Pota Focal Intergaelic
farm | firm | foam | foirm | for
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
a riocht its form
" Níl an ciníochas athraithe i Meiriceá - tá a riocht athraithe, sin uile.
bunchruth the original form
" Díríonn sí isteach ar na radharcanna seo agus athraíonn sí iad trí iad a mhéadú nó staidéar a dhéanamh ar chruth áirithe trí ghloine nó uisce, sa dóigh is go mbíonn an bunchruth lúbtha.
i bhfoirm leictreonach in electronic form
" Faoi láthair táimid ag díriú ar an oiread agus is féidir linn den téarmaíocht a chur ar fáil i bhfoirm leictreonach.
leaganacha malartacha variant forms
" Ní fhágann sin nach n-aithníonn an Coiste leaganacha malartacha, go háirithe más léir go bhfuil glactha ag an bpobal leo.
mhúnla form, mould
" " Fanfaidh eachtra amháin go buan ina chuimhne: an lá a rinne sé iarracht briseadh ón mhúnla agus ón fhoirmle a bhí ann d'aistí agus rud éigin suimiúil agus cruthaitheach a scríobh.
foirm neodrach neutral form
" Beidh cuimhne ag gach mac máthar ar an tacaíocht a fuair sé ó ionadaithe thíortha uilig an domhain nuair a cheap sé na nathanna cáiliúla: "Tír gan teanga, tír gan ainmfhocal" agus "Tír gan foirm neodrach, tír gan mhagairlí".
fhoirm iarratais application form
" Sheol mise an fhoirm iarratais ar ais chuig an ambasáid le litir i nGaeilge agus ainm agus uimhir an chailín ar labhair mé léi i mBaile Átha Cliath.
riocht form, shape
" Ní chuirfeadh na foilsitheoirí i gcló é sa riocht ina raibh sé - iontach salach.
Goitsigí Come here (plural form)
" Leis sin, dúirt bean an tí: "Goitsigí, go dtaispeánfaidh mé na seomraí daoibh.
seanmhúnlaí dúchasacha old native forms
" "Ó thaobh na filíochta de," arsa Ó Siadhail, "duine traidisiúnta coimeádach a bhí ann ar mhór leis na seanmhúnlaí dúchasacha gona meadarachtaí gonta.
nár ghá cloí leis na seanmhúnlaí that it wasn't necessary to stick to old forms
" Ach ar a shon gur orthu siúd a bhunaigh Cumann na hÉigse ag Dáil na hÉigse i gcaitheamh Fheis na Mumhan i gCorcaigh i mí Meán Fómhair 1907 a bhí Piaras Béaslaí - cumann lomlán le Muimhnigh ar thábhachtach leo na munlaí clasaiceacha a bhí ann - d'athraigh tuairimí Bhéaslaí faoin fhilíocht de réir a chéile gur léir dó faoi na caogaidí nár ghá cloí leis na seanmhúnlaí.
foirm iarratais application form
" Cé gur diúltaíodh dó, fuair Ray amach go raibh stiúrthóir de dhíth agus d'iarr sé orthu foirm iarratais a sheoladh chuige.
i bhfoirm stócaigh óig in the form of a young man
" Is ina luathshaothar a fheiceann muid é ag meabhrú ar an domhan miangasach, go minic i bhfoirm stócaigh óig.
i bhfoirm faoisimh nó liúntais cánach in the form of tax relief or allowance
" Is tré iarrachtaí na n-imreoirí idirchontae a chuirtear na cluichí sin i láthair an domhain mhóir agus tá aitheantas tuillte acu faoi mar a thuilleann ealaíontóirí agus lucht spóirt ghairmiúil, is é sin aitheantas i bhfoirm faoisimh nó liúntais cánach.
i bhfoirm iontrála gairide in the form of a short entry
" Foilsítear eolas nua ar bhlag i bhfoirm iontrála gairide agus taispeántar na hiontrálacha ar fad i liosta fada – beagáinín cosúil le dialann leictreonach (bíonn an iontráil is nua ag an mbarr).
i bhfoirm iontrála gairide in the form of a short entry
" Foilsítear eolas nua ar bhlag i bhfoirm iontrála gairide agus taispeántar na hiontrálacha ar fad i liosta fada – beagáinín cosúil le dialann leictreonach (bíonn an iontráil is nua ag an mbarr).
