Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
mórtas cine pride of race
" Dhlúthaigh dúnmharaithe bhaill an RUC mórtas cine na n-aontachtach, na bProtastúnach, thiontaigh go leor acu isteach iontu féin agus ba doiligh leo lámh a shíneadh amach chuig na daoine, dar leo, a bhí ag déanamh sléachta ar phlúr na bhfear s'acu.
mórtas pride
" Idir mórtas agus mosán atá fear na súile nimhe faoi na cártaí céanna, áfach.
bhród pride
" Mhúch mé mo bhród agus d'iarr mé cuidiú i mo theachtaireachtaí ar fud an domhain.
bród pride
" Mar dhuine a rugadh agus tógadh in Inse Chóir i mBaile Átha Cliath, tá bród ar leith orm go bhfuil ag éirí chomh maith sin linn, i bhfad ó thalamh glas na hÉireann.
bhród pride
" Tá staidéar pearsantachta déanta ag Curran ar na tógálaithe - fir mhóra, leathana, a n-aghaidh ag taispeáint meascán den bhród, den ghreann agus den amhras, a gcraiceann dearg leis an aimsir agus leis an sclábhaíocht.
Bród pride
" Is é príomhchuspóir an mhargaidh áirithe seo brabús a dhéanamh - ní thugann sé faic ar ais don phobal! Cad é ba chúis le gníomhaíochtaí John Rusnak? Bród? Nó ar mhian leis a bheith ina réalt sa chomhlacht? Saint chun níos mó airgid a shaothrú agus a chaitheamh? Nó cúis éigin eile? Níl a fhios againn, mar, fearacht na mboc mór in Enron, tá a bhéal dúnta ag Rusnack.
bród pride
" Nuair a rith na fír óga as Biorra, Droichead an Chláirín, Nemo agus Baile an Doire amach ar Pháirc Semple ar Lá Fhéile Pádraig, a gcroí lán le bród agus paisean dá n-áit dhúchais is dá bpobal féin, bhí siad réidh lena míle dícheall a dhéanamh ar son cairde agus comharsana ar fhás siad suas in éineacht leo.
mórtas cine pride of race
" Taobh amuigh d'ardú meanman agus spreagadh a thabhairt do dhaoine, mórtas cine agus féinmheas a spreagadh iontu, tá lucht an CLG ag íoc cánach go díreach de bharr a rannpháirtíochta sa Chumann.
bród pride
" Cuireann sin bród mór orm mar tá a fhios agam cad é an saothar a chuireann na daoine sin orthu féin ag iarraidh a bheith ag foghlaim.
cúis bhróid matter for pride
" "Bhí iontas orm nuair a fuair mé an duais seo, agus is cúis bhróid dom é," a dúirt Denis Maher liom.
chúis bhróid reason for pride
" Ba chúis bhróid dó gníomhartha a sheanathar, ach d'admhaigh sé ní raibh a lán eolais aige faoin scéal.
mórtas pride
" Chuaigh an dá bhliain a chaith sé in MIT i bhfeidhm go mór air, go háirithe an tslí a raibh muinín ag an bhfoireann as an gcóras agus mórtas as traidisiúin na hinstitiúide.
bród pride
" Carey, John Treacy agus araile bród ionainn mar Éireannaigh agus táim cinnte go bhfuil an rud céanna fíor i dtíortha eile.
mórtas cine pride of race
" Thar aon rud eile, tugann Gael Linn íomhá chomhaimseartha don Ghaeilge agus spreagann sé mórtas cine.
díomas pride, arrogance
" Bhí daoine ag tabhairt chun cuimhne an fhéinmhuinín thraidisiúnta (thabharfadh daoine áirithe sotal nó díomas air) atá ag roinnt le muintir Chorcaí uaireanta, móide an traidisiún láidir iomána agus an 28 Craobh Uile-Éireann ina seilbh, agus de réir a chéile bhíothas á rá go raibh seans, b'fhéidir, ag na Corcaígh.
