Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
fiorfhadhbanna the real problems
" Nuair a fheiceann muintir na mbailte móra daoine faoin tuath ar an teilifís ag sodar i ndiaidh lucht na gcótaí dearga agus iad ag marcaíocht go hardnósach trasna na tíre (cosúil le radharc as úrscéal de chuid Thomas Hardy), ní bhíonn mórán suime acu sna fiorfhadhbanna atá le fáil faoin tuath.
le haghaidh an fhíorsheisiúin for the real session
" agus nuair a chríochnaíonn an rud foirmeálta tá sé de nós ag na fonnadóirí bualadh le chéile le haghaidh an fhíorsheisiúin ar chúl Thigh Uí Chléirigh (nó "The Blonde's" mar is fearr aithne air).
móreastát réadach miondíola large-scale retail real estate
" Gan mhoill, ba é Berlusconi an forbróir ba mhó áras cónaithe agus móreastát réadach miondíola san Iodáil.
íomhá choincréiteach nithiúil a concrete and real image
" Ní hamháin go gcruthaíonn an t-ailtire spás fisiciúil le cónaí ann ach cruthaíonn sé/sí íomhá choincréiteach nithiúil den saol a bhfuil muid inár gcónaí ann.
san fhaopach glan in a real fix
" Bheadh siad san fhaopach glan mura bhfaighfí na pasanna.
fíor-bheathuisce Preispitéireach real Presbyterian whiskey
" Bí cinnte nach aon bhiotáille bhroghach bháite de chuid Jameson nó Paddy nó fiú Powers féin a bhí ann, ach fíor-bheathuisce Preispitéireach aduaidh as Bushmills, an cineál fuisce is fearr leis an chineál is fearr de dhaoine, Cathaoirleach Údarás na Galltachta as an chuntas! Ach, ar an drochuair, is dóiche ná a mhalairt nach bhfaighidh mé ach an gnáthdosaen cloigeann seanbhlastúil caorach arís i mbliana," a cheasnaíonn Balor na Baothchainte.
fíorcheannaire an fhreasúra the real leader of the opposition
" Níos measa fós, tá ceannaire úr ag Páirtí an Lucht Oibre atá sa tóir ar an lipéad úd a bhronn na meáin chumarsáide ar Dick Spring tráth: "fíorcheannaire an fhreasúra".
Fíor-nuacht real news
" Fíor-nuacht atá i gceist agam - scéala nach bhfuil ag nuachtán ar bith eile!" Bhí Balor prioctha ag an bheach.
Bhí idir luas is léim inti she was a real live-wire/active and fast
" Bhí idir luas is léim inti.
fíor-othair real patients
" Dar leis go bhfuil na seomraí éigeandála sna hospidéil ina gcuibhreann ag na druncairí, go mbíonn na crampaeirí ag titim thart agus ag cur isteach ar na fíor-othair bhochta.
fíorbhaill real members
" Ar tharla sé riamh in iarthar Bhéal Feirste gur nocht ball de chuid an RUC a anam do phobal mór náisiúnach? Ainneoin gur carachtar i ndráma é an t-iarphóilín, dearbhaíonn McKeown agus Campbell go bhfuil siad dílis do na barúlacha a fuair siad agus iad ag plé le fíorbhaill den RUC.
fíor-fhidléir ina steillbheatha a real fiddler, as large as life
" Bhí an t-ádh dearg ormsa i mbliana nó chonaic mé radharc neamhchoitianta, radharc nach bhfacthas le roinnt blianta sa cheantar seo: fíor-fhidléir ina steillbheatha agus é ag fidleáil! Tá a fhios ag an saol mór gur i Meiriceá agus ar mhór-roinn na hEorpa a bhíonn na cruitirí ag cruiteáil agus na fliúiteadóirí ag fliúiteáil.
"fíorchluiche" iománaíochta a 'real' hurling match
" Mar shampla den mheon a bhaineann leis an Craobhchomórtas, in agallamh le nuachtán náisiúnta, dúirt iarchaptaen de chuid Chontae an Chláir nach raibh sa chluiche ceannais den tSraith Náisiúnta idir Cill Chainnigh agus Tiobraid Árann (cluiche a moladh go hard) ach "cluiche taispeántais" agus go mbeadh "fíorchluiche" iománaíochta idir an Clár agus Tiobraid Árann i gCraobhchomórtas na Mumhan.
cruthanta real
" "Beidh Lá Fhéile Pádraig ina lá saoire oifigiúil anseo feasta fosta, nó nach é Pádraig an t-aon naomh amháin ar liosta na Vatacáine ar Protastúnach cruthanta cinnte cruthaithe é.
