a áireamh
consider, reckon
/O'Connor's Rock) Curlew Mts
D'fhéadfaimis an fionnuisce a bhaist Páirc an Fhionnuisce
a áireamh ar an dul céanna leis an nead cumasc thoir.
Áirítear
it is reckoned
Áirítear go bhfuil neamhaird déanta ar réimsí eile de shaol na cathrach a bhféadfaí dul i bhfeidhm orthu.
san áireamh
in the reckoning
Is fearr i bhfad an socrú atá anois ann agus, dar ndóigh; déanann córas an chúldorais an séasúr iomána agus peile i bhfad níos spéisiúla toisc go mbíonn go leor contaetha fós
san áireamh suas go dtí mí Iúil.
mheas an rialtas
the government reckoned
Bréag a bhí ansin freisin ach
mheas an rialtas go gcuideodh sé leo sa toghchán agus, faoin am a thaispeánfaí gur bréag a bhí ann, go mbeadh an toghchán thart.
as an áireamh
out of the reckoning
Gan choinne, bhris mé isteach air, ag tuar nach raibh Máirín
as an áireamh fós.
Meastar
it is reckoned
Meastar nach raibh san fhear seo ach fear iompair, nó ‘miúil’ drugaí.
Meastar
It is reckoned
Meastar go mbíonn breis is céad míle duine sa tír gan dídean gach oíche, agus tá timpeall ar 14,000 acu “in acute need”.
Mheas mé
I reckoned
Mheas mé, agus bhí an ceart agam, go raibh sé ag obair mar chlaonbholscaire do Chathal Ó hEochaidh.
Mheasas
I reckoned
Mheasas go ndoimhneodh sé an cur amach atá agam ar an deoch is fearr liom.
measaim
I reckon
Tá mo ghlór féin idir an dá cheol,
measaim, agus níor chuala mé an rangú difríochta idir an dá cheol go dtí go ndeachaigh mé isteach sa ghrúpa Dervish.
meas tú
do you reckon
‘B’fhéidir’ agus ‘seans’ agus ‘
meas tú?’ a mheallann an lucht féachana i ndeireadh báire arís is arís eile i gcúrsaí spóirt.
measaim
I reckon
**Cé na focail is fearr a thugann cur síos ort? Nuálaí, smaointeoir, fiontraí nó eile?**
Tá cúpla focail a d’fheilfeadh dom faoin am seo de mo shaol,
measaim.
san áireamh
in the reckoning
Beidh sé
san áireamh nuair a chrochfaidh ruagaire Uíbh Fhailí a chuid seolta, gan amhras ar bith.
san áireanh
in the reckoning
Athrú Éadain nó Athrú Aigne
Cháin an grúpa Changing Faces, a bhaineann le feachtas do dhaoine le máchail aghaidhe, an cinneadh seo ag rá go raibh iontas orthu go dtiocfadh lena leithéid d’íomhá olc a chur ar dhaoine, go speisialta nuair a chuirtear
san áireanh go raibh suas le 42,000 duine sa Bhreatain agus comhartha broinne ar a n-aghaidh acu.
meastar
it's reckoned
Is deacair a líon a áireamh go cruinn, ach
meastar go bhfuil corradh is 3 milliún de na Carainn i mBurma féin chomh maith leis na céadta míle díobh sa Téalainn, ceann de chúig cinn de thíortha atá le taobh Bhurma.
Cad é do bharúil
what do you reckon
Cad é do bharúil, a Bhaloir?
Bíodh seanfhocal ag gach seanbhuachaill!
Is iomaí rud a thiocfadh linn a chur i gcrích dá mbeadh fiche míle ball de na Léinte Glasa ag siúl thart le camáin ina ndóideanna.
ag Capa gur Capadóireacht
reckon it's tomfoolery
Tá mé
ag Capa gur Capadóireacht é.
mheas
reckoned
Ós rud é gur anseo a bhí cónaí orainn,
mheas siad nár mhiste an teanga a fhoghlaim.
measann
reckons
Dála an scéil,
measann Mike Baillie, Ollamh le Bitheolaíocht Ársa nó pailé-éiceolaíocht, in Ollscoil na Banríona Bhéal Feirste, gur eascair Cú Chulainn as dreige a theagmhaigh le haeráid an domhain sa bhliain 540i.
is í mo bharúil féin
as I see it, I reckon
Ach
is í mo bharúil féin, nach dtig le ríomhleabhar áit an ghnáthleabhair a ghlacadh go sásúil.
