Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
nach mór ullamh nearly ready
" Le cúig bliana anuas, tá cúig cinn de theidil foilsithe againn, agus tá an séú ceann nach mór ullamh.
réidh le heisiúint ready to be issued
" Oll-liosta de théarmaí ilghnéitheacha atá beagnach réidh le heisiúint ar an suíomh gréasáin, (www.
réidh leis an mhuineál a chasadh ag Frank ready to wring Frank's neck
" Ar ndóighe, bhí ábhar aige nó bheadh sí féin réidh leis an mhuineál a chasadh ag Frank dá mbeadh an bhróg ar an chos eile.
ag ullmhú don dlúthdhiosca getting ready for the CD
" Sa samhradh ní dhearnamar mórán mar bhíomar ag ullmhú don dlúthdhiosca, bhíomar ag obair go dian air sin.
réidh lena lámh a shíneadh amach ready to extend her hand
" "Bhí sí i gcónaí réidh lena lámh a shíneadh amach i dtreo rudaí nua.
ag réiteach dó seo getting ready for this
" Caitear an-chuid ama agus airgid ag eagrú agus ag réiteach dó seo agus an cheist a bheas le cur ag Coiste an Oireachtais air féin ag an gcruinniú tábhachtach seo i mí an Mheithimh ná: "An fiú é?" Tá cruinniú mór den Choiste Náisiúnta le bheith ann ar an 21 Meitheamh le hathbhreithniú a dhéanamh ar conas ar éirigh nó nár éirigh le Féile Bhealtaine sa leagan amach seo le ceithre nó cúig de bhlianta anuas.
ullamh ready
" Níl de dhíth anois ach féachaint chuige go mbeimid i gcónaí ullamh don iomaíocht sin agus go roinnfear an toradh go cothrom ar mhaithe le bochtanas agus easpaí eile a laghdú.
réidh fána choinne ready for it
" " Ach cad faoi dhaoine a bheadh ag teacht anseo de bharr nach bhfuaireadar leas sóisialach sa Bhreatain Mhór? "Bhuel, má tharlaíonn sin caithfimid a bheith réidh fána choinne.
ullamh leis an deis a thapú ready to seize the opportunity
" Ach an bhfuil Rialtas Ghiobráltar ullamh leis an deis a thapú agus socrú buan a fháil a mbeidh gach duine sásta leis? Sin ceist eile.
go raibh a chuid réidh until his meal was ready
" Thiocfadh Feargal isteach tráthnóna agus chuirfeadh sé a shoc sa pháipéar go raibh a chuid réidh, agus ní thabharfadh sé faoi deara gur chaith sí am agus saothar ag glanadh.
go mbeidís ullamh that they would be ready
" Ón bhliain sin ar aghaidh gheall náisiúnaithe na Sé Chontae go mbeidís ullamh an chéad uair eile a d’ionsófaí iad.
réidh le pilleadh ar an fhoréigean ready to return to violence
" Cad é atá ann? Tuilleadh fianaise go bhfuil an IRA réidh le pilleadh ar an fhoréigean lá ar bith anois, dar leis an DUP.
Beidh mo chuid réidh my dinner will be ready
" Beidh mo chuid réidh ag Síle agus tá a fhios agat Síle; níor mhaith don dinnéar fuarú.
ullmhaithe ready
" Tá an stáitse ullmhaithe againn duit.
