Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Rúnaí/Cisteoir Secretary/Treasurer
" Cén ról atá agat féin san eagraíocht agus cén fhad atá tú sa phost? Is mise Rúnaí/Cisteoir na heagraíochta.
rúnaí secretary
" Nuair a labhair mé leis an rúnaí, dúirt sí liom gur shocraigh ceannaire na Roinne go raibh sé neamhdhlíthiúil sloinne nach raibh aitheanta ag an rialtas a úsáid.
rúnaí oinigh honorary secretary
" Toghadh Auchinleck ina Uachtarán d'aon ghuth, Mícheál Ó Cíosóig ina leas-Uachtarán agus LH Christian ina rúnaí oinigh agus chisteoir.
foireann rúnaithe a team of secretaries
" Tá guth ag clubanna trí bhallraíocht ar choiste agus tá foireann rúnaithe ag an stiúrthóir.
óna Rúnaí Roinne from his Departmental Secretary
" Gheobhaidh an tAire tacaíocht sa mhéid seo óna Rúnaí Roinne, Tim Dalton, agus ó chuid de bhainistíocht an Gharda Síochána, go háirithe iadsan nach raibh tráth ina mbaill den bhrainse speisialta.
rúnaí ginearálta general secretary
" Le gairid sheol rúnaí ginearálta an cheardchumainn, Blair Horan, litir chuig príomhfheidhmeannach an Údaráis um Shábháilteacht Bia, an Dr Patrick Wall.
rúnaí secretary
" Chuir mé féin agus rúnaí UNISON gearán chuig rúnaí na ngobharnóirí ar fhoirm oifigiúil ach níor chuala muid rud ar bith ar ais faoi ar feadh i bhfad.
rúnaí secretary
" Táim i mo rúnaí freisin; bhí an post sin agam ó 1993 go 1998, agus toghadh mé i mó rúnaí arís in 2002.
rúnaí Éireannach Irish secretary
" Creidim féin go bhfuil an ceart ag rúnaí Éireannach an NUJ, Seamus Dooley, nuair a deir sé go mba chóir do bhunús reachtúil a bheith ag an chomhairle preas nua ach gan é a bheith faoi smacht an stáit.
rúnaí secretary
" Ar scor ar bith, is as Albain a fuadaíodh é mar sclábhaí an chéad lá riamh, áit a raibh a dhaidí ina rúnaí ar chumann tacaíochta áitiúil Glasgow Rangers.
Rúnaí na Slándála Inmheánaí Secretary of Homeland Security
" D'iarr Rúnaí na Slándála Inmheánaí Tom Ridge go gcuirfí tús le scéim éigin chun stádas dleathach a thabhairt do na milliúin duine atá ag obair i Meiriceá agus ag cuidiú leis an gheilleagar, ach atá ansin go mídhleathach.
rúnaí secretary
" Cén ról atá agat féin san Áras agus cén fhad atá tú sa phost? Táimse mar rúnaí ar an gcomhlacht atá i gceannas ar Áras na nGael agus ag feidhmiú mar bhainisteoir ginearálta an Árais.
iar-Rúnaí ar an Roinn Airgeadais former Secretary of the Department of Finance
" Tá go leor gaiscí tábhachtacha déanta aige a bhféadfadh sé maíomh astu, áfach, dá mba mhian leis: is iar-Ghobharnóir é ar Bhanc Ceannais na hÉireann, iar-Rúnaí ar an Roinn Airgeadais, iar-Uachtarán ar Acadamh Ríoga na hÉireann, iar-Chathaoirleach ar APSO, iar-Sheanadóir, iar-Sheansailéir ar Ollscoil na hÉireann, príomhchomhairleoir Sheáin Lemass nuair a bhí Éire ag plé ballraíochta sa Chómhargadh (mar a bhí air ag an am).
