tuairisceoir
reporter
Agus cad é a bhí ag dul fríd intinn Bhrains nuair a bhí na
tuairisceoirí ag caint ar dhiúracáin Cruise ag taisteal aniar? Ní dhéanfadh sé gearán riamh arís nach bhfuair sé seans taisteal thar lear.
dtuairisceoirí
reporters
Is iondúil gur ar na cluichí móra peile agus iománaíochta idir-chontae a bhíonn aird an phobail agus na
dtuairisceoirí dírithe.
tuairisceoir tréitheach
tricky/competent reporter
Bertie Bábánta Sruthbhalbh is fearr leis bheith ag amharc air, a fhios maith ag Balor gurb é is cúis leis an mhaolteanga agus é ag caint le
tuairisceoir tréitheach ná go mbíonn sé ag cuntas na veirteabraí leis an áit is fearr a aimsiú fá choinne na scine.
tuairisceoirí
reporters
An mhí seo caite, dúirt Bloomberg le
tuairisceoirí: "Sa deireadh thiar, ba mhaith leis an chathair an méid atá sé in acmhainn againn a íoc a thabhairt do gach oibrí.
tuairisceoir
reporter
D'imir Mícheál é féin gan chead le hÉire Óg i mBaile Átha Cliath agus bhí sé ráite aige le bainisteoir na foirne gan a ainm ceart a scríobh ar liosta nó a thabhairt d'aon
tuairisceoir.
tuairisceoir
reporter
Thug
tuairisceoir amháin an choir ba mheasa ó d'ionsaigh na Stáit Aontaithe Hiroshima agus Nagasaki ar an ionsaí i Halabja.
tuairisceoir raidió
radio reporter
Bhí an nath ag gach
tuairisceoir raidió, teilifíse agus nuachtáin - seachas Foinse - agus iad ag trácht ar lucht an léirsithe: "The People of Middle Ireland" a bhí ann!
Bhí Balor náirithe.
tuairisceoirí na mórchainéal satailíte
the reporters of the satellite channels
Níorbh iad na Meiriceánaigh amháin a chreid a gcuid amaidí, ach
tuairisceoirí na mórchainéal satailíte sa domhan iartharthach a thug léargas chomh claonta dúinn ar a raibh ag titim amach gur fágadh ar snámh gan chompás iad nuair nár imir muintir na hIaráice an cluiche a bhí leagtha amach dóibh.
tuairisceoir
reporter
Ní cuimhin leis an
tuairisceoir seo agallamh mar é a fheiscint, a chloisint nó a léamh in aon cheann de na meáin eile sa tír.
thuairsceoir stuama
level-headed/sensible reporter
"Má thig le duine ar chéim níos airde ná mise dialann a sceitheadh le May Mac Ránais, ar mhaithe le féin-laochadhradh, thig liomsa cion ranna as mo dhialann féin a sceitheadh leatsa le go dtuigfidh daoine mo chás, a Bhalor, agus tú ar chéim litríochta i bhfad níos airde ná an beathaisnéisí bladrach sin," a scríobh Micí agus é ag iarraidh Fear na Súile Nimhe a mhealladh le slíomadóireacht agus le cluanaireacht, amhail is go rachadh tláithínteacht den chineál sin i gcion ar
thuairsceoir stuama.
tuairicseoirí
reporters
Murab ionann agus
tuairicseoirí eile a ghlacann a scíste ar an Chósta del Lager Lout nó ar an Playa del Fíon Saor, bíonn Balor i gcónaí sásta fanacht i dtír na bPraghsanna Arda - ar son na cúise, an dtuigeann sibh.
thuairsceoir
reporter
Le fada an lá bhí mé ag impí ar Ó Doornail mé a chur mar
thuairsceoir chuig an Irish Fest i Milwaukee agus dhiúltaigh sé glan dom gach bliain.
iriseoir
reporter
Láidreachtaí: an dearadh, an
iriseoireacht, an léamh eile ar an scéal.
thuairisceoir
reporter
"Tá muid ag cuartú an húirín sin Coimín mallaithe," a mhínigh siad do
thuairisceoir *Beo Ar Éigean*, "Agus nuair a thiocfaidh muid air beidh sé ag ceol go cuachach go deireadh a ré.