i bhfoirm breiseáin in the form of a plug-in
" Oibríonn sé mar chuid den bhrabhsálaí idirlín i bhfoirm breiseáin (plug-in) freisin, agus is féidir an físeán a bhfuil caighdeán íomhá an-ard a choimeád “greamaithe” laistigh den leathanach idirlín.
an fhoirm iarratais the application form
" AÓF: Cén áit ar chuala tú fúithi? TC: Tá eolas fúithi ar fáil i ngach ollscoil in Éirinn agus tá an fhoirm iarratais ar fáil ar shuíomh gréasáin Fulbright.
le foirmeacha a líonadh to fill forms
" Dúirt Andrew Robb, rúnaí parlaiminte le haghaidh inimirce agus ilchultúrachais, gur chóir dóthain Béarla a bheith ag daoine le labhairt lena gcomhoibrithe, le comharthaí sábháilteachta a léamh agus a thuiscint agus le foirmeacha a líonadh.
le rialtas a chur i dtoll a chéile to form a government
" Fiú dá mbeadh rith an ráis leo, seans go mbeadh an comhaontú idir iad agus FG tuairim agus deich suíochán faoi bhun an mhéid is lú atá de dhíth le rialtas a chur i dtoll a chéile.
más mian leo rialtas a chur le chéile if they wish to form a government
" Beidh siad féin agus an Lucht Oibre ag brath, mar sin, ar pháirtí amháin eile ar a laghad más mian leo rialtas a chur le chéile.
go mbunófaí rialtas buanseasmhach that a stable government be formed
" Ainneoin an ghoimh agus na binbe idir an dá pháirtí sin, ní bheadh sé dodhéanta acu comhghéilleadh áirithe a dhéanamh ar a bpolasaithe ar an bhonn gurb é an leas coitianta agus náisiúnta é go mbunófaí rialtas buanseasmhach.
rialtas mionlaigh a chur i gcionn a chéile to form a minority government
" Go teoiriciúil, d’fhéadfadh FF rialtas mionlaigh a chur i gcionn a chéile le beannacht Shinn Féin agus iarbhaill dá bpáirtí féin, leithéidí Paddy McHugh, James Breen, Jackie Healy-Rae agus Mildred Fox.
foirmeacha iarratais application forms
" Tá tuilleadh eolais agus foirmeacha iarratais le fáil ar ár suíomh, (www.
i bhfoirm luathscríbhneoireachta, in shorthand form,
" Bhí Mac Gearailt an-deas agusthairg sé an rud a dhéanamh an athuair ach buíochas le Dia bhí mé taréis bheith ag breacadh síos nótaí i bhfoirm luathscríbhneoireachta,nós a bhí agam ó rinne mé staidéar ar an iriseoireacht i gColáiste naTráchtála i Rathmines".
i bhfoirm dhigiteach, in digital form,
" Tá 16,000 leabhar agus irisleabhar ar fáil, 10,000 grianghraf, 9,000 fonn i bhfoirm dhigiteach, 6,500 bileog bhailéid, 2,500 clár teilifíse, 1,000 fístéip agus DVD agus go leor ábhair eile, póstaeir agus uirlisí san áireamh.
foirmeacha ealaíne art forms
" ” D’fhiafraigh mé de ansin cén fáth a ndeachaigh sé le traidisiúin mar iad, foirmeacha ealaíne ó thíortha eile.
i bhfoirm ficsin. in fictional form.
" Bíonn daoine ag caitheamh anuas air seo nó air siúd – ach is léir go bhfuil an rud léite acu, agus go bhfuil tábhacht ag baint leis an gcaoi a gcuirtear os comhair an domhain iad i bhfoirm ficsin.
nocht an diabhal é féin i riocht siúlóra oilithrigh the devil revealed himself in the form of a pilgrim walker
" De réir an scéil, nocht an diabhal é féin i riocht siúlóra oilithrigh a bhí stiúgtha ag an tart sa cheantar seo a bhfuil Gambellacos mar ainm air.
i bhfoirm dhigiteach in digital form
" Tá na dioscaí sin bunaithe ar chórais mhaighnéadacha agus tá an t-eolas orthu i bhfoirm dhigiteach i maighnéid bheaga bhídeacha.
gach saghas tráchta all forms of traffic
" Níl ach créafóg sna sráideanna, agus, ar ndóigh, tá an baile dúnta do gach saghas tráchta ach capaill.
i bhfoirm deontas in the form of grants
" Chaith an Roinn Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta €113m in 2004 ar chúrsaí spóirt in Éirinn, i bhfoirm deontas den chuid is mó, le haghaidh foirgneamh agus áiseanna.
rialtas a bhunú. to form a government.
