Pota Focal Intergaelic
bred | rad | re | read | reed
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
caora dearga red berries
" "Tháinig siad anseo mar gur maith leo na caora dearga ar na toim sin," arsa éaneolaí, agus é ag díriú a mhéire i dtreo an bhóthair mhóir.
bhí an aghaidh chomh lasta sin aige his face was so red
" Bhí sé ar steallaí ar meisce agus bhí an aghaidh chomh lasta sin aige gur chuir sé fonn ar Chian a dhul anonn agus a ghoradh a dhéanamh leis.
deargshúileach craiceanndóite red-eyed, sunburnt
" Agus má fheiceann tú 200 duine deargshúileach craiceanndóite (agus cuid acu sin agus filleadh beag orthu) ag longadán fá Aerfort Átha Cliath le bodhránacht an lae ar an 14 Lúnasa agus cuma orthu go bhfuil seachrán sí orthu, ná cuir ceist! Ní thuigfidh tú.
bhí an aghaidh chomh lasta sin aige his face was so red
" Bhí sé ar steallaí ar meisce agus bhí an aghaidh chomh lasta sin aige gur chuir sé fonn ar Chian a dhul anonn agus a ghoradh a dhéanamh leis.
ag dingeadh as grinding out (usually with a noise, also used to describe a red-faced child doing his 'thing' in his nappy)
" "Buaileann tallannacha iontacha an rud sin, ní luaithe é ag dingeadh as nó é ina stad glan.
fia rua red deer
" Ansin tháinig na céad fheirmeoirí, agus is dócha gur thug siadsan an fia rua leo.
an t-iora rua the red squirrel
" Bhí an t-iora rua le fáil i mBaile Átha Cliath aimsir na Lochlannach.
an Chrois Dhearg Idirnáisiúnta The International Red Cross
" Bronnfar an brabús uilig ar an Chrois Dhearg Idirnáisiúnta.
ina dhrandal dearg in his red gums
ina dhrandal dearg in his red gums
Cóiste Idirnáisiúnta na Croise Deirge the International Committee of the Red Cross
" Dá bharr sin, deir Cóiste Idirnáisiúnta na Croise Deirge gur cheart go mbeadh cosc ar bhuamaí crobhainge a úsáid in éadan spriocanna míleata i gceantracha ina bhfuil cónaí ar dhaoine.
fálta flannrua le deora dé hedges blood-red with fuschias
" Ag tarraingt isteach duit ar Chorca Dhuibhne, feiceann tú sléibhte glasa cruinne agus fálta flannrua le deora dé.
na Mara Rua the Red Sea
" Fiú amháin na cailíní in éide Moslamach a bhí ag snámh in uisce domhain na Mara Rua, amach ó chathair Aqaba, bhí an gháir chéanna acu - "Welcome in Jordan!" Is daoine lácha, gealgháireacha iad muintir na hIordáine agus níl mórán acu faoi láthair le bheith sona faoi.
a broinn dearg her red breast
" Tabhartas di ó Dhia ba dh'ea a broinn dearg.
Ceann dearg a bhainfeadh an dá shúil asat a red one that would blind you
" Ceann dearg a bhainfeadh an dá shúil asat, ceann dubh a d'fhóirfeadh go breá do thórramh agus ceann dúghorm a dhéanfadh gnaithe breá.
leacáin dhearga red tiles
"leacáin dhearga ar na díonta, tá na ballaí ar dhath an uachtair, agus tá duirleoga faoi do chosa.
dúdhearg dark red
" " In aice leis an *Mauritian Woman *sa taispeántas san Acadamh Ríoga Ibéarnach, bhí *Two Muses *- figiúr geal ina luí le figiúr dúdhearg dainséarach.
níos mó ceall dearg more red cells
" Faoi mar atá, más den chine gorm thú ó réigiúin arda na hAfraice tá buntáiste mór agat mar go bhfuil níos mó ceall dearg i do chuid fola agus go gcuidíonn sin leat bheith níos tapúla etc.
imir rua a red hint (i.e. his beard)
" Bhí cuma an mhairnéalaigh thuas air, idir an ghruaig sceadach fhionn-rua agus an imir rua a bhí ag siúl ar a leiceann nuair a bhuail an ghrian é.
farasbarr de chaora dearga surplus of red grapes
" Tá a gcuid fíonchaora siúd anois réidh le baint agus is dá bharr sin atá farasbarr de chaora dearga ann, go háithrid *shiraz *agus *cabernet sauvignon*.
