Pota Focal Intergaelic
hub | píb | plub | pug | pun
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
tithe leanna pubs
" Cuid mhaith acu is baintreacha agus daoine ina n-aonar iad nach dtaitníonn na tithe leanna leo agus a d'fhan sa bhaile roimhe seo.
tábhairní éagsúla various pubs
" Théadh siad go clubanna agus tábhairní éagsúla, leithéidí The Ship, La Chaisse, The Marquee agus The Speakeasy, agus chuir Nikki aithne ar go leor ceoltóirí a bhí i mbéal an phobail le linn na tréimhse sin.
tábhairneoirí pub owners
" Deir sé go bhfuil a fhios ag madaí an bhaile cé chomh mór is a thagann na polaiteoirí faoi anáil na dtábhairneoirí … Níorbh fhiú dom ceist a chur faoin anáil sin.
úinéirí tithe tábhairne pub owners
" Is cuimhin leat, is dócha, an dóigh a raibh úinéirí tithe tábhairne i Nua-Eabhrac le ceangal nuair a tháinig an cosc ar chaitheamh tobac i bhfeidhm.
teach leanna pub
" Le linn do Liam bheith i Meiriceá den dara huair, d'oscail teach leanna i Manhattan, Rocky Sullivan's, agus bhí aithne ag Liam ar na húinéirí.
tábhairneoir pub owner
" "Ní ag caitheamh tobac a bheas mé ach ag caitheamh i ndiaidh na laethanta a bhí, nuair a thiocfas an dlí úr seo isteach," a dúirt sé liom cúpla seachtain ó shin agus é i ndiaidh a bheith caite amach as teach tábhairne ag tábhairneoir nach raibh sé d'acmhainn aige fanacht leis na cumhachtaí úra a bheadh aige go luath.
sraith tábhairní a chain of pubs
" Ní hiontas, mar sin, go bhfuil earraí a bhaineann le *An Scréach *le fáil go flúirseach - go deimhin tá sraith tábhairní sa Bhreatain, fiú, a úsáideann an t-ainm agus an íomhá mar chomhartha aitheantais! Rócháiliúil ======= Níl duine ar bith cinnte cad é a dhéanfaidh na gadaithe leis na pictiúir.
formhór na dtithe tábhairne most of the pubs
" Ach ní dhíolann formhór na dtithe tábhairne i gceantar prólatáireach mar Learpholl thuaidh bia te, ach is ann atá an fhadhb is mó ó thaobh básanna mar gheall ar chaitheamh tobac.
i dtithe leanna in pubs
" Is beag caint a tharraing sé i dtithe leanna ó cheann ceann na tíre.
mar thithe tábhairne, nó caifí, nó siopaí leabhar, as pubs, or cafés or bookshops,
" Baintear úsáid as na pubaill ar dhóigheanna éagsúla – mar thithe tábhairne, nó caifí, nó siopaí leabhar, nó mar ionaid do chainteanna, díospóireachtaí agus imeachtaí dírithe ar pháistí.
Nuair a bhuaimis, agus nuair a chaillimis, théimis go dtí an teach tábhairne when we'd win and when we'd lose, we'd go to the pub
" Nuair a bhuaimis, agus nuair a chaillimis, théimis go dtí an teach tábhairne agus d’ólaimis ár ndóthain.
ag triall ar na tithe tábhairne. heading to the pubs.
" Bhí siad sásta go leor é bheith ag éisteacht leis an cheol ar an raidió ach ní raibh sí chomh sásta céanna é bheith ag triall ar na tithe tábhairne.
tionscal na dtithe leanna the pub industry
" Ach gan dabht ar bith is é an dianfheachtas atá ar bun ag na Gardaí le dornán míonna anuas an buille is troime atá faighte ag tionscal na dtithe leanna le fada.
tábhairne tuaithe. country pub.