mórtais pride
" Ní áibhéil ar bith a bheadh ann a rá gurb é an borradh atá faoi TG4 ceann de na cúiseanna is mó mórtais atá ag lucht na Gaeilge sa lá atá inniu ann.
bród pride
" Cé gur bualadh Corcaigh sa chluiche ceannais, bhí laoch nua ag a lucht leanúna agus dóchas agus bród san aer cois Laoi (an raibh sin riamh gan a bheith amhlaidh?).
bród pride
" " An rud mó a bhfuil bród air as i rith a thréimhse mar chathaoirleach ar an mBord ná gur spreag sé na filí Seán Ó Tuama agus Tom Kinsella teacht le chéile chun *An Duanaire *1600-1900 a chur le chéile.
bród pride
" Cuireadh í i gcroílár na cathrach, sa *Piazza Della Signoria *chun muinín agus bród a spreagadh i mbunadh na háite agus an ruaig a chur ar naimhde.
cúis bhróid agus bhróin matter for pride and sadness
" " Tá rian fágtha ag an tubaiste ar mhuintir Learphoill, agus ba cúis bhróid agus bhróin dúinn anseo an t-ainm Paul Harrison a fheiceáil ar an fhoireann sa chluiche deireanach den séasúr in aghaidh Newcastle United.
bród pride
" Tugann sé léargas ar an mbród mór, millteach a bhíonn ar mhuintir paróiste bhig nuair a roghnaítear duine dá gcuid ar fhoireann an chontae agus go háirithe má bhíonn siad ag imirt i gCluiche Ceannais na hÉireann.
bród pride
" leac oighirice liomóidlemon ag diúlsucking bodhairedeafness béasamanners gránnahorrible cumhachtpower mo leithéidsethe likes of me docharharm múrshower caiteover fás maithgood growth ag feadaílwhistling sáite amachstuck out stróeffort leidclue bodhraithedeafened gleonoise oibleagáideachtobligingness cothrom na Féinnefair play dúnárasachreticent cantalpetulance aisteachasqueerness, strangeness ar fheabhasexcellently a chur as a riochtto distort sádh amach an cloigeann údthat head was stuck out an iarraidh seothis time coiscéimstep filltefolded muinchillesleeve plaitbald patch burlaí bána gruaigewhite trusses of hair malaíbrows ag sméideadh a chloiginnnodding his head gach re soicindevery second second in ard a chinnas loud as he could ríforearm clúmhachdown (on face) smigchin dallamullóg a chur ormto hoodwink me nár thug mé neamhaird airthat I didn't ignore him ar feadh na síoraíochtafor an eternity bearnagap tuillteearned meangadhsmile clamhsáncomplaint luaigh séhe mentioned bréanfoul tá fíorbhrón ormI'm really sorry múiscnausea slisínslice chinn mé arI decided a chur díomto give up tioncharinfluence á tochasbeing scratched go gontaconcisely eachtra gadaíochtatheft incident trealamh lofarotten equipment ag geonaílwhimpering croitheadh uafásachterrible shaking samhlaighimagine a scáthhis shadow leata chomh móropen so wide macallaecho boinnsoles ag coisíochtpacing ag comhaireamh na gcoiscéimeannacounting the steps óltachdrunk dheasaighadjusted mo bhaithisthe top of my head luasc siarrocked backwards sálaheels glanbhearrthaclean-shaven olldoirdbasses bhreac mé na sonraí cuíI wrote down the appropriate details ceann dúbáiltea double bhain searradh asam féinI stretched myself shéid séhe blew á spreagadhencouraging him á thionlacanaccompanying him clingireachttinkling cantaireachtchanting grágaílcroaking, braying dalltavery drunk ag éalúescaping go séimhgently a chonúisyou useless person an oiread fuadair faoi teitheadhtrying to flee so quickly bailigh leat mar singet lost then mallachtaícurses líomhaintíallegations mhaslaigh éI insulted him barántas gabhálaarrest warrant ionchúiseamh poiblípublic prosecution cillíncell luaithreadáinashtrays stóltastools go ngéillfeadh sé gach rud domuntil he would surrender everything to me pleotafool sciotaíl searbhasachsarcastic tittering uirlisíinstruments píopaí lonrachashining pipes tiubhthick tanaíthin boghabow sreangáinstrings béicílyelling búireachroaring leis an imeacht thar fóir seofor this going overboard bródpride uabhararrogance i mbarr mo réimeat my peak a admháilto admit ní raibh neart agam airI couldn't help it iomrascálaíwrestler togha a
mórtas cine pride of race
" Ach d'ainneoin sin is uile, go paradacsúil, bhí mórtas cine ag borradh ag an am céanna, go háirithe i measc an aosa dána agus an aosa ceoil.
