Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag baint amach leasuithe achieving reforms
" Nach bhfuil cosúlacht ann idir an eachtra sin agus na rudaí a tharla ar na mallaibh? Tharla an rud céanna ó 1920 go 1922, nuair a bhí rath ar an chúis phoblachtánach sa deisceart, agus arís ag deireadh na 1960í, nuair a bhí gluaiseacht na gceart sibhialta ag baint amach leasuithe.
a rinne na leasuithe a dhréachtú who drafted the reforms
" I measc na ndaoine a bhí i láthair bhí an t-oideachasóir Giuseppe Bertagna, duine den dream a rinne na leasuithe a dhréachtú.
a leasú to reform
" Tá siad siúd ar mian leo an eaglais a leasú ag rá arís go bhfuil sé in am deireadh a chur le riail na haontumhachta.
leasuithe reforms
" Tharla sé seo agus VOTF - grúpa de Chaitlicigh chráifeacha atá ag brústocaireacht ar son leasuithe atá, dar le go leor, measartha - ar tí cúpla caibidil nua a oscailt i mBrooklyn agus Queens.
leasuithe reforms
" Dúirt Státrúnaí an Tuaiscirt, Paul Murphy, nach raibh sé cinnte gur seo an t-am ceart leis na leasuithe seo a thabhairt isteach, de bharr nach bhfuil gníomh ar bith curtha i gcrích ag an IRA.
mhórleasú major reform
" ) In áit aon mhórleasú a dhéanamh ar an gcomhpholasaí lochtach seo, áfach, ní dhearna na hairí mara ach pleananna bainistíochta ilbhliana a thabhairt isteach (más mall is mithid) agus cúpla mionleasú eile.
leasuithe reforms
" leasuithe ======= Tá leasuithe ag dul ar aghaidh ag baint le póilíneacht, dímhíleatú agus an clár cothromaíochta, mar a thugtar air, a mbeidh náisiúnaithe sásta leo.
leasuithe i gcúrsaí póilíneachta policing reforms
" Comhghéilleadh stairiúil ======= Meabhróidh poblachtánaigh duit gur chuir an Trimbleach in éadan chóir a bheith gach gné de chur i gcrích an Chomhaontaithe, Weston Park, leasuithe i gcúrsaí póilíneachta, etc.
a leasú to reform
" Má éiríonn linn dlíthe inimirce Mheiriceá a leasú, mar aon le cóid leithreas Nua-Eabhrac, b'fhéidir nach mbeidh 2004 ródhona mar bhliain ar chor ar bith.
a leasú to reform
" Ba chóir don rialtas an dlí seo a leasú agus cead a thabhairt do pháistí a bheith ansin - i rith na laethanta saoire scoile ar aon nós.
leasuithe reforms
" Ach ní léir go bhfuil aon leasuithe i ndán don chóras lochtach a chothaigh an fhadhb seo sa chéad dul síos.
leasuithe drámatúla dramatic reforms
" Ina measc, tá na leasuithe drámatúla a rinneadh ar na dlíthe inimirce tar éis 9/11 agus an saibhreas nua atá le fáil in Éirinn na laethanta seo.
leasuithe reforms
" Ina measc, tá na leasuithe drámatúla a rinneadh ar na dlíthe inimirce tar éis 9/11 agus an saibhreas nua atá le fáil in Éirinn na laethanta seo.
leasú reform
" Lena chois sin, déanfar leasú ar na dlíthe chlúmhillte a bhéarfaidh cosaint do na meáin as corrmheancóg bheag a déanamh agus iad ag fiosrú scéalta móra atá go mór ar leas an phobail.
an córas a leasú to reform the system
" Ach is léir gur bac mór é an MRSA ar phleananna an Aire Sláinte, Mary Harney, an córas a leasú.
a leasú to reform
" An curaclam a leasú ======= Nior chuir an tAire Hanafin, ar iarmhúinteoir Gaeilge í féin, aon am amú ag labhairt amach i gcoinne mholadh Enda Kenny nach mbeadh an Ghaeilge éigeantach níos mó sa churaclam meánscoile.
a leasú to reform
" An curaclam a leasú ======= Nior chuir an tAire Hanafin, ar iarmhúinteoir Gaeilge í féin, aon am amú ag labhairt amach i gcoinne mholadh Enda Kenny nach mbeadh an Ghaeilge éigeantach níos mó sa churaclam meánscoile.
an córas parlaiminte féin a leasú to reform the parliamentary system itself
" Deir Harper go bhfuil faoi an córas parlaiminte féin a leasú: má fhéachann sé le hionadaíocht chionmhar a thabhairt isteach, seasfaidh an NDP leis.
