Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
gurbh ionann an creideamh agus an pholaitíocht that religion and politics were synonymous
" Nuair a bhí cinneadh le déanamh an mbeadh Fear Manach mar chuid den Saorstát nó den Ríocht Aontaithe, bhí an cinneadh a rinneadh bunaithe ar thorthaí dhaonáireamh 1911; agus de bharr gur ghlac daoine leis gurbh ionann an creideamh agus an pholaitíocht, tá Fear Manach fós sa Ríocht Aontaithe.
polaitíocht thoghchánach electoral politics
" Taobh istigh de chúpla bliain, áfach, bhuaigh Bobby Sands toghchán, chuaigh na poblachtánaigh le polaitíocht thoghchánach agus iad níos dáiríre fúithi ná mar a bhí Bernadette féin, fiú.
i bpolaitíocht na heite clé left-wing politics
" Is cuimhin liom agallamh raidió a chur tráth ar dhuine a bhí an-ghafa i bpolaitíocht na heite clé.
na polaitíochta aontachtaí of the unionist politics
" Mar is eol dúinn uilig, ní smaoineamh rómhaith é cur le *alphabet soup *na polaitíochta aontachtaí atá againn faoi láthair.
Polaitíocht an ilchultúrachais the politics of multiculturalism
" Polaitíocht an ilchultúrachais atá ann agus is fiú go mór an troid chun cur in iúl do SBS go gcaithfear athmhachnamh a dhéanamh ar an gcinneadh.
an pholaitíocht bhunreachtúil constitutional politics
" Cinnte tá neart cúiseanna le bheith ag spochadh as Sinn Féin, a fhad is atá siad ag iarraidh bogadh ó *frisson *na streachailte armtha go dtí an pholaitíocht bhunreachtúil, ó na cótaí *duffle *go dtí na cultacha Armani.
tógtha le polaitíocht na heite clé taken with left-wing politics
" Bhí guth agus ceol iontach aige, agus cosuil leis an chuid is mó den dream sin, chítear dom, feasóg air agus é tógtha le polaitíocht na heite clé.
polaitíocht liobrálach liberal politics
" Is as an leatrom seo a d'eascair polaitíocht liobrálach mhuintir Chinnéide ina dhiaidh sin.
Polaitíocht an ilchultúrachais the politics of multiculturalism
" Polaitíocht an ilchultúrachais atá ann agus is fiú go mór an troid chun cur in iúl do SBS go gcaithfear athmhachnamh a dhéanamh ar an gcinneadh.
pholaitíocht an tuaiscirt the politics of the north
" Istigh sa pharlús bhí tuilleadh cainte ar pholaitíocht an tuaiscirt, ar dhaoine muinteartha linn agus ar an bPeil Ghaelach, dar ndóigh.
D'éirigh sí as an pholaitíocht she retired from politics
" D'éirigh sí as an pholaitíocht anuraidh agus caitheann sí i bhfad níos mó ama lena pléisiúir féin: a clann, galf agus, ainneoin nach gcreidim í, ag tabhairt tacaíochta do Manchester United! *Is iriseoir leis an *Irish News* i mBéal Feirste é Robert McMillen.
bpolaitíocht ollscoile university politics
" Daoine eile a bhfuil postanna acu agus iad ina mbainisteoirí i mbialanna taobh le taobh le bheith ar chúrsa ollscoile, nó iad páirteach i bpolaitíocht ollscoile nó i bpolaitíocht áitiúil.
an pholaitíocht shalach inmheánach a sheachaint to avoid the dirty internal politics
" " Le linn a cuid ama in RTÉ chomh maith, d'éirigh léi an pholaitíocht shalach inmheánach a sheachaint.
gafa leis an bpolaitíocht caught up in the politics
" Tá roinnt daoine a chaitheann a saol iomlán in RTÉ agus is iadsan na daoine is mó a bhíonn gafa leis an bpolaitíocht, sílim.
an pholaitíocht chrua eitneach hard-boiled ethnic politics
" " an pholaitíocht chrua eitneach ======= Bhí an dearg-ghráin, ar ndóigh, ag Nixon ar mhuintir Kennedy ar fad.
bpolaitíocht na heite clé left-wing politics
" Bhíos sáite i gcultúr Shasana agus gníomhach i bpolaitíocht na heite clé.
polaitíocht na heite clé left-wing politics
" Is daoine a bhfuil bá acu le polaitíocht na heite clé iad seo.