Rúnaí Chomhairle Uladh Secretary of the Ulster Council
" Le cúpla seachtain anuas, tá Danny Murphy, Rúnaí Chomhairle Uladh agus John Prenty, Rúnaí Chúige Chonnacht, beirt tar éis a míshuaimhneas a chur in iúl maidir le hoscailt Pháirc an Chrócaigh.
rúnaí pearsanta private secretary
" 50 san uair, i gcuid de na comhlachtaí príobháideacha, mar shampla, nó má bhíonn tú ag obair mar rúnaí pearsanta san earnáil phoiblí.
rúnaí secretary
" asp) Cuid 1 den alt anseo Agus mé ag obair mar rúnaí sealadach, an chéad rud a dhéanaim nuair a théim go dtí jab nua ná fáil amach cén fáth a bhfuil an duine a bhíonn sa phost de ghnáth as láthair.
rúnaí secretary
" Feiceann muid í mar *stripper* rua i bpictiúr amháin, nó mar rúnaí ag fanacht go mall san oifig lena *boss *i gceann eile, nó mar bhean fhionn, sínte amach ar leaba.
rúnaí comhlachta company secretary
" Cén ról atá agat féin in Ciarraí Beo Teoranta (CBT) agus cén fhad atá tú sa phost? Is mise an rúnaí comhlachta (deonach), mar aon le stiúrthóir na dtionscadal forbartha a bhíonn á reáchtáil againn le tacaíocht ó FÁS (Foras Áiseanna Saothair) agus Foras na Gaeilge.
Rúnaí Stáit Secretary of State
" Labhair Nixon agus a Rúnaí Stáit le chéile ar an ghuthán níos déanaí an lá sin faoin chruacheist pholaitiúil a chothaigh na himeachtaí seo do na Stáit Aontaithe.
Rúnaí Ginearálta Chumann Náisiúnta Phríomhoidí na Ríochta Aontaithe General Secretary of the UK's National Association of Headteachers
" Tá daoine áirithe tar éis gníomhú go tapa ó foilsíodh an fhianaise shuaitheach seo – mar shampla, dúirt David Hart, Rúnaí Ginearálta Chumann Náisiúnta Phríomhoidí na Ríochta Aontaithe gur cheart cosc iomlán a chur ar ghutháin phóca i scoileanna tar éis fholáireamh an Ollaimh Stewart.
rúnaí secretary
" Níor dúradh sa chlár, mar shampla, gur inis Peter Berry, a bhí mar rúnaí ag an am ar an Roinn Dlí agus Cirt, don Loingseach i mí Dheireadh Fómhair 1969 faoin chruinniú i gCoill an Choilligh i gContae an Chabhán inar beartaíodh go gcabhródh Arm na hÉireann leis an IRA gunnaí a chur thar teorainn agus go raibh Ó hEochaidh agus Blaney páirteach.
Rúnaí Cosanta Secretary of Defense
" Go deimhin, ní gá don aire a bheith sa pháirtí céanna leis an uachtarán, fiú; i 1997 cheap an t-uachtarán Clinton poblachtánach darbh ainm William Cohen mar Rúnaí Cosanta Mheiriceá.
Rúnaí Fuinnimh Energy Secretary
" Agus lá amháin tar éis óráid an Uachtaráin faoin chuspóir seo, bhí a Rúnaí Fuinnimh féin ag rá, “Ní sin an rud a bhí i gceist aige go liteartha.
Rúnaí Cosanta Defence Secretary
" Dar fia, tá boladh na fola i sróna na nDaonlathach, go háirithe le déanaí nuair a tháinig seisear ginearál sinsearach, atá ar scor anois, amach sna meáin ag éileamh go mbrisfí an Rúnaí Cosanta, Donald Rumsfeld, as a phost.
Rúnaí Cosanta Defence Secretary
" Dar fia, tá boladh na fola i sróna na nDaonlathach, go háirithe le déanaí nuair a tháinig seisear ginearál sinsearach, atá ar scor anois, amach sna meáin ag éileamh go mbrisfí an Rúnaí Cosanta, Donald Rumsfeld, as a phost.
Rúnaí Cosanta Mheiriceá America's Secretary of Defence
" Bolton, ar ambasadóir Mheiriceá ag na Náisiúin Aontaithe é anois, Donald Rumsfeld, atá anois mar Rúnaí Cosanta Mheiriceá, Paul Wolfowitz, iar-Rúnaí Cosanta Mheiriceá, agus Lewis Libby, státseirbhíseach in oifig an leasuachtaráin, a dhíotáil binse fiosraithe Comhdhála le déanaí as leabhar éithigh a thabhairt.
rúnaí parlaiminte le haghaidh inimirce agus ilchultúrachais parliamentary secretary for immigration and multiculturalism
" Dúirt Andrew Robb, rúnaí parlaiminte le haghaidh inimirce agus ilchultúrachais, gur chóir dóthain Béarla a bheith ag daoine le labhairt lena gcomhoibrithe, le comharthaí sábháilteachta a léamh agus a thuiscint agus le foirmeacha a líonadh.