é a leasú to reform it
" Má tá locht ar an chóras, ba cheart iarracht a dhéanamh é a leasú in áit an milleán a chur ar an ábhar.
leasú radacach radical reform
" An mhí seo caite, dúirt Impact, ceann de na ceardchumann is mó a dhéanann ionadaíocht ar oibrithe san earnáil phoiblí, nár mhór leasú radacach a dhéanamh ar an phróiseas díláraithe.
na Roinne Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí to the Department Justice, Equality and Law Reform
" Nuair a thagann duine go hÉirinn agus é ag lorg stádais mar dhídeanaí, bíonn air iarratas a chur faoi bhráid na Roinne Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí leis an stádas sin a bhaint amach.
a leasódh an córas that would reform the system
" Go deimhin, in 2004 d’admhaigh an tAire Oideachais, Mary Hanafin, go raibh fadhb ar leith ann maidir leis an díolúine agus thug sí le tuiscint go raibh ciorclán á ullmhú ag an Roinn a leasódh an córas trína mbronntar an díolúine.
leasú an chórais sláinte the reform of the health system
" Ba cheart go mbeadh sí in ann dúshlán a thabhairt d’aon dris chosáin atá ag cur bac ar leasú an chórais sláinte – áitiúlachas agus caomhnaitheacht na ngairmeacha leighis, cuir i gcás – de thairbhe gur dócha nach mbeidh feachtas toghchánaíochta eile le fearadh aici feasta.
in aghaidh na leasuithe seo against these reforms
" Ba í an cheist ba mhó a bhí i mbéal cheannairí na hEorpa tar éis an reifrinn ná cén fáth a raibh muintir na hÉireann in aghaidh na leasuithe seo? Baineann cuid den fhreagra leis an tír seo agus leis an fheachtas, agus an chuid eile leis an Aontas Eorpach féin.
Leasuithe reforms
" Leasuithe D’fhógair an tAire Airgeadais ar lá na cáinaisnéise go mbeadh roinnt eagraíochtaí á gcomhtháthú agus cinn eile á scor.
Athchóirithe Dlí law reform
" Grád: C Dermot Ahern (An tAire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí): Tá sé de bhuntáiste aige nach bhfuil sé rómhór nó róbheag leis an fhear cheannais.
leasú reform
" Is fada Aire na Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, ag maíomh go raibh sé leis an scéim seo a leasú ó bhonn.
leasú amendment, reform
" Déanann sé leasú suntasach ar ghníomhú eachtrannach an aontais – trí Uachtarán lán aimseartha a cheapadh don Chomhairle agus Ard-Ionadaí a cheapadh do Ghnóthaí Eachtracha.
leasú to reform
" Bhí Turnbull san eite chlé den Pháirtí Liobrálach agus cé gur vótáil sé in éadan an bhille, dúirt sé go raibh sé réidh idirbheartú a dhéanamh leis an mbille a leasú.
leasú to reform
" Ag Deireadh Fómhair rinne an rialtas an bunreacht a leasú chun stádas teanga náisiúnta a thabhairt don Tamazight.
leasú ó bhonn complete reform
" Ar cheann de na moltaí is conspóidí sa dréachtstraitéis, tá go gcuirfí leasú ó bhonn ar Údarás na Gaeltachta agus gur Údarás na Gaeilge a dhéanfaí den eagraíocht sin, eagraíocht a bheadh freagrach feasta – is cosúil – as an bpleanáil teanga sa Ghaeltacht agus ar fud na tíre.