pholaitíocht na n-inscní the politics of gender
" Dúirt Enrique Juncosa, feighlí an taispeántais, gurb é a bhí sa saothar seo *“poetic amalgamation of found and constructed objects”* a spreagann an intinn agus a bhíogann an tsúil agus is mar sin a ardaíonn Cross díospóireacht dhúshlánach ar ábhair éagsúla ar nós pholaitíocht na n-inscní.
sa Pholaitíocht in Politics
" ” Rinne Fisk céim amháin – an Léann Clasaiceach agus an Teangeolaíocht - in Ollscoil Lancaster agus an dara céim, sa Pholaitíocht, i gColáiste na Tríonóide i mBaile Átha Cliath.
bainteach leis an bpolaitíocht involved in politics
" Tá Harney ar dhuine de na polaiteoirí sin a thugann íomhá mhaith dóibh siúd atá bainteach leis an bpolaitíocht.
an pholaitíocht shíochánta peaceful politics
" Íorónta ======= An dea-scéala – má chreideann tú go bhfuil Sinn Féin i ndáiríre ag bogadh chun tosaigh chuig an pholaitíocht shíochánta amháin - nach raibh baill d’eite Adams/McGuinness den ghluaiseacht páirteach sa scliúchas.
an pholaitíocht réabhlóideach revolutionary politics
" Bhí ceangal láidir idir é agus an pholaitíocht réabhlóideach agus b’aidhm thábhachtach dá chuid saol an lucht oibre a fheabhsú.
ag bogadh i dtreo na polaitíochta moving towards politics
" Bhí Sinn Féin ag bogadh i dtreo na polaitíochta agus mhothaigh sé go raibh sé ina éan corr.
ba bhean chumhachtach sa pholaitíocht she was a powerful woman in politics
" Cinnte, ba sheanbhean í a d’imir cluichí cártaí lena cairde – ach ba bhean chumhachtach sa pholaitíocht í leis.
i bpolaitíocht na heite clé in left-wing politics
" Bhí aithne mhaith agam féin ar Colin i Learpholl, áit a raibh sé gníomhach i bpolaitíocht na heite clé nuair a bhí sé ina dhéagóir, san fheachtas dlúthpháirtíochta le Vítneam, mar shampla.
an pholaitíocht politics
" Nuair a toghadh Margaret Thatcher ina príomhaire i 1979, ba léir do Colin an treo a raibh an pholaitíocht ag dul i Sasana agus bhog sé go hÉirinn i 1980.
gan trácht ar an pholaitíocht idirnáisiúnta agus dhomhanda. not to mention international and world politics.
" Bíonn lucht léite *Beo Ar Éigean* ag súil le caighdeán ard tuairisceoireachta, go háirid i dtaca le cúrsaí polaitíochta náisiúnta, gan trácht ar an pholaitíocht idirnáisiúnta agus dhomhanda.
an pholaitíocht politics
" An fíor é go bhfuil poblachtánachas “an fhórsa fhisiciúil” ar shlí na fírinne? Nuair a labhair mé le poblachtánach sinsearach dúirt sé gur chaith sé cuid mhór ama le deich mbliana anuas ag éirí cur ina luí ar bhaill an IRA nach raibh gá leis an streachailt armtha agus gurbh fhéidir spriocanna poblachtánacha a bhaint amach fríd an pholaitíocht.
in amhras faoi pholaitíocht suspicious of politics
" Léiríonn sé go bhfuil muintir na Poblachta in amhras faoi pholaitíocht atá i dtreo na heite clé barraíocht.
an pholaitíocht politics
" “Cad é go díreach atá cearr leis? Tá achan ghné den saol clúdaithe ann – an spórt, an Ghaeilge, na healaíona, an pholaitíocht.
an fhíorpholaitíocht real politics
"an fhíorpholaitíocht faoi lán seoil ó thuaidh na laethanta seo - ach tá meabhruithe ar na seanlaetheanta thart timpeall orainn fosta.
go bhfeidhmíonn an pholaitíocht that politics functions
" Deirim go minic go bhfeidhmíonn an pholaitíocht ar dhá leibhéal mhóra: leibhéal an Tionóil agus leibhéal na sráide.
riail bhunúsach dhobhriste pholaitíocht na hÉireann. a basic unbreakable rule of politics in Ireland
" Bhris sé riail bhunúsach dhobhriste pholaitíocht na hÉireann.