Cochaillín Dearg Little Red Riding Hood
" Osclóidh an fhéile le *Cáca Pórtair*, a bheas á léiriú ag an Béal Binn ó Bhrí Chualann, agus ina mbeidh tríocha aisteoir óg 5 agus 6 bliana d’aois ina gcomhábhar do cháca milis! Ar smaoinigh tú riamh cad é mar a fuair Cochaillín Dearg a cóta? Gheobhaidh tú amach le linn léiriú de *Cochaillín Dearg agus an Phéacóg Shíoraí *leis an gcompántas Ababú.
Is mithid dúinn an Fear Dearg a chriogadh! It's high time we beat the Red Man!
" Is mithid dúinn an Fear Dearg a chriogadh!” a mhaíonn Balor Bodúil agus é ag trácht go tuaisceartach ar Shan Nioclás bocht.
deargrua bright red, carrot red
" Cuirfidh muid imireacha fionnrua, donnrua, agus rud beag bídeach deargrua fríd.
maorlathas bureaucracy, red tape
" Déanfaidh mé mo bhealach abhaile trí Shingeapór agus an Mhalaeisia agus, le cúnamh Dé, beidh mé ar ais i mBaile Átha Cliath oíche Nollag! Ní féidir gach aon rud a shocrú i gcás turais mar seo; ní bhíonn a fhios agat céard a rachaidh ceart nó mícheart ar an mbóthar, cén sórt tinneas aisteach nó maorlathas a chasfar ort, cad iad na háiteanna a dtitfidh tú i ngrá leo, nó cén sórt daoine a chasfar ort.
bratacha agus scaifeanna dearga red flags and scarves
" Chuaigh Liverpool FC trí Walton ar bhus dearg dhá urlár le Corn an FA agus bhí na mílte i láthair le bratacha agus scaifeanna dearga chun céad míle fáilte abhaile a chur roimh an fhoireann.
ar nós na nIndiach Rua. like the Red Indians.
" Ó 1868, nuair a thug an rialtas cead don Seapánach tailte an oileáin, Hokkaido, a phlandáil, tugadh neamhaird orthu, cuireadh brú orthu a bheith “Seapánach”, deineadh iarracht a gcultúr a bhá, bailíodh an-chuid acu le chéile agus seoladh go *reservations* iad ar nós na nIndiach Rua.
le Gael-Mheiriceánach rua-ghruagach, with a red-haired Irish American,
" Timpeall an ama a thit a phósadh le Gael-Mheiriceánach rua-ghruagach, as a chéile, chaill sé a phost agus thit an tóin go huile agus go hiomlán as a shaol.
i dteach Seoirseach, dearg-bhríceach in a red-brick Georgian house
" Dhá sheomra i dteach Seoirseach, dearg-bhríceach trasna an bhóthair ón Staid Náisiúnta ar an gCuarbhóthar Theas.
tírghráthóirí na láimhe deirge the red-hand patriots
" na cáiníocóirí atá faoi chois ag tírghráthóirí na láimhe deirge cheana.
deargshúileach deorúil. red-eyed, tearful.
bóithríní cúnga dearga narrow red roads
" Thaistil mé suas ar eitleán beag an chomhlachta – an-ghalánta i gcomparáid le bheith suite ar chúl sean-*pickup* éigin! Bhí an turas go hálainn; bhí Loch na Maláive le feiceáil thíos fúinn, bailte beaga scaipthe i ngach áit, agus bóithríní cúnga dearga ag casadh trí na sléibhte glasa.
na céadair dhearga the red cedars
" Bhí foraoisí báistí ar fud fad an cheantair nuair a shroich an fear geal é i dtús báire, ach bhí luach ard ar na céadair dhearga a d’fhás go forleathan iontu.
liathróid dhearg red ball
" Toisc go bhfuil an staid chomh beag, bíonn na leantóirí an-chóngarach do na himreoirí agus bíonn siad in ann an liathróid dhearg a fheiceáil go soiléir san aer geal agus iad ina suí inti.
aghaidheanna dearga red faces
" Bhí aghaidheanna dearga sa Chomhaireacht agus baill den Rialtas ag teacht ar an tuiscint go mbeadh orthu an t-athrú polasaí a chur ar athló go dtí an samhradh seo chugainn.