leasú reform
" Ar cheann de na moltaí is conspóidí sa dréachtstraitéis, tá go gcuirfí leasú ó bhonn ar Údarás na Gaeltachta agus gur Údarás na Gaeilge a dhéanfaí den eagraíocht sin, eagraíocht a bheadh freagrach feasta – is cosúil – as an bpleanáil teanga sa Ghaeltacht agus ar fud na tíre.
athleasú reform
"athleasú mór conspóideach beartaithe aige do chóras sláinte na Stát Aontaithe (féach Alt Bhriain Uí Bhroin san eagrán seo); tá sé i ngleic leis an ghéarchéim airgeadais go fóill, agus tá cogadh á stiúradh aige san Afganastáin.
leasuithe reforms
" Ach ba ar chaomhnú an status quo a bhí iarrachtaí phobal na teanga dírithe le dornán míosa anuas seachas ar leasuithe chun maitheasa a dhéanamh ar bheartais teangan, rud a bhí intuigthe go leor is dócha.
athleasuithe reforms
" Tá ceannairí an pháirtí ag déanamh staidéir le tamall anuas ar athleasuithe ba mhaith leo a chur faoi bhráid na ndaoine i reifreann ar an bhunreacht.
Athbhreithniú reform
" Go deimhin, mhol an Grúpa um Athbhreithniú Bunreachta breis is deich mbliana ó shin go dtabharfaí aitheantas dearfach don Ghaeilge mar theanga mhionlaithe.
athchóiriú reform
" Mhaígh Sarkozy gur ghá tabhairt faoi cheisteanna móra na tíre - fadhb na dífhostaíochta, mar shampla, go háirithe i measc an aosa óig, athchóiriú ar an gcóras dlí agus ar an oideachas tríú leibhéal, agus cúrsaí slándála taobh istigh den tír - chun an Fhrainc a chur ina ceart arís.
leasuithe reforms
" Óir tá ceann de na leasuithe is radacaí le fada i leith maoiniú na n-eagras, le cur i bhfeidhm ag Foras na Gaeilge.
leasaithe reforms
" Dar le McAliskey gur thuig Aontachtaithe sin agus gurb shin é an fáth a raibh siad chomh diongbháilte sin in éadan an leasaithe ba shuaraí.
Leasú reform
" Leasú an Rialtais Áitiúil ========== Molaim go n-íocfaí an cháin réadmhaoine seo leis an údarás áitiúil.
leasú to reform
" Is gá an córas pinsin a leasú agus déanfar sin.
Deis Leasaithe a chance to reform
" Deis Leasaithe ======= Níl an eagraíocht gan locht agus bhí géarghá le leasú a dhéanamh ar an bhord, a bhí rómhór agus ró-amscaí le feidhmiú i gceart mar Pharlaimint Gaeltachta.
athleasú reformed
" Bhí siad den bharúil go dtí bliain ó shin gur chóir é a athleasú ach de réir a chéile, ó lár na bliana seo caite, thiontaigh géarchéim an gheilleagair ina géarchéim pholaitíochta.
athleasuithe reforms
" Is aisteach ina dhiaidh sin gurb é an Seanad is mó atá i mbéal na bpolaiteoirí agus iad ag trácht ar athleasuithe.
ar bhonn leasuithe in a reformed mode
" Elaine Byrne, anailísí polaitiúil i gcoláiste na Tríonóide, freagra ar McCarthy inar mhaígh sí go sábhálfadh an Seanad airgead dá mbeadh sé ag feidhmiú i gceart ar bhonn leasuithe.
athleasú reform
" Cloistear an-chuid cainte faoi athleasú an Oireachtais, faoi líon na dteachtaí agus faoi ról an tSeanaid ach go háirithe, mar is ceisteanna iad a bhfuil tosca éasca dul i ngleic leo.