ríméad joyous pride
" Agus am Mòd seo faoi lán seoil, beimid ár gcrá féin ag smaoineamh cheana féin ar na fadhbanna a bhainfidh le Mòd 2005! "Níl mé ag gearán - is seachtain iontach í agus tá ríméad orm go bhfuil mé in ann mo chion féin a dhéanamh di.
anuabhair overweening pride
" Ní le teann mórtais ná díomais ná anuabhair a mhaíonn sé seo, ach leis an umhlaíocht sin a eascraíonn ón fhéinmhuinín agus ón chinnteacht dhobhogtha go mbíonn an ceart aige i gcónaí.
bród pride
" Nuair a bheidh sé críochnaithe, beidh damba an Yangtse ar an gceann is mó ar domhan - éacht a spreagann bród sa rialtas, éacht atá ag dul i bhfeidhm ar thíortha eile.
mórtas pride
" Maidir leis an imreoir, tá seans ann nach mbíonn mórán deise aige taitneamh a bhaint as an éacht atá déanta aige féin agus ag a chomrádaithe contae toisc go bhfuil orthu aghaidh a thabhairt ar an gcéad dúshlán eile i gcraobhchomórtas na gclub ina chontae féin.
ríméad joyous pride
" Is iontach go deo an ríméad a bhíonn ar dhaoine i ndiaidh Craobh na hÉireann a ghnóthú, ach an leanann sé i bhfad? Ní leanann, is cosúil, go mór mhór sna contaetha sin a mbíonn an bua acu go minic, leithéidí Chiarraí agus Chorcaí.
mórtais chine pride of race
" Ba bhreá liom bheith ag rith fríd mo cheantar dúchais, lán pasta agus mórtais chine, ach i mbliana Maratón Protastúnach do Phobal Protastúnach a bheas ann, dar le Sinn Féin agus an SDLP.
mórtas pride
" Ní bhreathnaím siar air le mórtas nó aon rud mar sin.
bród pride
" Rinne an tarlú seo Polannaigh a líonadh le háthas agus le bród.
bród pride
" Rinne an tarlú seo Polannaigh a líonadh le háthas agus le bród.
ábhar mórtais a cause of pride
" Cathair fhorchéimnitheach mhuiníneach atá i mBarcelona ina bhfuil port gnóthach agus lárionad trádála rathúil atá ina ábhar mórtais ag bunadh na háite, é sin agus an saibhreas agus éagsúlacht atá le feiceáil sna dánlanna, sna hiarsmalanna agus sna heaglaisí atá le fáil go flúirseach ar fud na cathrach.
mórtas pride
" Fir óga ab ea móramh an Rialtais sin, formhór acu a bhí fós míchompordach sna bónaí crua sciathánacha, gan trácht ar na cótaí eireaballacha foirmeálta a thóg áit anois na seantuiní uaine a chaitheadar le mórtas – éide Óglaigh na hÉireann, éide gharchogaithe na saoirse, éide Arm na Poblachta.
a féinmheas agus a mórtas cine its self-respect and pride of race
" Is fada é aitheanta go gcailleann pobal a chaith blianta fada mar choilíneacht a féinmheas agus a mórtas cine, santaíonn siad maoin an choilínigh ach gan an mhuinín acu a chreidiúint go bhfuil siad i dteideal a leithéid.
cúis mhór bhróid a cause of great pride
" Is cúis mhór bhróid iad na rudaí seo uilig dóibh.
