Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
athbheochan na hiomána the hurling revival
" Sa leabhar *Michael Cusack and the GAA*, deir an t-údar, Marcus de Búrca, gur thosaigh athbheochan na hiomána ar an dara lá deireanach de 1882 ag cruinniú neamhfhoirmeálta i gColáiste Ríoga na Máinlianna, Baile Átha Cliath.
athbheochan revival
" Sna seachtóidí thit athbheochan mhór ceoil tíre amach sa Ghearmáin.
athbheochan revival
" Sna seachtóidí thit athbheochan mhór ceoil tíre amach sa Ghearmáin.
athbheochan revival
" Ach fós mar chuid den athbheochan, ní raibh cead ag múinteoirí ach Gaeilge a labhairt le páistí - fiú mura raibh Gaeilge maith go leor acu.
athbheochan revival
" "Bhain an Ghaeilge leis an saol seanfhaiseanta," a dúirt Doherty liom, "le daoine nach raibh mórán i ndán dóibh ina saol i ndáiríre, ach anois tá athbheochan na Gaeilge ag tarlú lámh ar lámh leis an fheabhas atá ag teacht ar chúrsaí eacnamaíochta go ginearálta.
athbheochan na teanga the language revival
" Labhair sé fosta faoi streachailt Chonradh na Gaeilge, an dul chun cinn a bhí déanta ag an eagraíocht agus an tionchar a bhí ag athbheochan na teanga ar gheilleagar na hÉireann.
athbheochan revival
" Chuaigh cruachás na Gaeilge agus na hiarrachtaí comhaimseartha chun í a athbheochan in Éirinn go mór i bhfeidhm orm.
athbheochan revival
" Leis na Chieftains ======= Bhí an athbheochan sa cheol traidisiúnta faoi lán seoil sna seachtóidí nuair a chuaigh Bell leis na Chieftains, grúpa a rinne iarrachtaí ceol na hÉireann agus an ceol clasaiceach a shnaidhmeadh le chéile.
Athbheochan na Gaeilge the Irish Language Revival
" Thug scríbhneoirí mar John Millington Synge agus William Butler Yeats cuairt ar an oileán agus tháinig Pádraig Mac Piarais agus go leor eile de lucht Athbheochan na Gaeilge go hÁrainn timpeall céad bliain ó shin.
athbheochan na Gaeilge Irish language revival
" Is dóigh liom go bhfuil "athbheochan na Gaeilge" ann le cúpla bliain anuas agus tá súil agam go rachaidh an teanga ar aghaidh ag fás san am atá le theacht.
athbheochan revival
" "Anois, mar thoradh air sin uilig, tháinig athbheochan sa cheol traidisiúnta, go dtí go bhfuil muid anois sa tréimhse is bisiúla riamh ó thaobh an cheoil dhúchasaigh de," arsa Neil.
athbheoú revival
" So, in ainneoin go raibh mé ag plé le bás na n-amhrán in Oirialla, ar páipéar, bhí mé ag éisteacht le hathbheoú an traidisiúin ar ais sula raibh an obair fiú críochnaithe agam.
athbheochan revival
" Tá an t-uafás déanta againn a chuir le hathbheochan na seiteanna.
athbheochan revival
" Ceapadh an fear seo, a bhfuil a ainm sa *Hall of Fame*, mar bhainisteoir ar na Knicks i mí Eanáir, rud a fhágann go bhfuil ceangal ag Éirinn leis an athbheochan atá ag tarlú sa chispheil i mBrooklyn.
athbheochana revival
" Ansin, le linn na nóchaidí, bhí saghas athbheochana ar siúl, is é sin tháinig borradh mór ar liricí Gearmánacha in athuair sa gcaoi is go raibh rapcheol, rac-cheol agus araile ar fáil as Gearmáinis.
athbheochan revival
" Cén fáth ar bunaíodh í? Cuireadh ar bun í ag tús an 20ú haois nuair a bhí an Conradh ag spreagadh athbheochan na Gaeilge ar fud na tíre.
athbheochan chultúrtha na hÉireann the cultural revival of Ireland
" Labhraíomar faoi stair na teanga agus faoi ról an Cheilteachais in athbheochan chultúrtha na hÉireann sa chéad chuid den fhichiú haois.
freagrach as athbheochan an cheoil uirlise responsible for the revival of instrumental music
" Deirtear sa leabhar údarásach *The Companion to Irish Traditional Music* gurb é atá freagrach as athbheochan an cheoil uirlise in iarthuaisceart Dhún na nGall.
athbheochan cheoil musical revival
" Thairis sin, bhí an athbheochan cheoil faoi lánseol, agus neart amhrán Gaeilge le cois "Éamonn an Chnoic" le cloisteáil agam chomh maith.
athbheochan revival
" Ní bhíodh cead againn geataí an chlochair a fhágáil!" Cé go bhfuil an Ghaeilge faoi bhrú ar Árainn Mhór sa lá atá inniu ann, agus go bhfuiltear ag tuar nach bhfuil todhchaí i ndán di mar theanga phobail ansin, deir Anna gur éirigh le hathbheochan na teanga i gceantair áirithe den oileán roimhe seo.