na tuairisceoirí eile spóirt
the other sports reporters
Bhíodh na tuairiscí sin iomlán difriúil ó na tuairiscí a scríobhadh
na tuairisceoirí eile spóirt.
tuairisceoir
reporter
Mar a scríobh
tuairisceoir amháin sna meáin Bhéarla, fir óga a bhfuil a n-óige go dtí aois 22 nó 23 bliana caite acu ag imirt peile nó/agus iomána le scoil, coláiste, club agus contae, agus a bhíonn ag traenáil etc.
thuairisceoir
reporter
"Agus é ag obair mar
thuairisceoir, thug sé cuairt ar go leor íospartach a ndearna sagairt ainteagmháil ghnéasach leo agus chonaic sé daoine a raibh a saol ina chíor thuathail.
tuairisceoir
reporter
D'eascair deiseanna eile as sin, agus i 1985 d'oibrigh sí mar láithreoir agus
tuairisceoir ar "Iris".
Tuairisceoirí
reporters
Tuairisceoirí ar chluichí Gaelacha ag an am a chuir an smaoineamh chun cinn (bhí gradaim an-chosúil leis na Réaltaí ag an *Irish Gaelic Weekly *sna l960í).
thuairisceoirí
reporters
D’inis Mark Felt do
thuairisceoirí go raibh a fhios aige faoi na hiarrachtaí a bhí á ndéanamh eolas mar gheall ar an bhriseadh isteach in Óstán an Watergate a choinneáil faoi cheilt.
thuairisceoir
reporter
”
Ag obair le TG4
=======
Sular ceapadh í mar Cheannaire Chiste Craoltóireachta na Gaeilge, bhí seacht mbliana caite ag Killoran ag obair mar
thuairisceoir le Nuacht TG4 i mBéal Feirste, agus roimhe sin bhí sí ag obair sa seomra nuachta i gceanncheathrú an stáisiúin i mBaile na hAbhann i gConamara.
thuairisceoir chéadleathanaigh
front-page reporter
Is féidir le haon úinéir ceamara digitigh a bheith ina
thuairisceoir chéadleathanaigh ach é a bheith san áit cheart ag an am ceart.
thuairisceoir chéadleathanaigh
front-page reporter
Is féidir le haon úinéir ceamara digitigh a bheith ina
thuairisceoir chéadleathanaigh ach é a bheith san áit cheart ag an am ceart.
tuairisceoir
reporter
Ar “Morning Ireland” an lá céanna bhí
tuairisceoir ag labhairt le mangairí torthaí agus glasraí ar Shráid an Mhúraigh faoin mhéid turasóirí a thugann cuairt ar an tsráid le hamharc ar an leac cuimhneacháin ar an bhalla ag uimhir 16.
thuairisceoir
reporter
Mar sin, tá seantaithí aige ar Éirinn ón seal sin sa choláiste agus, ar ndóigh, bhí sé ina
thuairisceoir don *Times* sna Sé Chontae ó 1972-1975.
tuairisceoirí
reporters
Seo go díreach an rud atá go leor
tuairisceoirí tar éis a chur i leith Choiste Uile-Pháirtí an Oireachtais ar an mBunreacht, mar gheall air nár mhol siad – sa tuarascáil is déanaí uathu, “An Teaghlach” – go leasófaí an sainmhíniú atá sa Bhunreacht ar an teaghlach.
mar thuairisceoir
as a reporter
Bhí mé ag obair dhá bhliain mar thaighdeoir leis an gclár agus ansin dhá bhliain
mar thuairisceoir.
tuairisceoirí
reporters
Ní raibh ann ach cur síos ar bhrionglóid a bhí agam, brionglóid álainn inar chaith Éamonn Ó Doornail liomsa mar a chaitheann gnátheagarthóirí na n-irisí agus na nuachtán agus na dtréimhseachán Gaeilge le
tuairisceoirí a dhéanann iarracht mhacánta; mar a chaitheann príomhfheidhmeannaigh na n-eagraíochtaí Gaeilge le hoifigigh nach gcuireann isteach orthu barraíocht i rith na bliana; mar a chaitheann airí stáit le státseirbhísigh a thugann ómós cuí dóibh ó cheann ceann na bliana – is é atá i gceist agam, i mbeagán focal: an mhórluaíocht; an féirín; an beagchúiteamh saothair – an turas go Féile na nGael i Milwaukee.