cimí a athshlánú reform prisoners
" 
Tá sé aitheanta ag gach duine taobh amuigh de Chumann na nOifigeach Príosúin go bhfuil an tSeirbhís Príosúin ó thuaidh mífheidhmiúil de réir ceann de na síorfhiosrúcháin, go bhfuil barraíocht daoine ag obair inti ar fhoireann a chumann a cuid rialacha féin (druideadh dhá chumann sóisialta mídhleathacha ar thailte dhá phríosún an mhí seo) agus nach dtig, le teann mhíchumas na foirne céanna, cimí a athshlánú.
iarracht leasuithe an attempt at reform
" Nuair a thug Rodford iarracht leasuithe a chur i bhfeidhm chuir sé olc ar na heochróirí agus maítear gur chuir siad féin mionsonraithe an gobharnóra i gcillín McConville, a bhfuil dúnmharú an Chonstábla Steven Carroll curtha ina leith.
An gcabhróidh na leasuithe dlí shall the law reforms help
" An gcabhróidh na leasuithe dlí atá á moladh sa Bhrasaíl agus san Ísiltír? Má léiríonn eachtraí Rio de Janeiro agus Alphen aan den Rijn rud amháin, is é seo é: tiocfaidh gealt ar ghunna nuair a theastaíonn uaidh – laistigh nó lasmuigh de chóras an dlí.
leasaithe radacacha radical reforms
" C - Bheadh gá leasaithe radacacha a chur i bhfeidhm ar na struchtúir a bhain leis an gcluiche.
leasaithe reforms
" Ar 2 Bealtaine, d’eisigh comhghuaillíocht na méaraí ráiteas inar cháin siad Coiste Bhreithiúnachta an Tí as vótáil an lá sin in aghaidh leasaithe a thabharfadh lánchead don Roinn Dlí agus Cirt cosc a chur ar dhíolachán gunnaí agus pléascáin le sceimhlitheoirí.
chuireadar riocht nua ar an ngealt they reformed the concept of lunacy
" Rinne saineolaithe Hôpital Général Phárais iarracht an ghealtacht a scrúdú fé choincheapanna an leighis, agus má dhein, chuireadar riocht nua ar an ngealt.
leasuithe reforms
" An bhfuil Réiteach na Faidhbe ag Ruairí Quinn? ======================== Is maith an scéal é go n-aithníonn an tAire Oideachais go bhfuil fadhb mhór againn agus ón méid atá ráite aige le cúpla mí anuas, is léir go bhfuil sé toilteanach tabhairt faoi leasuithe a dhéanamh ar mhaithe leis an bhfadhb a réiteach.
leasuithe measúnaithe assessment reforms
" Tá an méid ama a chaitear ag múineadh mata agus léitheoireacht sna bunscoileanna le méadú agus tá pleananna aige níos mó usáid a bhaint as measúnú leanúnach don Teastas Sóisearach ach an mbeidh comhoibriú na múinteoirí ar fáil? Tá an chuma ar an scéal go bhfuil ceardchumann na meánmhúinteoirí, an ASTI, chun iarracht a dhéanamh bac a chur ar na leasuithe measúnaithe atá beartaithe ag Ruairí Quinn.
leasuithe reforms
" Cuireadh próiseas comhairliúcháin poiblí ar bun chun na leasuithe seo a bhaint amach agus iarradh ar eagrais agus ar dhaoine aonaracha a gcuid moltaí a chur chun tosaigh ina leith.
Leasú an Bhunreachta constitutional reform
" Leasú an Bhunreachta =========== Is iontach an scéal é, ach níl aon tagairt do mhuintir dhúchais na hAstráile sa bhunreacht, cáipéis bhunaidh na tíre.
leasú seachas a scor to reform rather than disband
" Ach tá deis stairiúil ann anois Seanad Éireann a leasú seachas a scor.
leasuithe reforms
" Ba iad leasuithe Lemass agus Whitaker a chuir tús le muirthéacht mhór na seascaidí.
leasaíodh i mbliana was reformed this year
" De réir na rialach nua a tugadh isteach an uair úd (thart ar 1970 measaim), agus a leasaíodh i mbliana, ní bheadh cead ag tosaithe a bheith sa ‘chearnóg’ bheag sula dtiocfadh an liathróid cé go bhfeadfaidís í a leanúint isteach.