" Go deimhin, tá go leor ann a deir gur buille an bháis é don tábhairne tuaithe.
sna tithe tábhairne Éireannacha in the Irish pubs
" Bhí Colin ina bhall díograiseach den TOM, ag díol an nuachtáin *Troops Out* sna tithe tábhairne Éireannacha agus ag dul síos go Londain gach mí Eanáir don mhórshiúl i gcuimhne Dhomhnach na Fola i nDoire i 1972.
i dtábhairne in a pub
" Anois, áfach, tuigim go raibh sé i dtábhairne le Pádraig agus dream tacaithe eile ag ól pionta agus iad ag ceiliúradh le bleaist eile de “Mo Ghile Mear”.
tharla go raibh mé i dteach tábhairne in Manhattan. I found myself in a pub in Manhattan.
" Bliain ó shin, tharla go raibh mé i dteach tábhairne in Manhattan.
sa chuid is mó de thábhairní na tíre. in most of the pubs in the country.
" Beidh cuimhne ag Éireannaigh d'aois áirithe ar am nach mbíodh ach trí bheoir - Guinness, Harp agus Smithwicks - ar fáil sa chuid is mó de thábhairní na tíre.
lucht caite sna tábhairní smokers in pubs
"lucht caite sna tábhairní fágtha faoi bhrú.
ag ól dí i bpub éicint, drinking in some pub,
" “Is é an chaoi a n-oibríonn muid ná go dtagann na smaointe chugainn agus muid ag ól dí i bpub éicint, nó rud mar sin.
tithe tábhairne pubs
" Tugann sé cuntas ar na tithe tábhairne uilig sa cheantar agus ar an chéad phionta a d’ól sé riamh.
ceol ó na tábhairní music from the pubs
"ceol ó na tábhairní ag caitheamh macalla ar na sráideanna agus tá daoine amuigh faoin aer ag ól caife.
dteach leanna a pub
" Nuair atá faill acu craic a bheith acu leat i dteach leanna nó i gcaifé, labhróidh siad leat ionann is gur tógadh sa chomharsain chéanna sibh.
títhe tábhairne pubs
" Ceol clasaiceach sa Halla Philharmonic, ceol traidisiúnta sna títhe tábhairne agus i gclubanna Éireannacha, agus snagcheol agus roc ar fud na cathrach agus an Cóir Kop ag canadh os ard ag cluichí sacair de chuid Learpholl FC ag Anfield.
tábhairní pubs, taverns
" Bhí lamairní plódaithe le báid seoil, siopaí beaga deasa ag díol giuirléidí, bialanna le gach uile shórt bia acu, agus tábhairní beaga ina rabhthas in ann suí amach faoi chrainn ag ól.
tithe tábhairne pubs
" Dúntar na siopaí is na tithe tábhairne go léir agus caitheann gach duine an lá sa bhaile.
dtithe leanna pubs'
" Oíche Shathairn, 28ú Samhain, bhailigh drong 200 duine le chéile i lár an bhaile gar d’am druidte na dtithe leanna agus thosaigh ag déanamh léirscrios ar shéalúchais Chaitliceach.
toigh an leanna the pub
" Is iomaí oíche samhraidh a d’ordaigh mé toigh an leanna, "buidéal de Cidona Dhún na nGall, más é do thoil é".
teach leanna pub
" Pádraic's Place an seanainm a bhíodh ar an teach leanna seo le barr measa ar an scríbhneoir Sean-Phádraic Ó Conaire a mhaítear a rugadh ar an láthair ar an 28 Feabhra 1882.
teach tábhairne pub
" Bíonn seisiún ceoil ag Comhaltas Ceoltóirí Éireann dhá uair sa mhí sa teach tábhairne The Moorbrook ansin agus bíonn ciorcal comhrá gach seachtain i dteach Chonchúir Uí Ráinne.
tithe tábhairne pubs
" Tá fearas cearrbhachais ar fáil go forleathan sna clubanna sóisialta agus sna tithe tábhairne fud fad na tíre, cé is moite d’Iarthar na hAstráile, áit nach bhfuil siad ar fáil ach amháin sa chasaíne.