polaitíocht na heite clé left wing politics
" Is dócha go raibh mé i gcoinne ‘nóisean na gairme’ ar bhonn idé-eolaíoch mar gur bhain mé go láidir le polaitíocht na heite clé – creid é nó ná creid!”Is dócha, mar sin, go n-aontódh Myers le ráiteas cáiliúil Winston Churchill: “If a man is not a socialist by the time he is 20, he has no heart.
an pholaitíocht inmheánach in internal politics
" Ar éirigh le Liam an pholaitíocht inmheánach a sheachaint? “D’éirigh, a bheag nó a mhór, cé nach bhféadfá gan í a thabhairt faoi deara.
polaitíocht ghránna ugly politics
" Go deimhin, polaitíocht ghránna a bhí i gceist agus deirtear liom go bhfuil sí sa chóras ollscolaíochta ar fad.
an pholaitíocht shuarach sin those petty politics
" ” Agus cén fáth a mbíonn an pholaitíocht shuarach sin i gceist i gcoláistí tríú leibhéal? “Ceist mhaith.
an pholaitíocht réadúil real politics
" Cé a dúirt go mbeadh an pholaitíocht réadúil leadránach? Bhí tréimhse ann agus bhí an choimhlint ó thuaidh “gnéasach”.
an pholaitíocht úr new politics
" Taobh istigh de sheachtain, fuair muid léargas ar an pholaitíocht úr agus macalla de chastacht na dtrioblóidí a réab an chuid seo d’Éirinn ar feadh 40 bliain.
an ndíríonn tú ar pholaitíocht na teanga féin to you focus on the politics of the language itself
" Aithním an dúshlán iriseoireachta a bhaineann le foilsiú nuachtáin i mionteanga: an ndíríonn tú ar pholaitíocht na teanga féin nó an ndéanann tú iarracht cothromaíocht a bhaint amach idir "gnáthscéalta" agus scéalta na teanga? D’fhéadfaí a rá gur maith liom an teoiric: gur chun tairbhe phobal na mionteanga é nuachtán laethúil sa teanga sin.
éirithe as an pholaitíocht having retired from politics
" Ar saoradh tír ar bith ón daorsmacht lena leithéid de ghníomh suarach? *Jaw-jaw* duine ar bith? ***************** Anois agus Ian Paisley éirithe as an pholaitíocht – rud a rinne sé ag deireadh na míosa seo caite – tá sé le dírbheathaisnéis a scríobh.
ó thaobh na polaitíochta áitiúla in terms of local politics
" Teaghlach mór Fhianna Fáil ab ea a teaghlach féin agus ba ghnách leo cruinnithe a bheith acu sa teach aimsir toghchán – ba gheall le "ceanncheathrú bheag" é tigh de Róiste ó thaobh na polaitíochta áitiúla de, dar léi féin.
gnóthaí polaitíochta politics
" Ar mhí-ámharaí an tsaoil áfach, tá gnóthaí polaitíochta na Pacastáine ag éirí míshocair le tamall anuas agus ní fios cén treo a rachaidh an Phacastáin amach anseo.
bpolaitíocht na sáraíocht adversarial politics
" ” Nach iontach an léargas é sin ar chur chuige, ar aigne, ar fhís, ar dhearcadh an DUP i leith na cothromaíochta? Tá taithí fada ag an Uasal McCausland, iarbhall den UUP a d’iompaigh chuig an DUP, i bpolaitíocht na sáraíocht (adversarial politics) agus is iad an CLG, an Ghaeilg agus an cultúr Gaelach, na clocha is mó ar a phaidrín má tá an abairt sin fóirstineach don Phrotastúnach Soiscéalach! Dúirt an ceimí de chuid Oxford, i ndiaidh a cheaptha, nach dtabharfadh sé cuairt ar ionad CLG a bhí baiste as poblachtánaithe agus é ag tagairt do Pháirc Mhic Easmainn ach go háirithe.
malairt polaitíochta alternative politics
" Tá súil agam go mbeidh sa chéad Dáil eile freasúra le prionsabal den eite chlé, fiú amháin más ceathrar, cúigear nó seisear athá ansan, chun freasúracht de shaghas eile ar fad a chur ar siúl agus chun malairt polaitíochta agus malairt eacnamaíochta a chur faoi bhráid na ndaoine agus ins an tslí sin, abair, agus gluaiseacht nua a thógaint i measc cosmhuintir na tíre seo, chun polasaí agus polaitíocht agus eacnamaíocht nua ar bhonn nua a chur chun cinn.
