Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
a réim choiriúil his criminal reign
" Rinneadh iarracht gach uile rud a bhí ceangailte le Hitler agus a réim choiriúil a dhíbirt (rud nár éirigh leo a dhéanamh go hiomlán - ach sin scéal eile).
réime reign
" Is taispeántas suntasach é seo sa mhéid is go mbaineann sé go mór le traidisiún - nuair a thosaigh sé ar dtús, mar shampla, ní raibh an Bhanríon Victeoiria ach ag tús a réime.
réimeas an tSeá the reign of the Shah
" " Cén fáth a bhfuil scannáin chomh maith seo ag teacht ón Iaráin, tír a bhfuil droch-chlú uirthi san Iarthar mar gheall ar ré na gcléireach Ioslamach, a thosaigh sa bhliain 1979? Thosaigh Ré Nua na Scannánaíochta Iaránaí i rith réimeas an tSeá, a fuair a ríchathaoir ar ais i 1953 mar gheall ar ghabháil ceannais míleata a d'eagraigh an CIA agus seirbhís rúnda na Breataine.
réimeas reign, authority
" Tá tú féin agus do chlann i do chónaí faoi réimeas Lisburn City Council.
réimeas era, reign
" I gcúrsaí spóirt, chomh maith le cúrsaí eile an tsaoil, mar a léiríonn an stair dúinn, tagann deireadh le gach réimeas agus gach ríocht dá fhad iad.
réimeas reign
" Ní timpiste a bhí ann gur le linn réimeas an Uasail Bruton a bheartaigh an IRA ar dul ar ais chun cogaidh.
réimeas reign
tá an tsíocháin i réim peace reigns
" Inniu, tá an IRA mar a bhí aithne againn orthu imithe agus tá an tsíocháin i réim.
deireadh réimeas Éilís II the end of Elizabeth II's reign
" Tá go leor daoine sa tír, fíorphoblachtaigh san áireamh, a mheasann gur chóir fanacht go dtí deireadh réimeas Éilís II sula ngairfear reifreann eile ar cheist na poblachta.
réimis of his reign
" Rinne Bush oiread praisigh le linn a réimis ocht mbliana is gur fáiltíodh roimh iarrthóir a bhí difriúil uaidh ar mórán chuile bhealach, seachas a ghnéas: óg agus dubh seachas bán agus meánaosta, daonlathach ón tuaisceart seachas poblachtánach ón deisceart, deisbhéalach agus síochánta ina chuid cainte in áit a bheith místuama agus trodach.
réimeas reign
" Chuir an cluiche sin deireadh le réimeas Chorcaigh san iomaíocht i gCúige Mumhan agus chuir sé tús le ré órga Thiobraid Árann, a mhair go Cluiche Ceannais na hÉireann i 1967, nuair a bhuail Cill Chainnigh na Tiobradaigh go cuimsitheach agus 4 cúilín le spáráil.
réimeas reign
" Is ann freisin a bhí scoil mharcra faoi réimeas Napoléon.
réimis reign
" Tar éis an tsaoil, rinne Maradona beart de réir a bhriathair ar an ábhar gur gheall ag tús a réimis go mbeadh ainm na hAirgintíne sa bpota don chomórtas mór.
réimeas reign
" Tar éis dúinn cúig bliana a chaitheamh sa fhreasúra agus slad ceart déanta orainn in dhá olltoghchán i ndiaidh a chéile, ní raibh de rogha againn ach cúl iomlán a thabhairt don seanchur chuige a bhí againn le linn réimeas an Tíogair Cheiltigh agus pilleadh ar bhunluachanna lucht bunaithe an pháirtí agus ag ceannairí éirí amach na Cásca atá á gceiliúradh againn i mbliana.
le linn a réimis during his reign
" De réir na pobalbhreithe deireanaí a rinneadh le linn a réimis tá ráta tacaíochta de 87 faoin gcéad aige.
fós i réim still reigns
" Mí go leith tar éis na dtuilte agus an sciorradh tailte a mharaigh gar do 900 duine sna sléibhte soir ó thuaidh as cathair Rio de Janeiro, tá anord fós i réim sa réigiún.
ag dul a bheith i réim going to reign
" Nuair a tháinig deireadh leis an fhoréigean, bhí muid sásta go raibh an pholaitíocht normálta ag dul a bheith i réim.
in uachtar reigns
" Béarla atá in uachtar sa gceantar thart ar an gClochán Liath agus Ailt an Chorráin le fada an lá, mar atá i bhformhór na gceantracha atá sa Ghaeltacht oifigiúil.
réimeas dochloíte invincible reign
" Nach againn a bheas an chraic, a Bhaloir? Beidh mise dolúbtha faoi seo agus beidh mo chuid rialacha dobhogtha agus mo réimeas dochloíte.
faoi réimeas during the reign
" Leathnaíodh ról na huachtaránachta ar bhealach suntasach faoi réimeas Mary Robinson.
le linn réimeas during the reign
" Tá fealsúnacht nua náisiúnta de dhíth orainn, a d´fhéadfadh a bheith mar threoir idé-eolaíochta don Éire Nua, a chaithfear a thógáil sa bhfolús atá fágtha tar éis cliseadh an Méféineachais, a tháinig chun cinn le linn réimeas Ahern/Harney/Mc Creevey.
