Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
breac le póstaeir full of posters
" Bhí an tír breac le póstaeir a thaispeáin a aghaidh ghriandaite agus ar a raibh manaí mar "cathracha níos sábháilte, post agus cánacha níos ísle do gach duine".
corrphóstaer the odd poster
" Táim cinnte, áfach, go raibh go leor de mhuintir na tíre a cheap gur iarsmaí ón toghchán deireanach ab ea an corrphóstaer a chonaic siad in airde le linn mhí Iúil.
dó phóstaeirí na bpáirtithe eile the burning of the other parties' posters
" Bíonn spórt ag baint leis an stocaireacht a dhéanann na hiarrthóirí agus a lucht tacaíochta, le dó phóstaeirí na bpáirtithe eile, le ciceáil mhuintir na bpáirtithe eile, le scrios oifigí na bpáirtithe eile; leis na mionnaí móra agus na mionnaí beaga, leis an bhualadh bos agus an buaileam sciath, leis na bréaga agus na gealltaí, leis an gheáitseáil agus leis na gothaí, ach fós níl sárú an chuntais fhada ann.
ag tiomnú an phóstaera dedicating the poster
" Cad é an bronntanas atá Balor ag gabháil a thabhairt d’fhear Chorcaí, más ea? Seanphoóstaer d’fhear óg i ngeansaí sacair na Sé Chontae, gealgháire ar a ghnúis agus loinnir ina shúile; scrábáil mhór faoi bhun an phictiúir ag tiomnú an phóstaera dá chara Roy Ó Keanó, sínithe ag *Seoirse Is Fearr*.
póstaeir agus uirlisí san áireamh. including posters and instruments.
" Tá 16,000 leabhar agus irisleabhar ar fáil, 10,000 grianghraf, 9,000 fonn i bhfoirm dhigiteach, 6,500 bileog bhailéid, 2,500 clár teilifíse, 1,000 fístéip agus DVD agus go leor ábhair eile, póstaeir agus uirlisí san áireamh.
Póstaeir crochta. Posters put up.
gur crochadh an póstaer seo that this poster was put up
" Bhí Sinn Féin ar buile gur crochadh an póstaer seo taobh amuigh d’fhoighneamh s’acu ar Bhóthar na bhFál, an ceann a bhfuil múrphictiúr clúiteach Bobby Sands air, ach chaill siad an phointe; Bobby Sands féin, dúirt sé nárbh fhiú aon phoblacht nach raibh sóisialach.
ar bhileoga on fliers, handouts, posters
" Feictear iad i bhfuinneoga siopaí, ar fhógraí tráchtála, ar bhileoga, ar fhógraí oifigiúla agus ar chomharthaí tráchta idirnáisiúnta.