údar áthais, bróid agus ceiliúrtha causes for happiness, pride and celebration
" Is mórghníomhartha iad seo a bhí ina n-údar áthais, bróid agus ceiliúrtha i measc mhuintir na tíre.
an mórtas cathrach agus contae sin that city and county pride
" Tháinig Bob Welch ar an saol i gCorcaigh agus admhaíonn sé go bhfuil an mórtas cathrach agus contae sin ann a dhiúltar ó chíocha gach máthar cois Laoi.
mórtas cine, pride in his race,
" Bhí sé ina mholtóir ar chomórtas litríochta de chuid an Oireachtais agus tá dhá thréith fhiúntacha de chuid na nGael ag baint leis: mórtas cine, ach meas ag an am chéanna ar an chuid eile den chine daonna.
mórshiúl bróid pride march
" Faoin gcaoi, mar shampla, ar tharla dúinn a bheith i mórshiúl bróid na nAerach! Sin scéal eile! Tá Brian Ó Broin ag obair i Roinn an Bhéarla in Ollscoil William Paterson i Nua-Gheirsí áit a bhfuil sé ag plé leis an teangeolaíocht, Léann na Meánaoiseanna agus an Léann Éireannach.
Cúis mhórtais reason for pride
" Cúis mhórtais do Bhalor a cháil mar thuairisceoir tuisceanach agus mar fhiosraitheoir fáidhiúil, agus dá mbeadh barúil aige faoi na scéalta móra nuachta sular thit siad amach ar chor ar bith, ní bheadh tuairisceoirí an *Sindo* agus an *Star*, an *Mirror* agus an *Messenger of the Sacred Heart* ach in áit na leathphingne i gcomparáid lenár laoch.
Bhí sé ina údar áthais agus bróid dó it was a cause for happiness and for pride for him
" Bhí sé ina údar áthais agus bróid dó gur bhuaigh foireann mionúr Chuala, foireann a raibh sé ina bhainisteoir uirthi, cluiche tábhachtach ar an lá sular cailleadh é.
údar bróid reason for pride
" Is údar bróid ar leith é i measc na nAstrálach nár chaill a bhfoireann náisiúnta sraith de chomórtais thrialacha ar an bhfód dúchais le blianta fada anuas.
údair bhróid causes for pride
" Is cinnte go bhfuil ábhar inspéise sa saothar seo do lucht na Gaeilge agus is cosúil go dtabharfaidh sé lón machnaimh don chuid eile den tsochaí Éireannach nach bhfuil eolach ar an teanga nó ar na nithe atá ina n-údair imní – agus ina n-údair bhróid – dá lucht labhartha in Éirinn agus i gcéin.
is cúis bhróid é it is a cause of pride
" Mar sin, bhí iomaíocht ghéar i gceist i gcatagóir na n-amhrán agus is cúis bhróid é do mhuintir na hÉireann - agus do mhuintir Phoblacht na Seice, dar ndóigh - gurbh iad Hansard agus Irglova ar éirigh leo an Oscar a bhuachan.
Féile Bhróid Bhaile Átha Cliath, Dublin Pride Festival
" Cuirfear tús le Féile Bhróid Bhaile Átha Cliath, atá ar an bhfód anois le cúig bliana is fiche, ar an 13 Meitheamh.
mórtas pride
" Déanfar mórtas phobail Leispiacha, Homaighnéasacha, Dhéghnéasacha agus Thras-inscneacha na hÉireann a cheiliúradh lena linn agus tá clár leathan imeachtaí socraithe a bheidh ar siúl in áiteanna éagsúla timpeall na cathrach.
mórtas cine pride of race
" Tá cead ag na Sasanaigh mórtas cine a bheith acu, oiread le dream ar bith eile, fad is nach bhfuil an ciníochas fite fuaite ann.