" Ghair an Taoiseach Bertie Ahern olltoghchán ar an 29 Aibreán, tharla an toghchán níos lú ná ceithre seachtaine ina dhiaidh sin, agus níl le déanamh anois ag na páirtithe éagsúla ach rialtas a bhunú.
rud éigin a mhúnlú to form something
" Teastaíonn uait rud éigin a mhúnlú le gur féidir a bheith dílis don lúbaireacht atá ionat.
i bhfoirm íomhánna deasa. in the form of nice images.
" Ní hamháin go bhfaigheann tú torthaí níos fearr tar éis duit rud éigin a chuardach, ach tá cuma níos fearr orthu freisin toisc go bhfuil comhéadain ghrafacha acu ina dtaispeántar gach rud i bhfoirm íomhánna deasa.
i bhfoirm dheas ghrafach, in nice graphic form,
" Is suíomhanna iad seo ina dtaispeántar eolas i bhfoirm dheas ghrafach, in ionad mar dhlúthliosta téacs.
a bheith luaite ar fhoirm iarratais, being mentioned on the application form
" Is slat tomhais éifeachtach agus neamhspleách é Teastas Eorpach na Gaeilge, ar féidir leis an bhfostóir úsáid a bhaint as le cumas teanga iarratasóirí a mheas, seachas an riachtanas “Gaeilge líofa ag teastáil” a bheith luaite ar fhoirm iarratais, riachtanas atá ró-oscailte agus teibí.
foirm iarratais application form
" I mbliana, beidh scrúduithe teg ar siúl i gceithre ionad scrúdaithe in Éirinn (Má Nuad, Gaoth Dobhair, an Spidéal agus Baile Bhúirne) agus in dhá cheann taobh amuigh den tír (Ollscoil Karlova i bPrág agus Coláiste na nGael i bPáras) ar na dátaí seo a leanas: Bonnleibhéal 1: 19 AibreánBonnleibhéal 2: 26 Aibreán Meánleibhéal 1: 10 Bealtaine Meánleibhéal 2: 17 Bealtaine Más spéis leat iarratas a chur isteach ar cheann de na scrúduithe, tá foirm iarratais ar fáil ar www.
Ní mór an fhoirm iarratais a sheoladh isteach teh application form must be sent in
" Ní mór an fhoirm iarratais a sheoladh isteach ar a laghad ceithre seachtaine roimh dháta an scrúdaithe is mian leat a dhéanamh.
níor líon mé na foirmeacha isteach I didn't fill in the forms
" Ar ndóigh, níl pingin rua faighte agam ó na crannchuir thuasluaite mar níor líon mé na foirmeacha isteach leis an airgead a bhí dlite dom a fháil.
foirmeacha gearáin complaint forms
"foirmeacha gearáin de chuid TPS – atá ar fáil ar líne – líonta isteach agam go minic agus anois, is annamh a fhaighim scairteanna gan iarraidh.
i bhfoirm dhigiteach in digital form
" Leoga, is é *Lá Nua* an t-aon nuachtán laethúil in Éirinn a sholáthraíonn podchraoladh laethúil agus a bhfuil an nuachtán iomlán le léamh i bhfoirm dhigiteach ar a shuíomh agus, d'ainneoin na ndeacrachtaí, táimid ag súil go gcuirfimid leis na seirbhísí idirlín, go háirithe dár léitheoirí thar lear nach bhfuil teacht acu ar an eagrán clóite.
an fhoirm ealaíne seo a fhulaingt. to suffer this art form.
