Pota Focal Intergaelic
pay | play | prae | pram | prap
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
guí praying
" Thug fear eile ardú meanman dúinn nuair a scríobh sé: "Táim i mo chónaí anseo in Áth Luain ach déanaim mo chuid guí fós trí Ghaeilge.
ag guí ar a shon praying for him
" Gan amhras, beidh a phobal i Hyde ag guí ar a shon.
ag guí praying
" Is cinnte go bhfuil an réiteoir faoi bhrú agus is dóigh go bhfuil sé ag guí go rachaidh Tommy Carr ar ais go dtí an taobhlíne láithreach.
ag paidreoireacht praying
" Éistíonn sé leis an nuacht ansin sula n-éiríonn sé ionas go mbeadh a fhios aige cad ba cheart dó a bheith ag paidreoireacht ar a shon.
guí ar son na síochána to pray for peace
" Ba nós leis riamh iarraidh ar chuairteoirí guí ar son na síochána sna Sé Chontae, ach ó tharla Adams agus Trimble lámh ar láimh ag gabháil timpeall, iarrann sé anois orthu guí ar son na síochána sa Mheánoirthear.
ag guí ar son praying for
" Tá a lán Moslamach ina gcónaí ar an taobh eile den chathair, agus bhí 2,000 míle acu ag guí ar son Ken Bigley i Mosc Al Rahma ansin.
ag guí ar son do thuismitheoirí praying for your parents
" MOLLY: Tá iontas orm tú bheith ag guí ar son do thuismitheoirí.
ag guí go slogfadh an talamh iad praying that the ground would swallow them
" Bhí an cluiche thart mar chomórtas tar éis 10 nóiméad (críochnaithe roimh an deireadh ar nós an ghailf!) Bhí daoine ag croitheadh a gcinn ag an bpointe sin agus ag guí go slogfadh an talamh iad.
ag guí i gcónaí always praying
" Agus bhreathnaíos gach seachtain ar “Top of the Pops” ag guí i gcónaí go mbeadh singil úr eisithe acu, go mbeadh sé go hiontach agus go mbeadh sé ag rásaíocht suas na cairteacha.
ag guí go stopfaidh sé! praying he'd stop!
" A ghruaig ag gliúcáil thar a spéaclaí, é ag seinnt sóló i lár 'Imagine' agus Yócó Onó bhocht sa chúinne, a méaracha ina cluasa, ag guí go stopfaidh sé! * - *Bhí trí phíob Taylor ag an aisteoir Mickey Rooney – meas tú an raibh a fhios aige go bhfuil treibh de Thaistealaithe den ainm céanna a sheinnean píobaí thall i Leeds Shasana? * - *Sheinn James Cagney na píobaí a bhí aige agus shroicheadar leaid éigin i Seattle tar éis dó bás a fháil.
ag guí ar son míorúilte. praying for a miracle.
" Is dócha gur chóir dúinn bheith ag guí ar son míorúilte.
guífimid ar son d'anam we'll pray for your soul
" "Éireannach! A dhuine bhoicht! Bhuel, guífimid ar son d'anam agus anamacha do mhuintire.
guí. pray.
" Ní raibh mé in ann análú, bogadh, éirí, screadáil – ní rabhas in ann tada a dhéanamh ach guí.
ag urnaí praying
" Rachaidh níos mó daoine ar ais ag urnaí agus ag an Aifreann! Níl ceann ar bith de na hábhair thuasluaite chun muid a dhaoradh chun báis agus ní bheidh sa bhrú, ach athrú ón chaighdeán beatha an-ard go ceann a bheas compordach fós i gcomparáid le go leor de mhuintir eile an domhain.
urnaí praying
" Níor chodlaíodar ach timpeall ceithre uair an chloig gach oíche agus is beag a d’itheadar, cé gur obair throm feirme don chuid is mó a dhéanaidís seachas an canadh agus an urnaí.
guí praying
" Is réabhlóid mhór é seo ón am a raibh drogall orm mo chuid oibre a lua ar mo bhlag go dtí an lá atá inniu ann nuair atá comhlachtaí ag guí le cúpla líne ó bhlagadóirí faoina seirbhísí nó faoina dtairgí nua gan chaint ar na comhlachtaí atá ag tabhairt faoina mblag féin gan aon agó.
guí praying
" Eagarthóir: Tá an ceart ar fad agat, a Bhaloir na mBéimeann, nó is tusa atá mar chrann taca ag Beo! agus fanfaidh tú ag bun an leathanaigh mar is dual do thaca teann, bail ó Dhia ort mar laoch de chuid litríocht na hÉireann agus mar thaca ag Beo! Balor: Cén dia é sin a bhfuil tú ag guí a bhaile orm? Tá súil agam gur Crom Dubh atá i gceist agat.
urnaí praying
" Freastalaítear sa mhainistir ar chuairteoirí ar mian leo seachtain shuaimhneach a chaitheamh ann i mbun urnaí agus machnaimh.
guí praying
" Meas tú, cén áit? Agus ós ag caint dúinn ar ghuí, beidh Máire Ní Chlochráin ag súil go mór agus ag guí go tréan le héirí as an dá phost atá aici agus go gceapfar í ina hAire na Gaeltachta sa chéad suaitheadh eile a dhéanfaidh Biffo ar an chomhaireacht.
Is é mo ghuí I pray
ag urnaí praying
Guíonn bratacha flags pray
" Guíonn bratacha agus póstaeirí rath ar an obair le ráitis den chineál ‘Le cúnamh Dé agus mhuintir na Brasaíle, atógfaimid ár gcathair’.
ag guidhe praying
" Céard a bhí an dream sin aghainne a dhéanamh? Ag marú a chéile faoi chúpla beithíoch; na manaigh istigh ag guidhe chun Dé, nach dtiocfaidís anocht, is ag caint ar na báid fhada a bhí acub.
ag guí le praying to
" Bliain bhisigh atá sa bhliain seo 2012 d’aois ár dTiarna, a deirtear linn, agus tá muid ar fad ag súil le Dia – agus Balor ag guí le Crom Dubh – go mbeidh biseach ar chúrsaí na hÉireann i rith na bliana seo.
urnaí na gcreidmheach the believers praying
" Ag an am céanna, téann cantaireacht agus urnaí na gcreidmheach ar aghaidh gan stad gan staonadh.
a dhéanann urnaí orainn which prays for us
" B’shin an ceol stairiúil dár sheinm Vidal, ceol brónach ársa a dhéanann urnaí orainn mímhacántacht an tsaoil a aithint.
ag guí nach nochtófar a dhath san fhiosrúchán praying that nothing shall appear in the inquiry
" Agus beidh lucht tacaíochta Fianna Fáil ag guí nach nochtófar a dhath san fhiosrúchán ar bhaincéireacht a dhéanfaidh díobhail don pháirtí.
Ghuigh mé fad saoil ar lucht a riartha I prayed for long life to its admin people
" Ghuigh mé fad saoil ar lucht a riartha, bláth agus biseach ar a saothar.
ag urnaí is adhradh praying and adoring
" Chaith Ken Ó Donnchú Oíche Fhéile tSin Seáin ag urnaí is adhradh lena chomh-Ind-Eorpaigh faoi thinte cnámh ar an trá i gCruinne na Gailíse.