Athbheochan Cheilteach Celtic Revival
" Bhí spéis ar leith aige fosta san Athbheochan Cheilteach a bhí ag tarlú ina thír dhúchais, gluaiseacht a bhí ag iarraidh sainmhíniú a thabhairt ar cheisteanna ag baint le féiniúlacht agus náisiúnachas na tíre ag an am.
le coincheap na hathbheochana with the concept of revival
" Ach bhíodar an-bháúil ar fad le coincheap na hathbheochana.
athbheochan revival
" Ach bhíodar an-bháúil ar fad le coincheap na hathbheochana.
athbheochan revival
" “Ní dochar ar bith an Ghaeilge a chur chun cinn,” a deir sé, “ach is seafóid iomlán é bheith ag ceapadh gur féidir athbheochan a dhéanamh uirthi in áiteanna ar nós Bhaile Chláir na Gaillimhe nó Ghleann Cholm Cille.
ag cáineadh iarrachtaí lucht athbheochan na Gaeilge criticising the efforts of those involved in the revival of Irish
" ” *“The Irish language has failed to flourish,” *a dúirt eagarfhocal an *Irish Times *an mhí seo a chuaigh thart, agus é ag cáineadh iarrachtaí lucht athbheochan na Gaeilge.
athbheochan revival
" Cathain a bunaíodh an CC agus cé a bhunaigh é? I 1902 a bunaíodh an CC agus bhain sí leis an athbheochan a bhí ar siúl ag an am.
ag cáineadh iarrachtaí lucht athbheochan na Gaeilge criticising the efforts of those involved in the revival of Irish
" ” *“The Irish language has failed to flourish,” *a dúirt eagarfhocal an *Irish Times *an mhí seo a chuaigh thart, agus é ag cáineadh iarrachtaí lucht athbheochan na Gaeilge.
athnuachan revival
" net), fiontar idir-rialtais a bunaíodh le cuidiú le hathnuachan an traidisiúin Ghaeilge an dá thír, agus a ghlac páirt lárnach i bhforbairt Leabhar Mór na Gaeilge.
athbheochan na Gaeilge the revival of Irish
" An teoiric a bhí laistiar den bhfeachtas seo acu ná go rabhadar lándáiríre faoi aidhm an Stáit i leith athbheochan na Gaeilge, agus go ndéana Dia trócaire ar aon ísleachán oifigiúil nár thuig chomh dáiríre is a bhíodar! Teoiric mhaith, toradh truamhéalach uirthi.
athbheochan na Gaeilge a spreagadh to encourage the revival of Irish
" Is é sprioc fhadtéarmach na Comhairle athbheochan na Gaeilge a spreagadh agus an ghaelscolaíocht a bheith mar dhúshraith na hathbheochana sin, agus í tógtha ar oideachas den chéad scoth.
mar dhúshraith na hathbheochana sin as the foundation of that revival
" Is é sprioc fhadtéarmach na Comhairle athbheochan na Gaeilge a spreagadh agus an ghaelscolaíocht a bheith mar dhúshraith na hathbheochana sin, agus í tógtha ar oideachas den chéad scoth.
i ngluaiseacht na hAthbheochana. in the Revival movement.
" B’ann a bhí an tArdeaspag Mac Éil agus an Canónach de Búrca agus daoine eile mar sin a bhí tábhachtach i ngluaiseacht na hAthbheochana.
athbheochan revival
" athbheochan Is tír an-saibhir anois í Éire agus measann daoine go bhfuil athbheochan i ndán don Ghaeilge mar, i ndiaidh do na hÉireannaigh sult a bhaint as an airgead, go dtosóidh siad ag fiafraí “cé mé féin?” agus go bpillfidh siad ar an dúchas.
athbheochan revival
" “Grá do nithe Ceilteacha” an chiall atá le “Philo-Celtic” agus is é cuspóir Chumann Carad na Gaeilge ná "tacaíocht, neartú, cothú, cleachtadh, craobhscaoileadh, fairsingiú, múineadh agus athbheochan na Gaeilge mar theanga bheo i measc Chlann na nGael agus charad na nGael, i Meiriceá agus ar fud an domhain.
