Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
próiseas earcaíochta recruitment process
" Tá an próiseas earcaíochta ar siúl an mhí seo le príomhfheidhmeannach a cheapadh ar Fhoras na Gaeilge, mar chomharba ar Mhícheál Ó Gruagáin.
an phróiseas síochána the peace process
" Maidir leis na fadhbanna atá ag baint leis an phróiseas síochána faoi láthair, cuireann 3% acu locht ar na haontachtaithe, 5% ar na poblachtánaigh, ach cuireann 64% an locht ar an dá phobal sin.
an próiseas síochána the peace process
" Ba í ceannasaíocht Bill Clinton, agus foighne George Mitchell go háirithe, a bhog an próiseas síochána ar aghaidh go rathúil i dTuaisceart Éireann.
an phróiseas síochána the peace process
" Leis an phróiseas síochána, b'fhéidir go mbeidh Éireannaigh i Sasana a bhfuil ceangal acu le 1916 níos sásta labhairt amach faoi, gan imní a bheith orthu faoi aird an Bhrainse Speisialta nó MI5 a tharraingt orthu féin.
phróiseas athmhuintearais healing process
" " Cuireann Gomez béim láidir ar chúram iomlánaíoch go háirithe, agus ar an ról atá ag an oideachas agus ag forbairt shóisialta sa phróiseas athmhuintearais.
phróiseas síochána the peace process
" Labhair siad le chéile go príobháideach ar feadh uair an chloig faoin phróiseas síochána.
phróiseas na síochána the peace process
" Agus tá aicme bheag nua ann fosta, is í sin na céadta duine (nó b'fhéidir deich míle ar fud na Sé Chontae) atá fostaithe mar oibrithe pobail mar gheall ar phróiseas na síochána.
phróiseas síochána peace process
" Tá muinín sa phróiseas síochána ag titim as a chéile.
phróiseas síochána peace process
" Nuair a cuireadh tús leis an chéad phróiseas síochána tugadh níos mó airde ar agus tuilleadh airgid fosta do thionscadail úra sa dá phobal ó thuaidh.
phróiseas na síochána the peace process
" " Deir sé gur mó an seans anois go rachaidh Protastúnaigh óga isteach sna paramílitigh dhílseacha ná mar a bhí roimh thús phróiseas na síochána.
phróiseas cruthaitheach creative process
" Gan amhras is rud fíordheacair é greim a fháil go fisiciúil ar rud atá doláimhsithe mar sin; an cóir é a mhíniú nó é a fhágáil oscailte?" Úsáideann McAteer focail mar "ionracas" agus "spioradáltacht" agus frásaí mar "ag déanamh teagmhála leis an tobar a luíonn taobh istigh dínn" agus é ag caint faoin phróiseas cruthaitheach.
próiseas foirmiúil formal process
"próiseas foirmiúil ag an Eaglais Chaitliceach anois le hiniúchadh a dhéanamh ar chásanna mar seo ach tá daoine ann a deir nach bhfuil an próiseas sásúil.
phróiseas na síochána the peace process
" An mhí seo caite, scríobh mé fán bharúil a bhí ann go raibh David Trimble ar an dé deiridh, foighid caillte ag Baile Átha Cliath leis agus fiú Londain ag éirí éiginnte fá cheannaireacht s'aige ar a pháirtí féin agus ar phróiseas na síochána go ginearálta.
phróiseas daonlathach democratic process
" Ní náisiúnaithe atá á rá seo - tá an bhagairt ag teacht uathu sin atá ag tabhairt seanmóirí dúinn ar thosaíocht a thabhairt don phróiseas daonlathach.
próiseas process
" Thug an próiseas cruthaitheach bealach do John le cur síos a dhéanamh ar na mothúcháin agus ar na smaointe a bhí aige.
bpróiseas cumadóireachta the composing process
" AÓF: Inis dúinn faoin bpróiseas cumadóireachta.
próiseas fadálach slow process
" Déanann sé réidh a chuid adhmaid féin, próiseas fadálach go leor a thógann neart ama.
an phróiseas síochána the peace process
" Níl aon amhras ach oiread nach bhfuil an eachtra uilig tar éis cabhrú leis an phróiseas síochána.