á réiteach getting it ready
" Ar thóg sé i bhfad ort an leabhrán seo a réiteach? PÓC: Chaitheas bliain nó mar sin á réiteach.
ba mhian leo a bheith réidh they wanted to be ready
" Ba léir dóibh nach leanfadh rialtas Clinton ar aghaidh i gcónaí, agus ba mhian leo a bheith réidh.
réidh le sileadh ready to flow
" Shiúil mé síos an staighre go mall agus go ciúin, mo chroí ag bualadh go fiáin i mo chliabhrach, na deora réidh le sileadh.
aclaí agus réidh fit and ready
" Ní den chéad uair le cúpla bliain anuas, bhí sé de mhí-ádh nach raibh a gcuid imreoirí go léir aclaí agus réidh don choimhlint.
ullamh agus in áit ready and in place
" Dixon in airde ina ndiaidh, gach rud ullamh agus in áit dó.
ag déanamh réidh do thaispeántais getting ready for exhibitions
" Chomh maith le bheith i gcónaí ag iarraidh a chumas mar phéintéir a fhorbairt agus bheith ag déanamh réidh do thaispeántais (beidh ceann aige i Nua-Eabhrac gan mhoill), tá mac beag aige darb ainm Lucas, nach bhfuil ach cúig mhí dhéag.
chomh hullamh as ready
" “Bhí muid chomh hullamh is a d’fhéadfadh muid a bheith.
Agus an deachtafón á chur in oiriúint agam as I was getting the dictaphone ready
" Agus an deachtafón á chur in oiriúint agam ag an tús, deirim léi gur fágadh san abar mé cúpla uair de dheasca mhí-iompar an deachtafóin seo.
Mhothaigh mé sona sásta ach réidh le dul abhaile. I felt happy but ready to go home.
" Mhothaigh mé sona sásta ach réidh le dul abhaile.
réidh le dul i mbun foréigin, ready to become violent,
" Bhí scuaine mhór ag stad an bhus agus nuair a osclaíodh doras uathoibríoch an bhus cé a bhí ina sheasamh ansin, réidh le dul i mbun foréigin, ach *skinhead* agus suaitheantas de chuid an NF á chaitheamh aige.
ullamh ready
" Go raibh sí ullamh dom, go raibh mé ullamh di.
á hullmhú féin getting herself ready
" Tosaíonn sí á hullmhú féin le dul amach arís.
réidh go fóill ready yet
" Ní fhágann sin ach Clinton mar iarrthóir, dáiríre, rud a chuirfidh áthas ar Phoblachtánaigh, a cheapann (agus an ceart acu, b'fhéidir) nach bhfuil Meiriceá réidh go fóill d'iarrthóir mná, go háirithe bean chéile fir chonspóidigh.
réidh le titim ready to all
" Mar sin, bhí smionagar réidh le titim dá n-ardódh leibhéal an uisce sa loch taobh thiar de.
ag déanamh réidh le haghaidh an Teastais Shóisearaigh, getting ready for the Junior Certificate,
" Saoirse faoi dheireadh! Bhí cúpla mí d’obair chrua déanta agam agus mé ag déanamh réidh le haghaidh an Teastais Shóisearaigh, agus creid uaim é, bhí sos tuillte agam.
réidh le dul sa tóir ar thionscadal eile. ready to go after another project.
" Creid uaim é, caitheann sé a lán den stuif oráiste! Agus bítear ag tabhairt Umpa Lumpa ormsa! Bhraith mé spreagtha anois agus bhí mé réidh le dul sa tóir ar thionscadal eile.
réidh le luí isteach ready to concentrate
" Tá muid réidh le luí isteach ar an obair.
ag déanamh réidh getting ready
" Is é m’albam féin atá idir lámha againn, agus tá Fiachna ag déanamh réidh leis an giotár a sheinn ar chúpla rian.
réidh don todhchaí ready for the future
" Deir cathaoirleach an scáthghrúpa *Te Roopu Tawharau*, Patrick McGarvey, go mbeidh siad réidh don todhchaí.
réidh don athrú ready for the change
" Mar sin, murab ionann agus an Eoraip, níl bonneagar Mheiriceá réidh don athrú.
agus é ag déanamh réidh le haghaidh sheó na hoíche sin. while he was getting ready for that evening's show
" *” Bhuail mé le King ar an 28 Iúil agus é ag déanamh réidh le haghaidh sheó na hoíche sin.