Bhí sí i bponc ceart. She was in a real fix.
" * Gluais • Glossary i gcoinne na dtonntrachaagainst the waves ag dreapadhclimbing gíogsqueak ionadhsurprise míthuiscintmisunderstanding a bhéic CathalCathal shouted bhfolachhiding an-mhíshasúilvery unsatisfactory ní chuirfidh mise isteach ortI won't bother you gáire meidhreachmirthful laugh ag útamáil thartfumbling around gan amhrasundoubtedly lig dom mo mhachnamh a dhéanamhlet me have a think ag déanamh aithrise arcopying a cásher situation bhraith séhe felt praiseachmess os ísealin a low voice mí-ádhbad luck piseogsuperstition caladhport, harbour Gháir SaidíSaidí laughed catachcurly chun é a ghríosadhto incite him ceangalbond an tríú mílaoisthe third millennium mí-ádhbad luck cinneadhdecision chun na líonta a tharraingtto draw the nets péarlachpearly íoróinirony i gcruachásin a predicament ag treabhadhploughing déanachlate ag ardúrising ag luascadh go fíochmharrocking fiercely fothainshelter fliuch báitesoaking wet cuma chrostaa cross look sorncooker doirtealsink cuisneoirfridge ar eagla go gcasfadh séin case he'd turn around Bhí sí i bponc ceart.
an fhíorchumhacht the real power
" Ná bac leis an gcaint faoi theileachomhdhálacha físe le cabhair nascanna leathanbhanda - má fhágtar seacht gcinn de ranna rialtais i mBaile Átha Cliath is ansin a bheas an fhíorchumhacht agus is ansin a bheas cuid mhaith de na daoine is cumhachtaí ag iarraidh a bheith.
Fhíor-IRA Real IRA
" Easaontóir poblachtánach atá in Tohill a d'admhaigh don nuachtán *Lá* gur thug sé "comhairle mhíleata" don Fhíor-IRA.
Bhí cuma an mhairnéalaigh thuas air he looked like a real/right sailor
" Bhí cuma an mhairnéalaigh thuas air, idir an ghruaig sceadach fhionn-rua agus an imir rua a bhí ag siúl ar a leiceann nuair a bhuail an ghrian é.
fíordhíospóireacht a real debate
" Ach, ar an lámh eile, thabharfadh toghchán uachtaránachta deis do na páirtithe polaitíochta polasaithe agus fealsúnacht an rialtais a cheistiú agus fíordhíospóireacht a chur sa tsiúl maidir leis an treo a bhfuil an tír seo ag dul.
sa saol réadúil in real life
" Éisteann siad le ceol chomh maith, agus bíonn fístéipeanna ar siúl ó am go chéile chun go gcloisfidh siad agus go bhfeicfidh siad an teanga sa saol réadúil.
an saol réalaíoch the real world
" Thaispeáin Caravaggio an saol réalaíoch de réir mar a chonaic sé féin é.
ón bhfíorfhadhb from the real problem
" Tharraing an robáil aird gach duine ón bhfíorfhadhb, is é sin le rá, cinneadh rialtas na Breataine uair amháin eile géilleadh don Dr.
fíorchupán caife a real cup of coffee
" Sa dóigh sin, is féidir leo fíorchupán caife a fháil, rud atá riachtanach le hiad a mhuscailt ar maidin.
fíordhíospóireacht a real debate
" Tá an Taoiseach faoi láthair ag tapú gach deise a fhaigheann sé lena rá go gcreideann sé go bhfuil fíordhíospóireacht ar siúl laistigh den IRA, díospóireacht a bhfuil sé féin dóchasach a mbeidh scor an IRA mar thoradh uirthi.
fiorléargas a real insight
" Ach sin ráite creidim gur theip ar an tsraith teilifíse ar Chathal Ó hEochaidh fiorléargas a thabhairt ar an chogadh a thosaigh i gclann Fhianna Fáil sna seascaidí, ar son anam nó treo an pháirtí, agus gur theip ar an tsraith Triail na nArm agus Ó hEochaidh féin a shuíomh ina gcomhthéacs ceart polaitiúil.
