Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
riachtanach necessary
" " Ní raibh mé róthógtha leis an ábhar seo, ach bíonn sé riachtanach go ndéanfadh daoine an t-eolas seo a roinnt, go háirithe nuair nach mbíonn mórán muiníne agat as na húdaráis.
riachtanach necessary
" Tá sé riachtanach mar go mbíonn an dream a bhíonn i gcumhacht go han-mhaith ag cur a leagan féin den stair os comhair an tsaoil i slite difriúla.
riachtanach necessary
" Dúirt sé ós rud é gur Sráid Uí Chonaill an phríomhshráid in Éirinn go raibh sé riachtanach go ndéanfadh sé ráiteas faoin chinéal tíre atá againn anois agus go dtaispeánfadh sé an fás agus an fhorbairt atá ag tarlú thart orainn.
seirbhísí riachtanacha necessary services
" Thig leat d'fhaoistin a dhéanamh i nGaeilge anseo go fóill ach ní hamhlaidh atá maidir le cúram leighis ná na seirbhísí riachtanacha eile.
Modh riachtanach cumarsáide a necessary method of communication
" Modh riachtanach cumarsáide atá ann dó.
riachtanach necessary
" Is ar an ábhar sin go gcreideann Peter Cox ó Chomhairle Náisiúnta na dTuismitheoirí go bhfuil sé riachtanach go ndéanfaí cúlra múinteoirí seanbhunaithe a scrúdú chomh maith.
riachtanach necessary
" Tá dul chun cinn sa dá chuid den tír riachtanach don Ghaeilge agus tá na pobail éagsúla ag brath ar a chéile ar go leor bealaí.
riachtanach necessary
" Ní fheictear ar an scáileán an taighde nó an phleanáil a bhíonn riachtanach chun a leithéid de thaisteal a dhéanamh laistigh de thrí mhí gach bliain.
riachtanach necessary
" Cé go bhfuil an rialtas agus a lán eagraíochtaí ag rá go bhfuil infrastruchtúr bandaleithid leathain riachtanach chun todhchaí na fostaíochta in Éirinn a chinntiú, is beag caint atá ann ar na riachtanais eile sa tionscal teicneolaíochta.
riachtanach necessary
" Ina dhiaidh sin, áfach, nílim cinnte go bhfuil an láidreacht agus an teacht i láthair atá riachtanach i bhfoireann Aontroma chun an ceann is fearr a fháil ar fhoirne áirithe níos faide ó dheas agus Craobh na hÉireann a bhaint amach, cé go mba bhreá liom féin dá ndéanfadh.
riachtanach necessary
" Ní raibh sé riachtanach ag an am seo tabhairt faoin ionsaí seo.
riachtanach necessary
" Deir Nick Marmion, atá i bhfeighil na hoifige: "Mar gheall ar mheathlú eacnamaíoch na hEorpa agus SAM, tá sé riachtanach go ndéanfadh comhlachtaí Éireannacha margaí nua a aimsiú.
riachtanacha necessary
" Chuaigh sé siúd chun cainte liomsa, leis an stiúideo fuaime Drop In (dá ngairtear Lime Street Sound anois air) agus le Coco Television chun iarratas láidir a chur le chéile a chuimseodh na scileanna riachtanacha, i.
forbairtí riachtanacha necessary developments
" "Ní dhéanfar an infheistíocht atá de dhíth chun forbairtí riachtanacha a dhéanamh in infrastruchtúr teileachumarsáide na tíre seo.
riachtanach essential
" Tá sé sin riachtanach agus tú ag iarraidh tuiscint a fháil ar scéal mhuintir Chinnéide," arsa Maier.
riachtanach essential
" Tá sé riachtanach, áfach, go mbeadh pé comhairle a bhunófar go hiomlán neamhspleách ar na meáin agus ar an stát.
riachtanach necessary
" Seo an fhadhb is mó ó síníodh an Comhaontú i 1998; beidh samhlaíocht iontach, crógacht as an ghnách, an toil rudaí úra a thriail agus spiorad láidir athmhuintearais riachtanach.
riachtanach necessary
" "Agus níor cheart dúinn cur suas le córas faoina gcaitheann mná fanacht go rialta cúig oiread ama nó níos mó ná na fir chun gnó pearsanta atá bunúsach agus riachtanach a dhéanamh.