Rúnaithe Stáit na linne the Secretaries of State of the time
" Is gá an cheist a chur: An raibh a fhios ag Rúnaithe Stáit na linne, nuair a bhí gníomhaithe an Bhrainse Speisialta ag marú daoine, cad é a bhí ar bun acu? Má bhí a fhios, nach bhfuil siad féin ciontach? Is ceist bhunúsach í.
rúnaí comhlachta company secretary
" Ainmníodh an Gradam in ómós do Sheosamh Ó hÓgartaigh, nach maireann, ball bunaithe agus rúnaí comhlachta Ghaillimh le Gaeilge.
rúnaí secretary
" Tá a fhios agam go raibh Mícheál Ó Gríofa mar rúnaí ar an gcraobh an chéad lá riamh.
Toghadh é ina Ard-Rúnaí ar an TGWU he was elected General Secretary of the TGWU
" Toghadh é ina Ard-Rúnaí ar an TGWU i 1968 agus bhí an-mheas air agus é sa phost sin.
Rúnaí Cosanta Defence Secretary
" Mar shraith tréanbhuillí, chaill na Poblachtánaigh (an páirtí is mó a bhí i bhfabhar an chogaidh) Teach na nIonadaithe agus an Seanad araon sa toghchán meántéarma, d’éirigh Donald Rumsfeld as a phost mar Rúnaí Cosanta (ar iarratas ón uachtarán), agus foilsíodh tuarascáil Ghrúpa Staidéir na hIaráice.
rúnaithe secretaries
" Tá Europus Teoranta, i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta, i ndiaidh cúrsa nua oiliúna a fhógairt a bheidh dírithe ar riarthóirí, ar chúntóirí agus ar rúnaithe agus a mbeidh an Ghaeilge mar an phríomhtheanga ann.
rúnaí cúnta assistant secretary
" “Nuair a bhí mo chuid Béarla maith go leor thug siad post dom mar rúnaí cúnta agus d’fhan mé leo ar feadh dhá bhliain.
rúnaí secretary
" Lorgaím uair an chloig breise ó rúnaí *Hot Press*.
ard-rúnaí secretary general
" I meamram faoin ghaelscoil chéanna a chuir Peter Baldwin, oifigeach sinsearach de chuid na roinne, chuig Hanafin agus ard-rúnaí na roinne ar an 14 Meitheamh 2006 deirtear: *“We have a revised Primary School Curriculum introduced in 1998.
rúnaí parlaiminte parliamentary secretary
" Ceapadh an Seanadóir Stephens ina rúnaí parlaiminte sa rialtas nua.
rúnaí stáit secretary of state
" Chuir seo alltacht ar an Fheisire Jim Wells, an fear a léim ar charr Tom King nuair a bhí sé ina rúnaí stáit ó thuaidh mar agóid in éadan an Chomhaontaithe Angla-Éireannaigh i 1985.
Leas-Rúnaí Ginearálta Vice-Secretary General
" Fadhbanna dearthaAdmhaíonn Leas-Rúnaí Ginearálta Aontas Múinteoirí Éireann, John Mac Gabhann, go bhfuil borradh mór tagtha ar “fhadhbanna deartha” nó “*designer difficulties*” i measc daltaí a bhfuil sé d’acmhainn ag a dtuismitheoirí íoc as tuairiscí shíceolaithe a chiallóidh go bhfaighidh a gcuid páistí díolúine ó staidéar a dhéanamh ar an Ghaeilge.
rúnaí agus cathaoirleach an chumainn. the club's secretary and chairperson.
" **Foireann tacaíochta** Cuimsíonn an fhoireann tacaíochta traenálaithe a bhíonn freagrach as aclaíocht na n-imreoirí a fhorbairt; dochtúirí, fisiteiripeoirí, bia-eolaithe, roghnóirí agus duine garchabhrach; an lucht fearais agus trealaimh a shocraíonn rudaí mar gheansaithe, liathróidí, shliotair, chamáin agus araile; duine a choinníonn cuntas ar thinreamh na n-imreoirí; an té a bhíonn freagrach as éilimh ar chostais taistil, as billí leighis agus eile; daoine ar leith a dhéanann staitisticí i leith na gcluichí a chur le chéile agus gan dabht, rúnaí agus cathaoirleach an chumainn.