Tá mé ag déanamh amach
I reckon
Tá mé ag déanamh amach go bhfuil sé thart ar thri scór míle ó thuaidh de chósta Aontroma.
Measann
reckons
Measann Noel Pearson, duine de na ceannairí mhuintir dhúchais is clúití sa tír, go bhfuil an cineál aigne a bhaineann le leas sóisialach ag déanamh an-dochar dá mhuintir.
bhur mbarúil
d'you reckon
com/watch?v=r_e1Ughougc&feature=related)
Ceist ag Balor an Bleachtaire oraibh, a léitheoirí cliste:
bhur mbarúil cad tuige gur roghnaíodh an dá áit sin? Bhur bhfreagraí, le bhur dtoil, scríofa go soiléir ar nóta caoga Euro chuig Balor an Fiosraitheoir Fiafraitheach Fáidhiúil faoi dheireadh na míosa seo, le bheith istigh ar sheans duais mhór a bhaint: deireadh seachtaine Gaeltachta san Iarthar.
Mheas
reckoned
Díol suntais go bhfuil formhór na dtagairtí a rinne an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta nó an Roinn Airgeadais d'Údarás na Gaeltachta scriosta amach sa leagan de Thuarascáil
Mheasúnaithe na Roinne atá foilsithe ar shuíomh idirlín na Roinne Airgeadais.
meas tú
do you reckon
SMM: An cuma leat labhairt faoi chlár ar leith nuair a chuirfeadh duine, cosúil liomsa taobh amuigh de RTÉ, ceist ort agus b’fhéidir go bhfuil aithne de chineál agat ar an duine nó ar an dream den fhoireann a chaith obair is allas leis an gclár? Fágaim - céard a mhothaigh tú le clár na hoíche aréir, Anonymous? Ar cuireadh machnamh go leor isteach sa gclár sin
meas tú? BNC: Ní raibh a fhios a’msa tada faoi.
bhí mé ag déanamh
I reckoned
Íosaimse an dá chuid le chéile go minic – sin seacláid agus brioscáin – agus
bhí mé ag déanamh dá dtiocfaí na brioscáin a chlúdach le seacláid, ach gan iad a dhéanamh bog mar geall ar theas na seacláide leáite, bheadh iontas ar dhaoine chomh deas is a bheadh siad.
áirítear
it's reckoned
Tá Ogiek eile in iarthar na Céinia is in iarthuaisceart na Tansáine agus
áirítear gurb ann do 40,000 díobh san iomlán.
is dóigh liom
I reckon
Bhí taithí agam, is dócha, ar chathracha ar nós *Chicago*, Nua-Eabhrac, agus áiteanna mar san, ach nuair a théann tú ar thros ar nós *Route 66*, nó *Highway 61*, buaileann tú leis na fíor-Mheiriceánaigh agus bhíodar díreach,
is dóigh liomsa, fé mar a bhíomarna thart ar fiche bliain ó shoin.
déanaim amach
I reckon
Anuraidh, thógas tros ar abhainn an Sionainne agus
déanaim amach gurb é ceann desna laethanta ba deise a bhí agam ar aon bhád, mar bím ag imeacht i gcónaí agus bím ag imeacht ana-thapaig.
Meas tú
do you reckon
SMM:
Meas tú ar caitheadh go dona leis? DÓS: Caitheadh go han-dona leis, is dóigh liom.