riachtanach necessary
" Cé go bhfuil sé intuigthe go dteastódh ó chomhlacht a gcuid ríomhchlár a choimeád rúnda, tá sé riachtanach go mbeadh an córas toghchánaíochta trédhearcach agus ba chóir de sin a bheith mar chuid lárnach den gconradh a shínigh an rialtas.
riachtanach necessary
" Ní bhíonn searmanas mar seo i gcónaí riachtanach, áfach - is féidir cárta cúnaint a shíniú chomh maith ar an idirlíon.
riachtanach necessary
" Seinnim roinnt fonn mall ar an bhfeadóg mhór agus sílim go bhfuil sé riachtanach an t-amhrán a thuiscint.
seirbhís riachtanach necessary service
" Ní gá a rá gur seirbhís riachtanach é an teileafón baile sa lá atá inniu ann agus, leis na hathruithe sa reachtaíocht maidir le CPS (*Caller Pre Selection*), tá a lán comhlachtaí nua tar éis teacht isteach sa tír seo chun dul in iomaíocht le hEircom, an seanfhondúir.
riachtanach necessary
" Gan dabht, tá sé fíorthábhachtach agus riachtanach go mbeadh gach duine fásta atá ag plé le daoine óga ó thaobh spóirt de gan cháim agus nach mbeadh ceist ar bith ann faoina gcarachtar, agus tá sé fíorthábhachtach go mbíonn na daoine óga atá faoi chúram cumann spóirt slán, sábhailte i gcónaí.
riachtanach necessary
" " Níl sé róthógtha le haistriúcháin a bheith á ndéanamh go Béarla ar shaothar scríbhneoirí Gaeilge, ach tuigeann sé cén fáth a bhfuil sé seo riachtanach.
riachtanach necessary
" Cibé cén chúis atá leis, measann go leor leor tiománaithe sa tír sin go bhfuil sé oiriúnach agus fiú riachtanach a gcuid luachanna polaitiúla, reiligiúnda agus fealsúnacha a thaispeáint ar a gcarr, sa dóigh is go bhfeicfidh an domhan mór iad.
riachtanach necessary
" Ar an chéad amharc, tá ciall cheannaithe leis an tuairim go bhfuil seirbhís phóilíneachta riachtanach i ngach sochaí agus go bhfuil bá an phobail riachtanach don tseirbhís sin.
riachtanach necessary
" Go simplí, tá Éire taobh thiar de mhórán mór de na tíortha eile ó thaobh áiseanna spóirt agus na seirbhísí éagsúla atá riachtanach chun fir agus mná a thraenáil agus a ullmhú i gceart.
raon seirbhísí riachtanacha eile a range of other essential services
" Chomh maith leis sin bheadh raon seirbhísí riachtanacha eile curtha ar fáil ar an láthair do dhaoine a chónaíonn in oirthear agus i dtuaisceart na Gaillimhe, i ndeisceart Mhaigh Eo agus i ndeisceart Ros Comáin.
riachtanach necessary
" Scil atá riachtanach, dár ndóigh, sa phost atá aici.
riachtanach necessary
" " Cé go bhfuil sé riachtanach smacht a choimeád ar chúrsaí gnó de shíor, rud a thuigeann Ray go maith sa phost atá aige faoi láthair, tá imní air go gcaillfidh an chruthaitheacht in Amharclann na Mainistreach má chuirtear an iomarca béime ar chúrsaí gnó.
riachtanach necessary
" Ní hamháin go bhfuil tuiscint ar chúrsaí teicniúla de dhíth (agus is léir gur bean theicniúil í - b'éigean di cuidiú leis an scríbhneoir seo nuair a bhí deacracht aici le deachtafón nua digiteach!), ach tá saineolas gnó agus dlí riachtanach de bhrí go bhfuil páirc dheacair le treabhadh ag an gcoimisiún ó thaobh dlí de.
riachtanach necessary
" Sa dóigh sin, is féidir leo fíorchupán caife a fháil, rud atá riachtanach le hiad a mhuscailt ar maidin.
riachtanach necessary
" Tá an fhadhb seo furasta go leor a réiteach le treoir, b’fhéidir, ach cad a dhéantar leis na céadta grianghraf seo ansin? An fiú iad uilig a choinneáil? Gan amhras tá cartlann pictiúr tábhachtach agus is stór luachmhar atá ann ar go leor cúiseanna, ach tá sé riachtanach scagadh a dhéanamh ar chartlann agus grianghraif laga a scrios.