an Tuairisceoir Tuisceanach Tarraingteach
the Understanding Attractive Reporter
Agus olltoghchán ar na bacáin is cúrsaí polaitíochta, níos mó ná rud ar bith eile, a bhí ag teacht idir Balor
an Tuairisceoir Tuisceanach Tarraingteach agus codladh na hoíche le mí anuas.
mar thuairisceoir
as a reporter
D’fhreastail Tadhg ar an Oireachtas go mion minic roimhe seo, mar ghnáthdhuine ar spéis leis ócáidí agus traidisiúin chultúrtha na tíre, agus
mar thuairisceoir le RTÉ freisin.
an Tuairisceoir Tuisceanach Tarraingteach
the Understanding Attractive Reporter
An mhí seo a chuaigh thart thug Balor
an Tuairisceoir Tuisceanach Tarraingteach cuireadh don Aire Talmhaíochta, Máire Ní Chochráin, cuairt a thabhairt air ina phluais chun babhla sú a chaitheamh ina chuideachta cois na tine.
ar thuairisceoirí teilifíse
on television reporters
Thug mé faoi deara
ar thuairisceoirí teilifíse iad i dtús báire, iad ag labhairt taobh amuigh d’áit éigin, micreafón ina lámh acu agus lipéad The North Face ar a gcóta, os comhair
an tsaoil.
tuairisceoir
reporter
Go deimhin is iomaí
tuairisceoir a mheasann go bhfuil blagadóirí ag iarraidh bunaíocht na hiriseoireachta a bhaint dá boinn.
le soghluaisteacht an tuairisceora teilifíse.
with the mobility of the television reporter.
Cuidíonn ceamaraí níos lú agus trealamh níos éadroime
le soghluaisteacht an tuairisceora teilifíse.
a cháil mar thuairisceoir tuisceanach
his reputation as an understanding reporter
Cúis mhórtais do Bhalor
a cháil mar thuairisceoir tuisceanach agus mar fhiosraitheoir fáidhiúil, agus dá mbeadh barúil aige faoi na scéalta móra nuachta sular thit siad amach ar chor ar bith, ní bheadh tuairisceoirí an *Sindo* agus an *Star*, an *Mirror* agus an *Messenger of the Sacred Heart* ach in áit na leathphingne i gcomparáid lenár laoch.
mar thuairisceoir.
as a reporter.
Dá mbeinn ag obair ar ‘Cúrsaí Ealaíne’ bheinn ag obair
mar thuairisceoir.
tuairisceoirí
reporters
B’ábhar inspéise na staitisticí seo do na meáin chló agus chraolta sa Fhrainc agus chaith tráchtairí agus
tuairisceoirí roinnt mhaith ama ag staidéar na bhfigiúirí agus á meas.
tuairsceoir
a reporter
Is é Chalabi an bréagadóir cruthanta a chuireadh Judith Miller,
tuairsceoir leis an *New York Times*, a chuid faisnéise mímhacánta faoin Iaráic i láthair mar nuacht go rialta.
tuairisceoirí
reporters
Murab ionann agus
tuairisceoirí na nuachtán agus na n-irisí Deutsche a ghlacann a scíste ar an
Chósta del Lager Lout nó ar an Playa del Fíon Saor, bíonn Balor i gcónaí sásta fanacht i dtír na bPraghasanna Arda agus na Seirbhíse Slapaí – ar son na cúise, an dtuigeann sibh? Is breá lenár bpótaire mórbholgach, leathantónach, ollbhéil, leathchaochmhogallach a chuid Guinness, agus níl áit ar bith eile ar chlár na cruinne a mbíonn blas chomh deas air, an dtuigeann sibh? Níor éirigh leis fós dul i dtaithí ar an Pilsener nó ar an Dunkel.