é réidh lena mhéara a dhíriú ar him ready to concentrate his fingers on
" Agus Rossa chun tosaigh ar an stáitse – a fheadóg ina lámh aige, é réidh lena mhéara a dhíriú ar “Her Royal Waggeldy Toes” – chonaic mé duine de na cailíní ón mbanna scoile sa slua.
réidh ready
" Bhí gliondar orainn ár dtrealamh geimhridh a fáil réidh, go mór mór nuair a chuala muid an aimsir tuartha a bheith go maith.
réidh ready
" Chomh maith leis sin ní raibh mé féinspéiseach a dhóthain gur shíl mé go mbeadh spéis ag an saol mhór i ngach bolgam de mo bhéile dheireanach! Ach ní bhfuair mé réidh leis riamh agus lean mé leis de bheag nó de mhór.
réitithe ready
" Ach é sin ráite, bhí mé réitithe le tosú ag argóint is ag troid, bhí mé chomh dona sin, ní raibh mé in ann labhairt.
ar tinneall at the ready
" ‘La Belle Dame Sans Merci’, ráite mar chluiche gnéis, mar agallamh beirte, véarsa an duine ag Fanny agus John fá seach dá chéile i seomra leathdhorcha atá ar tinneall le craos agus gá agus pian atá fisiciúil agus spioradálta san am céanna – Eros agus Agape i mbaclainn soineanta a chéile.
airgead reatha ready funds
" Íocann siad a gcostais as airgead reatha, tá oiread de ann.
ar tinneall ready primed
" Seoid Tá ‘*Bonnie and Clyde*’ ar tinneall le sraitheanna sainiúla – na tóireacha gealtacha, a raibh ceol Lester Flatt, Earl Scruggs is na *Foggy Mountain Boys* fúthu - an bealach tuisceanach ina láimhseáltar éagumas Clyde agus frustrachas Bonnie – an mhír i lár an scannáin ina ngabhann siad an *Texas Ranger* Frank Hamer, fíoreachtra.
thinneallach ready
" Agus tharla i dtrátha an ama sin gur éirigh fear fionn fiata ón áit a raibh sé ina shuí go leithscéalach le fada ar a thóin thanaí thinneallach i gContae Mhaigh Eo agus d’éirigh sé go fuadrach agus go trodach gur sheas sé go caithréimeach i lár mhachaire Mhaigh Eo.
réidh ready
" Ní raibh i gceist aige ach go ndéanfaí an doiciméad a chur os comhair an Chomhchoiste Oireachtais, a bhíonn ag déileáil le cúrsaí Gaeilge agus, mar a bhainfeá smeach, bheadh sé réidh le cur os comhair an Rialtais roimh an Nollaig agus á cur i bhfeidhm ó thús na bliana.
réidh i dtólamh always ready
" Cé go mbíonn siad réidh i dtólamh a ndúiche a chosaint, is fíorannamh a dhéanann ceann acu ionsaí ar aon duine.
réidh ready
" Ach dá olcas iad, níl pobal na hÉireann réidh le Fianna Fáil a chur arais i gcumhacht.
réidh ready
" Glacaim leis nach bhfuil an córas leath chomh casta i do chomhlacht féin! - Faigh réidh leis na leithscéalta dóibh: Breathnaigh ar an liosta fáthanna: conas gur féidir leatsa cabhrú le do chustaiméirí na bacanna sin a shárú? - (a)“Níl an t-am ag daoine” - cabhraigh leo am a aimsiú: cuir oideas chucu nó sceideal béiltí don tseachtain nó roghnaigh culaith éadaí bunaithe ar eolas a bhailigh tú ón suirbhé.
réidh ready
" Maidir leis féin, fásfaidh eireaball ar ais le himeacht ama – roinnt seachtainí! Nuair atá siad réidh chun ubh a bhreith, ní thiocfaidh ach ubh amháin ag am faoi leith, agus clúdófar le lustran é ar ghrinneall an locháin.