" *Ok*, anois agus an méid sin ráite agam, sílim go gcaithfidh duine é féin a chur ar an eolas mar gheall ar an damhsa comhaimseartha le bheith in ann an fhoirm ealaíne seo a fhulaingt.
ag comhlánú na bhfoirmeacha custaim filling in the customs forms
" Ba dhúshlán é 100 canbhás a smuigleáil as an Iaráic trí chóras poist arm na Stát Aontaithe agus, lena chinntiú go dtiocfaidís ar fad slán sábháilte go Nua-Eabhrac, níor inis Brownfield an fhírinne iomlán agus é ag comhlánú na bhfoirmeacha custaim.
scaoilteacht foirme freedom of form
" Baineann scaoilteacht foirme agus ábhair le traidisiún na nuafhilíochta dár ndóigh agus feictear an oscailteacht i dtaobh cúrsaí grá iontu.
ag teacht i gcló forming
" A Uachtaráin, sílim go n-aithním an aghaidh eile sin atá ag teacht i gcló – an ghruaig liath, na súile gorma glinniúla, an gealgháire glic sin.
as a riocht out of kilter, form
" Ar ndóigh tugann an stair le fios cén dochar gur féidir leis an duine a dhéanamh nuair a chuirtear, de chúis amháin nó de chúis eile, an daonnacht atá ann as a riocht.
Ionchollú luathfhoirmle an early form of incarnation
" Ionchollú luathfhoirmle ‘Nationwide’ na linne seo a bhí ann, ach bhí sé éagosúil leis sa mhéid seo a leanas.
bhunú found, form
" Creidim go mba cheart ag an bpointe seo iontaobhas a bhunú, a mbeadh sé d’aidhm aige nuachtán seachtainiúl Ghaeilge den scoth a chur ar ais ar an margadh chomh luath agus is féidir.
foirmeacha forms
" Tugann daoine ar fud iarthar na tíre le fios ar go leor foirmeacha daonáirimh go bhfuil Gaeilge acu.
i bhfoirm in (the) form
" Nuair a dhéanann tú é i bhfoirm clár teilifíse, bíonn sé difriúil.
bhfoirm cló printed form
" Óir is cinnte go raibh scagadh ceart de dhíth i bhfoirm cló ar na himpleachtaí a bhí ag tuarascáil an Bhord Snip don Ghaeilge agus don Ghaeltacht.
chruth form
" Agus tagann dán chugam i gcónaí, dán beag álainn a scríobhadh sa naoú aois - níos mó na míle bliain ó shoin! Níl a theideal ná ainm an fhile againn, ach tugann sé brí an gheimhridh leis go beacht álaínn, ina chruth Nua-Ghaeilge anseo: -----------------------Scéal liom daoibhDamh ag glaoch,sneachta síorsamhradh d'éag.
mhúnlaigh shaped, formed
" Iadsan a bhí in adharca a chéile, agus sa deireadh thiar thall, b’iadsan a mhúnlaigh an t-aontú deireanach.
sheanchruth old form
" Bhí sé go deas greim a fháil ar nuachtán Gaeilge arís i ndiaidh ar chailleamar le himeacht LÁ agus FOINSE, faoina sheanchruth, agus le ‘scaoileadh’ an dá ‘scoil’ sin.
múnla form
" Ag deireadh na bliana anuraidh, shocraigh an CATT go raibh gá le múnla cuíchóirithe a leagan síos don todhchaí agus nach leanfaí leis na gealltanais a bhí ann maidir le bunmhaoiniú ar bhonn bliantúil.
cruthanna cíche mammary forms
" Chruthaigh sí íomhá di féin i staidéar colainne amháin a rinne sí, mar shampla, ina raibh múnlú anchumtha déanta aici le cuid mhór oscailtí béil agus cruthanna cíche.
chruth form
" org, eagraíocht tathanta a bhfuil sé mar aidhm acu fadhb truailliú na teiscinne a phoibliú, téann 50% den dramhaíl phlaisteach a chruthaímid chuig an líonadh talún, agus déantar athchúrsáil ar thimpeall 5% breise arís.
chum formed
" Bhí sé sin le sonrú ach go háirthe sa seasamh a ghlac sé níos luaithe i mbliana nuair a léirigh iniúchadh de chuid Nuacht TG4 go raibh ionann is beirt as gach triúr a fuair díolúine ón Ghaeilge de bharr míchumas foghlama ar nós disléicse, ag tabhairt faoi nuatheanga Eorpach eile don Ardteist.
chruth form
" Roimh siúl amach na nGlasach, fiú, bhí ceannaircigh i bhFianna Fáil ag cur in iúl dúinn nach vótálfaidís ar son an bhille sa chruth ina raibh sé.