suas an cairpéad dearg up the red carpet
" ************************************************************** Bhí súile an domhain dírithe ar mhaithe agus ar mhóruaisle thionscal na scannán ar an 24 Feabhra agus iad ag déanamh a mbealach go lonrach suas an cairpéad dearg chuig an Kodak Theatre in Hollywood le freastal ar an searmanas bronnta is mó cáil ar domhan.
seamair dhearg. red clover
" Is iad na cineálacha plandaí a bhfuil na hiarrachtaí seo dírithe orthu ná dearna Mhuire, crobh dearg, gliográn, bainne bó bleachtáin agus seamair dhearg.
ithir dhearg red earth
" no problem!” * Bheadh sé deacair gan titim i ngrá leis na Malávaigh agus leis an Maláiv, agus cé go bhfuil móin na hÉireann san fhuil agam, tá ithir dhearg na hAfraice go dlúth i mo mheon, i mo chroí agus i m’anam.
leicne dearga red cheeks
" Bhí a leicne dearga ar nós dhá úll snasta faoina gcuid súl.
Muir Rua Red Sea
" Tabharfar an ola trasna Iosrael go dtí Eilat, atá suite ar an Muir Rua, agus uaidh sin, féadfar í a easpórtáil go margaí móra na hÁise.
riabhóg rua red stripe
" Tháinig mé ar a chorp dubh, lena riabhóg rua san fhionnadh, ina luí fuar marbh sa phúirín.
rugadh maol ar caught red-handed
" Ba ríléir gur rugadh maol ar an naonúr agus ní raibh an dara suí sa bhuaile acu, ach an choir a admháil agus dul i muinín trócaire na cúirte.
phiobair dhearga red peppers
" D’imigh muid linn ag siúl trí fhíonghort, crainn almóinne agus trí pháirceanna lán de phiobair dhearga.
Chochaillín Dearg Little Red Riding Hood
" ‘Tá sé ar do CHÚL!!!!’ agus díon na hamharclainne á ardú le scréachanna na n-óg agus iad ag iarraidh rabhadh a thabhairt do Chochaillín Dearg nó do Robin Hood.
stiall phéint dhearg a stip of red paint
" Cuireann an chomhairle contae stiall phéint dhearg ar chuid de lána bus agus sin lána rothair?! Tchím i mo cheann na cruinnithe ann a bpléitear a leithéid – “Cá gcuirfidh muid an dream is leochaillí ar na bóithre?” “Caidé fá brúite isteach i mbóithríní atá fá choinne beathaigh d’fheithicil a chuirfeas suas ar an chosán iad?” Cúis gháire amach atá sna lánaí rothaíochta; tagann siad chun deiridh go tobann gan chúis ar bith; bíonn carranna páirceáilte orthu cuid mhaith den am; bíonn siad i dtólamh mar chuid de lána na mbusanna; agus tá sin níos contúirtí ná a bheith amuigh i lár bealaigh.
Cleas an philibín a red herring
" Cleas an philibín Cúis imní cinnte do rialtas Sarkozy.
pingin rua a red cent
" Níl pingin rua fágtha ag duine ar bith, agus is beag sin i gcomparáid leis na scéalta uafáis atá ag teacht chun solais lá i ndiaidh lae.
lár dearg red centre
" ) Tugtar an Red Centre ar lár na hAstráile agus is minic atá an lár dearg feicthe agam.
taoibhneambán red-cheeked
" Ó Dochartaigh Dhúin Oiligh — créad dob áil dá fiarfoighidh — gnúis taoibhneambán go ngné ghil, m'aoinleannán é ina aimsir.
muineál dearg red neck(s)
" Cuirfear fáilte níos leithne roimh an gceann seo i measc na liobarálach ar dhá chósta Mheiriceá, i leaba lár na tíre i measc lucht na muineál dearg, más fíor gur ansin a mhaireann ‘rednecks’ Randy Newman.
t-iora rua red squirrel
" com) ar an 13 Deireadh Fómhair, déanann sé cur síos ar an saol nua atá aige ó thug sé an sliabh air féin - an ceo maidine nuair a dhúisíonn sé, an t-iora rua go cruógach ag cur lena stóras bia sula dtitfidh codladh an gheimhridh air nó an tseanbhean a casadh air agus a thug torthaí agus glasraí dó ag rá ‘go mbeidís ag teastáil uaidh’ agus cuma uirthi gur thuig sí cé a bhí ann.