athbheochan mhór a big revival
" Bhí athbheochan mhór ar siúl sa cheol tíre sna Stáit Aontaithe agus san Eoraip ag an am, agus tháinig neart bailitheoirí agus amhránaithe óga go teach Jeannie.
athbheochan na Maoraise trí na meáin chumarsáide, the revival of Maori through the media,
" Mar sin, rinne mo chara cur síos ar a cuid oibre siúd ar athbheochan na Maoraise trí na meáin chumarsáide, agus d’fhreagair mise cúpla ceist ar chás na hÉireann.
an chéad athbheochan eile the next revival
" Bhí de mhí-ádh air fosta gur chaill sé an chéad athbheochan eile - más sin atá ann - agus deontais mhóra Fhoras na Gaeilge agus cláir TG4.
athbheochan iontach a great revival
" Tá foilsiú an leabhair seo tráthúil mar tá athbheochan iontach ar siúl sna cluichí Gaelacha i Learpholl faoi láthair agus tá an-suim ag na himreoirí óga i stair na heagraíochta sa tír seo.
an athbheochan seo this revival
" Lean an athbheochan seo ar aghaidh i gcúrsaí peile i mbliana nuair a bhí bua ag John Mitchels in aghaidh St Peter's i Manchain i gcluiche ceannais chontae Lancashire ar an 30 Meán Fómhair.
nóisean na hathbheochana the notion of the revival
" Aiste shuntasach is ea í mar go ndéantar plé suimiúil inti, ní hamháin ar an nGaeilge, ach ar an dóigh ar tháinig athrú íde-eolaíoch ar an Stát sna caogaidí nuair a thángthas ar an tuiscint go raibh teipthe ar fhís de Valera – is é sin, go raibh teipthe ar nóisean na hathbheochana agus ar an gcaomhnaitheacht.
athbheochan na Gaeilge the revival of Irish
" Tá síocháin ann anois, buíochas le Dia, agus tá athbheochan na Gaeilge ag leanúint ar aghaidh.
athbheochan iontach a great revival
" ” Bhí mé ag freastal ar ranganna oíche Gaeilge do dhaoine fásta i Learpholl i 1985 agus chuala muid ansin go raibh athbheochan iontach ag dul ar aghaidh i mBéal Feirste, áit a bhfuil gaolta agam.
athbheochan revival
" Caomhnú seachas athbheochan a leag na Manannaigh rompu mar aidhm, áfach, agus níor tosaíodh ar chur chun cinn na Manainnise mar theanga bheo go dtí tríochaidí na haoise seo caite.
athbheochan a revival
" Buíochas le Dia, bhí athbheochan den cheol tradisiúnta sa cheantar nuair a thosaigh mé ag freastal ar chúrsaí Gaeilge ag Oideas Gael i lár na 1980s agus an caiséad 'Ó bhun Shliabh Liag' a cheannaigh mé ansin san am, tá sé agam go fóill.
Athbheochain revival
" In Athbheochain na tíre againn féin, d’fhoghlaim an Piarsach an-chuid ó mhodh oideachais fhear an chórais thall, Nikolaj Frederik Severin Grundtvig.
Athbheochaint revival
" Athbheochaint Mhór JW: Os a choinne sin, tráchtann tú i do leabhar ar an ngluaiseacht mhór athbheochana teanga atá ag titim amach in California, dar leat.
athbheochan revival
" Léiritheoir Rathúil ========= Deir Catherine Morris, a bhfuil leabhar scríofa aici ar ról Ní Mhaolagáin san athbheochan chultúrtha, gur chruthaigh an bhean cheannródaíoch seo pobail nua ar bhealaí éagsúla: chruthaigh an Shan Van Vocht pobal léitheoirí in Éirinn agus i measc na n-imirceach Éireannach san Airgintín ach go háirithe; agus d’éirigh léi pobail áitiúla a thabhairt le chéile chun breathnú ar a cuid tableaux vivants, a thaispeáin radhairc éagsúla a bhain le stair na hÉireann.
athbheochan revival
" Níl aon amhras ach go bhfuil gaelscoileanna riachtanach agus lárnach i ngluaiseacht athbheochan na Gaeilge.