díobháil an iomarca mórtais ina ghlór no excess of pride
" Bhain mé an duais an bhliain sin” ar sé agus díobháil an iomarca mórtais ina ghlór.
mórtas pride
" Tháinig na sluaite le breathnú air, is cosúil, agus mórtas orthu toisc gur tháinig an Fhrainc slán as an gcogadh agus go raibh an dá chúige francach, Alsace agus Lorraine, a bhí faoi smacht na Gearmáine idir 1870 agus 1918 ar ais i seilbh na Fraince arís.
mórtas áirithe particular pride
" An mórtas Bhí mórtas áirithe le brath i gcuid de na ceannlínte sna nuachtáin ar an lá a foilsíodh an scéal seo: ‘La France reste la championne de la fécondité en 2008’ (Le Monde); ‘Les Britanniques nous envient’ (Le Parisien).
Bheir sé mórtas it gives pride
" Bheir sé mórtas dúinn a ndéanfaimid agus is mór againn lorg ár láimhe ar ghné éigin sa timpeall, á mhaisiú is á mhóradh.
mórtas as a dtír pride of their country
" Is deis bhliantúil í do mhuintir na hAstráile a mórtas as a dtír a léiriú, agus bíonn an brat náisiúnta le feiceáil go forleathan an lá sin.
Cúis mhórtais cause of pride
" Cúis mhórtais do Hiospáinigh, mar sin, agus cúis cheiliúrtha do mhná.
mórtas pride
" Mhothaigh mé níos fearr ná a mhothaigh mé an bhliain roimhe sin, agus bhí mé ábalta amharc siar ar an bhliain a chuaigh thart le háthas agus le mórtas.
údar mórtais a matter of pride
" Ba dhaingean Caitliceach an áit seo san Athleasú Creidimh (is as Crosby Vincent Nichols, Ard-Easpag Westminster nua) agus ba údar mórtais do theaghlaigh mar na Pinningtons gur choinnigh siad an seanchreideamh tríd an Ghéarleanúint.
mórtas pride
" Bíonn na géarchoimhlintí idir na contaethe lán le dóchas agus díocas, misneach agus mórtas, áthas agus aiféala.
mórtas cine pride
" Tá sin ar na fáthanna go bhfuil an idirbheartaíocht atá ag dul ar aghaidh faoi láthair chomh malltriallach sin, táthar ag dul i ngleic le mórtas cine dhá dhream atá in iomaíocht lena chéile le corradh le 200 bliain.
an bród pride
" Má tá Nóra ag fulaingt as siocair a laige féin, feicimid an bród mar laige mhór i gcás athair Nóra, agus saol Nóra agus saol na dtuismitheoirí scriosta dá chionn.
Mórtas pride
" An Mórtas Féiniúlachta agus Múineadh na dTeangacha ==== Beidh dhá sprioc ag croílár an chur chuige nua seo: Mórtas as féiniúlacht chultúir a threisiú i measc an mhuintir dhúchais agus múineadh na dteangacha bundúchais sna scoileanna a spreagadh.
uabhar pride
" Chuir an obair olc ar Michelangelo mar shíl sé nach raibh ann ach baois a bhí bunaithe ar uabhar agus ar fhéinghlóir an Phápa, ach maireann sé inniu mar cheann de na seoda is loinnrí den Athbheochain.
mórtais pride
" Ba chúis mórtais dúinn gur tugadh an dara Duais Booker d’Éireannach as Learpholl, JG Farrell ag tús an tsamhraidh fosta, as a leabhar *‘Troubles’*, 40 bliain tar éis lá a foilsithe.
mórtas pride
" D’fhéach a athair síos air le mórtas agus le mórchúis, chrom sé síos agus d’ardaigh Balor Óg ina bhaclainn.
mhórtas cine national pride
" Is trína bheith fréamhaithe i gcultúr agus i dtraidisiún, agus sa mhórtas cine is ceantair, a chruthófar an deis is fearr chun sochaí rathúil iomaíoch a bhaint amach in Éirinn.