theach leanna pub(s)
" Tá dhá theach leanna deasa ann i gcónaí agus beatha den scoth le fáil i gceann acu.
dteach tábhairne pub
" Bin Ó Loideáin ======= Chonaic an domhan is a mháthair Beairic ag ionsaí pionta Gnéas – ó gabh mo leithscéal, pionta Guinness, i dteach tábhairne Ollie Hayes i Muine Gall.
i dteach leanna éigin in some pub
" Bhí mise ag tabhairt cuidiú dó ráitis a fháil ó na heagrais Ghaeilge faoi na hathruithe a bhí beartaithe agus ag coinneáil súile ar an chlog lena chinntiú go mbeinn i dteach leanna éigin don chluiche mhór.
teach leanna i lár an bhaile a pub in the middle of town
" Níor thúisce mise ann ná go raibh an bháisteach throm chugainn, faraor, agus rinneas mo bhealach ar luas lasrach go dtí teach leanna i lár an bhaile chun cluiche iománaíochta a fheiceáil ar an teilifís.
Sa teach leanna beoga in the lively pub
" ’S í do chanúint leathan a nochtann gur coimhthíoch saonta thú go dtáinig tú ó thaobh eile na farraige is nach bhfuil eolas ar bith agat ar nósanna na hÉireann ’S é do cheannaghaidh neamh-Áiseach a nochtann fiú gan focal amháin a rá go bhfuil tú gan dabht i do waiguoren* ’s nach bhfuil eolas ar bith agat ar nósanna na Síne Sléibhte maorga atá i do thimpeall Cuireann na carraigeacha crochta iontas ort Tá tú sáite i nglaise na bpáirceanna is na bhfánaí Is ar do shuaimhneas atá tú ansin Agus tú i measc na ndaoine ag canadh is ag caint is ag ól Sa teach leanna beoga i nGleann Nó ag rince in éineacht le comharsana Sa tsráid bhríomhar i Yangshuo Beidh lúcháir an chomhluadair chroíúil ort Ní i do waiguoren a bheidh tú níos mó Mo rabhadh duit, a chara Uair amháin agus tusa san áit Tiocfaidh draíocht ort i ngan fhios duit is beidh sé do do mhealladh go deo!
i dteach leanna in a pub
" Tharla gur cultúr éagosúil lena chéile iad, is féidir cairde a dhéanamh go furasta sa Spáinn ag dioscó nó i dteach leanna, ach sa tSín ní rachaidh siad chuig áit mar sin agus is doiligh aithne a chur ar dhaoine.
sa teach leanna in the pub
" Tharla comhrá Béarla amháin, iascaire coimhthíoch sa teach leanna, ar feadh leath uaire san achar trí seachtaine sin.
ag ceannach tithe tábhairne buying pubs
" Bhí Gearóid ag obair le Cumann na nIarchimí i nDoire, ag bunú seirbhís tacsaithe dubha, ag ceannach tithe tábhairne agus gnónna eile, agus bhí sé ina rúnaí ar Chumann na Stailceanna Ocrais.
tithe tábhairne pubs
" Spreagfaidh an díolaim seo cuimhní go leor den tréimhse ina raibh rabhcáin i mbarr a réime sna tithe tábhairne agus i gclubanna na tíre.