fíorsheandálaíocht real archaeology
" Is féidir le cuairteoirí dul ann le “fíorsheandálaíocht” a fheiceáil.
gur fíorfhiach é that it's a real hunt
" Ní fiach é, cé go gcuirtear i gcéill in amanna gur fíorfhiach é.
an fíorshaol the real world
" Shílfeá gur beag athrú atá tagtha ar an áit ó aimsir na Medici, príomhphátrúin na cathrach ón 14ú haois, go dtí go sciobann bíp! bíp! na *motorini *a bhíonn ag greadadh leo síos na sráideanna cúnga ar ais go dtí an fíorshaol tú agus tuigeann tú go bhfuil an chathair, a thóg na Rómhánaigh mar ionad trádála sa bhliain 59 R.
cruthanta real
" An síleann siad nár scanraigh Furey aon duine agus an fheadóg sin á rúisceadh thart aige ar nós coilg? Ar scor ar bith, nach bhfaca tú mé ar an tele? Nach bhfaca tú mo shúil nimhe ag glioscarnach le deora ar mhala Bhinn Éadair nuair a bhí mo ghile mear á chur sa chré? *An raibh mé ag an tsochraid? *A leithéid de cheist! “Cén dóigh nach mbeinn ann le hómós a thabhairt do Bonny Prince Charlie agus é ag gabháil faoin fhód? Prionsa cruthanta ceart amach is amach a bhí ann, bíodh a fhios agat; agus bhí sé *bonny* gan dabht.
le fíorairgead iad with real wealth
" Mar gur dhaoine le fíorairgead iad, bhíodar i gcónaí chun rachmas a chruinniú de dheasca na bpolasaithe airgeadais agus na bhforbairtí geilleagracha a bhrúigh Haughey chun cinn ar bhonn phrionsabal an mhargaidh, beag beann ar an gciorcal órga laistigh.
dochar ceart real harm
" Lár na hAstráile Tá sé dochreidte chomh mór, tirim agus dearg is atá lár na hAstráile! Bíonn na réaltaí an-gheal istoíche, tá an t-aer glan agus tá an-chuid cangarúnna, nathracha nimhe agus damhán alla gránna ann ar féidir leo dochar ceart a dhéanamh duit! Ach chaith mé cúpla uair an chloig ar eitleán go Cairns agus bhí mé i lár crann pailme agus an t-aer meirbh agus trom.
mar fhíordhuine as a real person
" B’as bailiúcháin príobháideach a tháinig an pictiúr seo den naomh a léiríonn mar fhíordhuine é, seachas mar fhigiúr idéalach – tá craiceann a láimhe, mar shampla, briste agus garbh le hobair chrua agus le bochtanas, agus tá a chuid éadaigh chomh salach agus chomh gioblach sin go dtiocfadh leat a shamhlú go raibh boladh bréan ag teacht as.
ag filleadh ar a fíorbhaile returning to its real home
" I mbliana, áfach, tá foirne as Victoria ag barr na sraithe ag deireadh an tsraithchomórtais cáiliúcháin, agus de réir cosúlachta tá seans an-mhaith ann go mbeidh an chraobh ag filleadh ar a fíorbhaile in Melbourne.
an fhíorpholaitíocht real politics
"an fhíorpholaitíocht faoi lán seoil ó thuaidh na laethanta seo - ach tá meabhruithe ar na seanlaetheanta thart timpeall orainn fosta.
Is crá croí é It's a real pain, it's a menace
" Is crá croí é guthán soghluaiste a úsáid chun brabhsáil ar an idirlíon faoi láthair toisc go bhfuil an tseirbhís iontach mall agus na scáileáin an-bheag – ach tá sé sin ar fad chun athrú leis an chéad ghlúin eile de ghléasanna.
sa saol dáiríre in the real world
" Cosúil le haon seirbhís eile ar líne – agus sa saol dáiríre – caithfidh baill de chlub faoi leith, ar nós Facebook, muinín a bheith acu as a chéile agus as na daoine a eagraíonn rudaí.
amhail is dá mba é an fíorshaol é. as if it were real life
" Bíonn na rannpháirtithe ag dul i mbun cúrsaí an tsaoil fhíorúil seo amhail is dá mba é an fíorshaol é.
cóipeanna de shaothair ón fhíorshaol copies of works from the real world
" **Cúrsaí ealaíne** Is é an cineál ealaíne a bhíonn ar díol ar Second Life ná cóipeanna de shaothair ón fhíorshaol – is féidir iad a cheannach agus cuirfear sa phost chuig an cheannaitheoir iad.
