Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
éirithe as retired
atá éirithe as a gcuid oibre who are retired
" Tagann páistí, déagóirí, daoine proifisiúnta agus daoine atá éirithe as a gcuid oibre.
nuair a éiríonn siad as when they retire
" Tar éis an tsaoil, ba é Setanta an laoch nua óg i gCorcaigh - an t-iománaí ab fhearr b'fhéidir ó chroch Jimmy Barry Murphy féin a chamán faoin staighre (nó cibé áit ina gcrochann sean-iománaithe a gcuid camán nuair a éiríonn siad as!).
éirithe as an obair retired
" Ach go minic ní bhíonn fhios ag na freastalaithe go bhfuil ailse orthu go dtí go mbíonn siad sean agus éirithe as an obair.
scortha retired
" Tá scata breá daoine sa chumann - tá cuid mhaith acu scortha agus cineálacha éagsúla cúlra acu, ó iarfhear an phoist go hiarollamh ríomhaireachta.
gur éirigh sé as an mhúinteoireacht until he retired from teaching
" Bhí sé ansin gur éirigh sé as an mhúinteoireacht i 1986.
D'éirigh sí as an pholaitíocht she retired from politics
" D'éirigh sí as an pholaitíocht anuraidh agus caitheann sí i bhfad níos mó ama lena pléisiúir féin: a clann, galf agus, ainneoin nach gcreidim í, ag tabhairt tacaíochta do Manchester United! *Is iriseoir leis an *Irish News* i mBéal Feirste é Robert McMillen.
ar dhuine scortha é who was a retired person
" Bhí fear cairdiúil, ar dhuine scortha é, taobh thiar den chuntar.
dul ar scor to retire
" Sa chéad dul síos, nuair a bhí sé ag druidim leis an am a raibh mé le dul ar scor agus mé ag machnamh ar fhéidearthachtaí an tsaoil ar féarach, chonaic mé fógra do scoil samhraidh, seachtain Ghaeilge bhliantúil ar fheirm amuigh faoin tuath sa Bhreatain Bheag Theas Nua.
dul ar scor to retire
" “Tá bailiúchán ollmhór agam thuas staighre!” Beidh Marcus seachtó bliain d’aois an bhliain seo chugainn, aois ag a mbíonn neart daoine sásta dul ar scor agus a laethanta ar fad a chaitheamh ag imirt gailf nó ar saoire sa Costa del Sol.
ar scor retired
" Bhí an smaoineamh céanna ag seansagart as an gCóbh ó dhúchas, an tAthair Micheál Ó Súilleabháin, atá ar scor anois.
ar scor retired
" Dar fia, tá boladh na fola i sróna na nDaonlathach, go háirithe le déanaí nuair a tháinig seisear ginearál sinsearach, atá ar scor anois, amach sna meáin ag éileamh go mbrisfí an Rúnaí Cosanta, Donald Rumsfeld, as a phost.
oifigigh scortha retired officers
" Ní cheadaítear d'oifigigh arm Mheiriceá, dála an scéil, cáineadh a dhéanamh ar an uachtarán ná ar a chomh-aireacht, agus nuair a bhíonn an t-arm ag iarraidh a mhíshástacht a chur in iúl, déantar é trí oifigigh scortha.
ar scor retired
" Dar fia, tá boladh na fola i sróna na nDaonlathach, go háirithe le déanaí nuair a tháinig seisear ginearál sinsearach, atá ar scor anois, amach sna meáin ag éileamh go mbrisfí an Rúnaí Cosanta, Donald Rumsfeld, as a phost.
oifigigh scortha retired officers
" Ní cheadaítear d'oifigigh arm Mheiriceá, dála an scéil, cáineadh a dhéanamh ar an uachtarán ná ar a chomh-aireacht, agus nuair a bhíonn an t-arm ag iarraidh a mhíshástacht a chur in iúl, déantar é trí oifigigh scortha.
éirithe as an obair retired
" Roinnt eile éirithe as an obair agus dúil acu sa saol éasca leamh leisciúil faoin ngrian.
éirithe as retired
" ” Ní haon ionadh, mar sin, go ndeir an Coileánach go mbeidh sé fós ar fáil do mhic léinn iarchéime, fiú agus é éirithe as.
go ndeachaigh sé ar scor until he retired
" ” Chaith Risteard beagnach tríocha bliain san Institiúid ar fad go dtí go ndeachaigh sé ar scor trí bliana ó shin.
ag dul ar scor, retiring,
" Agus múinteoirí ag dul ar scor, ag tógáil sos gairme, ag filleadh ar an staidéar nó ag imeacht le gairm eile, is cinnte go mbeidh idir céad agus 150 múinteoir de dhíth gach bliain sa chóras scolaíochta lán-ghaelaí.