Meastar
it's reckoned
Tír Fhuilteach Fhoréigneach
Meastar go bhfuil tuairim is 70,000 Mandaean sa domhan sa lá atá inniu ann agus ba san Iaráic a bhí a bhformhór go dtí le déanaí.
meas tú
do you reckon
(gáire)
SMM: Tharla gur Cíosánach thú, bail ó Dhia ort, is go bhfuil obair an chláir Aifric go léir curtha díot, an féidir a rá go bhfuil tú gan chíos, cás ná cathú anois? – Céard a chiallaigh an clár sin duit
meas tú? Ar athraigh sé mórán thú ón Chlíona a bheadh ionat anois murach é?
CNC: Tosóidh mé leis an gcéad chuid den cheist.
Measadh
it was reckoned
Measadh go mbeadh rialtas náisiúnta in inmhe dul i ngleic leis na ceisteanna seo ní b’fhearr ná na coilíneachtaí a bheith ag obair as a stuaim féin.
áireamh
reckoning
BD: Cén chéad chéim eile?
PÓC: An chéid chéim eile ná an leagan nua den straitéis, a thabharfaidh na moltaí san
áireamh, a chur faoi bhráid an Rialtais le cinneadh a dhéanamh faoi.
Sílim
I feel, reckon
Sílim go nglacfaidh sé cúig bliana leis an fhorbairt a dhéanamh i gceart.
Meas tú
do you reckon
“
Meas tú cén scéala atá aici,” a d’fhiafraigh mo mhac, Dara, díom.
mheas
reckoned
Agus é ag caint ar an bhfilíocht a bhí le teacht in The Future Poetry (1953),
mheas Sri Aurobindo gur fearr an tuiscint a bhí ann fadó do rithimí na filíochta toisc go raibh an chantaireacht mar chuid lárnach den fhilíocht sa tseanreacht.
meastar
it’s reckoned
Tá bánú na tuaithe ar siúl le blianta fada chomh maith, agus
meastar go gcuirfear leis an gclaonadh seo i ngeall ar an triomach a thit amach ní ba mhinice le fiche bliain anuas.
meastar
it’s reckoned
Fás Síoraí Seasta
========
Má leanann an obair ar aghaidh ar an chaoi seo,
meastar gur ag an tSín a bheidh an cheannaireacht dhomhanda i réimse na heolaíochta faoi cheann deich mbliana.
Mheas sé
he reckoned
”*
Mheas sé go raibh na trioblóidí *“ridiculously old-fashioned and out of touch with the times in which the island of Ireland lived.
Mheas
reckoned
Mheas siad dís go mbeadh cúrsaí níos éasca ag Páirtí an Lucht Oibre comhoibriú leis an Seanad agus cothromaíocht na cumhachta ag an bPáirtí Glas.
tá mé ag déanamh
I reckon
Gach léitheoir a thiocfas chun an t-alt seo a léamh, is cinnte gur chuimil tionchar an dírialaithe de ar bhealach amháin nó ar bhealach eile, agus
tá mé ag déanamh nár chuir sé airgead ina sparán, ach a mhalairt.
áirítear
is reckoned
Nuair a phléitear cúrsaí sacair na hÉireann agus imreoirí a rugadh in Éirinn, déantar tagairt do dhornán imreoirí go mion agus go minic agus is iad na hainmneacha céanna a thagann chun cinn sa chíoradh nuair a chuirtear an cheist “cérbh é an t-imreoir sacair ab fhearr a tháinig amach as an tír seo?” Bíonn ainm amháin ar bharr gach goib ag ceann an chomhairimh agus is é sin George Best, imreoir a
áirítear i measc an bheagáin sin a bhfuil fíorstádas i measc imreoirí sacair an domhain acu.
mheas sí
she reckoned
É sin ráite, ámh, baineadh siar as daoine go leor nuair a thug an Príomh-Aire, Julia Gillard, le fios ar na mallaibh gur
mheas sí go mbeadh fórsaí Astrálacha fós gníomhach san Afganastáin go ceann deich mbliana eile ar a laghad.
is é mo bharúil
I reckon
Dearbhán, Cinnte!
========
Caithfidh mé a rá gur fearr liom i bhfad dearbhán bronntanais leictreonach mar seo mar
is é mo bharúil go mbíonn sé i bhfad níos éasca nasc a cliceáil i rphost ná cinntiú go bhfuil an dearbhán i do phóca is tú ag tabhairt faoin mbaile mór.