ealaín réalaíoch real art
" Bíonn díospóireachtaí ar siúl inti chomh maith maidir le cé acu an bhfuil an luach céanna ag baint le healaín fhíorúil agus atá ag baint le healaín réalaíoch nó nach bhfuil.
an pholaitíocht réadúil real politics
" Cé a dúirt go mbeadh an pholaitíocht réadúil leadránach? Bhí tréimhse ann agus bhí an choimhlint ó thuaidh “gnéasach”.
réadúil real
" “Is ceist réadúil an chéid seo í an sceimhlitheoireacht,” a deir an Dr Rawiri Taonui, “dála cheist na gceart sibhialta”.
Caitheadh amhras ar fhíoraidhm na hoibríochta the real aim of the operation came under suspicion
" Caitheadh amhras ar fhíoraidhm na hoibríochta, áfach, nuair a tháinig sé chun solais gur baill den ANC a bhí i go leor de na póitseálaithe a maraíodh.
fhíorthábhacht real meaning
" Níor thuig mé an fhíorthábhacht atá leis an Camino go dtí an oíche sin, daoine as an Fhrainc, An Bheilg, an Ollainn, Ceanada, An tSualainn, an Iodáil, An Spáinn agus as Éirinn agus muid uile aontaithe ag cairdeas an turais seo.
scéal fíor ár linne the real truth of our times
" Mothú an fhuadair agus an tsaothair Mothaítear a lán den obair seo ó thráth go chéile, in ionad a bheith ag léamh faoi, glan soiléir, dubh agus bán, i gcolúin nuachtáin, nó éalaíonn a lán de scéal fíor ár linne féin tharainn, mórán i ngan fhios dúinn.
Fíorluach real price, real worth
" Fíorluach agus luach an mhargaidh Tá sé tuigthe ag eacnamaithe le fada an lá – nó ag cuid mhaith acu – go bhfuil an saormhargadh lochtach.
uirlis fisiciúil real instrument
" Anois tig le James nó Katy uirlis fisiciúil (ar gá a chur in oiriúint go meicniúil don chóras midi) a sheinnt lena súile! Is rud fíor-fíorbhunúsach atá déanta aige, óir beidh an deis anois ann ag daoine, le réimse leathan éalainge, ceol a sheinnt, más mian leo.
fhíorshuim real interest
" Deir Premier Exhibitions go léiríonn an fhíorshuim seo atá ag an phobal go bhfuil fonn láidir ar dhaoine tuiscint níos fearr a bheith acu ar oibriú an choirp agus go ndíríonn a gcuid oibre aird ar chúrsaí sláinte – tá, mar shampla, cuid den taispéantas dírithe ar na scamhóga agus an tionchar a bhíonn ag toitíní orthu.
díograis fhíorshóivéideach real soviet zeal
" Thaispeáin a phictiúr ‘*Brotherhood Kiss’* / ‘Póg na mBráthar’ an bheirt acu ag pógadh a chéile ar an bhéal le díograis fhíorshóivéideach agus ba í an íomhá ab íocónaí a bhí le feiceáil ar an bhalla, rud a mheall an t-uafás cuairteoirí le hamharc air.
saol réadúil real world
" “Is lóchrann dóchais sibh don saol mór mar caitheann muid samplaí coincréiteacha a bheith againn mar tá na teoiricí uilig againn ach is tearc iad na heiseamláir ar éirigh leo sa saol réadúil,” arsa Ging agus é ar a shuaimhneas i gculaith dhorcha ghorm.
fíordhaoine real people
" Lena bhfolt snasta is a gcoimeanna caola, is ar éigean a chreidfeá scaití gur fíordhaoine iad seo in aon chor.
réalaíoch real
" I mbrollach an scannáin feictear an bheirt acu, i ndubh agus bán niamhrach rómánsúil, ins an lonnú lionsa is moille dá bhfaca tú riamh, i mbun suirí réalaíoch ar urlár an tí.
ghéarghá real need
" Ní dóigh liom go mbeidh mé ag seicéail mo chuid r-phost ar an iPhone gan ghéarghá an chéad uair eile a bheidh mé ar an Mór-Roinn.