iriseoirí
reporters
Balor an Bhéil Bhinn a roghnaíodh as measc
iriseoirí uile na liarlóige seo chun aghaidh a thabhairt ar chathair cháiliúil sin na beorach cois locha i Stáit Aontaithe Mheiriceá, féachaint cad é mar a bhí ag éirí leo thall agus lagtrá an gheilleagair ag brú go géar orthu.
iriseoir
reporter
Tá sealanna caite aici ag obair mar
iriseoir do sheirbhísí éagsúla raidió RTÉ, agus tá roinnt oibre déanta aici mar scríbhneoir scripte do Ros na Rún ar TG4.
tuairisceoirí
reporters
”
Ag labhairt le
tuairisceoirí le deanaí, agus é siúráilte nach féidir an fhírinne a cheilt go deo faoina chás, dúirt Abdel Baset al Megrahi: “The truth never dies.
Tuairisceoir
reporter
Is iomaí meancóg atá déanta ag Máire ó chuir sí hata an Tánaiste uirthi féin, ach ní thig le duine ar bith a chur ina luí ar Bhalor, an
Tuairisceoir Tuisceanach, go raibh an ráiteas sin faoi na glasraí ina measc.
iriseoir
reporter
An saol crua é a bheith os comhair ceamara sách minic chaon seachtain ar bonn seasta? BNC: Is obair chrua í, caithfidh tú i gcónaí a bheith ar an airdeall, caithfidh tú i gcónaí a bheith aireach faoi céard tá timpeall ort, céard tá ag tarlú sa domhan, bíodh tú i do láithreoir, nó id’
iriseoir, nó aon duine atá ag plé leis na meáin, mura dtuigfidh tú céard tá ag tarlú sa domhan mór, beidh sé sin soiléir! Ó chláracha do ghasúir, cláracha siamsaíochta, is cuma céard é an t-ábhar, mar ag deireadh an lae, tá bunús
iriseoireachta leis an bpost.
tuairisceoir
reporter
Ach is cosúil go bhfuil Fine Gael ag glacadh leis, gan aon cheist a chur faoi!
Cén fáth Cliara, thar áit ar bith eile?
==============
Chuaigh an
tuairisceoir Áine Ryan níos faide leis an scéal san Irish Times, Dé Sathairn 21 Lúnasa.
tuairisceoir
a reporter
Más nuacht é, ámh, ní léir dom é, nó tá an léitheoir nuachta ag screadaíl ar thráchtaire éigin ar cheamara eile, agus tá duine eile (
tuairisceoir, is cosúil), ag screadaíl ar an mbeirt acu.
d’iriseoirí áirithe
certain reporters
agus ina raibh seachadadh litreacha le seoltaí Gaeilge ina chnámh spairne!
Mar is gnách ag an am seo bliana tugadh, réamhspléachadh
d’iriseoirí áirithe ar chomhaid rialtais a bhaineann le tríocha bliain ó shin.
tuairisceoir
reporter
Agus Balor an Bligeard ag titim thart le teann gáire agus é ag tabhairt Agallamh Bertie ar an chomhrá seo, mhaígh sé go raibh tábhacht ar leith ag baint le cuid freagraí Bhertie: “Cé nach bhfuil
tuairisceoir ar bith eile sa tír ag iarraidh agallamh a chur ar fhear Dhroim Conrach, is mór is fiú a chuid tuairimí a fháil faoi staid an náisiúin, anois go bhfuil an t-olltoghchán thart agus muintir Fhianna Fáil imithe isteach i ndorchacht agus in uaigneas na hoíche polaitiúla.
iriseoirí
reporters
Is fada
iriseoirí agus dlíodóirí in adharca a chéile faoi chearta an duine aonair saol príobháideach a bheith aige agus saoirse cainte na meán.
iriseora
a reporter
De réir an
iriseora le RTÉ, Feargal Keane, dúirt máistir fómhais de chuid na gcúirteanna leis gur ar mhaithe leis an chúlú gheilleagair atá costais na n-abhcóidí tite ó chúig mhíle sa lá go ceithre mhíle sa lá.