Mheas
reckoned
”
Mheas an Taoiseach gurb é an réiteach is fearr ar an scéal seo ná go gcuirfí gach litir le seoladh i nGaeilge díreach go Baile Átha Cliath, gan aon réamhshórtáil déanta orthu sa Bhreatain.
Measaim
I reckon
Measaim go ndéanann duine smaoineamh dó féin ann agus tharraingíos féin mo chuid tuairimí féin faoi i ndeireadh na dála agus b'shin é.
uair na cinniúna
time of reckoning
Tá
uair na cinniúna in achomaireacht dó.
measaim
I reckon
Thosaigh m’athair Coiscéim thart ar 1985,
measaim.
ag meá
reckoning
**
RÓS: Tá mé ar Choiste Scór Liatroma agus táimid
ag meá an scéil faoi dhá fhoireann peile le Gaeilge a bheith sa chontae le cur isteach ar Chomórtas Peile na Gaeltachta, mar a rinne Béal Feirste agus mar atá ar na bacáin ag Baile Átha Cliath.
Feictear domsa
I reckon
Feictear domsa gur mar iarsmaoineamh a cuireadh agallamh le hiníon le Micheál Ó Seighin, Bríd, isteach nó chun coinníollacha TG4 a chomhlíonadh.
Is dóigh liom
I reckon
(
Is dóigh liom go raibh a leithéid le sonrú i mBéal Feirste agus mise ag fás aníos ann sna caogaidí agus seascaidí, ach sin scéal do lá éigin eile.
measaim
I reckon
Rinne mé réiteoireacht ar bhreis is 5,000 cluiche
measaim– ní dóigh liom go raibh oiread is cúig cinn acu sin nár bhain mé taitneamh astu.
Mheas
reckoned
Is é an t-innéacs corpmhaise an tslat tomhais idirnáisiúnta le meáchan an duine a
Mheas.
ní dóigh le
reckons not
Ó shin i leith áfach níor imir Shefflin aon iomáint agus seans nach n-imreoidh arís agus
ní dóigh le Tennyson féin go nglacfaidh sé aon pháirt i gcomórtais na bliana seo.
Is é mo bharúil
I reckon
Ach Danny Kennedy?
Is é mo bharúil go bhfuil seal den bhualadh craicinn 'blaisín beag daor'.
measaim
I reckon
Tá féinmhuinín faighte acu ina dteanga,
measaim.
Mheas
reckoned
Mheas an Indo go raibh 4,000 saoránach de chuid na hÉireann ina mbaill de fhórsaí airm na Breataine agus go bhfuil an méid ag dul suas 10% gach bliana.
Áirítear
are reckoned
Áirítear 35,000 míle duine ina measc sna 26 Contae agus tá os cionn 7,000 duine a bhfuil cónaí orthu sna Sé Contae.
mheasas féin
I myself reckoned
Lucht na Cáinte
========
Bhí cuid mhaith diúltach le rá ag go leor daoine faoin gcúpla agus faoin ‘náire’ a tharraing siad anuas orainn, ach is éard a
mheasas féin nuair a sheas siad suas ar ardán na hEorpa, nach aon chúis náire a bhí iontu ach gur mháthair iontais iad.
Measaim
I reckon
"*
Measaim gur cur síos beacht é sin ar sciar mhaith den phobal Aontachtach agus ar a bpolaiteoirí chomh maith ach beidh tú ag fanacht fada go leor le go mbeadh siad chomh haithríoch le Jeremy Paxman.
Measann
reckon
Measann na hAstrálaigh go bhfuil a gcomharsana tras-Tasmáine in airdeoga agus leithleach, an-chosúil le muintir Shasana, agus tugann siad ‘South Sea Poms’ orthu.