Ruaidhe red-headness
" BNC: Íomhá! Amaideach! Suntas na Ruaidhe SMM: Bhí do fholt breá rua ina bhuntáiste mór agat, déarfadh daoine go leor leat é sin, ach an ngoilleann sé ort anois is arís nuair a fheiceas tú an Ruaidhe luaite le ‘feisty’, arís, is sna liarlóga a fheicfear a leithéid? BNC: Tá a fhios a’m, ‘feisty red-head’.
na ribeacha rua of the red feelers
" aspx) Ach ar ais chuig cuilceach na ribeacha rua - ambasadóir agus an ní is díol spéise do thurasóirí is mó atá ag an cheantar.
folt rua bréige a red wig
" Murab ionann agus gach áit eile sa Pháirc, ní fheicfí seamróg ar bith ann ná leipreachán, ná léine ghlas ná folt rua bréige, ná bricín beag ná mór.
cianóg rua a red cent
" Ach b’fhéidir nach bhfuil cianóg rua le sparáil agat.
Rabhadh Dearg red alert
" uk> *(Scottish Avalanche Information Service)* agus bhí, go deimhin, Rabhadh Dearg ar Chreag Meagaidh.
cló dearg red print
" Úsáidtear an cló dearg chun an tslí a réitíonn an aidiacht leis an ainmfhocal de réir tuisil agus inscne a thaispeáint nó a chur i láthair.
Airm Dheirg Red Army
" Tá siad mórtasach as an chaoi ar sheas an Fhionlainn an fód i gcoinne an Airm Dheirg le linn an dara Cogadh Domhanda.
Diúracán Dearg red rocket
" ’Sé an tram an rud a dtugtar an Diúracán Dearg air ach i ndáiríre is ainm mí-oiriúnach é mar níl an Diúracán Dearg chomh tapa sin.
ndúch dearg red ink
" Bhí sé ina shuí taobh thiar de dheasc a bhí clúdaithe le bearta cáipéisí a raibh na focail FÓS LE FIOSRÚ scríofa orthu i mbloclitreacha móra i ndúch dearg.
dath fuilteach dearg a blood-red colour
" Scríobh Munch i 1895, mar mhiniú ar an phictiúr, go raibh sé ag siúl ar bhóthar tuaithe le beirt chara ag dul faoi na gréine agus gur tháinig dath fuilteach dearg ar an spéir.
Diabhail Dearga red devils
" ” Tacadóir de chuid *Manchester United* is ea Darach agus tá sé mar aisling aige briseadh isteach ar an chéad fhoireann ag *Blackburn Rovers* agus ansin áit a fháil leis na Diabhail Dearga.
crois dhearg a red cross
" Ní raibh mórán acu ann ach bhí roinnt bratacha Uladh ann, chomh maith, iad buí agus crois dhearg orthu - armas chlann de Búrca - agus lámh dearg Uí Néill ina lár.
ghiobal dearg red rag
" Ach mar a bheadh súil an tairbh ar an ghiobal dearg, is ar léine bhándearg Mhicí Wallace a bhí súil nimhe Bhaloir ag tarraingt ag deireadh na míosa seo caite.
i bhfuil dhearg dhoirte na mairtíreach glórmhar in martyrs’ glorious red blood
" Labhair sé ar dtús le Bullaí Buí Mac an tSiúlaigh: **Balor: Inis dom, a Bhullaí, cad tuige gur gá daoibh an mórshiúl a chleachtadh fríd an cheantar áirithe seo? Nach iomaí áit eile a dtiocfadh libh siúl, áiteanna a mbeadh na múrtha fáilte romhaibh?** Bullaí: An ag magadh atá tú, a Bhaloir? Nach dtuigeann tú a dhath ar bith? Ar léigh tú do Bhíobla riamh? Tá sé scríofa sa Bhíobla, i bhfuil dhearg dhoirte na mairtíreach glórmhar, go bhfuil sé de chead againn, agus de dhualgas orainn, mórshiúl a bheith againn fríd Ard Eoin.
an áit a gcuirfear an fhuil is deirge where the reddest blood is spilt
" Tá toghchán fíochmhar ar siúl sa Seanad, agus is é seo blár catha na bliana, an áit a gcuirfear an fhuil is deirge agus an t-allas is goirte.
luisne dhearg a red glow
" Bíonn an fharraige le feiceáil ag síneadh siar go deo deo, agus luisne dhearg ar bhun na spéire nuair a théann an ghrian faoin toinn oícheanta an tsaoil.
tá siad ag brath ar an bpingin sin they depend on that red cent
" Tá sé thar a bheith deacair dóibh siúd a bheith macánta faoi na rudaí seo nó a bheith oscailte, mar tá siad ag brath ar an bpingin sin ó dheontais reáchtála an Údaráis agus ón Rialtas chun iad a choimeád oscailte.