mórtas national pride
" D’imigh mórtas cine na nÉireannach as réimse scála Richter in 1982 nuair a scríobh Seamus Heaney litir oscailte ag gearán go raibh dánta dá chuid foilsithe sa *Penguin Book of Contemporary British Poetry*.
mórtas tíre national pride
" An Frith-Mheiriceánachas ============ Tá tráchtaire nua acu le déanaí, Glenn Beck, arbh é an mórtas tíre agus fuath don eite chlé a churfá, agus is mór a lucht féachana dá réir.
chúis mórtais a matter of pride
" Ba chúis mórtais dúinn gur mheall ár gclub tacadóirí, ní hamháin ar fud Sasana ach ar fud an domhain fosta, go mór mór An Iorua, Éire agus An Bhreatain Bheag, tíortha a raibh ceangal láidir acu le Learpholl anuas na blianta.
is mó ábhar mórtais the greatest cause of pride
" Ach ní hiad na cáiseanna is mó ábhar mórtais do na Briotánaigh.
mórtas pride
" Bhí an-chuid oibre le déanamh faoi íomhá na teanga i measc na ndaoine, chun mórtas a fháil ar ais.
Díol Mórtais a cause of pride
" Díol Mórtais ====== Is é seo an chéad uair a bhí an t-aitheantas agus oineach mar seo bronnta ar aon aicme eitneach san Astráil, nó go bhfios dom, in aon áit eile.
mórtas pride
" Lena ndearcadh dearfach féin agus leis an ionad ard a bhain siad amach don tír sa chomórtas Eoraifíse 2011, measaim féin gur iontach an rud atá á dhéanamh acu d’Éirinn.
ár mórtas our pride
" Tá sé fíor! Rud eile atá fíor i ndáiríre ná gur roghnaíodh an triúr páistí a bhuail Clog na Síochána in Áras an Uachtaráin le linn do Ó Bama a bheith ag cur crainn ann, chun ár mórtas as éagsúlacht mhuintir na hÉireann a léiriú.
léirigh mórtas cine showed tribal pride
" Bhí pictiúir eile ar na ballaí, iad chomh gránna lena chéile, dubh agus liath agus bagrach, iad ag teacht salach ar mhúrphictiúir eile a léirigh mórtas cine na bProtastúnach - an Titanic, George Best, cath an Somme (tá patrún á nochtadh anseo).
lán mórtais full of pride
" Tuismitheoirí lán mórtais, lán fuinnimh, lán le hídéalachas, lán leis an tuiscint gur rud maith an Gaeloidechas agus go gcuidíonn sé leis na páistí a iomlánú.
mhórtas pride
" ” Déan Dearmad de Straitéis na Dea-Teangan ==================== Agus le linn do na mílte d’fhíréin na hÉireann a raibh súile acu le hamharc leo agus a raibh cluasa acu le héisteacht leo a bheith ag ithe agus ag ól le Dinnius Mac Ginlicus, sheas Dinnius suas agus labhair i nguth a bhí lán d’fhearg agus de shéimhe, lán de mhórtas agus d’umhlaíocht, agus dúirt: “Anois go bhfuil rás an Árais rite agus rás an Uachtaráin rite, is ceart agus is cóir dúinn aire mhuintir bhocht chráite bhuartha na hÉireann a dhíriú ar rudaí níos tábhachtaí agus níos mórchúisí, mar atá staid na Gaeilge sa tír seo.
n-ábhar maíte agus ceiliúrtha cause for celebration or pride
" Dhá Thaobh an Scéil ============ Ní hé sin le rá go bhfuil gach gníomh agus eachtra a bhfuil trácht orthu sa leabhar ina n-ábhar maíte agus ceiliúrtha.
t-ábhar mórtais cause for pride
" Cén t-ábhar mórtais a bheadh ag duine agus gan eochair ina phóca, gan chuntas bainc aige, gan cumhdach athar ná máthar ar an saol dó, agus gan a fhios aige cén áit a gcodlódh sé agus an oíche ag cur seaca? Sin ceist a rith liom arís agus arís eile go ceann trí lá tráthnóna ag a cúig.