riachtanach necessary
" Níl seomra dorcha, trealamh téagartha ná saineolas grianghrafadóireachta riachtanach níos mó chun pictiúr measartha maith a thógáil, ach an forbairt í an teicneolaíocht nua seo ó thaobh na grianghrafadóireachta mar cheird? In ainneoin an eolais atá ag go leor againn mar gheall ar chlódóireacht dhigiteach, comhaid, dioscaí stórála agus araile, an bhfuil muid go fóill ag smaoineamh i dtéarmaí grianghrafadóireachta agus muid ag tógáil pictiúir? Tá argóint láidir ann a deir go bhfuil níos mó tuisceana againn anois agus níos mó smachta ar na híomhánna a chruthaíonn muid.
riachtanach necessary
" Tá an fhadhb seo furasta go leor a réiteach le treoir, b’fhéidir, ach cad a dhéantar leis na céadta grianghraf seo ansin? An fiú iad uilig a choinneáil? Gan amhras tá cartlann pictiúr tábhachtach agus is stór luachmhar atá ann ar go leor cúiseanna, ach tá sé riachtanach scagadh a dhéanamh ar chartlann agus grianghraif laga a scrios.
riachtanach necessary
" Níl seomra dorcha, trealamh téagartha ná saineolas grianghrafadóireachta riachtanach níos mó chun pictiúr measartha maith a thógáil, ach an forbairt í an teicneolaíocht nua seo ó thaobh na grianghrafadóireachta mar cheird? In ainneoin an eolais atá ag go leor againn mar gheall ar chlódóireacht dhigiteach, comhaid, dioscaí stórála agus araile, an bhfuil muid go fóill ag smaoineamh i dtéarmaí grianghrafadóireachta agus muid ag tógáil pictiúir? Tá argóint láidir ann a deir go bhfuil níos mó tuisceana againn anois agus níos mó smachta ar na híomhánna a chruthaíonn muid.
riachtanach necessary
" Ach tá ceist i bhfad níos bunúsaí ann: Conas is féidir ár sibhialtacht a athrú i rith na haoise seo chun gur féidir linn maireachtáil ar i bhfad níos lú fuinnimh? Is féidir bheith dóchasach, mar shampla, go ndéanfar freasaitheoirí comhtháthála núicléacha (an próiseas céanna a tharlaíonn sa ghrian) a fhorbairt chun fuinneamh glan a dhéanamh, sa chaoi is nach mbeidh níos mó áiteanna mar Sellafield agus a leithéid riachtanach ar fud na domhain.
riachtanach necessary
" Tá sé riachtanach an teorainn sin idir an dá áit a leagan síos chun a chinntiú go mbeidh an táirgiúlacht agus caighdeán na hoibre go maith.
riachtanach necessary
" ” Ní ó bhéal cheannaire Fhine Gael Enda Kenny a tháinig na focail seo, in 2005, ach ó Aire Oideachais Fhine Gael, Richard Burke, i 1973 agus é ag fógairt nach mbeadh pas sa Ghaeilge riachtanach níos mó le teastas Ardteiste a bhaint amach.
riachtanach necessary
" ” Ní ó bhéal cheannaire Fhine Gael Enda Kenny a tháinig na focail seo, in 2005, ach ó Aire Oideachais Fhine Gael, Richard Burke, i 1973 agus é ag fógairt nach mbeadh pas sa Ghaeilge riachtanach níos mó le teastas Ardteiste a bhaint amach.
leis an chéatadán riachtanach a bhaint amach to achieve the necessary percentage
" Bheadh seacht mbliana eile ag na ceantair a bhfuil idir 40-50% de chainteoirí laethúla Gaeilge iontu, leis an chéatadán riachtanach a bhaint amach.
riachtanacha necessary
" Chiallódh a leithéid go mbeadh an tír seo neamhspléach ar lucht an rachmais agus chinnteofaí go mbeadh seirbhísí riachtanacha á gcur ar fáil tríd an chóras leathanbhanda do gach pobal sa tír, cuma cá mbeadh siad lonnaithe.