réidh i dtólamh always ready
" Bhí sé buí ag an ngréin, dea-bhéasach agus réidh i dtólamh cuidiú le lucht snámha i sáinn, nó bhí cluiche spóirt éigin á imirt aige.
réidh ready
" Bhíomar uile inár suí go luath an lá arna mhárach, muid réidh don lá agus aimsir mhaith geallta.
réitithe ready
" Faoin am a mbeidh an leanbh nuabheirthe tuairim is ceithre bliana déag d'aois, beidh an inchinn réitithe le rianta de lioganna don chuid eile dá shaol agus ní theastóidh an réimse leathan lioganna do fhoghlaim teangacha is a theastaigh ón naíonán.
ullamh ready
" Tar éis trí nó ceithre seachtaine, nuair a chailleann siad an fionnadh a bhí acu, scoithfear den chíoch iad agus bíonn siad ullamh chun dul amach san fharraige.
réidh ready
" Ní raibh muid sásta le cruinniú áfach, bhí muid ag iarraidh siúl síos Kilburn High Road go Westminster le tacaíocht a thaispeáint don fheisire nuathofa agus chuaigh an focal thart chun a bheith réidh le comhartha.
an leaba a chóiriú dó to ready ‘his’ bed
" Gidh ea, ní miste dó tagairt bheag a dhéanamh dá Mórgacht Ríoga Impiriúil Chorgiach agus don fhear a raibh sí ag brostú abhaile as Éirinn chun an leaba a chóiriú dó i dTeach Buckingham.
faoi réir at the ready
" Tá peann agus cóipleabhar faoi réir aige; tá sé in am dá cheacht Béarla laethúil.
Tá sé ionann is réidh it’s almost ready
" Tá sé ionann is réidh le cur ag na clódóirí.
in ord agus in eagar ready and waiting
" Bhí na cruacheisteanna in ord agus in eagar ina intinn aige, agus níorbh fhada gur chuir sé an chéad cheann: **Balor: “Cad é mar atá tú, a Choimisinéir?”** Coimisinéir: “Réasúnta!” Bhí Balor réidh dá leithéid, agus chuir sé an dara ceist sula raibh seans ag an Choimisinéir teacht chuige féin arís i ndiaidh an chéad chinn.
réidh ready
" Gach aontachtach a nochtann a aghaidh ar an teilifís na laethanta seo, bíonn sé ag caint ar na sluaite Caitliceach (tá a súile siadsan níos cóngaraí dá chéile, tá a fhios agat) atá ag tarraingt orthu, iad uilig réidh le seanualach na hÉireann Aontaithe a chaitheamh uathu, a muinchillí a thiontú suas agus gach díograis dá bhfuil ina gcolainn a chaitheamh ar son Tógra Thuaisceart Éireann mar atá cuid de na meáin ag tabhairt ar athdhearú na Sé Chontae.
eagraithe aici she has ready, organized
" Is sa gcomhthéacs sin a iarradh ar *Stillwater Communications* (Cillian agus Natasha Fennell) tuarascáil a réiteach don ‘landlady’ chun tíocht aníos le bealach leis an lóistéir a bhogadh isteach i seomra dorcha tais ar chúl an tí, mar go bhfuil custaiméir eile eagraithe aici don seomra deas ina bhfuil sé faoi láthair.
imníoch, trodach agus réidh nervous, in fighting form, ready
" An raibh tú imníoch, trodach agus réidh, dóchasach nó éadóchasach, nó conas mar a bhraith tú?** CAB: Ní raibh mé trodach sa chéad dul síos.
níor leasc leis scaoileadh leis he was ready to let him go
" Má sheas aon imreoir ina choinne, a chuid modhanna a cheistiú nó locht a fháil air féin nó ar chomhimreoirí eile, nó má chleacht imreoir nósanna nár réitigh sé féin leo, níor leasc leis scaoileadh leis.