mórtas cine national pride
" Tá an chumhacht chéanna ag baint leis an Chúnant i measc Aontachtaithe inniu is atá ag Forógra na Poblachta i measc Náisiúnaithe, mar sin, cad é mar is féidir réadúlacht stairiúil an Chúnaint ina chomhthéacsanna éagsúla a cheiliúradh i 2012 ar bhealach nach gcuirfidh isteach ar Aontachtaithe cionn is nach n-aithníonn sé an chrógacht agus an mórtas cine a bhí ina measc agus nach gcuirfidh isteach ar Náisiúnaithe cionn is nach n-aithneofar an seicteachas agus an bhagairt fholaithe foréigin atá ann? Bunaíodh an bhuíon pharaimíleatach na *Ulster Volunteers/Ulster Volunteer Force* ag an am seo le troid in éadan Riail Dúchais - bhíodh na hAontachtaithe go minic ag beartú foréigin sular smaoinigh Náisiúnaithe air - agus ba é an UVF - mar an 36th (Ulster) Division - a throid ag sléacht an Somme i mí Iúil 1916.
uaibhreacht pride
" Caitheann sé na mórthéamaí uilig isteach sa phota freisin; brí, nó ainbhrí na beatha, iomlánú nó scrios an bháis? Anseo atá na mórpheacaí marfacha chomh maith - uaibhreacht, saint, drúis, fearg, craos, éad agus leisce; cuir leosan cumhacht agus laige an duine.
Is siocair mórtais it’s a matter of pride
" Is siocair mórtais san Iorua go bhfuil an longbhád ag dul ar an turas farraige seo agus mar aitheantas don obair a rinne an tOllamh Stephen Harding, bhronn Rí na tíre, Harald V, ridireacht air i Mí Eanair - Ridire Den Kongelige Norske Fortjensteorden is ea é anois!
Is mór an t-údar mórtais it’s great cause for pride
" Is mór an t-údar mórtais ag muintir Dhoire é seo.
Ba an-údar mórtais a matter of great pride
" Ba an-údar mórtais do Leo gur roghnaigh siad é féin: "Tá meas mór orthu uilig i saol na healaíne," a dúirt Leo liom.
mian na súl agus mórtas maoine eye-fodder and pride of possessions
" Agus cuma gharbh ghiobalach ar an ministir nua, cruinníonn inneachar an champa go cráifeach os a chomhair, tuismitheoirí William, striapaigh stiúgtha i dteannta na mianadóirí ilghnéitheacha atá ag déanamh tóraíochta ar mhian na colainne, agus mian na súl agus mórtas maoine.
is mó údar mórtais agus sásaimh greatest pride and satisfaction
" Cré na Cille agus Na Cloigne ======= **SMM: Cén léiriú, clár, scannán nó sraith, is mó údar mórtais agus sásaimh duit?** CÓC: (Ag meabhrú) Shílfeá go mbeadh freagra a’m ar an gceist sin, ceann de na ceisteanna is minice a chuirtear ar dhaoine, ach tá sé deacair é sin a fhreagairt.
a chuid mórtais a fhógairt to proclaim its pride
" Labhair an tUachtarán mar gheall ar na seanriachtanais phoiblí: an dualgas a bhraitheann sé ócáidí ar leith a chomóradh, méid na rudaí a chuirtear fé chomóradh poiblí a leathnú, seans a thabhairt do gach aon traidisiún a chuid mórtais a fhógairt os ard, an tsamhlaíocht stairiúil a spreagadh, ceiliúradh agus comhbhrón a dhéanamh de shíor.