gheopholaitíocht geo-politics
" Shahid Alam, Ollamh le hEacnamaíocht ag Ollscoil Northeastern i mBoston sa réamhrá dá leabhar nua, *Israeli Exceptionalism: The Destabilizing Logic of Zionism*, “Cén fáth go bhfuil eacnamaí ag scríobh leabhair faoi gheopholaitíocht an tSíónachais?” Is é an freagra a thugann sé ná nárbh fhéidir le leabhar faoi gheilleagar cabhrú leis “an loighic fhuar agus an paisean domhain” a spreag an Síónachas a thuiscint.
polaitíocht ar leith a particular politics
" Athshealbhú na Briotáinise =============== Ar bhealach, bhí an ceol i bhfad níos éasca a athshealbhú ná an teanga, mar, cosúil le cás na hÉireann, bhí dearcadh aisteach i gcoinne na teanga mionlaithe agus mar gheall ar í a bheith nasctha le fada an lá le polaitíocht ar leith.
eolaí polaitíochta an expert in politics
" Is léir go raibh sé ag smaoineamh mar fhear geilleagair agus ní mar eolaí polaitíochta.
aicmeachas class politics
" Is mó an bhaint atá ag aicmeachas leis an scéal, dar leis an Aire Ruane.
bealach na polaitíochta the road of politics
" Ní hiontas é go bhfuil an oiread sin páipéarachais cruinnithe ag an Uigeannach a bhí ina léachtóir ollscoile ar feadh i bhfad go dtí gur roghnaigh sé bealach na polaitíochta.
bhrat na polaitíochta the mantle of politics
" Gan urlabhraí a d’fhéadfadh cás an UVF a chur chun cinn faoi bhrat na polaitíochta, roghnaigh na paraimílitigh an seanbhealach traidisiúnta le haird a tharraingt ar a n-éileamh - rinne siad ionsaí ar Chaitlicigh, baiclí de bhuachaillí óga, neamhoilte, dífhostaithe feargacha mar cheithearnaigh acu.
in oiriúint do do dhearcadh polaitíochta to fit your party politics
" Ar ndóigh, ní hí an stair an chloch is mó ar phaidrín Robinson ach idé-eolaíocht, bosca stáin ina sánn tú an stair, a bhrú agus a mhúnlú le go mbeidh sé in oiriúint do do dhearcadh polaitíochta.
gnóthaí polaitíochta the world of politics
" Thabharfadh go leor daoine ‘seó gnó’ seachas ‘féile’ ar na cluichí samhraidh ar an ábhar go mbíonn tionchar nach beag ag cúrsaí gnó, airgead agus gnóthaí polaitíochta orthu.
idir chreideamh agus pholaitíocht both in religion and politics
" Ní maith liom an focal seicteachas mar ceileann sé bunfhadhb an tuaiscirt - an frith-Chaitliceacheas, idir chreideamh agus pholaitíocht.
i dtreo na polaitíochta to politics
" " Nuair a tháinig sé amach, chreid sé go diongbháilte "sa streachailt armtha" agus maítear go raibh sé páirteach i líon mór scaoileadh agus buamáil agus admhaíonn sé gur tógadh é corradh le 200 uair, mar sin, cá huair ar iompaigh Ó hEára mar Naomh Pol ar a bhealach go Damaisc, i dtreo na polaitíochta agus ar shiúl ón fhoréigean? "Bhí difir idir muidinne agus muintir Bhéal Feirste cuir i gcás, mar ní raibh traidisiún láidir poblachtachais i nDoire.
pholaitíocht politics
" Maíodh ag an am go raibh baint ag an pholaitíocht leis an aitheantas a bhronn EOECNA ar shuíomh na heaglaise.
Bíodh deireadh le polaitíocht an mhilleáin the politics of blame must end
" Bíodh deireadh le polaitíocht an mhilleáin.
i réimse na polaitíochta in the world of politics
" Is fada an lá ó chualamar gur tháinig deireadh le idé-eolaíocht i réimse na polaitíochta.