riachtanach necessary
" ” An raibh an foréigean agus an doirteadh fola riachtanach mar sin, dar leis? “Ní dóigh liom go raibh sé riachtanach ar chor ar bith.
an infheistíocht riachtanach a shonrú to outline the necessary investment
" ) Ar cheart do na heagraíochtaí Gaeilge, trí Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge, polasaí forbartha a mholadh i gcás theagasc na Gaeilge, an infheistíocht riachtanach a shonrú agus an cur chuige don am atá romhainn a leagan amach? Is fiú suí síos le Fine Gael ansin agus cur in iúl dóibh go mbeidh muid uilig sásta má leantar straitéis dhearfach maidir leis an Ghaeilge agus iad i gcumhacht.
seirbhís riachtanach necessary service
" Ní hamháin go gcuirfeadh sé seirbhís riachtanach chultúrtha ar fáil, ach spreagfadh sé aithne agus díograis don teanga ar bhealach nach raibh feicthe cheanna féin sa cheantar.
mínádúrtha ach riachtanach unnatural but necessary
" Is cosaint í seo atá mínádúrtha ach riachtanach.
riachtanach necessary
" Creidimid go bhfuil IMRAM riachtanach le haghaidh dul chun cinn litríocht na Gaeilge amach anseo.
riachtanach, necessary,
" Tá sé riachtanach, mar sin, feabhas agus forbairt a dhéanamh ar na seirbhísí atá ar fáil don dream seo agus pleanáil cheart fhadtéarmach a dhéanamh chun a chinntiú nach ndéanfar faillí ina gcuid riachtanas, mar atá ag tarlú i gcás sciar mór d'othair na dtithe altranais faoi láthair.
riachtanach necessary
" Saor in aisce Ní dóigh liom go mbíonn sé riachtanach mórán ticéad a cheannach d’imeachtaí mar go mbíonn an oiread sin rudaí ar siúl saor in aisce faoin spéir.
gné riachtanach eile another necessary aspect
" Ón am a bhris *coup d’état* Stailc Oibrithe Uladh an feidhmeannas, bhí gné riachtanach eile curtha san áireamh – nárbh fhéidir le ceachtar den dá dhream baghcat a dhéanamh ar shocrú.
riachtanach necessary
" Airím go bhfuil tábhacht ar leith ag baint le cur chun cinn na n-ealaíon sa phobal agus go bhfuil sé riachtanach go mbeadh maoiniú poiblí ar fáil.
luann sé cúinse eile atá riachtanach he mentions another necessary condition
" Go ginearálta, áfach, deir Krauss gur féidir a bheith dóchasach faoi theangacha a bhfuil ar a laghad milliún duine á labhairt agus luann sé cúinse eile atá riachtanach má tá teanga le maireachtáil: tacaíocht láidir stáit.
riachtanach. necessary.
" An gceapann tú gur gá do dhuine a bheith in ann seinm le fidil mhaith a dhéanamh? YB: Cabhraíonn sé ach níl sé riachtanach.
riachtanach necessary
" Ach d’fhoghlaim mé nach mbíonn sé riachtanach post a bheith agat i rith an tsamhraidh má bhíonn do dhóthain nirt agat chun tú féin a choinneáil amach ón tolg.
riachtanach essiential
" É sin ráite, measaim go bhfuil an leabhar seo riachtanach d’aon duine atá ag déanamh staidéir ar an nGaeilge, ar an tsochtheangeolaíocht nó ar an teangeolaíocht.
riachtanach necessary
" Tá leisce orainn a leithéid a dhéanamh - creidimid gur chóir go mbeadh a laghad constaicí agus is féidir idir nuachtán laethúil Gaeilge ar líne agus an léitheoir - ach, mar sin féin, tá sé riachtanach go gclúdófaí na costais a bhaineann le *Lá Nua* a chur ar fáil ina iomláine ar an idirlíon gach lá, mar aon le podchraoladh laethúil.
cé nach ngéillim go bhfuil sé riachtanach even though I don't concede that it is essential
" Tuigim go maith, ó thaobh na sochtheangeolaíochta, cén fáth a bhfuil sé tábhachtach go mbeadh nuachtán laethúil ag pobal mionteanga: cothú aontas an phobail, scaipeadh na nuathéarmaíochta, cruthú fostaíochta d’ardchaighdeán do dhaoine óga srl (cé nach ngéillim go bhfuil sé riachtanach).