Cuireadh riocht liteartha ar a chuid fuinnimh his energy (and pride) vented itself in literature
" Cuireadh riocht liteartha ar a chuid fuinnimh agus ar a chuid uabhair, agus nuair a dúnadh doirse an tSeanaid air, d’oscail sé Seanad liteartha eile ina cheann, an foras láidir bríomhar sin a fheictear ina úrscéalta ar Burr, Jefferson, Lincoln agus FDR.
uabhair pride
" Cuireadh riocht liteartha ar a chuid fuinnimh agus ar a chuid uabhair, agus nuair a dúnadh doirse an tSeanaid air, d’oscail sé Seanad liteartha eile ina cheann, an foras láidir bríomhar sin a fheictear ina úrscéalta ar Burr, Jefferson, Lincoln agus FDR.
mórtas cine national pride
" 
Tá difir idir mórtas cine agus an forchiníochas agus má bhí mórtas cine i gceist ar Bhóthar na Seanchille, an forchiniochas a bhí á fhógairt go hard taobh amuigh de Theach Pobail Naomh Pádraig.
mhórtas cine pride of identity
" Is é sin a deir na húdair agus cé rachadh ina gcoinne? Tá oiread gradam, bonn, coirn agus eile buaite agus bainte ag iománaithe Chill Chainnigh faoi bhainistíocht chríonna Mhic Óda lena bhéim ar spiorad foirne, ar dhúthracht, ar mhórtas cine, ar bhunscileanna na hiomána (ní dhéanann aon dream eile na bunscileanna níos fearr ná iománaithe Chill Chainnigh) nach bhfuil le déanamh ag an tráth seo ach aitheantas, ardmholadh agus cúirtéis a thabhairt dóibh.
Ba chúis mórtais it was a matter of pride
" Ba chúis mórtais i gcónaí d’Éireannaigh na heite clé i Learpholl gur rugadh an laoch seo sa chathair, agus bhí na beathaisnéisí a scríobh R.
nó uabhar spioradálta or spiritual pride
" Arbh é an grá a choiméad manaigh Tibhirine ann, nó uabhar spioradálta? Mar is fíor i gcónaí, is tábhachtaí an cheist curtha ná an fhreagra.
seachas do mo bhród apart from my pride
" D'ainneoin sin, leagadh faoi dhó mé ach ba bheag dochar a deineadh, seachas do mo bhród.
is cuimhin liom an mórtas a bhí ina glór I remember the pride in her voice
" Thaispeáin mo sheanmháthair an féilire dom blianta ina dhiaidh sin agus is cuimhin liom an mórtas a bhí ina glór nuair a labhair sí faoin phost a bhí ag a hiníon.
mórtas millteach an immense pride
" Bhí mórtas millteach ar Chomhaltas Charraig Mhachaire Róis, an cumann is gaire do Mhachaire Cluaine cion is go raibh siadsan in ann a bheith bainteach le comóradh an tsárchruitire seo.
Mórtas na Muintire family pride
" Mórtas na Muintire ========= Ní hamháin go raibh mórtas ar lucht Comhaltais na háite ach, iontas na n-iontas, bhí sliocht Uí Bheirn i láthair chomh maith.
Ní hamháin go raibh mórtas ar lucht not only was there a feeling of pride in the people
" Mórtas na Muintire ========= Ní hamháin go raibh mórtas ar lucht Comhaltais na háite ach, iontas na n-iontas, bhí sliocht Uí Bheirn i láthair chomh maith.
Chothófaí mórtas cine is ceantair pride of people and place would ensue
mar aon lena mhórtas pearsanta as well as his personal pride
" Chuir Watson an milleán ar lagar spride Keating fé 1996 mar aon lena mhórtas pearsanta agus a easpa smachta.
chúis bhróid matter for pride
" Ba chúis bhróid é do na hÉireannaigh i Nua-Eabhrac nuair a osclaíodh ionad cuimhneacháin an Ghorta Mhóir i Manhattan anuraidh.
Féile Bhróid Bhaile Átha Cliath, Dublin Pride Festival
" Beidh Féile Bhróid Bhaile Átha Cliath, a ndéanfar ceiliúradh lena linn ar mhórtas phobail Leispiacha, Homaighnéasacha, Dhéghnéasacha agus Thras-inscneacha, ar siúl 13-17 Meitheamh.