próiseas na síochána the peace process
" "* Tábhachtach ======= Deir léiritheoir an dráma, Pam Brighton, go bhféadfadh "A Cold House" a bheith ar cheann de na drámaí is tábhachtaí a spreag próiseas na síochána.
próiseas comhchomhairle the general consultation process
" Mothaíonn sí gur oibrigh an próiseas comhchomhairle a bhí acu ar fud na Gaeltachta go maith, ach ina dhiaidh sin nach raibh go leor ama acu le "hanailís a dhéanamh ar an ábhar sin, ar chiall a dhéanamh as agus ar na múnlaí a fhorbairt don tréimhse amach romhainn.
próiseas na síochána the peace process
"próiseas na síochána ag brath ar thoradh an easaontais.
phróiseas toghchánaíochta election process
" I ndiaidh blianta de shíorghearán ón "talamh ard morálta" fá nósanna mídhleathacha Shinn Féin sa phróiseas toghchánaíochta, dar leo, ag deireadh mhí Iúil ghabh an PSNI Alastair Patterson, Príomhfheidhmeannach an UUP as "coireanna tromchúiseacha" a bhain leis an tréimhse a bhí sé ag obair san Oifig Toghchánaíochta ó thuaidh.
phróiseas na síochána the peace process
" "'Bainfidh Trimble den 313ú huair, ach tiocfaidh Jeffrey ar ais ar an bhliain seo chugainn le é a dheánamh arís,' arsa urlabhraí de chuid an UUP sular bhris sé amach a chaoineadh!" Ach measann daoine gur laoch an aontachtachais é Emerson mar go léiríonn sé go bhfuil acmhainn grinn ag aontachtaithe, go n-aithníonn sé na lochtanna atá ar an dream a dtugann sé tacaíocht dóibh, oiread le héirí in airde Shinn Féin, agus na lochtanna atá ar phróiseas na síochána.
an próiseas cruthaitheach the creative process
" An bhfuil sin amhlaidh i gcás Neil Martin? An bhfuil an próiseas cruthaitheach chomh simplí sin? "Ní shílim go gcumtar ceol amach as folús," ar sé.
próiseas cinnteoireachta a process of decision making
" Córas nó próiseas cinnteoireachta atá ann dáiríre ach is séimhe sothuigthe gonta mar fhocal é "bunreacht".
tiománaithe phróiseas na síochána those driving the peace process
" Tá "léarscáíl bhóthair" aimsithe ag tiománaithe phróiseas na síochána má thig le paisinéirí thraein na síochána aontú ar na stáisiúin a gcaithfear cuairt a thabhairt orthu - stáisiún an díchoimisiúnaithe, stáisiún an dímhíleataithe, stáisiún bhuanú na n-institiúidí - sula mbainfidh siad ceann scríbe amach.
gur fearrde an próiseas daonlathach sa tír that the democratic process in the country is better
" Tá sé den tuairim go léiríonn an scéal seo faoi na táillí seirbhíse go raibh dul amú ar na tráchtairí sna meáin a dúirt gur fearrde an próiseas daonlathach sa tír d'uireasa an *dual mandate*.
an phróiseas cruthaitheach the creative process
" Ní hé a scéal siúd, áfach, an rud is suimiúla nó is tabhachtaí sa scannán - is léargás ar an phróiseas cruthaitheach é agus an saineolas a bhí ag Vermeer maidir le léiriú an tsolais.
phróiseas fiosrúcháin enquiry process
" Mar chuid den phróiseas fiosrúcháin, tugadh cuireadh do ghrúpaí deonacha a gcás a dhéanamh leo.
cuimhneamh ar na céimeanna i bpróiseas simplí to remember the steps in a simple process
" D'fhéadfadh an teicneolaíocht chéanna seo cúnamh a thabhairt do dhaoine a bhfuil fadhbanna sláinte acu cuimhneamh ar na céimeanna i bpróiseas simplí agus iad a stopadh de bheith ag meascadh piollairí míchearta lena chéile freisin.
bpróiseas driogaireachta distilling process
" Rinne siad staidéar, mar sin, agus d'aithin faoi dheireadh gurbh fhéidir leo a n-eorna a bhracadh le teas fuílligh ón bpróiseas driogaireachta féin, dá mbainfidís úsáid as comhdhlúthadáin mhóra.