Ard-Rúnaí Secretary General
" Ach ba léir dom i ndiaidh agallamh a chur ar Julian de Spáinn, atá ina Ard-Rúnaí ar Chonradh na Gaeilge ó bhí 2006 ann, gur fear gnímh é – ní fhéadfadh mo chara a rá riamh gur duine de na *Anoraks* é! Chuir mé agallamh air ag tús na míosa seo, agus tar éis dom éisteacht leis an téip, rith rud éigin liom: cuireann de Spáinn agus an méid atá bainte amach aige – i gcomhar le daoine eile, dar ndóigh – ré órga na heagraíochta Gael Linn i gcuimhne dom.
Ard-Rúnaí General Secretary
" “*The genocide in Rwanda was 100 percent the responsibility of the Americans!”* dar le Boutros Boutros-Ghali, a bhí ina Ard-Rúnaí ar na Náisiúin Aontaithe ag an am.
ina fho-rúnaí under-secretary
" I measc na gceapachán tábhachtach sin, bhí sé ina chathaoirleach ar an bhFóram Eacnamaíoch Domhanda (Davos); ina leas-uachtarán ar WWF, ar ciste idirnáisiúnta don fiadhúlra é (1978-1981); ina chomhairleoir sinsearach sa tréimhse 1995-2005 d’iar-uachtarán an Bhainc Dhomhanda, James Wolfensohn; agus ina fho-rúnaí ar na Náisiúin Aontaithe (1985-1987 agus 1989-1992).
ag feidhmiú mar ard-rúnaí ar an gcomhdháil acting as general secretary of the conference
" Ach an bhfuil aon chontúirt ann go bhfuiltear ag teacht i dtír ar ár n-imní? An féidir muinín iomlán a bheith againn as ceannairí ghluaiseacht na gcomhshaolaithe? Nó an bhféadfadh aidhmeanna folaigh a bheith ag cuid acu? Ina óráid ag tús Chomhdháil na Náisiún Aontaithe ar Chomhshaol agus Forbairt (UNCED) sa bhliain 1992, dúirt an fear a bhí ag feidhmiú mar ard-rúnaí ar an gcomhdháil, Maurice Strong: “*.
ag feidhmiú mar ard-rúnaí ar an gcomhdháil, acting as general secretary of the conference,
" Ach an bhfuil aon chontúirt ann go bhfuiltear ag teacht i dtír ar ár n-imní? An féidir muinín iomlán a bheith againn as ceannairí ghluaiseacht na gcomhshaolaithe? Nó an bhféadfadh aidhmeanna folaigh a bheith ag cuid acu? Ina óráid ag tús Chomhdháil na Náisiún Aontaithe ar Chomhshaol agus Forbairt (UNCED) sa bhliain 1992, dúirt an fear a bhí ag feidhmiú mar ard-rúnaí ar an gcomhdháil, Maurice Strong: “*.
Rúnaí Náisiúnta National secretary
" D’fhiafraigh mé d’Eilís Ní Mhearraí, atá ina Rúnaí Náisiúnta ar Chairde Rince Céilí na hÉireann, cad chuige a gcuireann daoine suim sa rince céilí.
rúnaí na heagraíochta the organizations secretary
" uk) in aghaidh an Coinbhinsiúin agus nuair a d'amharc Desmond Greaves, rúnaí na heagraíochta ar na focail san Acht, thug sé faoi deara nach raibh aon chosc ann.
Rúnaí Státchiste The Treasury Secretary
" D’fhógair Rúnaí Státchiste Henry Paulson i Meán Fómhair, 2008, go dtabharfadh Státchiste na Stát Aontaithe $85 billiún leis an gcomhlacht árachais is mó ar domhan, AIG, a tharrtháil, lá ina dhiaidh dó gan teacht i gcabhair ar Bhanc Lehman Brothers.
mhol Leas-Rúnaí Cosanta the Assistant Defence Secretary proposed
" Ceithre lá i ndiaidh 9/11, bhí lucht an chogaidh nuachoimeádaigh chomh siúráilte go raibh muintir Mheiriceá ullmhaithe gur mhol Leas-Rúnaí Cosanta Paul Wolfowitz gur chóir d’arm SAM ionsaí a dhéanamh ar thír nach raibh baint dá laghad leis na hionsaithe sin.