i riocht a fhoilsithe ready for publishing
" ” Tá foclóir Breatnais-Gaeilge i riocht a fhoilsithe anseo in Aberystwyth más ea.
ar fad réidh chun oibre all ready to operate
" Bhí focal folaigh ag Yeltsin a d’fhéadfadh sé a bhrú isteach ar na cnaipí agus a chuirfeadh an cogadh mór eithneach faoi lán tseoil, mar bhí a gcuid diúracán agus a gcuid fomhuireán féin ag na Rúisigh agus bhí siad seo ar fad réidh chun oibre.
ach bí réidh but be ready for it
" ’ Ná bíodh eagla ort roimh theicneolaíocht ach bí réidh fiú má chuireann tú suas di.
gan a bheith réidh not being ready
" Bíonn an spéis ann scaití ach an margadh gan a bheith réidh nó tá an margadh róchoimeadach toisc, mar shampla, deacrachtaí sa gheilleagar nó san earnáil ag an am.
a bhí rólárnach agus róshásta comhoibriú leis who were too central and too ready to cooperate with
" Caitheadh na Poblachtánaigh sin amach as oifig a bhí rólárnach agus róshásta comhoibriú leis na Daonlathaigh, agus tháinig drong mór boicíní antoisceacha isteach sna tithe rialtais nach raibh sásta comhoibriú ar bith a dhéanamh.
níl an chosúlacht air go bhfuil sé réidh it doesn’t seem as if he’s ready
" " Oide agus Sraith Físeán ========== Ach má tá buille nó dhó faighte aige le cúpla bliain anuas níl an chosúlacht air go bhfuil sé réidh leis na maidí a scaoileadh le sruth.
ullamh chuige ready to do so
" Nuair a bhí sé féin ullamh chuige, rinne Mc Queen an scannán a bhí sa chinniúint dó.
bhí réidh le heisiúint was ready to be issued
" Tá sé i gceist albam le hEithne Ní Uallacháin, a bhíodh ag seinm leis an ngúpa ceoil Lá Lúgh, a bhí réidh le heisiúint nuair a cailleadh í gan choinne, a chur amach i mbliana freisin.
Bhí an caife réitithe aige he had the coffee ready
bheith réidh lena léamh to be ready to read it
" com/ryan-holiday/2014/03/hey-reading-isnt-a-race-how-speed-reading-and-spritz-completly-miss-the-point/> má tá tú ag iarraidh leabhar a léamh go tapaidh, nó a bheith réidh lena léamh, b’fhéidir go mb’fhearr do spéis san ábhar nó caighdeán an leabhar a cheistiú in ionad cabhair a fháil ón teicneolaíocht.
greim bia réidh a bit of grub ready
" “Seo é dacha s’agamsa, a Bhaloir,” a dúirt sé, “agus tá greim bia réidh istigh fá do choinne.
réidh de ghnáth usually ready
" Níl sé amuigh air, áfach, gur duine é a bhíonn réidh de ghnáth teacht chun comhghéillte.
bunaithe agus réidh founded and ready
" An Troid ar Ais ====== Ach tá cuid den pobal ag troid ar ais: tá Fóram Chois Fharraige um Phleanáil Teanga bunaithe agus réidh le dul i ngleic leis an athrú teanga sa gceantar, ach an solas glas á fháil ó feidhmeannaigh Údarás na Gaeltachta.
Réidh le caitheamh anuas air ready to denigrate
" Réidh le caitheamh anuas air beidh Sinn Féin, a cheap Aire gan Ghaeilge i dTuaisceart Éireann atá i gceannas ar Fhoras na Gaeilge.
réidh dá leithéid? ready for such a thing?
" Ach an bhfuil muintir na Stát Aontaithe – idir Ghormaigh agus dhaoine geala – réidh dá leithéid? Pléann Brian Ó Broin an scéal.