Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
aisghairm recall
" In áit leasú a dhéanamh ar an reachtaíocht a bhaineann leis chun cúraimí níos leithne a bhronnadh ar an eagraíocht, tá sé ráite sa Straitéis go ndéanfar an tsean-reachtaíocht a aisghairm ina hiomláine.
aisghairm to recall
" Go deimhin, dá mbeadh an Seanad agus Teach na nIonadaithe i seilbh na bPoblachtánach, tá seans ann go bhféadfaí reachtaíocht sláinte an Uachtaráin Obama, a ritheadh dhá bhliain ó shin agus atá á cur i bhfeidhm faoi láthair, a aisghairm.
is beag nár aisghairmeadh very nearly recalled
" Tarraingt Siar ó Lár an Aonaigh ============== Ar ndóigh, is beag nár aisghairmeadh gobharnóir Wisconsin, Scott Walker, i dtoghchán speisialta roinnt míonna ó shin tar éis dó iarracht a dhéanamh na ceardchumainn a bhriseadh, agus breathnaítear ar an rás seo mar athimirt den toghchán sin.
do chuid athchuimhne a dhéanamh recall
" Go minic bíonn siad thuas ansin faoi dheireadh an lae agus mar sin is féidir leat do chuid athchuimhne a dhéanamh sula dtéann tú a luí ar an lá céanna! Agus má dhéanann tú meancóg, tá fhios ag do chairde faoin scéal go díreach.
nuair a chuimhnítear when one recalls
" Ní hé an cineál iompair a mbítear ag súil leis ar pháirc rugbaí nuair a chuimhnítear gurb é lucht na haicme uaisle a imríonn an rugbaí de réir an traidisiúin.
fiú leis na hathghlaonna ar fad even with all the recalls
" Is dóigh liom féin gur féidir le Toyota a bheith neamhspéisiúil, ach fiú leis na hathghlaonna ar fad a tharla le roinnt blianta anuas, is comhlacht iad ar féidir brath orthu fós.
rinneadh athghlao ar chuid acu some were recalled
" Tá a fhios agat gur féidir brath uirthi chomh maith mar gheall ar an méid acu a bhíonn in úsáid ag tiománaithe tacsaí! Cé gur féidir muinín a bheith agat as an T250, rinneadh athghlao ar chuid acu i mí Aibreáin na bliana seo – .
athghairm be recalled
" Seo iad: (i) go ndéanfaí Acht na Gaeltachta 2012 a athghairm nó é a leasú le go mbeidh ciall teangeolaíoch leis an nGaeltacht, mar a gealladh; (ii) go gcuirfí Bord Oideachais speisialta ar bun le déileáil le gach gné den oideachas sna ceantair Ghaeltachta; (iii) go gcuirfí polasaí soiléir i bhfeidhm tríd an státchóras a chinnteoidh, go mbeifear in ann seirbhísí trí mheán na Gaeilge a sholáthar do phobal labhartha na Gaeilge sa nGaeltacht ‘gan cheist gan choinníoll’, taobh istigh de dhá bhliain; (iv) go mbeadh cúnamh speisialta curtha ar fáil le nuachtán seachtainiúil Gaeilge clóite a chur ar fáil le freastal go príomha ar na ceantair Ghaeltachta; (v) go ndéanfaí bonn daonlathach a chur aríst faoi Údarás na Gaeltachta, sa gcaoi is go mbeidh ionadaithe tofa ag pobal na Gaeltachta ar an mBord.
nach ritheann liom which I can’t recall
" Blianta ó shin, siar ag tús 2008, bhí mé ag plé cúrsaí cheoil ar Twitter le @BrianGreene agus mar shampla de rud éigin nach ritheann liom anois, chuir sé íomhá de chlúdach díolama ‘*look Sharp*’ le Joe Jackson i gcuimhne dom.
Cuimhníonn recalls
" Cuimhníonn Breandán Delap ar na heachtraí brónacha a tharla i gceantar Gaeltachta i gContae na Gaillimhe 130 bliain ó shin agus ar an chomóradh atá le déanamh orthu.