Tá sé den tuairim
he reckons
Tá sé den tuairim nach labhrann éinne i gConamara Béarla.
deinim amach
by my reckoning
Thart ar 30 acra cearnach atá sa champas,
deinim amach.
dar liom
by my reckoning
Ba mhór an gaisce é sin,
dar liom.
dar liom féin
I reckon
Is maith an léiriú é,
dar liom féin, an chaoi ar ghlac na Spáinnigh féin le scéala na titime, léiriú ar an dóigh a shiúlann a n-aigne.
measann siad
they reckon
Ach is mian le gach duine acu go mbeadh siad ina gcónaí i gceantar atá slán, sábháilte agus
measann siad nach féidir sin a dhéanamh i limistéar ina bhfuil cuid mhór daoine den treabh eile agus anuas ar sin, tá fadhbanna ar leith i dtuaisceart Bhéal Feirste.
Tá mé ag déanamh
I reckon
Tá mé ag déanamh go bhfuil an cúrsa imithe don Fhrainc fosta agus chuig áiteanna eile.
Tá siad ag tomhas
it’s reckoned
Tá siad ag tomhas gur 60,000 duine a labhraíonn an Ghaeilg anois.
Do bharúil
do you reckon
Do bharúil an bhfuil muid ar bhealach ár leasa?**
AW: Is rud maith gan amhras, go bhfuil TG4 ar an fhód.
cé nach dóigh liom
although I don’t reckon
Ach tá rud eile fós ann,
cé nach dóigh liom gur chuir Michael D.
Is é mo bharúil
I reckon
Is é mo bharúil go bhfuil Toraigh i bhfad níos loime ná Oileáin Árann.
meastar
it’s reckoned
Faoi seo,
meastar gur rinneadh 65 míle milliún dollar damáiste don cheantar.
mheas cléireach na cúirte
the court clerk reckoned
”*
Dúradh sa mheamram chéanna gur
mheas cléireach na cúirte a bhí ar dualgas an lá sin gurb é *“the Donegal accent and the speed of delivery of the evidence in Irish”* ba chúis le deacrachtaí an Bhreithimh.
im’ thuairimse
in my reckoning
Ní fhéadfadh an bhliain atá romhainn a bheith chun dona leis an mbliain atá imithe tharainn, annus horribilis na Gaeltachta,
im’ thuairimse.
is é mo mheas
I reckon
Más duine fiosrach tú faoin saol comhaimseartha thart ort agus faoina thionchar sin ort féin,
is é mo mheas gurb é The Shallows an leabhar is suimiúla a léifidh tú i mbliana.
Meas tú cén fáth
why do you reckon
Crios Sómais an Duine
========
Meas tú cén fáth go bhfuil CLG chomh mór sin fós mar inspreagadh aige? Tá an freagra ag Steven Kernan, captaen fhoireann Chrois Mhig Lionnáin a bhuaigh Chraobh Club na hÉireann cúig huaire.
dar liom
I reckon
Tá an carr seo tarraingteach le féachaint uirthi, ach i gcomórtas leis an 5 series (E39), a bhí ar fáil go dtí 2003, níl sí leath chomh tarraingteach,
dar liom.
Measaim
I reckon
“
Measaim gurb é an rud atá á rá ag Misean Oirthear Bhéal Feirste nach teach pobail é seo a dtiomáiníonn daoine chuige gach Domhnach agus a n-imíonn siad uaidh nuair atá an tseirbhís thart agus go ndruidtear an doras go dtí an Domhnach dár gcionn.
dar liom
I reckon
Sin an fáth go bhfuil mearbhall ar pholaiteoirí aontachtacha (
dar liom) faoi.
a áirítear ar an ceann is déine
which is reckoned to be the hardest
Níl a fhios agam cén taom buile a thug orm clárú do 'Dúshlán Bliantúil na Mám Toirc', siúlóid
a áirítear ar an ceann is déine in Éirinn.
Meastar
it’s reckoned
Meastar gur cuireadh tuairim is 40,000 daoránach Éireannacha chun na hAstráile i luathstair na coilíneachta.
Is í mo thuairim
I reckon
Is í mo thuairim gur ceist cearta daonna é agus tréaslaím leis na dreamanna éagsúla.
