Pota Focal Intergaelic
end | read | red | reed | rent
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
toilteanach cíos a ghearradh willing to levy rent
" Cad é an dóigh ar ith daoine anseo sa tseanam agus an talamh chomh bocht sin? Cén saghas daoine ab iad na tiarnaí talún a bhí toilteanach cíos a ghearradh ar mhuintir na háite? Bhí bean óg dheas in aice liom ar an bhus.
dúchíos ransom, heavy rent
" Gearrann na ropairí dúchíos orainn ansin le hoideas a scríobh ar Germolene leis an phian a leigheas, rud a chuireann pian sa tóin eile orainn.
cíos rent
" Sa bhliain 1736 cheannaigh beirt deartháireacha, Seán agus Pádraig Mac Grianna as na Stacarnaigh in aice Mhín an Lábáin, an baile ar £5 agus cíos de chúig scillinge sa bhliain.
cíos rent
" Ní fhéadfadh siad cónaí sa chathair féin de bharr go raibh an cíos chomh hard sin, agus diúltaíodh faoi dhó é nuair a ghlaoigh sé ar dhaoine a bhí ag ligean tithe ar cíos i gceantar an Spidéil de bharr go raibh páistí aige.
A leagfadh cíos who would charge rent
" Sinne a gclann, Is clann a gclainne, Dúinn is éigean Cónaí a dhéanamh In árais ó dhaoine A leagfadh cíos Ar an mbraon anuas.
tógaimid tigh ar cíos we rent a house
" AÓF: Cén áit a ndéanann sibh cleachtadh mar sin, más as áiteachaí éagsúla sa tír sibh ar fad? MNA: Tagaimid le chéile, de ghnáth sa Rinn, agus tógaimid tigh ar cíos ar feadh cúpla seachtain agus bíonn cleachtadh den dá shórt againn ann! AÓF: Is tú an t-aon bhean atá sa ghrúpa, i measc scata fear.
cíos rent
" Cad iad na foinsí maoinithe atá ag CBT? An leor iad? Tugann Foras na Gaeilge tacaíocht fhial dúinn chun cíos na hoifige agus tuarastal bainisteora a íoc ar bhonn bliantúil, móide méid áirithe i dtreo costaisí reatha.
Le ligean ar cíos for rent
" Agus tá na comharthaí "Ar díol" agus "Le ligean ar cíos" le feiceáil ar go leor de na tithe i gcomharsanachtaí Éireannacha.
gan chíos rent-free
" Tá seifteanna éagsúla triailte ag áiteacha éagsúla chun dochtúirí a mhealladh - tithe gan chíos, cuir i gcás - ach ní éiríonn lena leithéid i gcónaí.
dúchíos heavy rent
" Ba é an dúchíos seo a spreag laoch an leabhair, McGlinchy, chun a *commode *féin a thógáil agus a úsáid istigh sa teach.
a bhfuil áit le ligean ar cíos aici who has a place to rent
" DENIS: Bhuel, tá aithne agam ar sheanbhean atá i dteach na ngealt faoi láthair a bhfuil áit le ligean ar cíos aici.
cíos rent
" I Lucca, thóg an dream saibhir sna cathracha tithe faoin tuath, ach sa Bhreatain agus in Éirinn ghlac an t-uaslathas seilbh ar an talamh ar dtús de ghnáth, agus bhí an cíos a d’íoc lucht na tuaithe mar an chéad fhoinse airgid acu.
chíos rent
" Murach go bhfuil muid lonnaithe i gCSTTÉ, bheadh go leor d’airgead an chiste ag dul ar riarachán agus ar chíos.
cíos rent
" Ní raibh mórán airgid aige ach ní raibh an cíos ach £20 sa tseachtain ag an am – idir beirt! “Ní raibh airgead agam riamh, mar sin níor chuir sé isteach mórán orm.
cíos rent
" I measc na bhfoinsí maoinithe eile tá ioncam ó dhíol scaireanna, urraíocht agus fógraíocht agus cíos ón stiúideo.
ag íoc cíosa, paying rent.
" Cé gur ceantar gorm é le fada, bhíodh an-chuid de na Gormaigh úd ag íoc cíosa, seachas a bheith ina n-úinéirí.
ag gearradh cíosa charging rent
" D'atheagraigh an mhainistir an sráidbhaile, agus thosaigh sí ag gearradh cíosa ar dhaoine.
cíos rent
" (Tá an oifig druidte ó shin agus fuarthas amach nár íocadh cíos le linn na ndeich mí a bhí USAIG ann.
ar cíos to rent
" Seachas daoine muinteartha is lucht freastail siopaí a bheith ina gcónaí ann, bhí roinnt de na seomraí san fhortheach ligthe ar cíos le daoine nár ghnáth-thionóntaí iad i gCorcaigh na seascaidí.
ar cíos rent(ed)
" Tá an ceann is deise, uimhir 600 amuigh ar cíos ag lánúin aerach is cosúil, a scríobhann scéalta grá faoin ainm cleite “*Judith Gould*”.
réabadh rending, tearing
" org/wiki/Black_Pig's_Dyke) Fás faoi Líon na mBallaí Thóg Arm na Breataine na chéad bhallaí síochána i mBéal Feirste ar an 10ú Meán Fómhair 1969, i ndiaidh na racáin uafásacha a bhí ag réabadh na cathrach.