leasú ionraic an honest reform
" Níl amhras ach go bhfuil leasuithe polaitiúla de dhíth, ach is ar éigean a chreidim gur leasú ionraic é seo.
roinnt mionleasuithe foclaíochta some minor textual reforms
" Dúradh nach raibh “mórán deacracht” acu leis na pointí a rinne an Oifig faoina gcuid moltaí agus mhol siad roinnt mionleasuithe foclaíochta.
leasófaí dlí na Éireann that Irish law would be reformed
" D'admhaigh sé fosta go raibh 'cás láidir' le déanamh le go leasófaí dlí na Éireann i leith cead slí.
i leith leasú a dhéanamh in regard to reform
" Tá an chosúlacht ar an scéal gur beag fiacla a bheas ag an Chomhdháil agus nach bhfuil ann ach iarracht mar dhea eile chun cuma na maitheasa a chur ar an rialtas i leith leasú a dhéanamh ar an chóras pholaitiúil.
le cinntiú go rachaidh na leasuithe ar aghaidh to ensure that the reforms proceed
" Measann sé go bhfuil coimhlint inmheánach ag dul ar aghaidh sa PSNI idir an dá aicme agus go bhfuil ról le himirt aige féin agus ag an Bhord le cinntiú go rachaidh na leasuithe ar aghaidh.
ullmhaíodh dréacht de leagan leasaithe a reformed version was prepared in a draft
" Tar éis na tuairimí agus na moltaí go léir a fuarthas a bhreithniú chuathas i gceann an córas sin a leasú agus ullmhaíodh dréacht de leagan leasaithe a cuireadh faoi bhráid daoine arbh eol suim ar leith a bheith acu i ngramadach na Gaeilge agus saineolas acu uirthi .
rinneadh corr-mhionleasú ó thráth go chéile some perfunctory reforms were done
" Sna hathchlónna éagsúla a foilsíodh anuas go 2004, rinneadh corr-mhionleasú ó thráth go chéile ach ní dhearnadh aon athbhreithniú substaintiúil ar na rialacha gramadaí.
i gcruth leasaithe in the shape of reform
" Ins an chéad leagan den phacáiste fuair tuismitheoirí leabhrán a chuir comhairle phraiticiúil ar thuismitheoirí maidir le páistí a thógáil le Gaeilge mar aon le Rabhlaí Rabhlaí (dlúthdhiosca agus leabhar rannta do pháistí) ach diabhal seic a bhí le feiceáil ann! Cosnaíonn sé tuairim is €10 in aghaidh an teaghlaigh an pacáiste a chur le chéile agus is léir gur ciorrú faoi choim, i gcruth leasaithe, atá ann.
nár leasaíodh was reformed
" Deir sé nár leasaíodh an an tSeirbhís Príosúin riamh agus go raibh daoine ann ar cuireadh brúidiúlacht síos dóibh nach bhfuarthas réitithe leo agus go bhfuil tacaíocht láidir acu i measc na bpolaiteoirí.
teastaíonn leasú ceart a real reform is needed
" Ach leis an cheist a shocrú teastaíonn leasú ceart – ó bun go barr – ón rialtas áitiúil.
go leor leasuithe ar theagasc enough reforms of the teaching
" An ndéanfar go leor leasuithe ar theagasc na Gaeilge idir seo agus an chéad saothar eile a fhoilseofar faoin ábhar? Ní gá a rá gur tubaiste a bheadh ann don teanga agus don Ghaeltacht dá mbainfí ón éigeantas.
