskey mar fheachtasóir a throid ar son cearta sibhialta agus polaitiúla don phobal Caitliceach (nó náisiúnach) i dTuaisceart Éireann nuair a bhí siad faoi chois.
hinstitiúidí polaitiúla political institutions
" Ag scríobh dó san *Irish Times* an mhí seo caite, luaigh Peter Robinson, leascheannaire an DUP, ceithre réamhéileamh a bheadh le comhlíonadh sula mbeadh páirtí s'aige toilteanach cumhacht a roinnt le Sinn Féin: deireadh críochnúil le gníomhaíocht pharamíliteach; díchoimisiúnú airm na bparamíliteach; rún daingean na hinstitiúidí polaitiúla a oibriú gan stad gan staonadh; agus tacaíocht don tseirbhís phóilíneachta ó achan ghrúpa ó thuaidh.
toil pholaitiúil political will
" toil pholaitiúil ======= Chun é seo a bhaint amach tá gá le toil pholaitiúil agus cinnireacht pholaitiúil.
éiginnteacht pholaitiúil sa Meán-Oirthear the political uncertainty in the Middle East
" Ag scríobh dó sa *Financial Times*, dúirt an t-iriseoir Martin Wolf gur chóir dúinn a bheith an-neirbhíseach faoin éiginnteacht pholaitiúil sa Meán-Oirthear.
gníomh polaitiúil political action
" Tá aithne ag na póilíní ar an bhean seo de bhrí gur thóg sí trioblóid cheana féin agus deir siad nach gníomh polaitiúil ach cás aonarach ab ea é seo.
na mórpháirtithe polaitíochta uilig all the main political parties
" Ach seacht mbliana níos déanaí, tá na mórpháirtithe polaitíochta uilig sásta go bhfanfadh sí sa phost ar feadh seacht mbliana eile.
cainteanna polaitíochta political talks
" Ach má tá náisiúnaithe ag gáire agus iad ag breathnú ar Ian Paisley ag taisteal go Baile Átha Cliath den chéad uair riamh le cainteanna polaitíochta a bheith aige leis an Taoiseach - 30 bliain ó shin bheadh Paisley ag iarraidh é a ruaigeadh as oifig! - beidh orthu fanacht go dtí go bhfaigheann siad amach cad é tá rialtas na hÉireann sásta a ghéilleadh don DUP le hiad a choinneáil ar bord.
sa ghluaiseacht pholaitiúil agus chultúrtha in the political and cultural movement
" Bhog sé go Baile Átha Cliath in earrach na bliana 1905 chun a bheith páirteach sa ghluaiseacht pholaitiúil agus chultúrtha in Éirinn.
príosúnaigh pholaitiúla political prisoners
" Ní raibh cead ag na príosúnaigh pholaitiúla peann ná páipéar a bheith ina seilbh acu i gcaitheamh na seacht mí a chaith sé san institiúid sin sular aistríodh iad go Príosún Lewes.
d'iompar polaitiúil of political behaviour
" Tá léargas i leabhar Marlin ar dhá chéad bliain d'iompar polaitiúil, agus ról lárnach na nÉireannach sa pholaitíocht le linn na tréimhse sin.
níos polaitiúla more political
" Ach tá na saothair agus na díospóireachtaí atá ar bun mar gheall orthu i bhfad níos polaitiúla i mbliana ná mar a bhíonn de ghnách.
ghníomhaíochtaí polaitiúla political activities
" Ó tharla 9/11, tá go leor cainte á dhéanamh ar ghníomhaíochtaí polaitiúla i measc na nÉireannach sna Stáit Aontaithe.
cumhacht pholaitiúil political power
" Tá deacrachtaí bunúsacha ansin mar go bhfuil an daonra deighilte ina dhá leath - pobal dúchasach (47%) agus pobal de bhunadh Indiach (49%), agus coimhlint ghéar eatarthu le tamall maith maidir le cumhacht pholaitiúil.
d'fhoréigean polaitiúil of political violence
" I ndiaidh 35 bliain d'fhoréigean polaitiúil (nó 900 bliain, ag brath ar do dhearcadh), tá an chuma ar an scéal nach mbeidh gá le gunnaí i bpolaitíocht na hÉireann ach leanfaidh na hionsaithe uafásacha ar aghaidh - agus níl mé ag caint ar na paraimíleataigh.