Cleas an Philibín the red herring
" Cleas an Philibín ======= ’Sé an cur chuige atá ag an Aire ná '*never mind the quality feel the grades*' ach i ndeireadh ama, níor cheart fiúntas an tsiollabais a mheas de réir torthaí arda, ach de réir cumas cainte agus tuisceana na ndaltaí.
Cé go léiríonn an phobalbhreith although the Red C poll shows
" Cé go léiríonn an phobalbhreith Red C, a foilsíodh ar an 13 Meitheamh, go bhfuil 52% den pobal i bhfábhar fáil réidh le Seanad Éireann, táim den tuairim go dteipfidh ar an reifreann nuair a thiocfaidh lá na vótála sa bhfómhar.
ach cleas an philibín just a red herring
" Níl sa leithscéal ar ndóigh ach cleas an philibín.
mbrat urláir dearg lasmuigh red carpet outside
" Díreach mar a rinne na scórtha aisteoirí is stiúrthóirí eile le linn 70ú Féile Scannán na Veinéise, a bhí ar siúl ó 28 Lúnasa go 7 Meán Fómhair, shiúil Johansson suas síos ar an mbrat urláir dearg lasmuigh de Phálás an Chineama roimh thaispeáint Under the Skin.
fionnrua bright red
" D’amharc sé ar fholt breá gruaige Enda agus chonacthas dó go raibh sé ní ba ghile mar fholt ná folt fireann ar bith a chonaic sé lena bheo; agus chonacthas dó go raibh cuid gruaige fionnrua an Taoisigh ní ba shlíoctha agus ní ba réidhe agus ní ba mhínmhothaithí ná folt gruaige ar bith a chonaic sé riamh; gan ribe dá dhlaoi as alt; é gan barrchleite amach ná bunchleite isteach.
dá ghruaidh chorcra chomhdhearga deep red cheeks
" ‘Cia hé an fear baileach binnbhriathrach úd ar a bhfuil an folt cas ciardhubh agus an dá ghruaidh chorcra chomhdhearga ar láimh chlí Oisín mhic Fhinn?’ a deir Gráinne.
Chuala na hioraí rua reilige the cemetery’s red squirrels heard
" Chuala na hioraí rua reilige é seo: *“And it comes strangely over me in bidding you goodbye how a life is but a day and expresses mainly but a single note, it is so much like the act of bidding an ordinary goodnight.
tá ifreann dearg hell is red
" Bhí caidreamh láidir idir an Eaglais agus an pholaitíocht ó na 30idí, am a chualathas an mana “le ciel est bleu, l’enfer est rouge” (Tá an spéir gorm, tá ifreann dearg) chun a chur ina luí ar daoine a vóta a chaitheamh ar son an pháirtí choiméadaigh.
dath dearg red colour
" Taispeánann Spritz an litir is tábhachtaí don leitheoir le dath dearg, rud beag ar chlé ar an scáileán.
Rí na nDearg le Feirg the King of the infuriated Reds
" ” Amach as an bhosca mhór le Patsaí Dan, Rí na nDearg le Feirg, fíor-Rí Ráth na Ríogh, Dhún Bhaloir agus Dhún na Gliondála ar fad, Imperator Scottorum, Fomoraigium et Windsororum.
ithir dhearg red earth
" Tar éis di bliain a chaitheamh sa Mhaláiv, braitheann Máire Ní Chuagáin go bhfanfaidh ithir dhearg na tíre sin go dlúth ina hanam go deo.
gCymru y Ddraig Gôch Wales of the Red Dragon
" Bhéarfaidh Tony Birtill amach ar chonairí an tsléibhe san alt seo thú, go barr binne i gCymru y Ddraig Gôch, in Albain na dTréan agus i Sasain na Sócmhainní.
Cleas an philibín a red herring
" Cleas an philibín? Is eagal le Ciarán Mac Aonghusa go dtitfidh ar lár leasuithe tábhachtacha sa chóras pholaitíochta a bhí ar chlár an rialtais.