Anois an t-am le leasú a dhéanamh now’s the time to reform
" Anois an t-am le leasú a dhéanamh, nó rachaidh sé chun donacht’.
leasuithe liobrálacha liberal reforms
" Ní hamháin nár sheas sé an fód fá choinne leasuithe liobrálacha “Vatacáin a dó”, ach ar a bhealach féin rinne sé iarracht cuid acu a chur ar neamhní.
go láidir ar son leasú ar very much for the reform of
" Tá mé go láidir ar son leasú ar an Seanad agus ar an gcaoi a bhfuil an Seanad ag feidhmiú.
leasuithe nua new reforms
" Ní hamháin go raibh ar Oifig Gnóthaí Baile na Breataine leasuithe nua a chur chun cinn de thairbhe líon na bPoblachtach a bhí anois mar chimí acu ach bhí orthu riocht iomlán nua a chur ar an seanchóras coiriúil s’acu, córas nár cuireadh mórán athruithe suntasacha air ó ré na Géarleanúna ar aghaidh.
a leasú ar aon chaoi in reforming (the D. working practice) anyway
" Cén fáth go gcaithfear deireadh a chur leis an Seanad le modh oibre na Dála a fheabhsú? Cén bac atá sa mbealach orthu nach féidir modh oibre na Dála a leasú ar aon chaoi, bíodh an Seanad ann nó as? Shílfeá ón gcaint seo go bhfuil croimnasc nó buarach curtha ag an Seanad ar na polaiteoirí sa Dáil, a gcuid gnaithí a dhéanamh i mbealach níos fearr! Bille na Gaeltachta 2012 sa Seanad ================ Nuair a bhí an Bille Gaeltachta 2012 ag dul tríd an Oireachtas bliain ó shin is sa Seanad a deineadh iniúchadh ceart ar an mBille.
ar na leasaithe a bhí molta of the reforms which were advised
" Nuair a chuaigh an Bille ar ais ag an Dáil, níor léirigh mórán Teachtaí Dála spéis ann ar chor ar bith agus sa deireadh brúdh an Bille tríd gan aon díospóireacht cheart ar na leasaithe a bhí molta.
faoi reachtaíocht nó leasú ar reachtaíocht about legislation or about reform of legislation
" (Chonaic mé le linn na díospóireachta ar Bhille na Gaeltachta Seanadóir ón bhfreasúra ag iarraidh córam agus é ag siúl amach é féin, tar éis dhó córam a iarraidh!) Ach ’sé an fhadhb is mó leis an Seanad ná go bhfuil an iomarca de na Seanadóirí faoi cheangal ag na páirtithe, agus in áit a n-intinn féin a dhéanamh suas faoi reachtaíocht nó leasú ar reachtaíocht, bíonn iachall orthu treoir a thógáil ón bpáirtí.
Léigh seisean na leasaithe bunreachtúla againne he saw our constitutional reforms
" Léigh seisean na leasaithe bunreachtúla againne a bhain le “ceart na mbeo gan bhreith” agus níor éirigh leis iad a thuiscint ós rud é gur thug an Bunreacht céanna cosaint dóibh in áit amháin agus cead dá máthracha iad a dhúnmharú lasmuigh den Stát in áit éigin eile.
ná i leasú riaracháin nor in administrative reform
" Cé gur mhaslaigh sí na státseirbhísigh go léir i gcoitinne, ba bheag an tsuim a bhí aici i structúirí riaracháin ná i leasú riaracháin.
d’fhógair an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe the minister for public expenditure and reform
" Ábhar mór conspóide ab ea an cinneadh sin i measc lucht labhartha na Gaeilge nuair a d’fhógair an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, Brendan Howlin, i mí Dheireadh Fómhair, 2013 go rabhthas ag cur deireadh leis na pointí bisigh agus go gcuirfí cionmhéid i bhfeidhm feasta nuair a bheadh earcú á dhéanamh.
Rinneadh leasú ar an reachtaíocht the legislation was reformed
" Rinneadh leasú ar an reachtaíocht cheana féin ag deireadh na bliana seo caite agus déanfaidh SBCA tuilleadh taighde ar na constaic atá ag cur bac le dul chun cinn i mbliana.
leasú ar reform of
" Níl aon easpa ábhair nuachta ‘crua’ sa réimse seo faoi láthair idir easpa dul chun cinn na Straitéise, postanna á gcailliúint i nGaoth Dobhair, leasú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla srl.
