Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag rásaíocht tré chuisle racing through veins
" Ardaíonn an súlach sna cnámha agus téann an fhuil ag rásaíocht tré chuisle.
ag na hócáidí móra rásaíochta at the big racing events
" Capall rása, nó leath de chapall ba chirte a rá, a bhí ann agus an plean ná go mbeadh an bainisteoir feicthe in éineacht leis an gcapall ag na hócáidí móra rásaíochta agus go n-ardódh luach an chapaill dá bharr sin - nó rud éigin mar sin, sílim.
i mbun rása le chéile. racing each other.
" Roinnt míonna ó shin, mar shampla, níor dhícháiligh breitheamh beirt fhear óga a thiomáin ag beagnach 200 ciliméadar san uair in aice leis an Mhuileann gCearr agus iad i mbun rása le chéile.
ag rásaíocht suas na cairteacha. racing up the charts.
" Agus bhreathnaíos gach seachtain ar “Top of the Pops” ag guí i gcónaí go mbeadh singil úr eisithe acu, go mbeadh sé go hiontach agus go mbeadh sé ag rásaíocht suas na cairteacha.
ag rásaíocht thart ar chathracha an domhain. racing around the cities of the world.
" Tá an dara bua ag an ghontacht fosta; cuireann sí le luas an scéil agus na n-imeachtaí, rud atá fóirsteanach nó baineann an scéal le carranna gasta agus iad ag rásaíocht thart ar chathracha an domhain.
seoltóireacht, rásaíocht sailing, racing
" An-chuid draíochta ag baint leis an gceann seo – seoltóireacht, rásaíocht agus an Fathach á dhó sa bhá! Bígí ann! http://www.
ag rásaíocht carbaid chariot racing
" Bhain Cinecittà an ‘dolce vita’ amach le linn na 50í agus 60í le scannáin ar nós Ben-Hur (1959) le William Weyler, áit a bhfeictear Charlton Heston ag rásaíocht carbaid: La Dolce Vita (1960) le Federico Fellini agus an radharc íocónach de Anita Ekberg ag lapadaíl i bhFoinse Trevi : Cleopatra (1963) le Joseph L.
graifne horse racing
" Chuaigh eachtra graifne i gcion ar Cholm Mac Séalaigh ina óige, ní ba ábhar machnaimh dó arís le deireanas: beathach capaill a chur chun báis.