Athraíodh ainm an teach leanna the name of the pub was changed
" Athraíodh ainm an teach leanna ‘JP Byrne’ go ‘Roartys’ le haghaidh na sraithe trí chlár agus d’fhág an clár a lorg dá réir ar an tsráidbhaile.
dteach tábhairne aerach a gay pub
" Ní rómhinic a shamhlaítear cultúr na Gaeilge, nó an “Gaelachas”, le fochultúir na homaighneasachta, agus shílfí gurbh as riocht a bheadh an amhránaíocht ar an sean-nós, cuirim i gcás, dá gcloisfí é i dteach tábhairne aerach i mBaile Átha Cliath.
i dteach leanna i lár an lae in a pub in the middle of the day
" Shníomhfadh scoil chumasach mar sin an dá phobal ina chéile arís, Gaeltacht agus Galltacht, agus chiallódh sé go mbeadh stócaigh is girseacha ag tabhairt aghaidh ar an tríú leibhéal nuair a bheadh dhá theanga go leith acu, go cumasach is go cliste, in ionad a bheith ina gcuid English monoglots ar meisce ag lorg troda i dteach leanna i lár an lae.
dtithe leanna pubs
" Ar an lá eagraítear toscairí i moil, nó ‘huddles’, i dtithe leanna agus in óstáin timpeall an bhaile.
i dtithe leanna in pubs
" Ní minic a bhím mar sin ach bhí gearrsteall ólta agam le cairde de mo chuid agus muid ag plé cúrsaí foclóireachta, ceist a bhfuil fairsinge inti mar atá a fhios agaibh agus ábhar ar ceart cuid mhór ama a chaitheamh i mbun chur agus cúiteamh á plé i dtithe leanna.
Ní eisceacht iad na pubanna the pubs are not immune
" ) Ní eisceacht iad na pubanna maidir le hathrú cultúir ach oiread.
ceird an chomhrá sa phub the art of pub conversation
" Idir daoine bheith i mbun téacsála, scimeála ar an idirlíon nó ag breathnú ar an mbosca sa chúinne, níl aon dul as ach go bhfuil ceird an chomhrá sa phub, mar a bhí, faoi bhagairt.
Luaigh sé roinnt tithe tábhairne he mentioned some pubs
" Luaigh sé roinnt tithe tábhairne mar shamplaí d’áiteanna tábhachtacha stairiúla, agus trí cinn d’óstáin cúig réalta – péire acu in Santa Monica, California, agus an tríú ceann in Kuala Lumpur.
an teach ósta is gaire the closest pub
" Nuair a bhí obair an lae déanta, dúirt triúr nó ceathrar againn nó siúlfadh muid a fhad leis na Feathers, an teach ósta is gaire do Tŷ Newydd.
i dtigh tábhairne áitiúil in a local pub
" Cruinníonn siad le chéile i dtigh tábhairne áitiúil agus tar éis don leann a gcuid náire a leá, is féidir leo go léir na focail chuí a aimsiú.
tithe ósta hotels, pubs
" Cuireadh féasta de rogha gach ceoil agus togha gach rince, cainteanna, comórtais, mórshiúl ildaite il-Cheilteach ar fáil do phobal na cathrach agus do na mílte cuairteoir, ‘Ceiltigh’ agus ‘neamh-Cheiltigh’, a bhí i láthair i rith na seachtaine agus neart ceoil is craic is cuideachta i gClub na Féile agus sna tithe ósta ina dhiaidh sin.
i dtigh tábhairne beag in a small pub
" Baineann an dráma le cúigear a chaitheann oíche gheimhridh i dtigh tábhairne beag amuigh fén dtuaith.
an teach tábhairne cáiliúil the famous pub
" Trí chiliméadar ó thuaidh, tá an t-óstán i Málainn Mhóir dúnta agus sa chéad sráidbhaile eile, Caiseal, tá an teach tábhairne cáiliúil Tigh Bhidí dúnta fosta.
ré na dtithe tábhairne tuaithe. the era of the rural pubs.
" Dealraíonn sé go bhfuil deireadh ag teacht le ré na dtithe tábhairne tuaithe.
ghliogar na gramadaí tábhairne the prattle of pub grammar studies
" Bhí Balor ag dul i dtaithí ar Eorpachas na Gaeltachta, ar ghliogar na gramadaí tábhairne agus ar cheol gaelach na Mór-Roinne in Éirinn lá breá te sa tsamhradh.