faoin bpróiseas stiléireachta about the distilling process
" I lár coille a bhíomar anuraidh, seisear léachtóirí agus fiche mac léinn, agus chaitheamar seachtain ansin ag plé litríocht Bhéarla agus Ghaeilge na hÉireann, ag glacadh páirte i ndráma, ag féachaint ar scannáin, ag siúl, ag gabháil foinn os comhair tine chnámh, agus ar ndóigh, ag blaiseadh braon beorach is fíona anois is arís! Thug foireann ghnó ó Jameson cuairt orainn fiú amháin, agus físeán leo faoin bpróiseas stiléireachta, agus thángadar le cúpla braon saor in aisce dúinn chomh maith! Toisc gur réitíomar ar fad chomh maith sin le chéile, fuaireas cuireadh caint a thabhairt in Olomouc níos déanaí sa bhliain.
le dlús a chur le próiseas na polaitíochta to speed up the political process
" Bhí an Taoiseach Bertie Ahern agus Príomhaire na Breataine i mBéal Feirste ar an 23ú lá den mhí seo caite le dlús a chur le próiseas na polaitíochta.
phróiseas taiscéalaíochta agus fionnachtana a process of exploration and discovery
" Nuair a léimid abairtí tosaigh "Bullaí Mhártain" leanaimid ord na bhfocal go dtuigimis a gciall agus, ag an am chéanna, cuirimid ceann ar phróiseas taiscéalaíochta agus fionnachtana a osclaíonn réaltacht "Bullaí Mhártain" dúinn diaidh ar ndiaidh.
bpróiseas pleanála planning process
" Tá níos mó daoine óga ag teastáil uainn chun a bheith páirteach in imeachtaí Mhuintir Chrónáin agus, níos tábhachtaí, i bpróiseas pleanála na heagraíochta.
próiseas process
" Ach ní shéanfadh aon duine go ndearna an páirtí íobairtí ar son na síochana, go háirithe le 15 bliana anuas nuair a chuir siad a bhfuinneamh isteach i bpróiseas a bhéarfadh poblachtánaigh "isteach ón fhuacht".
próiseas process
" Faraor, cruthóidh an próiseas nua seo fadhbanna áirithe do dhaoine le míchumas, agus tá na bainc ag iarraidh freastal faoi leith a dhéanamh orthu siúd.
an próiseas cruthaíoch the creative process
" "Ní thuigeann siad an próiseas cruthaíoch - iarrtar plean roimh an saothar.
phróiseas síochána peace process
" Mar chuid den phróiseas síochána, ag na cainteanna i bPáirc Weston i 2001 d'fhógair an dá rialtas go raibh siad chun iarraidh ar an mBreitheamh Peter Cory ó Cheanada cúig dhúnmharú a scrúdú le feiceáil an raibh fianaise ann go raibh claonpháirteachais ar siúl ag na fórsaí slándála.
próiseas roghnaithe selection process
" "Tá próiseas roghnaithe ann atá beagán ar nós cheann na gCluichí Oilimpeacha (seachas an rógaireacht!).
próiseas cothrom toghcháin just election process
" Rinneadh ceangal idir an nóiseán cineál doiléir seo den tsaoirse agus an nóiseán doiléir eile gur daonlathas a bhí i Meiriceá, ina raibh próiseas cothrom toghcháin.
phróiseas slándála speisialta a special security process
" Is gá ríomhairí glúine a chur trí phróiseas slándála speisialta san aerfort, agus cinntítear nach bhfuil aon rud faoi cheilt laistigh de ghutháin shoghluaiste le scanóirí x-ghathacha.
sa phróiseas cinntí in the decision-making process
" "Bhreathnaigh siad ar ról rialacháin agus rialtóirí i dtionscail éagsúla agus socraíodh go mbeadh coimisiún, seachas daoine aonair, níos éifeachtaí sa phróiseas cinntí.
próiseas foirmeálta léirmheasa acadúil a formal academic review process
" De bhrí nach bhfuil próiseas foirmeálta léirmheasa acadúil i gceist, a dúirt sé, tá éiginnteacht ann faoi bhfuil i ndán do Wikipedia.
phróiseas síochána peace process
" Bhí Robb páirteach sna cainteanna le rialtas Westminster mar chuid den phróiseas síochána, mar bhall den PUP.