An ealaín mhímhorálta í an pholaitíocht, más ea so is politics an immoral code
" Is Ceist Pholaitiúil Ceist Pholaitiúil =============== An ealaín mhímhorálta í an pholaitíocht, más ea? Ní dóigh liom é agus braithim gur ceist mhearathlach is ea an cheist réamhluaite toisc go bhfuil an nóisean a dtugann na fealsúna ‘tuathal catagóire’ air i gceist anseo.
Saol Corrach na Polaitíochta the turbulence of politics
" Saol Corrach na Polaitíochta ========== Bhí sé níos deacra a bheith gníomhach i gcúrsaí polaitíochta sna seachtóidí, an tréimhse sin ó 73 go 77 go háirithe nuair a bhí an comhrialtas uafásach sin ann de Fhine Gael agus an Lucht Oibre.
i réimse na polaitíochta in the field of politics
" Is léireasc seanbunaithe é i réimse na polaitíochta, nuair a bhíonn athrú rialtais, nach mbuann an freasúra an toghchán ach go gcailleann an rialtas é.
aithním go bhfuil lámha salacha na polaitíochta ar obair I realize that the sullied hand of politics is meddling here
" Cinneadh an Choinbhinsiúin ============ Mar sin, is céim bheag chun cinn é an cinneadh seo ag An Coinbhinsiún ar an Bhunreacht ach aithním go bhfuil lámha salacha na polaitíochta ar obair agus gur eagla roimh Shinn Féin príomhspreagadh na bpáirtithe móra ó dheas agus iad ag plé na ceiste seo.
An Creideamh ina Pholaitíocht religion as politics
" An Creideamh ina Pholaitíocht ========== Ábhar aiféaltais a bhí ann don DUP ach níor fáth ar bith iontais é do pháirtí ina bhfuil an creideamh bunchreidmheach agus an pholaitíocht measctha do dlúth ina chéile.
beag beann ar chreideamh nó ar pholaitíocht impervious to religion or politics
" Ní dócha go raibh sé seo ar intinn lucht a eagraithe (an Béal Feirsteach Liam Carson agus a fhéile IMRAM) nuair a choimisiúnaigh siad an chéad lá riamh é ach tabharfaidh an choirm seo teachtaireacht láidir faoin Ghaeilge, measaim - gur áis í a dtig le gach duine sult a bhaint aisti beag beann ar chreideamh nó ar pholaitíocht.
sáite in obair na polaitíochta immersed in politics
" Bhí do dheirfiúr, Mairéad nach maireann, iontach gníomhach i nGluaiseacht na Poblachta agus tá d’iníon den ainm céanna, Mairéad, sáite in obair na polaitíochta anseo i nGaillimh.
an pholaitíocht mar ghairm politics as a profession
" Níor theip air an phríomhaireacht a bhaint amach toisc nár léigh sé The Prince nó Politik als Beruf (an pholaitíocht mar ghairm) i gceart.
ag plé le cúrsaí polaitíochta involved with politics
" Is fear é Eamonn McCann as Doire a bhfuil blianta fada caite aige ag plé le cúrsaí polaitíochta i dTuaisceart Éireann ach, mar a fuair Ciara Nic Gabhann amach nuair a bhuail sí leis le gairid, tá spéis aige i go leor rudaí eile le cois na polaitíochta.
an pholaitíocht politics
" Tá sé róluath le rá, dar le Robert McMillen, cén treo ina rachaidh an pholaitíocht sna Sé Chontae.
mar gheall ar pholaitíocht na Gaeilge regarding the politics of the Irish language
" Labhair Caoimhe Ní Laighin leis le gairid mar gheall ar pholaitíocht na Gaeilge agus mar gheall ar a fhís i leith na teanga.
oibriú na polaitíochta how politics work
" Fuair Balor an-léaró ina óige ar oibriú na polaitíochta agus tá a léacht ar an ábhar le roinnt aige linn san alt siosmaideach seo.
Is ait an mac an pholaitíocht politics are strange
" Is ait an mac an pholaitíocht; Martin McGuinness le labhairt ag Comhdháil na gCoimeádach? An DUP, na Tóraithe móide LibDem agus Sinn Féin, b’fhéidir, a deir Robert McMillen, gurb shin an meascán a bhéarfas an chaoinfhulaingt agus an fhíorpholaitíocht chun tosaigh.
Is iomaí cor i saol na polaitíochta a day is a long time in politics
Is ait an mac saol na polaitíochta the world of politics is strange
" Is ait an mac saol na polaitíochta nuair a chinneann duine aonair iompar poimpe a tharraingt anuas orthu go léir.