tráchtaire polaitiúl political commentator
" Tháinig an tacaíocht seo ó thriúr ball den pháirtí Batasuna (a bhfuil seisear ball ar fad acu sa Pharlaimint Bhascach) aniar aduaidh ar gach tráchtaire polaitiúl, ós rud é go raibh sé ráite ag Batasuna go soiléir gur tréas don phobal Bascach é Plean Ibarretxe, mar nach bhfuil sé ag iarraidh go mbeadh Tír na mBascach neamhspleách go hiomlán ón Spáinn.
an dearcadh polaitiúil the political outlook
" Chomh maith leis sin, tá Zapatero den tuairim nach gcuireann an plean atá ag Ibarretxe san áireamh an dearcadh polaitiúil atá ag caoga faoin gcéad de na saoránaigh i dTír na mBascach ar mhaith leo an stádas atá ag an tír a choinneáil.
míleas polaitiúil political misuse
" Ar ndóigh is cóir an t-uafás sin a choinneáil i gcuimhne i gcónaí, cé gur smál ar an gcuimhne sin an míleas polaitiúil a baineadh as an gcuimhneachán i mbliana, nuair a cuireadh an cogadh in aghaidh na Naitsithe i gcomparáid leis an bhforghabháil impiriúil ar a dtugtar "an cogadh in aghaidh na sceimhlitheoireachta".
géarchéim mhór pholaitiúil big political crisis
" " Bhí géarchéim mhór pholaitiúil san Úcráin ag an am, agus bhí an-imní uirthi faoi sin.
toscaí polaitiúla political factors
" Measaim gur chaith an Foras airgead i dtreo *Lá *fosta de bharr toscaí polaitiúla.
ceannairí polaitiúla political leaders
" Ar an chéad dul síos, cuirtear an milleán ar fad ar na ceannairí polaitiúla - Gerry Adams, Martin McGuinness agus Gerry Kelly ach go háirithe - siocair gurb iad a chothaigh na fir chrua mar gur fhóir sé dóibh go mbeadh a leithéid ag déanamh póilíneachta ar na ceantair náisiúnacha.
bhorradh polaitiúil political growth
" Thiocfadh leat a rá gurb é an stailc ocrais a bhí mar thúsphointe leis an bhorradh polaitiúil a tháinig faoi Shinn Féin le scór bliain anuas.
cúinsí polaitiúla political circumstances
" ” Chaill Gael Linn an deontas a bhí á fháil acu le haghaidh scannánaíochta de bharr “cúinsí polaitiúla” sna seachtóidí, ach lean Marcus ar aghaidh lena chuid scannánaíochta féin.
hEolaíocht Pholaitiúil Political Science
" Is é Brendan O’Leary, Ollamh Lauder le hEolaíocht Pholaitiúil, agus Stiúrthóir Ionad Solomon Asch do Staidéar na Coimhlinte Eitneapholaitiúla in Ollscoil Pennsylvania, a scríobh an t-alt seo.
buanna polaitíochta political victories
" I 1975 a thosaigh straitéis úr: an cogadh fada tnáithithe, a mhair go dtí 1981 agus ar lean na buanna polaitíochta é a ghnóthaigh Sinn Féin mar thoradh ar stailc ocrais na bliana sin.
dul chun cinn polaitiúil political progress
" Mar thoradh air seo uilig, fógraíodh na sosanna cogaidh poblachtánacha i 1994 agus i 1997 agus lean dul chun cinn polaitiúil iad.
chun roinnt de a thabhairt do na páirtaithe polaitíochta to give some of it to the political parties
" Ach má tá an tAire ag lorg sochair i ndáiríre do gach éinne ón gcóras cód poist (agus ní hamháin deiseanna nua do chomhlachtaí margaíochta agus seachadta airgead a dhéanamh chun roinnt de a thabhairt do na páirtaithe polaitíochta), cuirfidh sé cúpla coinníoll i bhfeidhm nuair a thiocfaidh an córas nua, mar shampla: Nuair a cheadófar iomaíocht i gcúrsaí poist, nach millfear ról sóisialta An Post (go háirithe faoin tuath) ag cuardach an *Holy Grail *seo, “iomaíochas níos fearr”.
toil pholaitiúil political will
" Ní dóigh liom go mbeadh an toil pholaitiúil ann a mhacasamhail a chur ar bun sa tír seo.