tsaoil dháiríre real world
" Ach an samhradh úd d'éist mé féin agus Paul leis an albam The Unforgettable Fire arís agus arís eile agus muid ag pleidhcíocht an samhradh linn idir cluichí leadóige, corrionradh ar chailíní an cheantair agus siúl mall an tsaoil dháiríre a bhí ag máirseáil inár dtreo.
saol dáiríre real world
" Sa saol dáiríre, áfach, is iad SAM -- leis na mílte diúracáin núicleacha atá aici -- agus Iosrael -- leis na céadta atá aici -- atá ag bagairt ar mhuintir na Cóiré Thuaidh agus na hIaráine.
fíoriarracht a real effort
" Go hiondúil, ní chaitear na vótaí seo de bharr go ndéantar fíoriarracht na cinnidh a dhéanamh d’aon ghuth.
géarghá a real need
" An raibh géarghá eitilt a ghlacadh ar na hócáidí sin uilig? Nárbh fhearr i bhfad ticéad chéad ghrád a fháil do na hAirí ar an traein? Nó, Dia idir sinn agus gach olc, go mbainfí leas as a gcarr stáit a íocann an cháiníocóir as go flaithiúil gach bliain? Ceist eile ar ndóigh é an drochshampla a bhí an rialtas ag léiriú maidir lena lorg carbóin de, bíodh is go ndéantar fritháireamh ina leith! Giorraíonn Beirt Eitilt! Tharraing na turais a rinne bean chéile an t-iar-Cheann Chomhairle, John O Donoghue, ina theannta le dornán blianta anuas go leor poiblíochta le linn an Fhómhair seo caite.
saol réadúil real world
" Ach trí scileanna tumoideachais agus cainte agus cumarsáid bhéil a bhaineann leis an saol réadúil, laethúil a mhúineadh do dhaoine, cruthaíodh cainteoirí nua, cainteoirí breátha cumasacha, i gcúig cinn agus fiche de theangacha éagsúla.
saol réadúil real life
" An Chróise Bealach amháin i mo shaol féin ar tháinig an teicneolaíocht agus an saol réadúil lena chéile ná trí crochet.
géarghá real need
" Thiocfadh an rud céanna a rá faoi chomhdhlúthú na gcoistí pobail agus eagrais phobail áirithe atá faoi lán seoil ag Roinn na Gaeltachta faoi láthair, siocair go raibh fógra tugtha ag an Aire Ó Cuív le fada go raibh géarghá le bearta cuíchóirithe dá leithéid.
fíorthaitneamh real pleasure
" Scannán é seo a mbainfidh idir thurasóirí, lucht oideachais agus an gnáthphobal fíorthaitneamh as.
ina cac in a real mess
" ” “Bhuel,” arsa Balor, “Seo mar a thuigim: ’fhad is a bhíonn Caipitleachas ag scriúáil an Lucht Oibre bíonn an Rialtas ina chodladh ar nós cuma liom, ní thugann aon duine aird ar bith ar an Phobal agus tá an Todhchaí ina cac.
géarghá a real need
" Cad a spreag thú le Cló Iar-Chonnachta a bhunú agus cén fhorbairt atá tagtha ar an chomhlacht ó shin?** MÓC: Is cuimhin liom go mbíodh foilsitheoirí mall go leor ag foilsiú leabhair ag an am agus chomh maith le sin, chonaic mé go raibh go leor scríbhneoirí maithe i gConamara ann nach raibh foilsithe, daoine ar nós Johnny Chóil Mhaidhc, Joe Steve Uí Neachtain, Seán Ó Curraoin agus drámadóirí ar nós Antoine Uí Fhlathartha agus cheap mé go raibh géarghá le freastal a dhéanamh ar na scríbhneoirí seo.
chaidreamh fírinneach real intimacy
" An fiosrú é ar neamhfhéidearthacht d’aon chaidreamh fírinneach idir fir agus mná? Téann siad isteach i gcaife, agus nuair a théann Shimell amach chun glaoch gutháin a ghlacadh, glacann bean an chaife leis gur lánúin phósta iad.
fíor-riachtanais real necessity
" Níor cheart cuairt a thabhairt ar an réigiún, dar leis, ach i gcás fíor-riachtanais amháin.
fhíorlaoch a real hero
" Ba chóir go mbeadh muintir Chorcaí ar buille agus éileamh a chur faoi bhráid bhainisteoir na foirne agus Choiste an Chontae an éagóir atá déanta ar fhíorlaoch a chur ina ceart.