próiseas síochána peace process
" An chúis dheireanach: chuir daoine taobh istigh agus taobh amuigh de ghluaiseacht na poblachta ina luí ar cheannairí, ar chimí, agus ar na hÓglaigh iad féin – an chuid is mó acu seo ar scor ar bith – gurbh é próiseas síochána bunaithe ar chomhoibriú le náisiúnaithe eile an bealach ab fhearr le spriocanna poblachtánacha a bhaint amach, fiú dá gcaithfí an IRA scor.
do phróiseas úr na síochána for the new peace process
" Cad é a thiocfadh le hiarbhaill an IRA a dhéanamh? Má eagraíonn siad a bpobal féin le cur in éadan na nOráisteach, cad é na himpleachtaí a bheas ansin do phróiseas úr na síochána? Tá imní ar chuid mhór daoine atá ina gcónaí gar do “líne na síochána” go mbeidh siad fágtha gan chosaint.
an phróiseas ceimiceach the chemical process
" Le himeacht aimsire, tiocfaidh forbairt ar an tuiscint atá ag daoine ar an chóras digiteach agus beidh deireadh ansin leis an phróiseas ceimiceach.
próiseas na síochána the peace process
" Dearcadh deimhnitheach ======= Ó tháinig sé i gcomharbacht ar John Major i 1997, bhí dearcadh deimhnitheach ag Blair fá na féidearthachtaí a bhain le próiseas na síochána.
a mhacasamhail de phróiseas a similiar process
" Deir sé go ndeachaigh na hÉireannaigh fríd a mhacasamhail de phróiseas blianta ó shin, nuair a chaith muid chuile rud isteach sa cheol traidisiúnta agus go dtáinig muid fríd.
ar phróiseas na léitheoireachta on the process of reading
" Thrácht mé go speisialta ar an méid a deir sé fán tábhacht a bhaineann leis an tús i saothar litríochta agus fán dóigh a dtéann an tús i bhfeidhm go cinniúnach ar phróiseas na léitheoireachta.
an phróiseas ceimiceach the chemical process
" Le himeacht aimsire, tiocfaidh forbairt ar an tuiscint atá ag daoine ar an chóras digiteach agus beidh deireadh ansin leis an phróiseas ceimiceach.
ar phróiseas na léitheoireachta on the process of reading
" Thrácht mé go speisialta ar an méid a deir sé fán tábhacht a bhaineann leis an tús i saothar litríochta agus fán dóigh a dtéann an tús i bhfeidhm go cinniúnach ar phróiseas na léitheoireachta.
an phróiseas díláraithe cumhachta the decentralisation of power process
" Faoin bhliain 1999, mar shampla, bhí Comhairle nan Eilean agus Parlaimint na hAlban bunaithe mar thoradh ar an phróiseas díláraithe cumhachta sa Bhreatain agus Comhaontú Aoine an Chéasta sa tuaisceart, agus chruthaigh sé seo comhthéacs nua polaitiúil ina bhféadfadh tionscadail mar *An Leabhar Mór *bláthú.
próiseas fadálach lengthy process
" Tá a leithéid de chóras measartha coitianta ar mhór-roinn na hEorpa agus tá trealamh ardteicneolaíochta ar fáil anois a chiallaíonn nach próiseas fadálach a bhíonn ann.
chastacht an phróisis the complicated nature of the process
" B’fhéidir go mbeifear ábalta teicneolaíocht nua a úsáid chun níos mó ola a bhaint amach as na holacheantair atá aimsithe anois – ach de bharr chastacht an phróisis beidh praghas na hola seo níos airde.
ón phróiseas polaitiúil from the political process
" Dúirt an tOirmhinneach Alan Harper, Easpag de chuid Eaglais na hÉireann, mar shampla, go mothaíonn daoine i gceantracha de chuid na haicme oibre aontachtach agus dílseach go bhfuil siad go mór faoi mhíbhuntáiste, coimhthithe agus scoite ón phróiseas polaitiúil.
phróiseas na síochána the peace process
" Ar ndóigh, bhí anailís déanta aige ar an choimhlint in Éirinn go dtí sin agus óna bhéal féin a chuala mé an chéad trácht ar “phróiseas na síochána”.
an phróiseas síochána the peace process
" Maraíodh Denis Donaldson an lá sula raibh an dá Rialtas le ráiteas a eisiúint le chéile faoi cad é an chéad chéim eile a bhí beartaithe acu maidir leis an phróiseas síochána.