cruth form
" San fheachtas toghcháin a chuaigh thart, gheall Fine Gael go gcruthóidís 20,000 post in aghaidh na bliana sna blianta atá amach romhainn.
rialtas a thiomsú to form a government
" Is ar Fhine Gael a thiteann an dualgas rialtas a thiomsú.
gcruth fillte folded up form
" Bhí a leithéid ann cheana ar mhéid A4 agus ba chliste an áis é, ach caithfidh sé go bhfuil an QuickGuide seo a sé nó ocht n-oiread níos mó ná é tharla gur i gcruth fillte atá sé, rud a chiallaíonn gur thig leat é a leathnú amach de réir mar a thogrófas tú teacht ar réim áirithe eolais.
rialtas a thiomsú to form a government
" Is ar Fhine Gael a thiteann an dualgas rialtas a thiomsú.
leagan truaillithe corrupt form
" **Logainmneacha i nGaeilge:** Ar fud na tíre go spreagfaí daoine agus eagraíochtaí leis an leagan Gaeilge de logainmneacha Gaelacha (Cinn Mhara in áit Kinvara, mar shampla) a úsáid seachas an leagan truaillithe i mBéarla.
foirm cheada parental consent form
" Os rud é go raibh siad 17 bliana d'aois ag an am, bhí ar a dtuismitheoirí foirm cheada a shíniú.
dúnghaois a cheapadh to form a policy
" Ceisteanna le Cur ========== Chuir Ó Cuana ceisteanna mar seo a leanas ar na baill: cén fáth go bhfuilimid ag séanadh (go bhfuil íocaíocht a déanamh)? Cén fáth go gcraolaimid luachanna nach gcloítear leo? Nach mithid dúinn seasamh a ghlacadh os comhair an tsaoil? Dúirt an Cuanach go raibh roinnt contaetha ag cliseadh ina gcuid dualgas ar na ceisteanna seo agus go mba dhiomailt ama ag an eagraíocht dúnghaois a cheapadh mura gcuirfí i bhfeidhm í.
ón form
" Ní Scéim Gan Locht a bhí ann: ================ Rinne 3,355 teaghlach iarratas faoin scéim anuraidh (2009/10), sin titim suntasach ón 3,607 teaghlach a rinne iarratas sa bhliain 2006/07.
i riocht bunreachtuil in constitutional form
" Agus fé dheireadh fuarthas Fuascailt na faidhbe i riocht bunreachtuil.
i bhfoirm comhad in code form
" Tá na leabhair féin a scaipeadh go leictreonach i bhfoirm comhad a léitear ar Kindle nó ar fhón póca go fiú.
bhfoirm deilbhe form of a statue
" Is díol suntais chomh maith é an cumhdach i bhfoirm deilbhe de Naomh Baudime a rinneadh i lár an dara haois déag agus a tháinig ón eaglais Marie de Saint-Nectaire in Auvergne na Fraince.
i riocht in the form of
" ) Mhúscail Muirthéacht na Fraince mothúcháin éagsúla i samhlaíocht Foucault; meas ar an gcosmhuintir a tháinig aniar aduaidh ar Versailles i riocht jacquerie brúidiúil ach a chuir snas uasal orthu féin roimis dhúnmharú an rí, meas ar an fhuinneamh intleachtúil a gineadh, ach blaistear eagla agus amhras freisin.
chuma shape, form
" Níl aon chuma ar an scéal, áfach, go mbeidh lucht na polaitíochta ina gceannairí feidhmiúla agus muid ag tabhairt aghaidh ar an bhóthar crua atá romhainn.
i ndealramh in the form
" I gcuid mhaith d’úrscéalta Kerouac, tagann Cassady os ár gcomhair freisin i ndealramh carachtair eile a dtugtar *“Cody Pomeray”* air.
cé a mhúnlaíonn who forms
" Nach é sin a deirtear? Ach cé a mhúnlaíonn an tuairimíocht choiteann? Nach mbeadh díospóireacht phoiblí níos fearr againn dá mbeadh ainmneacha na “n-imreoirí” ar eolas ag cách? Nach mbeadh cur agus cúiteamh i bhfad níos macánta agus níos cuimsithí againn dá bharr? Dá mbeadh gach éinne “sofheicthe” nach ndéanfadh sé cúrsaí i bhfad níos sibhialta ná mar atá i láthair na huaire? An fearr leis an bhformhór againn a bheith ag ag plé le “fíordhaoine” agus le féiniúlacht sho-aitheanta leanúnach nó an é go bhfuil an mheatacht go forleathan inár measc i gcónaí? Chomh Sean leis na Cnoic ============== Ní rud nua é an cur i gcéill agus an chleasaíocht seo i dtaobh cúrsaí ionannais agus ainmneacha ar ndóigh.