Fo-Rúnaí Chiste Treasury Under Secretary
" Nuair a bhí easpa airgid ar rialtas Boris Yeltsin i lár na nóchaidí, mhol foireann comhairleoirí ó Ollscoil Harvard, a cuireadh ann ag Fo-Rúnaí Chiste an Stáit SAM Lawrence Summers, do na Rúisigh iasachtaí a fháil ó bhainc de chuid na n-olagarcach.
rúnaí secretary
" na Gaillimhe, sárobair fosta 20 bliana ó shin nuair a bhí sí ina rúnaí de fhochoiste na Gaeilge den British Association for Irish Studies agus í ina cónaí i gCoventry, Sasana, ach tá sí scortha le blianta.
Ard-Rúnaí general secretary
" bhail, níl siad féin cinnte cad é a bhí siad á lorg, ach mar a dúirt Seáinín Ó Gluaisteáin, Ard-Rúnaí Chumann Múinteoirí Éireann: “Cibé rud a bhí muid á lorg, ní bhfuair muid é, agus tá muid sásta dul amach ar stailc arís agus arís eile go dtí go bhfaighidh muid é.
Leas-Rúnaí vice-secretary
" Ba mar gheall ar chomhairle an Leas-Rúnaí Cosanta i rialtas Bush, nó Foirceadal Wolfowitz, a d’ionsaigh SAM an Iaráic.
rúnaí secretary
" Nuair a mhol Conradh na Gaeilge i Learpholl cuimhneachán cuí a eagrú ar an Drochshaol i 1997, bhí Ian ina rúnaí don choiste agus nochtadh dealbh iontach de chuid Éamonn Uí Dhochartaigh sa chathair i 1998.
Iar-Leas-Rúnaí ex-vice secretary
" George Ball, Iar-Leas-Rúnaí Stáit ================ I réamhrá a leabhair a ghlac a theideal ó aitheasc Washington, scríobh George Ball, *“Just as in Washington’s day a powerful American faction was attached to France, today an even more powerful faction is passionately attached to Israel, producing a variety of evils.
a fhoireann rúnaithe his staff of secretaries
" Tá Ardstiúrthóir agus a fhoireann rúnaithe agus lucht riaracháin i gcoitinne sa cheannáras náisúnta i bPáirc an Chrócaigh.
Rúnaí Státchiste State Treasury Secretary
" ) Tá na Stáit Aontaithe chun iasacht $1 billiún a ráthú ar son na hÉigipte, cé go bhfuil a theorainn fiachais féin sáraithe ag an ngeilleagar is mó ar domhan, agus Rúnaí Státchiste Timothy Geithner ag déanamh ruathair ar chistí pinsin leis an bhfiachas a mhaoiniú.
Rúnaí Cúnta Assistant Secretary
" Glaser, Rúnaí Cúnta um Mhaoiniú Sceimhlitheoireachta, cuairt ar an Iordáin agus an Liobáin ag brú ar na húdaráis ansin gan ligean leis an Damaisc éalú ó na smachtbhannaí.
ina rúnaí ag an Uachtarán Presidential Secretary
" Ansin tháinig sé go BAC agus bhí sé ag obair sa Roinn Gnóthaí Eachtracha agus sa Roinn Oideachais agus ina dhiaidh sin arís, bhí sé ina rúnaí ag an Uachtarán.
rúnaithe secretaries
" Creach Peadar is Díol Pól =========== Daoine atá go láidir ar son bainisteoirí a íoc, beidh le rá acu go n-íoctar go leor daoine eile sa CLG (rúnaithe, lucht gearrtha féir, dochtúirí, srl.
rúnaí uachtarán an chomhlachta the presidential secretary of the company
" Tá réimse mór de dhaoine a fuair bás ar bord na loinge curtha sna reiligí céanna, ó cheoltóir veidhlín de bhanna ceoil an Titanic darbh ainm Hume, go rúnaí uachtarán an chomhlachta, White Star Line.
ina rúnaí ar secretary of
" Bhí Gearóid ag obair le Cumann na nIarchimí i nDoire, ag bunú seirbhís tacsaithe dubha, ag ceannach tithe tábhairne agus gnónna eile, agus bhí sé ina rúnaí ar Chumann na Stailceanna Ocrais.