Chuaigh Krauss ar scor óna phost Krauss retired from his job
"Chuaigh Krauss ar scor óna phost mar stiúrthóir Ionad Theangacha Dúchasacha Alasca seacht mbliana ó shin ach tá oifig aige ansin go fóill agus caitheann sé go leor ama san ionad.
dul ar scor. to retire.
" ” An todhchaí Is léir gur fear gnóthach é Peter Quinn agus gur fear é fosta nach mbeidh sásta go deo dul ar scor.
a bhí imithe ar scor who had retired
" Ag an am céanna, mar gheall ar dhul in aois dhaonra na hAstráile, thosaigh daoine a bhí imithe ar scor ag cur fúthu ansin, chun an seal deireanach dá saol a chaitheamh cois farraige.
go bhfuil sé thar am di éirí as post. that it is time for her to retire
" Tá grúpaí agus páirtithe leasmhara timpeall na tíre, mar aon le polaiteoirí áirithe agus daoine a raibh tionchar díreach ag an bpraiseach orthu, ag maíomh go bhfuil sé thar am di éirí as post.
atá éirithe as ó shin. who has since retired
" Seans mór go raibh a fhios ag Irvine fán chomhoibriú rúnda a bhí ar siúl idir an RUC agus an UVF – é sin a d’fhág dáréag ar a laghad marbh dar le Nuala O'Loan, an tOmbudsman Póilíneachta ó thuaidh atá éirithe as ó shin.
níl iomrá ar bith aige éirí as an cheol. he has no intention of retiring from music
" ”Tá Lunny dhá bhliain is seasca anois ach níl iomrá ar bith aige éirí as an cheol.
ar féarach on the grass, retired
" Measann muid fós gur áit í atá an-oiriúnach mar áit le teaghlach a thógáil – agus tá an tseanlánúin seo ar mhuin na muice agus ár saol ar féarach á chaitheamh againn in Canberra! As Bóthar na bhFál i mBéal Feirste é Bearnaí Ó Doibhlin ach tá cónaí air san Astráil ó bhí 1972 ann.
éirithe as an pholaitíocht having retired from politics
" Ar saoradh tír ar bith ón daorsmacht lena leithéid de ghníomh suarach? *Jaw-jaw* duine ar bith? ***************** Anois agus Ian Paisley éirithe as an pholaitíocht – rud a rinne sé ag deireadh na míosa seo caite – tá sé le dírbheathaisnéis a scríobh.
sular éirigh sé as before he retired
" Fear gnó as Contae Mhaigh Eo é, John Kennedy, a rinne na milliúin i Sasana sular éirigh sé as.
ar scor retired
" Tá na feirmeoirí ag brath freisin ar dhaoine ar scor a chaitheann cuid dá saol ag taisteal – ‘fánaithe na léithe’, mar a thugtar orthu, ach arís, níl an cumas ceart iontu.
ag éirí as retiring
" Mar a dúirt mé cheana, próiséas fada atá ann - ainneoin nach mbeidh constaic ar bith roimpi ar bhealach an ainmnithe, caithfear fanacht go gcríochnóidh téarma reatha na Cúirte (tá sí ag tógáil áit bhreitheamh atá ag éirí as), agus is beag seans go bhfeicfear deimhnithe í go dtí mí Lúnasa.
éirigh sé retired
" Deir sé liom freisin gur oibrigh sé i monarcha próiseála bainne gur éirigh sé as cúíg bhliain ó shoin agus anois go bhfuil sé ag obair i bpáirc charabháin.
scortha retired
" na Gaillimhe, sárobair fosta 20 bliana ó shin nuair a bhí sí ina rúnaí de fhochoiste na Gaeilge den British Association for Irish Studies agus í ina cónaí i gCoventry, Sasana, ach tá sí scortha le blianta.
saol scoir retired life
" SMM: Guímid gach rath ort don saol scoir sna blianta amach romhat.
dul ar scor to retire
" BD: Nuair a bheas do thréimhse mar Uachtarán thart, an bhfuil sé i gceist agat dul ar scor go ciúin, nó an bhfuil a fhios agat fós cad atá i ndán duit? Uachtarán na hÉireann: Níl plean cinnte ceaptha againn fós, ach tá súil againn go mbeidh muid in ann leanúint leis an obair atá ar siúl againn ar son na síochána in Éirinn.
ar féarach retired
" Rud tábhachtach i gcás *River Road* ná gur múinteoir é an príomhcharactar sa scéal seachas iriseoir ná bleachtaire atá ar féarach.
ar féarach retired
" An Leas-Cheann Comairle: Dinny McGinley =================== Sa chás go seasfaidh sé babhta amháin eile (agus ó tharla Pádraig Mc Cormack a bheith dulta ar féarach) beidh aitheantas le fáil ag an seanfhondúir agus Gaeilgeoir líofa i ndeireadh thiar thall.
