Pota Focal Intergaelic
rais | áis | -áis | rás | ris
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
lucht eagraithe an ráis the race organisers
" Cúrsaí sláinte agus sábháilteachta a luaigh an PSNI mar bhunús leis an chomhairle a thug siad do lucht eagraithe an ráis, comhairle ar a bunaíodh an cinneadh gan an chuid sin den rás a chuaigh fríd Bhóthar na bhFál agus Baile Andarsain a cheadú i mbliana.
dá mbeadh rith an ráis leo if they were successful
" Fiú dá mbeadh rith an ráis leo, seans go mbeadh an comhaontú idir iad agus FG tuairim agus deich suíochán faoi bhun an mhéid is lú atá de dhíth le rialtas a chur i dtoll a chéile.
rith an ráis everything going well
" Admhaím go raibh rith an ráis ina iomláine ag an Chomhrialtas le cúig bliana anuas.
phléasc na buamaí ag sprioclíne an ráis the bombs exploded at the finishing line
" Nuair a phléasc na buamaí ag sprioclíne an ráis i mBostún cúpla mí ó shin, bhí uafás ar mhuintir Mheiriceá chomh maith le daoine ar fud an domhain.
seachas sin bíonn rith an ráis agam other than that I've the whole place to myself
" Amanta bíonn comhghleacaí ó RTÉ Raidió na Gaelachta i mo theannta ach seachas sin bíonn rith an ráis agam.