príomhiriseoir
senior reporter
Cohen i gcomharbacht ar Stuart Levey mar Fho-Rúnaí um Sceimhlitheoireacht agus Fhaisnéis Airgeadais ag tús na bliana seo, spreagadh
príomhiriseoir amháin ar an Meánoirthear chun *“a job which seems reserved for pro-Israeli neo-cons to wage economic warfare against Tehran”* a thabhairt ar an bpost.
iriseoir
a reporter
Tá i measc mo chol ceathracha dearthóir faisin, ceoltóir eile,
iriseoir, grianghrafadóir (atá pósta le grianghrafadóir): sin an-chuid daoine atá ag brath ar chultúr agus ar a gcearta mar chruthaitheoirí an chultúir sin le snáith a choinneáil faoin bhfiacail.
dtuairisceoir cróga
brave reporter
Cé nach raibh siad sásta dul ar an taifead mar dhaoine aonair lenár
dtuairisceoir cróga, bhí siad sásta a bheith oscailte go leor mar dhrong faoina a síleann siad den tír seo agus dá muintir, agus faoi na pleananna atá chun an dlúthcheangal atá acu leis an tír seo a choinneáil agus a chothú.
a ríomh an t-iriseoir
enumerated by the reporter
Go deimhin bhí cuimhní cinn na seanmhná áirithe go hard i measc na leithscéalta
a ríomh an t-iriseoir Frank McNally ina cholún clúiteach *“a history of Ireland in 100 Excuses.
nach í an tuairisceoir
that it wasn’t the reporter
Thuig mé go maith
nach í an tuairisceoir ba chúis leis an iompar náireach seo agus dúras leí go mba é an trua nár cuireadh ceamradóir le Gaeilge amach in éindí leí chun an scéal a thaifeadadh.
iriseoir clúiteach
a famous reporter
Thosaigh an tóraíocht ar an 1ú Meitheamh nuair a d'eitil Glenn Greenwald,
iriseoir clúiteach as Meiriceá a oibríonn don Guardian, go Hong Cong chun bualadh le Snowden, a chuaigh ann as a oifig oibre in Hawai'i coicís roimhe.
i measc tráchtairí áirithe
amongst certain reporters
Shílfeá go bhfuil comhcheilg tosta ar bun
i measc tráchtairí áirithe ins an dóigh a phléitear le foinsí atá scríofa i nGaeilge.
Ní raibh cead ag tuairisceoir ar bith
no reporter was permitted
”
Ní raibh cead ag tuairisceoir ar bith ceist ar bith a chur seachas “An bhfuil na piontaí ag dul síos go maith?” nó “An bhfuil tú sásta leis an aimsir?”
Ach d’éirigh le Balor cúpla cruacheist a chur:
**Balor: John, nach fíor gur tharraing tú d’ainm siar nuair a bhí tú le ceapadh mar cheannaire ar an CIA ceithre bliana ó shin mar go raibh ceisteanna á gcur faoi do dhearcadh i leith rácáil cimí, is é sin go ndúirt tú go raibh tú i bhfabhar a leithéid? Nach fíor sin?**
Brennan: Ní thuigim an cheist.
Bunús na n-iriseoirí a maraíodh
most of the reporters who were killed
Bunús na n-iriseoirí a maraíodh i mbliana, sa tSiria a maraíodh iad (17); An Éigipt (6) agus An Phacastáin (4) ina dhiaidh.
ag obair mar thuairisceoir
working as a reporter
Le 17 mbliana, tá Róisín
ag obair mar thuairisceoir agus mar láithreoir nuachta do RTÉ agus do TG4.
tuairisceoirí tábhachtacha
important reporters
Níl ann ach gur mhaith leis go gcaithfeadh an Slua Muirí leis mar a chaitheann gnátheagarthóirí na n-irisí agus na nuachtán agus na dtréimhseachán Gaeilge le
tuairisceoirí tábhachtacha a dhéanann iarracht mhacánta; is é atá i gceist ag Balor, i mbeagán focal: an sméideadh beag; an ‘Maith thú hey!’ …agus an t-ardú tuarastail chomh maith, dar ndóigh.