Tá mé ag ceapadh
I reckon
Tá mé ag ceapadh nach mbíodh Nuacht ar bith ar an satharn is ar an domhnach agus ansin féin, cúig lá na seachtaine, ní bhíodh ann ach cúig nóiméad nuachta.
dar leat
do you reckon
aspx?idc=1)
An Cheist
====
Cé mhéad ríomhleabhar,
dar leat, atá ar fáil ó Cois Life?
Seol do fhreagra chuig <oifig@beo.
is é mo mheas féin
I reckon
Anuas ar sin,
is é mo mheas féin gur malairt a chéile a bhíodh na treonna á nglacadh ag dá dhream a roinneann saol na Gaeilge ina dhá leath.
Is é mo mheas
I reckon
Is é mo mheas má shocraíonn tú gan bacadh le teicneolaíocht is ionann seo agus socrú ar neamhaird a dhéanamh de ghnóthaí airgid.
is é mo bharúil
I reckon
Is féidir léi ceacht nó dhó a mhúineadh dúinn go léir faoi chúrsaí grá agus
is é mo bharúil go bhfuil sé cabhrach éisteacht leis an gceol agus brí a bhaint as na lírící uaithi.
measaim féin
I reckon myself
Cé go bhfuil cuma álainn ar an gcarr taobh amuigh,
measaim féin nár caitheadh go leor ama ag dearadh an inne.
Céard is dóigh libh
what do you reckon
Céard is dóigh libh, más saineolaithe sibh? Ar cloch oghaim atá inti? Ní fheicim féin a leithéid luaite ar aon léarscáil.
in ann rogha na ndaoine a áireamh leo
able to reckon on having the people’s support
Tiocfaidh an lá nach mbeidh an tANC
in ann rogha na ndaoine a áireamh leo.
táthar ann a mheasann
there are people who reckon
Riachtanas na hInfheistíochta
=============
A dhonacht is atá cúrsaí in earnáil déantúsaíocht na ngluaisteán abhus,
táthar ann a mheasann go léiríonn an méid atá ag tarlú ann go mbeidh deireadh le hearnáil na déantúsaíochta ina hiomláine san Astráil sul i bhfad.
Measaim
I reckon
Arís, mar gheall ar an dlí, ní féidir liom an meid sin a dhearbhú!
Measaim go bhfuil an roth stiúrtha go hiontach.
as an áireamh
out of the reckoning
Is cosúil gur cuireadh Iontaobhas Ultach, Forbairt Feirste agus Pobal
as an áireamh os rud é go bhfuil siad dírithe ar thionscnaimh i dTuaisceart Éireann amháin.
luach tí a bhí ar díol a mheas
to reckon the price of house which was for sale
Mar shampla deireanach, iarradh ar na céadta gníomhaire eastáit
luach tí a bhí ar díol a mheas.
Measann sise
she reckons
Measann sise go bhfuil sé ag iarraidh uirthi theacht chuig cóisir leis ach nuair thuigeann an tOráisteach lách, cineálta seo, iompaíonn sé.
Measann
reckons
”
Measann Guillermo gur chóir go mbeadh níos mó ann, mar beag beann ar na fadhbanna leis an gheilleagar, tá postanna ar fáil sa tír agus deiseanna chun gnó a thógáil.
Is í mo thuairim féin go
I reckon that
Is í mo thuairim féin go bhfuil cósta na hÉireann, an t-iarthar go mór mór, i bhfad níos áille ná cósta na Breataine Bige nó Sasana ach níl toil ag an rialtas cosán cósta a fhorbairt.
measaim
I reckon
Ní dócha go raibh sé seo ar intinn lucht a eagraithe (an Béal Feirsteach Liam Carson agus a fhéile IMRAM) nuair a choimisiúnaigh siad an chéad lá riamh é ach tabharfaidh an choirm seo teachtaireacht láidir faoin Ghaeilge,
measaim - gur áis í a dtig le gach duine sult a bhaint aisti beag beann ar chreideamh nó ar pholaitíocht.
déanaim amach
I reckon
Beannacht Dé leis,
déanaim amach go gcaithfeadh sé gur imir focail Donal Walsh tionchar ar dhaoine a bhí buailte síos sa tsaol ag an am.