mionaithe done in a diminutive form
" Go deimhin, is nós le Pádraig Ó Ráinne, Conamara, béal screadach a bheith mionaithe an-bheag i gcúinne dá shaothar beagnach ó thosaigh sé na blianta fadó ag dathú pictiúr.
bunaíodh coiste a committee was formed
" Chuir siad tuarascáil ghonta le chéile le moltaí maithe ach in áit gníomhú air, bunaíodh coiste le comhairle a chur ar an rialtas.
i gcló comhaimseartha in a modern form
" Baineann Nuala feidhm as an bhfinscéalaíocht agus as an seanchas ina cuid dánta, ach cuireann sí iad seo i láthair i gcló comhaimseartha a bhfuil dearcadh feimineach mar bhunús leis.
ar teitheadh óna cháil fleeing form his fame
" ”* Tá Cheyenne - ollréalta glamrac na n-ochtóidí - ar teitheadh óna cháil is ó thaibhsí mhothúchán na ciontachta.
d’fheicfí creathlach traidisiúnta a traditional form would be evident
" Dá gcuirfí na foinsí agus an staidreamh agus na giotaí próis ar leith dar roghnaigh an tUachtarán sna haithisc sin ar leathtaobh, d’fheicfí creathlach traidisiúnta ós do chomhair amach.
cruth faoi leith agus buaine áirithe a particular form and a certain consistency
" Mar a dúirt an tOllamh Seán Ó Tuama cúpla bliain ó shin agus cosaint á thabhairt aige d’oidhreacht liteartha Daniel Corkery, “is áiteamh é a chloistear coitianta go maith ag antraipeolaithe lenár linn féin; go mbíonn bunchóras luachanna le haithint i ngach cultúr fé leith, córas a mbíonn cruth faoi leith agus buaine áirithe ag baint leis, agus mar ghnathnós, go mbíonn rian láidir den chóras sin le haithint ar shaothar agus ar iompar gach duine a bhaineann leis an gcultúr sin.
scata leagan in various forms
" Tá fuíollach eolais ar fáil dúinn go léir agus scata leagan ar an eolas sin chomh maith.
iompraíonn deilbh carry the form
" Bhíodar iníonacha óga a garmhic Ciarán sa séipéal romham amach – patalóigí beaga a iompraíonn deilbh na sin-seanmháthar ina ndreach, ina ngnúis is ina a bpearsanachtaí cáiréiseacha.
Is iomaí cineál saibhris there are many forms of wealth
" Is iomaí cineál saibhris i saol an duine agus má tá spraoi áirithe sa bhreis ionainne ó shíorshileadh na fearthainne a thiomáineann go Gleann na nGealt sinn níos mó ná aon dream eile timpeall orainn, bímis groíúil agus roinnimis a bhfuil ionainn de spraoi faoi dhraíocht an tsaoil seo.
cuireadh coiste le chéile a committee was formed
" Bhí ceann ag teastáil go géar i dToronto féin! Agus mar sin, cúig bliana ó shin nó mar sin, cuireadh coiste le chéile d’aon ghnó chun deireadh seachtaine Gaeilge a eagrú.
foirmeacha iarratais application forms
" Ní ghá dhuit ach breathnú ar na bileoga aonteangacha agus na foirmeacha iarratais aonteangacha, atá ag cuid mhaith de na coláistí lena thuiscint nach le freastal ar dhaoine le Gaeilge atá na coláistí ann.
déanfaidh daoine a measúnú féin ar sin people will form their own opinion on that
" Mheall muid Fleadh Cheoil na hÉireann go Doire, tá an CLG áitiúil iontach gníomhach, tá na heagraíochta Gaeilge uilig ag ullmhú don bhliain ach ní hionann sin is a rá nach mbeidh cead ag Protastúnaigh cultúr s'acu a léiriú go bródúil, ach measaim go bhfuil cultúr s'againne níos láidre agus níos doimhne agus déanfaidh daoine a measúnú féin ar sin.