clár oibre phróiseas na síochána the peace process agenda
" Díograiseoir cruthanta Gerry Adams, d’oibrigh Denis Donaldson laistigh d’eangach riaracháin na Sealadach, é i gcónaí sásta an choisíocht chrua a chur isteach, lasmuigh den spotsolas, chun clár oibre phróiseas na síochána a bhrú chun tosaigh.
naimhde phróiseas na síochána enemies of the peace process
" Ach ní raibh baint ag an IRA leis, dar leis an bpáipéar – naimhde phróiseas na síochána faoi ndear an bhásaithe.
i bpróiseas na síochána in the peace process
" Chuir mé agallamh ar Gerry Adams i ndiaidh ceann de na géarchéimeanna rialta i bpróiseas na síochána agus bhí mé ar buile nach raibh poblachtánaigh sásta níos mó a dhéanamh ar son na n-aontachtaithe.
próiseas an-taitneamhach a highly enjoyable process
" Caitheann muid an-chuid ama ag cóiriú na bpíosaí ach is próiseas an-taitneamhach é.
ligean don phróiseas tarlú to let the process happen
" An rud a bhíonn deacair ná ligean don phróiseas tarlú agus iontaoibh a bheith agat asat féin, as pé rud a thagann amach.
ar thorthaí an phróisis seo, on the results of this process,
" Bunaithe ar thorthaí an phróisis seo, chuireamar tús le scéim phíolótach inar thug Paddy agus Nóirín cuairteanna ar scoileanna chun amhráin thraidisiúnta a mhúineadh do na páistí.
den phróiseas síochána. of the peace process.
" Tá an ruathar inar scaoileadh Seán Ó Treasaigh le feiceáil ann; círéibeacha ó thuaidh agus radharcanna den phróiseas síochána.
ar phróiseas na síochána on the peace process
" Measann bunús na vótóirí ó dheas gur páirtí ón taobh amuigh é Sinn Féin agus chuidigh béim Adams ar phróiseas na síochána leis an dearcadh sin.
ag leanúint na bpróiseas ar fad following all the processes
" Thug sin misneach dúinn mar thuig muid ansin go raibh muid ag leanúint na bpróiseas ar fad agus go raibh muid ag déanamh iarrachta bheith chomh hoibiachtúil agus ab fhéidir.
faoin bpróiseas táirgiúlachta, about the production process,
" D’fhoghlaim mé go leor faoin bpróiseas táirgiúlachta, ach ní cuimhin liom na sonraí anois.
Breathnaím ar an bpróiseas ina iomláine, I look at the process in its entirety,
" Breathnaím ar an bpróiseas ina iomláine, ní ar na huaireanta atá á gcaitheamh agam.
mar chomhairleoir don phróiseas sin as an advisor for that process
" “Leoga, bhí Nicholas Mansergh, athair Martin Mansergh, an TD de chuid Fhianna Fáil, bhí Mansergh mar chomhairleoir don phróiseas sin i 1947.
ar an gcéad dá chéim den phróiseas iarratais: on the first two steps of the application process:
" Réiteoidh cúrsa Europus rannpháirtithe le haghaidh tástálacha an AE agus cuirfidh sé béim faoi leith ar an gcéad dá chéim den phróiseas iarratais: an páipéar ceisteanna ilroghnacha agus an páipéar ceisteanna ar an Eoraip féin.
próiseas an-orgánach very organic process
" ” Is próiseas an-orgánach é déanamh scannáin, ina bhfuil céimeanna éagsúla leanúnacha le glacadh.
Go luath sa phróiseas, early in the process,
" " Go luath sa phróiseas, d’aithin Collins go mbeadh an Ghaeilge an-tábhachtach sa scannán.
leis an bpróiseas cumadóireachta. with the composing process.