fíorstádas real status
" Nuair a phléitear cúrsaí sacair na hÉireann agus imreoirí a rugadh in Éirinn, déantar tagairt do dhornán imreoirí go mion agus go minic agus is iad na hainmneacha céanna a thagann chun cinn sa chíoradh nuair a chuirtear an cheist “cérbh é an t-imreoir sacair ab fhearr a tháinig amach as an tír seo?” Bíonn ainm amháin ar bharr gach goib ag ceann an chomhairimh agus is é sin George Best, imreoir a áirítear i measc an bheagáin sin a bhfuil fíorstádas i measc imreoirí sacair an domhain acu.
saol réadúil real world
" An fear eile, tá sé dírithe ar theangacha agus ar an aistriúchán, ach tá sé ag breathnú ar an saol réadúil ina bhfuil siad suite freisin.
fíora agus féideartha real and likely/possible
" Conas is féidir le teicneolaíocht teacht i gcabhair leat is tú ag cur na ndifríochtaí seo i bhfeidhm ar do chustaiméirí, fíora agus féideartha? Seo seacht nod don siopadóir, nó na rudaí a dhéanfainn féin dá n-osclóinn féin siopa amárach.
fíoreireaball a real tail
" Cheannaigh muid cúpla fail le bheith béasach agus thairg siad fíoreireaball wildebeast do m’fhear céile, ceann a úsáidtear i ndeasgháth timpeallghearrtha go hiondúil.
fíor-thírghráthóirí real true patriots
" I measc na rannpháirtithe, tá fíor-thírghráthóirí Mheiriceánacha - ní hionann agus an dream a chaitheann brat SAM ar a mbrollach - ar nós Alison Weir, Philip Giraldi agus Jeff Blankfort.
Fíorfhíochán atá Ann it’s real tissue
" Fíorfhíochán atá Ann ========== Chuirfeadh *‘Semi-Living Worry Dolls’* bábóga páiste i gcuimhne duit go dtí go bhfaighidh tú amach go bhfuil siad déanta as fíorfhiocháin.
Fíoroileán a real island
" Fíoroileán ABC é Rarotonga, is é sin, áit atá Aduain, Beag agus Ciúin – na trí ghné is tábhachtaí do shaoire cois farraige dar liom féin.
fíorchluasa real ears
" Níl an rón mór eachtrannach le feiscint i bhfarraigí na tíre in aon chor, taobh amuigh de ghairdín na n-ainmhithe i mBaile Átha Cliath! Níl fíorchluasa ar an rón.
údar mór sonais a real cause of happiness
" A mhalairt a chonaic cuid mhaith daoine óga, gur údar mór sonais iad, abraimis le hais an cailleadh mór measa acu ina gcuid polaiteoirí leis na blianta anuas, as an náire a tharraing siadsan orainn mar thír.
saol mór real life
" Áit é inar féidir leis an duine óg cuid mhaith a fhoghlaim faoin saol mór agus faoi féin mar dhuine chomh maith leis an méid a fhoghlaimeoidh sé nó sí dá rogha earnáil oibre.
Welly ceart á thabhairt aige do giving it a real go
" Welly ceart á thabhairt aige do *‘Gonna Change My Way of Thinking’*, leagan símplithe 2003….
saol réalaíoch real life
" Bhí clár doiciméadach ar RTÉ le déanaí inár chuir na láithreoirí déagóirí Éireannacha faoi agallamh i dtaobh scoileanna Mheiriceá, agus ansin thug cuairt ar ardscoil Mheiriceanach i Maine sna Stáit Aontaithe chun tuairimí na nÉireannach a chur i gcomórtas leis an saol réalaíoch.
Lucht achrainn ceart críochnaithe real trouble makers
" Lucht achrainn ceart críochnaithe a bhí sna déagóirí seo.
taisce cheart a real treasure
" Is taisce cheart é Abruzzo i dtír atá lán de sheoda.