Táthar i mbun leasuithe a chur i gcrích ar reforms are being made
" Táthar i mbun leasuithe a chur i gcrích ar na hábhair GCSE faoi láthair agus beidh an próiseas seo críochnaithe fán bhliain 2017: > “This spring, we will consult on our plans for the reform of the remaining GCSEs (and A levels).
leasú a dhéanamh ar alt to reform the article
" Tá an cheist achrannach chasta seo in airde san Astráil ar na mallaibh mar gheall ar iarratas atá idir chamáin ag an rialtas náisiúnta leasú a dhéanamh ar alt 18C, Cuid 2A, den Acht um Idirdhealú Ciníoch.
foclaíocht an leasaithe the reformed wording
" D’eisigh an tArd-Aighne, an Seanadóir George Brandis, foclaíocht an leasaithe i mí an Mhárta agus thug sé ‘exposure draft’ air.
Cáineadh an leasú molta go géar the prospective reform was severely condemned
" Má fhágtar díospóireachtaí a mbaineann leis na hábhair seo as an áireamh, tá sé deacair a shamhlú aon phlé poiblí a chuimsíonn an t-alt nua! Leasú go bhFreasúra ======== Cáineadh an leasú molta go géar ag na brúghrúpaí a labhraíonn ar son na gcomhphobal eitneach, ina measc siúd na brúghrúpaí Giúdacha.
Acht um Leasuithe Talún the land reform act
" com* faoin Acht um Leasuithe Talún 2003: “*Potentially gives Scotland the best framework for access in Europe.
Leasú ar a reform
" Leasú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla:** Cuireadh fáilte chroíúil roimh fhógra Aire Stáit na Gaeltachta, Dinny Mc Ginley, ag an Oireachtas i 2011, go raibh an tAcht le leasú agus go mbeadh ról ag an phobal ins an phróiseas chomhairliúcháin.
Déanfar leasú ar fhoclaíocht an bhille the bill’s wording shall be reformed
" Déanfar leasú ar fhoclaíocht an bhille ag deireadh na tréimhse comhairliúcháin seo sula gcuirfear faoi bhráid an tSeanaid é.
leasuithe reforms
" Tá iarracht á déanamh ag Aire Oideachais na hIodáile, Letizia Moratti, leasuithe móra a dhéanamh ar an chóras oideachais ina iomláine, ach tá formhór na ndaltaí scoile agus na mac léinn an-mhíshásta leis na leasuithe sin.
leasú reform
" Moladh i dtuarascáil a foilsíodh níos luaithe i mbliana go ndéanfaí athruithe radaiceacha ar an Seanad ach, mar a thuairiscíonn Dónall Ó Maolfabhail, níl fonn dá laghad ar an Rialtas aon leasú mór a dhéanamh.
leasuithe reforms
" Measann Robert McMillen go bhfuil líomhaintí á ndéanamh i gcoinne Shinn Féin le tamall anuas chun cur ina luí ar dhaoine nár cheart leasuithe móra a dhéanamh ar an tseirbhís phóilíneachta sna Sé Chontae.
an leasú ar an gComhbheartas Talmhaíochta the reform of the Common Agricultural Policy
" Tá dóchas ann, áfach, a deir Uinsionn Mac Dubhghaill, go dtiocfaidh feabhas ar chúrsaí sna blianta atá amach romhainn nuair a chuirfear i bhfeidhm an leasú ar an gComhbheartas Talmhaíochta.
Caithfear leasú na poblachta reform of the republic
" Caithfear leasú na poblachta a chur i gcrích, nó fágfar dochar agus doghrainn roimh an nglúin inár ndiaidh dar le Ciarán.
géarghá le hathleasuithe ó de dhíth go géar orthu they are in great need of reform
" Bíonn fuadar faoi na margaí agus támhnéal ar na forais Eorpacha in éineacht a deir Ciarán Mac Aonghusa, forais a bhfuil géarghá le hathleasuithe ó de dhíth go géar orthu.
dtitfidh ar lár leasuithe tábhachtacha important reforms shall fail to proceed
" Cleas an philibín? Is eagal le Ciarán Mac Aonghusa go dtitfidh ar lár leasuithe tábhachtacha sa chóras pholaitíochta a bhí ar chlár an rialtais.