" Tuigeann muid go bhfuil gach seans ann nach rachaidh muid ar aghaidh leis an bpíosa ceoil níos faide ná an fhorbairt atá déanta an tráthnóna seo, ach tuigeann muid freisin go bhfuil tús curtha leis an bpróiseas cumadóireachta.
próiseas roghnúcháin selection process
" Rachaidh an próiseas roghnúcháin ar aghaidh ar feadh trí seachtaine, ach sa deireadh ceapfar an tUrramach Willie McCrea.
ní dhearnadh de réir an phróisis seo this process was not followed
" Ach ní dhearnadh de réir an phróisis seo i gcás Churaclam Úr na Bunscoile, agus tá amhras dlíthiúil ann faoina stádas dá bharr.
próiseas a bhí ordaithe the process which was ordered
" Dá mba chéim thábhachtach i stair oideachas na hÉireann é foilsiú an churaclaim, mar a dúirt an Micheál Martin ag an am, cad chuige nár shocraigh sé fhéin nó an Roinn Oideachais an próiseas a bhí ordaithe in Alt 30 den Acht Oideachais a leanúint leis an churaclam a fhorordú? An amhlaidh gur glacadh cinneadh gan a leithéid a dhéanamh? Nó an é go ndearnadh neamart ann? Tugann an tAcht Oideachais bealaí eile d'airí oideachais le polasaí oideachais na tíre a chur chun cinn agus is dócha go dtiocfadh leis an roinn a rá go dtig le hairí na bealaí sin a úsáid le curaclam a mholadh.
Próiseas process
" Próiseas mothúchánach a bhí i gceist agus mé á scríobh, go cinnte.
próiseas taifeadta, recording process
" Sula bhfágfaimid na lipéid cheirníní, áfach, caithfimid smaoineamh ar an mbéim a chuir na cinn ab fhearr ar an bpróiseas taifeadta, agus ceist a chur céard a chuirfear ina áit.
faoin bpróiseas cruthaitheach about the creative process
" ”**Proiséas Cruthaitheach** Labhair mé le Mac Dhonnagáin le gairid faoin bpróiseas cruthaitheach ar thug sé féin agus a leathbhádóirí Ryan agus Conway faoi leis an cnuasach seo a chur ar fáil.
i dtaobh an phróisis chruthaithigh amháin. about the creative process only
" Bhí sé ar intinn agam i dtosach agallamh a chur ar Mhac Dhonnagáin i dtaobh an phróisis chruthaithigh amháin.
trí phróiseas osmóise. through a process of osmosis
" Mar sin, caithfidh go sealbhaíonn damhsóirí an cheird seo trí phróiseas osmóise.
ón phróiseas tagarmharcála, from the bench-marking process
" Na múinteoirí bochta! Tá siad i ndiaidh cúig seachtaine a chur isteach gan saoire thar lear, na créatúir! Ní bhfuair siad a dhath ar bith ón phróiseas tagarmharcála, agus anois tá an priompallán sin Micí Ó Leery ag ardú phraghas na n-eitiltí amach as Baile Átha Cliath chuig Monte Carlo agus Nice agus Monaco agus na háiteanna eile is ansa le múinteoirí na hÉireann dul ag an bhriseadh lár téarma.
mar chuid den phróiseas as part of the process
" Cad é a tharlódh, mar shampla, dá vótálfadh tromlach na ndaltaí ar son oideachas trí Bhéarla agus tromlach a dtuismitheoirí ar son oideachas trí Ghaeilge (nó a mhalairt)? Ar leor móramh simplí do na daoine a chaitheann vóta le cinneadh a dhéanamh bealach amháin nó bealach eile nó an gcaithfear móramh de phobal na scoile uilig a bheith ann? Cad é a tharlódh dá mbeadh móramh de na vótóirí ar mhalairt tuairime ó phátrúin na scoile? Nach bhfuil cearta an phátrúin ar shainspiorad na scoile a roghnú mar chuid den dlí? Dá mbeadh móramh ar son oideachas trí Bhéarla cad é faoi chearta bunreachtúla agus dlíthiúla mhuintir na Gaeltachta - fiú más mionlach iad - ar oideachas trí Ghaeilge? Is í an fhadhb is mó leis an suirbhé seo ná nach bhfuil a fhios ag na daoine atá ag vótáil (nó i mbun baghcait fiú) cá luíonn an suirbhé mar chuid den phróiseas leis an fhadhb teanga a réiteach.
próiseas athmhuintearais reconciliation process
" Meastar gur chuir sé bac ar an bpróiseas athmhuintearais a bhí faoi lán seoil ag deireadh na haoise seo caite idir Bundúchasaigh na hAstráile agus na dreamanna eile sa tír.