Muirthéacht cheart a real revolution
" Muirthéacht cheart a bhí ann, do mhná go háirithe agus don tionscal éadaí leis nuair a rinneadh an chéad inneall níocháin uathoibritheach.
fíorshaol na fógraíochta the real world of advertising
" Feictear fógraí bréagacha sna meáin nó ar an idirlíon ó am go chéile ag spochadh as fíorshaol na fógraíochta, ach cuma shnasta proifisiúnta orthu.
fíorchríocha the real territories
" Bhíos lánsásta san áit ach mhothaigh mé go raibh fíorchríocha an Amasóin amuigh romham go fóill.
comhshaoil réadúil real environment
" ) atá “ag cosaint a gcóipceart” agus comhshaoil réadúil an chultúir chéanna seo.
thuas ar an ndomhan clár back up in the real world
" Braitheann sé an bás ina theannta agus tosnaíonn sé ag caint go macánta le Stephen, an lieutenant a bhíodh i bhfeighil air thuas ar an ndomhan clár.
gur fánach an áit a bhfaighfeá gliomach you may find a real jewel in the strangest of places
" Deir siad gur fánach an áit a bhfaighfeá gliomach, agus anseo in A Coruña tá cumann peile, ar Ghailísigh uilig iad lucht a bhunaithe, ar an bhfód le bliain go leith.
fíorcharthanais real charities
" D’fhéadfaimis a bheith ag cur le cuntas bainc milliúnaí fad is atá fíorcharthanais ag dul i léig.
in am fíor in real time
" D’fhógair *Kickstarter* ar an 21 Meitheamh go mbeadh siad ag roinnt eolais faoina staidreamh in am fíor as seo amach.
fhíorioncaim real income
" Ba ar éigean a tháinig aon mhéadú ar fhíorioncaim an ghnáthdhuine sna Stáit Aontaithe ó 1970 go dtí an cúlú mór.
ceart cruthanta real and proper
" Measc le feidhmcláirín cosúil le *Frametastic* nó *Camera+* agus beidh tú i do John Hinde ceart cruthanta! (John Hinde Collection)(http://www.
iarraidh dáiríre a real effort
" ”* Thug Robinson cuireadh dúinn meabhrú ar an cheist, ar thug muid iarraidh dáiríre an oighir mheafarach a bhriseadh? Dúirt sí go raibh uirlisí éagsúla in úsáid in áiteanna éagsúla ar fud an domhain mar chuid den cheart idirthréimhseach.
fíorfháilte Thír Conaill a real Donegal welcome
" Ach chonaic sé fíorfháilte Thír Conaill fosta ag deireadh an lae, nuair a bhí an aimsir geal agus te agus bhuail muid le bus Sheosaimh Uí Eochaidh ar an Mhálainn Bhig.
an dearg-ghráin real hatred
" Sin ansin romham iad, ag bualadh *The Sash* chomh callánach tintrí is a bhí ina gcnámha taobh amuigh den teach pobail, an dearg-ghráin atá acu do Chaitlicigh le feiceáil ina n-aghaidheanna agus sa gheáitsíocht a bhí a chleachtadh acu.
an fhírinne lom the real truth of the matter
" Níl a fhios ag mórán daoine é seo, ach seo í an fhírinne lom: thángthas, ar na mallaibh, ar phaiste cothrom féarach idir Baile Thoir agus Baile Thiar.
géarghá atheagar ó bhonn a dhéanamh a real need to make a new adjustment
" Níl aon cheist, áfach, go bhfuil géarghá atheagar ó bhonn a dhéanamh ar Sheanad Éireann.
idir mo dhuine seo agus codladh na hoíche a real burden on this person
" Bíonn stró nach beag le hiarracht den chineál sin agus chuaigh an gnó idir mo dhuine seo agus codladh na hoíche nuair a mhol an dlíodóir dó litir a sheoladh amach ag míniú don phríomhoide úr nach raibh post roimpi a thuilleadh.
An Seanad, Blár Catha na Bliana the Senate, the real decider
" An Seanad, Blár Catha na Bliana ================= Ar dtús, Teach na nIonadaithe.
ina steillbheatha in real life
" “Bain Díot” arsa an Bhanríon ============ Anonn leis agus cé a bhí ag fanacht leis ina steillbheatha ag doras an chaisleáin ach Banríon na hEorpa í féin.
géarghá leis a real need for
" Tá sé deacair fios a bheith againn cad atá i ndán do chathracha an domhain amach anseo, ach is cinnte go bhfuil géarghá leis na foirgnimh agus séadchomharthaí luachmhara seo a chosaint is cuma cad é a chosnaíonn sé.
firinní an tsaoil iarbhír as a chéile the truth of real life
" Réabann an tsamhlaíocht firinní an tsaoil iarbhír as a chéile.
teastaíonn leasú ceart a real reform is needed
" Ach leis an cheist a shocrú teastaíonn leasú ceart – ó bun go barr – ón rialtas áitiúil.