hArd–Rúnaí na Náisiúin Aontaithe General Secretary of the UN
" ’ I measc na ndaoine eile a mealladh le haithris a dhéanamh ar *Gangnam Style*, bhi Príomh-Aire na Breataine, David Camshrón, Boris Johnson, Ard-Mhéara Londain, Madonna – banríon an phopcheoil í féin chomh maith le hArd–Rúnaí na Náisiúin Aontaithe, Ban Ki-Moon a dúirt go raibh an t-amhrán chomh bríomhar sin go dtiocfadh leis an domhan a spreagadh chun síochána.
d’fhógair an Rúnaí Baile the Home Secretary announced
" I 2010 d’fhógair an Rúnaí Baile, Theresa May, go mbeifí ag iarraidh ráta bliantúil na hinimirce go dtí an Bhreatain a ísliú ó na céadta míle go dtí na deicheanna míle faoi 2015.
bosca ciarsúr tarraingthe amach ag an rúnaí céanna a box of hankies pulled out by the same secretary
" Fiú nuair a bhí orainn gach aon ní a chló amach agus a fhágáil i mbosca taobh amuigh d’oifig an rúnaí, is minic a theip ar ríomhairí agus bheadh caoineadh agus briseadh croí agus bosca ciarsúr tarraingthe amach ag an rúnaí céanna.
ar a dtugtar rúnaithe parlaiminte called parliamentary secretaries
" Níos mó Ban in Aireacht na hAfghanastáine ================== Sa dara leibhéal den aireacht atá an dream ar a dtugtar an aireacht amuigh, nó outer ministry, ina bhfuil na hairí sóisearacha, agus tá an dáréag ar a dtugtar rúnaithe parlaiminte ag an leibhéal is ísle.
bheartaigh a rúnaí príobháideach her private secretary decided
" Ní fhaca *Mrs Thatcher* an clár seo riamh agus bheartaigh a rúnaí príobháideach téip a thabhairt isteach di i Sráid Downing.
cháin rúnaí airgid nua the new (US) finance secretary condemned
" Ba chuma léi gur cháin rúnaí airgid nua na Stát Aontaithe a cuid beartais gheilleagair go poiblí i 1980.
Rúnaí Baile home secretay
" *’ Dronga Coirpeach ======== Sa bhliain 1928 chuaigh toscaireacht de mhinistéirí go dtí an Rúnaí Baile, Sir William Joynson-Hicks, ag impí air srian a chur ar líon na nÉireannach a cheadófaí isteach go hAlbain.
D’fhógair Rúnaí Baile na Breataine the British Home Secretary announced
" Obair Rialtais nó Mír Ghrinn? ============== D’fhógair Rúnaí Baile na Breataine, John Reid, i 2007 go mba chóir an saol a chruachan a mhéad agus ab fhéidir ar inimircigh a bhí sa Bhreatain gan chead.
Rúnaí Oinigh honorary secretary
" Mhínigh Sarah Chití Ní Dhomhnaill, Rúnaí Oinigh Chumann Thír Chonaill i mBaile Átha Cliath, gurbh é Liam féin a chuir fios ar na gardaí chun é a chosaint ón oiread sin daoine a bheadh ag iarraidh a dhroim a bhualadh.
Stát-Rúnaí Gnóthaí Baile Home Secretary
" ” An tOileáinín Mé-Féineach ========= Ní fhéadfadh Jenkins éalú ón “gceist Éireannach” agus é ina Stát-Rúnaí Gnóthaí Baile na Breataine idir 1965-67 agus arís ó 1974-77.
iar-rúnaí cosanta ex-secretary of defence
" Agus fuarthas mea culpa eile ó Robert Mc Namara, iar-rúnaí cosanta le linn ré Kennedy agus Johnson, ina leabhar, In Retrospect, ach go háirithe ó thaobh Vítneam de.
rúnaí sealadach temporary secretary
" Tá Liz Curtis ag obair mar rúnaí sealadach i gcomhlachtaí éagsúla i mBéal Feirste le roinnt míonna anuas anois.
rúnaí sealadach temporary secretary
" Fuair Liz Curtis léargas níos fearr ar an phobal dílseach le linn di a bheith ag obair mar rúnaí sealadach ar Bhóthar na Seanchille i mBéal Feirste.
rúnaí sealadach temporary secretary
" Tá go leor rudaí suimiúla cloiste agus feicthe ag Liz Curtis ó thosaigh sí ag obair mar rúnaí sealadach i mBéal Feirste.
Ard-Rúnaí Secretary General
" Ceapadh é ina Ard-Rúnaí ar Chonradh na Gaeilge sa bhliain 2006.