seachas próiseas cuí a bheith dulta tríd. instead of going through due process
" Ach níl sé ceart, ach an oiread, saol duine a scrios agus é a athrú ó bhonn taobh istigh de thrí seachtaine mar gheall ar scannán uair an chloig a bheith déanta faoi seachas próiseas cuí a bheith dulta tríd.
ag tús an phróisis léirithe at the beginning of the production process
" Socraíodh ag tús an phróisis léirithe gurbh é an sprioc a bheadh i gceist ná go mbainfeadh Des go leor líofachta amach le gig a dhéanamh trí mheán na Gaeilge os comhair lucht féachana lán Gaeilgeoirí.
chun an chéad chéim eile sa phróiseas foghlama a thógáil. to take the next step in the learning process
" Tá aitheantas tugtha don obair agus don dul chun cinn atá déanta ag an bhfoghlaimeoir agus spreagtar é chun an chéad chéim eile sa phróiseas foghlama a thógáil.
próiseas orgánach a scannánú to film an organic process
" D'fhéadfá a rá, mar sin, go raibh an t-ádh ar an stiúrthóir de bhrí go raibh deis aige próiseas orgánach a scannánú agus Irglova agus Hansard ag titim i ngrá lena chéile, i ndáiríre.
de réir an phróisis according to the process
" Iarradh ar Teddy éirí as a phost, ach dhiúltaigh sé ar an ábhar gur ceapadh é de réir an phróisis a bhí leagtha síos agus ar an ábhar nach raibh dada as bealach déanta aige.
Céim mhór chun cinn sa phróiseas síochána ab ea é, it was a big step forward in the Peace Process
" Céim mhór chun cinn sa phróiseas síochána ab ea é, a léirigh go rabhthas toilteanach droim láimhe a thabhairt don fhoréigean agus go rabhthas sásta aghaidh a thabhairt ar shochaí nua shíochánta a chruthú.
staidéar eolaíoch ar phróisis intinne agus ar iompar a scientific study of thought processes and of behaviour
" Sampla amháin ná, “is éard atá i gceist le ‘síceolaíocht spóirt’ ná staidéar eolaíoch ar phróisis intinne agus ar iompar i gcomhthéacs an spóirt.
sa mhéid is go gcuirtear tús leis an bpróiseas anois in that the process is now started
" Ach tá athrú mór tagtha ar an gcur chuige seo sa mhéid is go gcuirtear tús leis an bpróiseas anois agus na himreoirí in aois níos óige – ceithre bliana déag, de ghnáth – agus dá bhrí sin, bíonn na painéil agus na foirne socraithe i bhfad sula mbaineann na buachaillí aois na mionúr (faoi ocht mbliana déag) amach.
na próisis intinne the thought processes
" Is í an aidhm a bhíonn i gceist, dar ndóigh, ná bua a bhaint amach agus, dá bhrí sin, is gá cúram a dhéanamh de na próisis intinne chomh maith leis na scileanna fisiceacha.
ón phróiseas síochána ó thuaidh. from the peace process in the north.
" Deirtear go minic go bhfuil ceachtanna tábhachtacha foghlamtha ag daoine ar fud an domhain ón phróiseas síochána ó thuaidh.
cuid de phróiseas polaitiúil part of a political process
" Is léir gur cuid de phróiseas polaitiúil é Conradh Liospóin, próiseas atá ag lárnú níos mó agus níos mó cumhachtaí agus feidhmeanna sna hInstitiúidí Eorpacha agus á mbaint de na rialtais náisiúnta.
gur chóir go dtabharfaí faoi phróiseas dhá chéim that a two step process should be undertaken
" Mhol na rannpháirtithe sa ghrúpa áirithe a bhí ag plé cúrsaí rialachais gur chóir go dtabharfaí faoi phróiseas dhá chéim leis an sprioc seo a bhaint amach.
Táthar ag leanúint ar aghaidh leis an bpróiseas daingnithe the ratification process is being continued
" Táthar ag leanúint ar aghaidh leis an bpróiseas daingnithe i láthair na huaire.
mura mbeadh siad páirteach sa phróiseas oifigiúil if they didn't participate in the offical process
" Mhaígh an rialtas freisin gur thuig na teifigh nach mbainfidís tearmann amach mura mbeadh siad páirteach sa phróiseas oifigiúil.