ina gcomhthéacs ceart polaitiúil in their proper political context
" Ach sin ráite creidim gur theip ar an tsraith teilifíse ar Chathal Ó hEochaidh fiorléargas a thabhairt ar an chogadh a thosaigh i gclann Fhianna Fáil sna seascaidí, ar son anam nó treo an pháirtí, agus gur theip ar an tsraith Triail na nArm agus Ó hEochaidh féin a shuíomh ina gcomhthéacs ceart polaitiúil.
dufair cheart pholaitiúil a right political jungle
" Triail na nArm ======= Níl aon dabht, chomh fada is a bhaineann sé leis an iriseoir nó leis an staraí, ach gur dufair cheart pholaitiúil í Triail na nAirm agus na heachtraí a chuaigh roimpi.
chun roinnt de a thabhairt do na páirtaithe polaitíochta to give some of it to the political parties
" Ach má tá an tAire ag lorg sochair i ndáiríre do gach éinne ón gcóras cód poist (agus ní hamháin deiseanna nua do chomhlachtaí margaíochta agus seachadta airgead a dhéanamh chun roinnt de a thabhairt do na páirtaithe polaitíochta), cuirfidh sé cúpla coinníoll i bhfeidhm nuair a thiocfaidh an córas nua, mar shampla: Nuair a cheadófar iomaíocht i gcúrsaí poist, nach millfear ról sóisialta An Post (go háirithe faoin tuath) ag cuardach an *Holy Grail *seo, “iomaíochas níos fearr”.
daoine a dtuairimí polaitiúla their political opinions
" Ar ndóigh, tá sé de cheart ag daoine a dtuairimí polaitiúla a bheith acu – ach níl mise ag iarraidh aon bhaint a bheith agam leo.
eagarthóir polaitíochta political editor
" O'Toole in Allegheny County agus eagarthóir polaitíochta an *Pittsburgh Post-Gazette*, James O’Toole.
cinneadh polaitiúil political decision
" I mbeagán focal, tá an Ard-Chúirt ag cur cinneadh polaitiúil i bhfeidhm, cinneadh a thug cead do chorparáid ilnáisiúnta orduithe ceannaigh éigeantacha a eisiúint lena gcuid talún a bhaint ó ghnáthshaoránaigh na tíre.
claonadh polaitiúil political bias
" Tá gá le córas lárnaithe nuachta chun na tuairiscí ar fad a scagadh agus chun iarracht éigin a dhéanamh na fíricí a chinntiú – cé go mbeidh spás ann i gcónaí do thuairimíocht agus claonadh polaitiúil ar scéalta.
an eite pholaitiúil the political wing
" Agus mhaígh sé go raibh an chumhacht i ngluaiseacht na poblachta ag bogadh ón eite mhíleata go dtí an eite pholaitiúil.
clár polaitíochta political programme
" Beidh baill an IRA ag cuidiú le Sinn Féin an clár polaitíochta a chur i gcrích as seo amach.
toil pholaitiúil political will
" Ach ní léir go bhfuil an toil pholaitiúil ann aon ní a ghéilleadh do na meáin, gan srianta breise a chur orthu maidir le sárú príobháide.
ó thaobh na n-athruithe polaitiúla as regards the political changes
" Bhí an t-am ceart chomh maith ó thaobh na n-athruithe polaitiúla a bhí ag tarlú sa dá thír.
an córas polaitíochta the political system
" Deir sé, ‘Chuala mé sibh’ agus leanann sé ar aghaidh mar a bhí sé roimhe!” Sin fadhb mhór atá ag dul in olcas sa Bhreatain, dar le Fisk: an dóigh a mothaíonn daoine nach bhfuil rialtas na tíre ag gníomhú ar a son agus go bhfuil an bhearna idir an saoránach agus an córas polaitíochta ag méadú.
an teachtaireacht pholaitiúil the political message
" An leor “ráiteas” agus “fiúntas” chun saothar ealaíne a bheith maith agus, in ainneoin go spreagfaidh an dealbh díospóireacht faoin dóigh a léirítear daoine faoi mhíchumas inár sochaí, tá roinnt daoine den tuairim gur géilleadh ealaíonta atá ann agus gur tábhachtaí sa chás seo an teachtaireacht pholaitiúil ná an teachtaireacht ealaíne.
ón phróiseas polaitiúil from the political process
" Dúirt an tOirmhinneach Alan Harper, Easpag de chuid Eaglais na hÉireann, mar shampla, go mothaíonn daoine i gceantracha de chuid na haicme oibre aontachtach agus dílseach go bhfuil siad go mór faoi mhíbhuntáiste, coimhthithe agus scoite ón phróiseas polaitiúil.