cíos rent
" Fuair sé scairdeitleán Jumbo ar cíos le taisteal as Milwaukee go dtí an Fearann Fuar, agus nuair nach raibh héileacaptar le fáil ar cíos in Aerfort Chiarraí le Seáinín a thabhairt chun an bhaile, cheannaigh sé ceann amach as farasbarr chostais na seachtaine roimhe sin – gach rud de réir an dlí agus de réir nósanna imeachta Choiste na gCeann Comhairle Ciarraíoch.
ar cíos to rent
" Ligtear na tithe amach ar cíos mar thithe saoire ansin, agus os rud é go bhfuil scála aistritheach ann, bíonn an chuid is mó acu curtha in áirithe tríd an bhliain.
ar cíos to rent
" Nuair a bhíonn tóir charranna i scannán ar bith le taifeadadh i San Francisco, rachaidh siad síos an tsráid seo! Ba ar an Embarcadero a bhí mo thriall, agus mé meáite ar rothar a thógáil amach ar cíos agus rothaíocht thar Dhroichead an Órgheata, féachaint céard atá le feiceáil i Marin County, an leithinis ar thaobh eile an droichid.
ar cíos íseal at low rent
" Tá roinnt siopaí rothair timpeall an Embarcadero inár féidir le turasóirí rothair a thógáil amach ar cíos íseal, agus bhíos lánsasta mo phinginí a íoc le bheith ar ais sa diallait arís.
cíos rent
" Gheibheadh mo thuistí teach ar cíos in aice le Trá an Fhíona, míle síos ó Thigh Bhric.
cíosa rent
" Tá an chuid eile acu ag íoc léasa nó cíosa ard leis an Stát nó le tiarnaí talún príobháideacha.
lúbtha rent
" Tá an carr anois ina chnap de mhiotal lúbtha dóite agus chuirfeadh an cruth agus an dath meirge atá air corpán ársa i gcuimhne duit ach a bheith leasaithe le himeacht mhall an ama sa phortach.
cíos rent
" Chuaigh an cumann ó neart go neart agus bhain siad an tSraith i 1891, ach nuair a rinne John Houlding iarracht cíos na páirce a chur suas, bhí réabhlóid i measc bhaill an chumainn.
ag réabadh rending
" Is beag duine nach gcreideann go mbeidh Iosrael thíos leis na muirthéachtaí atá ag réabadh an Mhéanoirthir ó thús na bliana seo — in ainneoin na fianaise dochloíte ag léiriú gurb iad lucht Iosrael is mó atá ag tacú le heasaontóirí an taoibh sin domhain le roinnt blianta anuas.
ar cíos rent
" …Thógaimis teach an Mháistir ar cíos ansin.
ar cíos to rent
" Leis an eolas sin, fuair mé kayak amach ar cíos agus thug mé aghaidh ar an sráidbhaile beag ar thaobh eile an oileáin, ag lorg mo charad nua.
in éiric an chíosa in stead of rent
" Ní airgead a hiarradh orm in éiric an chíosa, ach dhá cheann déag de léinte bána.
ar cíos to rent
" Anois rith sé liom go dtiocfadh linn an paiste féarach seo a ligean amach ar cíos do Rangers mar pháirc sacair le bheith ag traenáil ann.
a ghnóthú as an chíos seo to earn from this rent
" Beidh Droichead an Rialto, a tógadh i 1591 agus atá ar cheann de na séadchomharthaí is aitheanta sa Veinéis, le bheith leathchlúdaithe le fógraí gan mhoill agus tá an chomhairle dóchasach go n-éireoidh leo na cúig mhilliun euro atá de dhith leis an droichead a athchóiriú a ghnóthú as an chíos seo.
Nochtú fíochmhar anama atá ann it’s a rending exposition of the human soul
" Nochtú fíochmhar anama atá ann.
tíocht isteach ón gcíos income from the rent
" B’fhearr leis an *‘landlady’* nach mbeadh an lóistéir sa teach ach caithfear cur suas leis mar go dteastaíonn an tíocht isteach ón gcíos.
ar cíos to rent
" Togra amháin a rinneadh le déanaí ná go mbeadh ar thiarnaí talún cinntiú go bhfuil an stádas ceart inimirce ag daoine a iarrann árasán a fháil ar cíos ó na tiarnaí talún sin.
chun an cíos a íoc to pay the rent
" Mar shampla, ní féidir cuntas bainc a oscailt gan seoladh a bheith agat, ach ní féidir árasán a fháil ar cíos murar féidir a thaispeáint go bhfuil cuntas bainc agat chun an cíos a íoc! Anuas air sin, tá sé an-deacair guthán póca a cheannach gan seoladh a bheith agat, ach níl tú in ann cuntas bainc a oscailt gan uimhir ghutháin a bheith agat.
chíos talún ground rent
" Tá drogall ar an Rialtas deireadh a chur leis an chíos talún, rud a fhágann go bhfuil an baol i gcónaí ann go ndéanfar tionóntaí áirithe a dhíshealbhú.
chun íoc as an gcíos ar chláirseach to pay for the rent on a harp
" Is ceoltóir í Helen Lyons a d'oibrigh go dian ag seachadadh nuachtán ó dhoras go doras chun íoc as an gcíos ar chláirseach, go dtí gur scanraigh mada na gcomharsan í! In aois 22 bhliain tá an bhean óg seo anois ag múineadh ceoil do pháistí Bhaile Átha Cliath agus, ag an am céanna, ag lorg feirmeora le pósadh! Labhair Antaine Ó Faracháin léi.