réimeas reign
" Bhí baint ag an Spáinneach le campa leadóige Carlos Moyá, a bhí ar an imreoir ab fhearr ar domhan i ndiaidh réimeas Phete Sampras i 2002, agus chaith Daithí mí ann ag foghlaim na ceirde ó Charlos.
faoi réim during the reign
" Is fíor go bhfuil uachtarán tofa anois i gCabúl, an phríomhchathair, agus go bhfuil an cineál brúidiúlachta a bhí le sonrú faoi réim na dTalaban imithe, a bheag nó a mhór.
a réime of her reign
" Ar ndóigh, ní raibh gach duine sásta faoi Ériu ársa agus ná faoina bratach nuachumtha thrídhathach a cuireadh in airde le “fáilte” a chur roimh Bhanríon Shasana, Eilís II, a bhí ar cuairt ar na Sé Chontae le 60 bliain a réime a cheiliúradh.
Níor mhair an chéad réim ach his first reign was just
" Níor mhair an chéad réim ach trí bliana, ach bhí an dara réim ann ó 1940 go dtí 1947.
ní cuimhin leo réim na banríona they don’t remember the queen’s reign
" Duine ar bith os cionn an dá scór más ea, ní cuimhin leo réim na banríona ná urlabhra na ríochta.
le linn reiméas during the reign
" Glacfaidh sé tamall fada ach bainfear cothromaíocht chultúir amach luath nó mall agus tá difir an domhain idir stádas na gCaitliceach inniu agus a stádas le linn reiméas Stormont.
má thugtar cead a gcinn dóibh if they’re allowed free reign
" Agus ag caint ar nithe a bheith contúirteach, is cosúil go mbíonn naoscairí anois ar go leor foirne agus is mór an chontúirt iad sin má thugtar cead a gcinn dóibh ar pháirc na himeartha.
Le linn réimeas during the reign
" Le linn réimeas Idi Amin, díbríodh muintir na hÁise ón tír i 1972 agus fuair sé dídean anseo ó thuaidh agus ghlac sé go fonnmhar le cleachtais an phobail Phrotastúnaigh a raibh sé ina chónaí ina measc agus a raibh sé buíoch beannachtach de.
le linn réimeas during the reign
" An bhfuil an baol ann go bhfuil an tuar ag teacht fán tairngreacht i dtaobh an steiréitíopa náisiúnta, ar throid ár sinsir go fíochmhar ina éadan? Cumas Teanga sa Mheá ========== Eascraíonn an cheist ar ndóigh faoi cad is brí le bheith id’ Éireannach sa lá atá inniu ann? An bhfuil an té a ghlac páirt i Lá Mór na Gaeilge an mhí seo caite chun cearta a éileamh do chainteoirí Gaeilge a dhath níos Éireannaí ná deisceabail Ross O Carroll Kelly a bheas ag tarraingt ar Staid Aviva ar Lá 'le Pádraig le tacaíocht a thabhairt do Choláiste na Carraige Duibhe nó do Chlongowes Wood i gcluiche ceannais rugbaí scoileanna Chúige Laighean? Ar cheart idirdhealú a dhéanamh feasta idir an t-ionannas Gaelach agus an t-ionannas Éireannach? Ní thig a shéanadh ach an oiread go bhfuil a rian fágtha ag cultúr na n-imirceach a tháinig chun na tíre seo le linn réimeas an Tíogair Cheiltigh ar an aitheantas dúchasach fosta.
mbeidh an lámh in uachtar ag shall reign supreme
" Mar fhreagra air seo, deir siad siúd nach bhfuil geanúil ar a phlean, nach mbeidh de thoradh air ach go mbeidh an lámh in uachtar ag an tsiamsaiocht chorparáideach sa deireadh agus tionscnamh ealaíonta na scannaíochta agus na daoine atá fostaithe ann thíos leis.
a réime ghairide of her short reign
" Cuireadh an t-easnamh sin ar shúilibh an Phríomh-Aire Julia Gillard, le linn laethanta buile luatha a réime ghairide.
i réim in reigning in
" “Nach sibh a bhí cineálta, lách, séimh nuair a bhí sibh i réim in Éirinn!” a dúirt Michael Dee.
i réimeas na foirne in the reign of the team
" Ar an gcéad dul síos déarfaí go bhfuil sé róluath i réimeas na foirne an breithiúnas sin a thabhairt orthu, go gcaithfidh siad craobh amháin eile uile-Éireann ar a laghad a bhuachan.
le linn réimeas tubaisteach during the disastrous reign
" Go príomha is páirtí don meánaicme é Páirtí an Lucht Oibre, an chuid den aicme sin a chreideann gur rud maith é an comhionannas agus nach bhfuil treoraithe ag an tsaint a mhill an stát seo le linn réimeas tubaisteach Fianna Fáil agus an Páirtí Daonlathach.
réimeas reign
" Breathnaíonn Alex Hijmans siar ar shaol agus ar réimeas dhuine de na ceannairí polaitiúla is mó a bhfuil ardmheas orthu ar domhan.