athbheochan revival
" Má chuireann siad slacht ar a ndúnghaois airgeadais, beidh an deis ag Sinn Féin dul chun cinn mór a dhéanamh don chéad olltoghchán eile - i 2016? Tá an bealach céanna rompu is a bhí ag Fianna Fáil i 1926 - gan ach sé bliana sula ndearnadh rialtas dóibh i 1932! Ar aidhmeanna Fhianna Fáil na linne sin, bhí athaontú na tíre, athbheochan na Gaeilge agus athdháileadh maoine, clocha móra ar phaidrín Shinn Féin an lae inniu.
i rith na hathbheochana during the revival
" Cheannaíodh sé foilseacháin Ghaeilge den uile chineál i rith na hathbheochana, beag beann ar an gcineál seánra lenar bhain siad.
aimsir na hathbheochana anuas the time of the revival to now
" Ní raibh na scoláirí ag breathnú ar sheanábhar amháin, ach ag tabhairt aghaidh ar ghearrscéil uile na Gaeilge a foilsíodh ó aimsir na hathbheochana anuas.
athbheochan a revival
" Bhí an chéad chruinniú againn faoi Áislann Chill Chartha i 1971 agus fosclaíodh é go hoifigiúil i 2002! Tchím anois sna scoileanna go bhfuil athbheochan ann agus go bhfuil sí ag teacht ar ais ar bhealaí eile.
hAthbheochain na Gaeilge the Irish Revival
" Is í TG4 an rud is tábhachtaí a tharla don Ghaeilge ó hAthbheochain na Gaeilge ag tús an chéid seo caite.
dualgas aiséirí na the duty of revival
" An Dóchas agus an Duainéis ============= **SMM: An mbraitheann sibhse sna comhlachtaí go bhfuil sibh ag iompar ualach ‘cúis na Gaeilge’ i saol na meán úr mar a d’iompair an córas scolaíochta cúis na teanga nó cúis na Gaeilge i ndiaidh bhunú an tSaorstáit? An mbraitheann sibh, sna comhlachtaí, go bhfuil ‘dualgas aiséirí na Gaeilge’ oraibh?** CÓC: Braithimse! Mé féin go pearsanta agus tá go leor daoine a mbím ag obair leo a mbíonn an dearcadh céanna acub.
gluaiseacht na hathbheochana the revival movement
" Déanann Noone cur síos sna codanna eile ar an bhaint a bhí ag Astrálaigh le gluaiseacht na hathbheochana, agus leis an mbaint leanúnach atá acu faoi láthair leis an teanga.
gluaiseacht na hathbheochana the revival movement
" ’Sé bun agus barr na teoirice atá aige ná gur chomhcheilg ab ea gluaiseacht na hathbheochana chun smacht a choinneáil ar an phobal.
d'athbheochan cultúrtha cultural revival
" Seolaimid an Chairt seo sa bhliain chinniúnach seo ina bhfuiltear le ceiliúradh a dhéanamh ar Bhliain na Gaeilge, comóradh 120 Bliain d'athbheochan cultúrtha an 19ú Aois, nuair a bunaíodh Conradh na Gaeilge, agus sa Bhliain Comórtha seo ar Chairt Bhaile Bhéal Feirste a bronnadh ag Rí Shasana Séamas a hAon sa bhliain 1613.
nasc idir an athbheochan pobalbhunaithe teanga a connection between a community based revival
" "Thuig mé riamh anall agus mé ag fás aníos go raibh nasc idir an athbheochan pobalbhunaithe teanga a bhí againn i mBéal Feirste, a raibh mé féin mar chuid agus mar dhéantús de, agus streachtailt na teanga sa Cheis Fhada agus an dóigh a ndeachaigh an tréimhse sin i bhfeidm ar an chlaochlú phobail a tharla i ndiaidh na stailceanna ocrais,” a dúirt sé liom.
in athbheochán in the revival
" Rinne Robert McMillen agallamh le Feargal Mac Ionnrachtaigh i Mí Iúil (Beo eagrán 147) agus beidh suim ag muintir Learphoill in athbheochán na Gaeilge i dtuaisceart Éireann agus i streachtailt na teanga sa Cheis Fhada.
raibh athbheochain faoi lán réime there was a revival in full bloom
" **SMM: Thosaigh na sluaite ag freastal ar na comórtais damhsa ar an sean-nós ag Oireachtas na Gaeilge i Leitir Cheanainn roinnt blianta ó shin agus bhí a fhios againn go raibh athbheochain faoi lán réime.
athbheochan revival
" San alt seo, tugann John Walsh eolas faoi stair na teanga, faoin tslí ar tháinig meath uirthi agus faoin athbheochan bheag atá ag tarlú le roinnt blianta anuas.