Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
srian a choinneáil to hold a rein on
" Anuas ar sin, beidh fadhbanna acu feasta cúlbhinseoirí ceannairceacha a smachtú nó srian a choinneáil ar éilimh na dteachtaí neamhspleácha.
srian iomlán a tight rein
" Is féidir costas ticéid nó dhó a chaitheamh ar fhógra thar thréimhse ama agus srian iomlán a choinneáil ar an mbuiséad.
srian rein, hold
" Maíonn na Daonlathaigh (páirtí an rialtais faoi láthair) nach bhfuil ann ach comhtharlú, ach, agus an ceistiú seo ar siúl os comhair coiste seanaid, tá díospóireacht ar siúl ar urlár an tseanaid faoi reachtaíocht nua a chuirfeas srian ar na comhluchtaí móra.
srian cúng short rein
" Tá Momoko Ando i bhfad ró-ealaíonta chun srian cúng dá leithéid a chur ar a samhlaíocht, ná ar a cuid oibre.
an srian rein
" I *Pygmalion* feictear an mhí-iontaoibh, fuath agus faitíos na n-íosaicmí bochta neamhliteartha i gcoinne na huasaicme, ach feictear go háirithe an srian a bhí ar mhná uasaicme chun a bheith ag tuilleamh airgid.
srian a choinneáil keep a rein
" Deir urlabhraí thar ceann na nglantóirí nach mbeidís in ann srian a choinneáil orthu féin dá dtiocfaidís ar Aire de chuid Fhine Gael lom nocht i seomra óstáin.
srian rein
" Chaill mé srian an chapaill agus bhí mo chosa bainte as na stíoróip leis an athrú gasta.
srian a halt, rein
" Thuig sé trí rud: cuireann na préamhacha srian le creimeadh na talún; bíonn foscadh faoi chraobh ó sceo na gaoithe agus ó dhó na gréine; agus is leasú créafóige atá sa duilliúr a sceitheann an choill sa bhfómhar.
le srian a chur ar an tSín to rein in China
" AFRICOM ==== Thig leis an ‘Iarthar’ tolgadh ar aghaidh ó dheas le srian a chur ar an tSín, tír a bhfuil cathracha á dtógáil aici, chan amháin sa bhaile mar nach bhfuil díol ná ceannach orthu, ach san Afraic.
srian ar a rein / a hold on
" Tá an cath sin tugtha agus tá súil ag an rialtas go gcoinneoidh Comhaontú Bhóthar Haddington srian ar chostas páidhe agus go gcuideoidh sé le feidhmiúlacht na státseirbhíse a fheabhsú.