ní ligeann sí d’iriseoirí cur isteach ná amach uirthi
she doesn’t allow reporters to bother her in the least
Tuigeann sí nach gá di a bheith sa nuacht i gcónaí agus
ní ligeann sí d’iriseoirí cur isteach ná amach uirthi.
mar iriseoir
as a reporter
Le cois a phríomh-ghnó mar fhear fáistine, d’oibrigh Cheiro
mar iriseoir – ba leis dhá nuachtán Fhrancacha ag pointe amháin agus ba tháirgeoir seaimpéin é anuas air sin.
tuairisceoirí spóirt fireanna san áireamh
male sports reporters included
Tá fhios ag chuile dhuine,
tuairisceoirí spóirt fireanna san áireamh shílfeá, gurb í Katie an Táilliúra an chéad Éireannach a rinne an gaisce úd.
chaill gach tuairisceoir dá chuid an scéal
all of its reporters missed the story
An raibh an BBC i mBéal Feirste an oiread sin ar meisce gur
chaill gach tuairisceoir dá chuid an scéal faoi mharú Roseanne Mallon, máthair mhór 74 bliana d’aois, go raibh baint ag an ghléas airm lenar maraíodh í le sé cinn de mharuithe eile, go raibh sé mar chuid den lastas a thug an spiaire Briotanach, Brian Nelson, go hÉirinn.
nochtann iriseoirí aitheanta
well known reporters reveal
Sa leabhar seo
nochtann iriseoirí aitheanta, atá in ard a maitheasa faoi láthair, a gcuid rún faoi na modhanna oibre a chleachtann siad chun scéalta a aimsiú agus a sheachadadh.
iriseoirí ilfhiosracha
multi-enquiring reporters
Dá mbeadh seachtar iarphápaí ardléannta, seachtar ollúna uaisle, seachtar
iriseoirí ilfhiosracha agus seachtar amadán éirimiúla ann, ba róchuma liom ach seasamh suas agus mo phíosa a léamh.
an iriseoir cháiliúil
the famous reporter
com/tracks/147740883&auto_play=false&hide_related=false&visual=true"></iframe>
Nuair a chuir duine éigin ceist ar
an iriseoir cháiliúil Walter Bagehot mar gheall ar cháilíochtaí an Phríomh-Aire Bhriotanaigh fhoirfe, thagair sé don ‘mheon tánaisteach’ nó an “reserve mind”.
iriseoir
reporter
Bhí Eugene Mac Aoidh, iarbhainisteoir peile Uíbh Fháillí agus
iriseoir, in aghaidh an mhargaidh ar an ábhar gur shíl sé nach mbeadh cuid den seandream a chaith a saol ag saothrú ar son an CLG in ann cluichí áirithe a fheiceáil toisc nach raibh Sky TV acu agus nach mbeadh sé acu toisc nach mbíonn uathu san ach na cluichí Gaelacha a fheiceáil.
bhíonn ag tráchtairí áirithe
certain reporters have
Is í an chosaint is mó a
bhíonn ag tráchtairí áirithe (mé féin ina measc) ar chinnidh chonspóideacha an rialtais seo i leith na teanga, ná nach bhfuil an t-airgead chomh flúirseach is a bhí nuair a bhí an rialtas deireanach i gcumhacht.
thuairisceoir
a reporter
An lá ar fógraíodh go raibh duine gan mhórán de theanga na Gaeltachta ceaptha ina Aire Gaeltachta, fuaireas glaoch gutháin ó
thuairisceoir le RTÉ.
tuairisceoir
reporter
Sa tuairisc speisialta seo ó mhí na Nollag, 2015, féachann ár d
tuairisceoir iompair, Pádraig Mac Éamoinn, siar ar chur i bhfeidhm an phlean le deich mbliana anuas.
t-iriseoir
reporter
Bhí Tony Birtill ag caitheamh súil siar na blianta ar Learpholl an Drochshaoil nuair a chas an
t-iriseoir teilifíse, Donal Mac Intyre, air ar na mallaibh.