éirí as retire
" An aontaíonn tú gur chóir do réiteoirí éirí as ag aois 50 bliain?** A.
sula dtéann sé amach ar féarach before he retires
" Beidh ar an chréatúr dhá mhí dhéag eile a chur isteach ag obair sula dtéann sé amach ar féarach.
Cúbtha Siar retired, cowering
" Cúbtha Siar ó Theas is ó Sholas ================== Cuid de na daoine a tháinig chuig dinnéar na Nollag faoi chúram Barka, bhí sé chomh fada ó bhí siad i gcomhluadar le daoine eile nach raibh sé de mhisneach acu dul thar an táirseach.
imithe amach ar féarach retired
" Tá bhur bhflaitheas féin caillte agaibh le bliain anois, agus nach maith mar atá sibh imithe i dtaithí air? Nach bhfuil sibh i bhfad níos fearr as faoin Troika? Nach fearr i bhfad an saol atá agaibh anois ná mar a bhí agaibh cheana? Féach anois, beidh leath na seirbhíse poiblí imithe amach ar féarach faoi dheireadh na míosa seo – an leath is sine agus is sinsearaí – agus tá airgead mór de dhíth chun na cnapshuimeanna ar fad a íoc, gan trácht ar na pinsin.
uilig éirithe as all retired
" An seachtar a thoisigh, tá siad uilig éirithe as agus tá siad i mbarr a sláinte, buíochas do Dhia.
ag éirí as i mbliana retiring this year
" Sampla maith den choimhlint is ea Wisconsin, áit a bhfuil an Seanadóir ceithre théarma Herb Kohl ag éirí as i mbliana.
tar éis dó éirí as oifig mar thaidhleoir Éireannach having retired as an Irish diplomat
" Tadhall le Naimhde ======= Mhínigh O Brien ina leabhar tar éis dó éirí as oifig mar thaidhleoir Éireannach agus idirnáisiúnta fiú na deacrachtaí a bhaineas leis an ndébhríochas taidhleoireachta: *“the successful wielder of ambiguity has a certain high imperiousness in his attitude to facts and inclines to a magician-like confidence in the overmastering power of language.
i ndiaidh éirí as a phost has retired
" Tá comharba Pheadair, coimeádaí eochracha na bhflaitheas, i ndiaidh éirí as a phost mar fhear ionaid Chríost ar an saol seo, agus cé a thógfadh air é, a léitheoirí dílse? Is trom cearc i bhfad, a deirtear, ach is troime go mór cuid deacrachtaí na hEaglaise Caitlicí ar na saolta seo.
mba chóir dó éirí as he ought to retire
" Focal Comhairle le Barr Measa ============= Bheinnse den tuairim go mba chóir dó éirí as ag an bpointe sin.
tar éis dóibh éirí as an imirt after retiring from playing
" Íoctar airgead aisteach leis na peileadóirí ach ní maith a théann sé dóibh go minic mar is cosúil go mbíonn 60% de na himreoirí peile bancbhriste taobh istigh de chúig bliana tar éis dóibh éirí as an imirt.
B’éigean dó éirí as an imirt he had to retire from playing
" B’éigean dó éirí as an imirt ag aois seacht mbliana fichead de dheasca a ghortaithe.
ag éirí as retiring from
" Tuairiscíodh le déanaí go bhfuil céatadán níos airde d’imreoirí óga ag éirí as na cluichí Gaelacha ná mar atá i gcás spórt eile in Éirinn.
d’éirigh as an bpost retired from his position
" D’fhógair sé freisin gur ghlac an bhanríon lena mholadh an teideal dáma a bhronnadh ar Ard-Ghobharnóir na hAstráile, Quentin Bryce, a d’éirigh as an bpost an lá céanna, agus an teideal ridire a bhronnadh ar a comharba, an Maorghinearál Peter Cosgrove.
ag dul ar scor retiring
" Tá Seán Ó Coileáin, an tOllamh le Gaeilge i Roinn na Nua-Ghaeilge i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh ag dul ar scor go luath.
ar leathscor semi-retired
" Iar-Uachtarán ar Chomhar na Múinteoirí Gaeilge agus é anois ar leathscor as saol riaracháin Ollscoil Luimnigh, glacann Liam páirt ghníomhach i gCumann Merriman, ina scoileanna samhraidh agus geimhridh.