i bhfoirm feidhmchláir in the form of an application
" Tá neart acmhainní ar líne agus i bhfoirm feidhmchláir a chabhróidh le réaltóga de gach aois aithne níos fearr a chur ar an gcosmas.
córas deilbhíochta a leagan amach to prepare a system of form
" Is díol spéise a bhfuil le rá sa réamhrá, áit a dtugtar léargas ar an iarracht mhacánta a rinne an Rannóg chun a gcearta a thabhairt do na canúintí éagsúla agus chun tuairimí an phobail a chur san áireamh: Sa bhliain 1953 foilsíodh Gramadach na Gaeilge – Caighdeán Rannóg an Aistriúcháin d’fhonn go bhfaighfí tuairimí agus moltaí ón bpobal a chuideodh leis an Rannóg córas deilbhíochta a leagan amach a bheadh oiriúnach lena ghlacadh mar chaighdeán comhchoiteann.
Bunaíodh meitheal a taskforce was formed
" Bunaíodh meitheal a raibh ionadaí na Rannóige ar an gCoiste páirteach inti, rinneadh taighde leitheadach agus ullmhaíodh moltaí nua a cuireadh faoi bhráid cainteoirí sa Ghaeltacht, sna meáin agus sa chóras oideachais.
an gnáthfhoirm the usual form
" Iarradh orm foirm a shíniú ag an Oireachtas i gCill Áirne cúpla bliain ó shin, an gnáthfhoirm a iarrtar ar dhaoine a shíniú faoina dtugtar cead úsáid a bhaint as an taifeadadh ar tháille.
D’iarras foirm Ghaeilge I asked for an Irish form
" D’iarras foirm Ghaeilge ach dúradh liom nach raibh aon fhoirm i nGaeilge ar fáil ag an Oireachtas.
curtha i gcóimheas le ardealaíon compared to the high art form
" Agus seachain nuamhaisiú Hollywood ‘Let Me In’ (2010) nach fiú tráithnín é, curtha i gcóimheas le ardealaíon Alfredson.
gor a dhéanamh i ngan fhios form into a cess unknowingly
" Is measa an ghoin nach mbraitear mar gur féidir leis oibriú faoi choim agus gor a dhéanamh i ngan fhios.
imníoch, trodach agus réidh nervous, in fighting form, ready
" An raibh tú imníoch, trodach agus réidh, dóchasach nó éadóchasach, nó conas mar a bhraith tú?** CAB: Ní raibh mé trodach sa chéad dul síos.
feistithe i gcló coincréideach an earra clothed in a concrete form
" Cad atá i gceist agam le réadú anseo? Próiseas is ea réadú a fhágann mothúchán teibí an ghrá feistithe i gcló coincréideach an earra d’fhonn is gur féidir le boic na dtodóg mór grá a dhíol mar earra nó mar ‘it’ ar mhargaí na cruinne.
i bhfoirm in the form
" Níl siad sásta nach bhfuil sé ar bhonn uile-Éireann, ach dar linne, má táimid le freastal ar na pobail as a dtagaimid agus seasamh ar son a gcearta siúd, caithfimid ár gcás a chur chun cinn i bhfoirm ionadaithe poiblí atá stuama, oilte, deisbhéalach, atá in ann taighde a dhéanamh agus cás a throid ar na ceisteanna ar fad atá tábhachtach don phobal.
atá mar rannóg faisnéise Culture which forms the intelligence section of C.
" Lonnaithe i sibhialtacht an “*Culture*” tá an chuid is mó de na leabhair gafa le dream darb ainm “*Contact*” atá mar rannóg faisnéise Culture.
fhás bearnaí móra sa mhórshiúl large gaps formed in the march
" Ní raibh plean ná fiú an bealach go dtí an staidiam oibrithe amach roimh ré ag an léirsiú a chonaic mise, rud a d’fhág gur fhás bearnaí móra sa mhórshiúl.
bhronnadh ar an bhfoirm ealaíne seo in athuair to present again to this art form
" Go bunúsach, is éard atá faoi Haneke a dhéanamh ná an dearcadh status quo sin a fhéachann ar an scannánaíocht mar ghné éadrom siamsaíochta a bhriseadh as a chéile agus feidhm níos bunúsaí agus níos dáiríre a bhronnadh ar an bhfoirm ealaíne seo in athuair.