riachtanach essential
" Tuigim go maith, ó thaobh na sochtheangeolaíochta, cén fáth a bhfuil sé tábhachtach go mbeadh nuachtán laethúil ag pobal mionteanga: cothú aontas an phobail, scaipeadh na nuathéarmaíochta, cruthú fostaíochta d’ardchaighdeán do dhaoine óga srl (cé nach ngéillim go bhfuil sé riachtanach).
riachtanach necessary
" riachtanachAr ndóigh tá buntáiste ar leith ag baint le díolúine a fháil ó staidéar a dhéanamh ar an Ghaeilge.
ar phríobháidiú na seirbhísí bunúsacha riachtanacha seo on the privatisation of these necessary basic services
" D’fhéadfadh tionchar a bheith aige ar chúrsaí oideachais, sláinte agus seirbhísí poiblí trí leathnú a dhéanamh ar phríobháidiú na seirbhísí bunúsacha riachtanacha seo ar mhaithe le hiomaíocht.
riachtanach necessary
" I ndeireadh na dála, má lonnaítear coilíneacht ar Mhars, beidh sé riachtanach go mbeidh fáil ar uisce.
riachtanach necessary
" Tá sé riachtanach go mbeadh sé sin amhlaidh.
riachtanach essential
" Tagann *Beo!* leis an tuairim gur rud dearfach, fiúntach, riachtanach é an tionscadal Eorpach.
céim riachtanach essential step
" Is céim riachtanach í seo chun seirbhísí éifeachtacha rialtais a chur ar fáil a fhreastalaíonn ar riachtanais na saoránach.
riachtanach necessary
" Ní hamháin go bhfuil sé riachtanach, dar leis, ach tá sé dosheachanta faoin am seo.
riachtanach essential
" Cabhraíonn imeachtaí mar an chomhdháil State of the Map a bhí ar siúl i Luimneach le déanaí ó thaobh an dea-thoil agus an díograis a spreagadh atá riachtanach do rathúlacht an tsaghais seo tionscnaimh.
riachtanach necessary
" Ar ndóigh, tír ar bith atá ag iarraidh dul chun chinn a dhéanamh, tá sé riachtanach go mbeidh a dhóthain daoine den scoth á mealladh le saothrú airgid a chur ar athló ar feadh roinnt blianta agus dul i mbun cúrsaí oiliúna ag an tríú leibhéal, sa gcaoi is go mbeidh, amach anseo, soláthar dóthaineach dochtúirí, innealltóirí, eolaithe, cuntasóirí, dlíodóirí, múinteoirí agus saineolaithe eile ann le freastal ar riachtanais na tíre.
riachtanach necessary
" Mura raibh sin againn, ní bheadh a t-eolas a bhí riachtanach, do na daoine ar ais in Éirinn a bhí gnoitheach i bpróiseas na síochána agus don ghnáthphobal araon, á chraobhscaoileadh againn.
riachtanach necessary
" Ag Dia tá a fhios cá bhfuil mé ag fáil an ama le halt a scríobh ar chor ar bith, nó tá deich n-aiste le bheith istigh agam i gceithre lá (tá mé fríd a chéile anois, nó bhí a fhios agam go raibh lear oibre romham, ach nuair a fheiceann tú é sin scríofa os do chomhair amach, scanraíonn sé thú ar bhealach eile ar fad!), ach tá bealach iontach acu ar an ollscoil na laethanta seo nach raibh ann im’ amsa, agus bhí mise i NIHE/DCU a raibh de chlú orthu a bheith nua-aimseartha, ach ar ndóigh thiocfadh leat feck all a dhéanamh i rith na bliana agus ansin trí sheachtain roimh na scrúduithe, gan corraí as do sheomra leapa (a bhí i bpoll an tí a bhí mar digs agat), agus an t-íosmhéid d’eolas a bhí riachtanach a dhingeadh isteach sa chloigeann, é a ‘chur amach’ ar an pháipear laethe na scrúduithe, agus dearmad iomlán a dhéanamh den eolas an lá chéanna.
riachtanach necessary
" Tá daoine riachtanach le beocht agus cuisle a thabhairt d’áit, ach caithfidh siad gan é a thréigean a luaithe is atá an lá oibre thart.
riachtanach necessary
" Tá daoine riachtanach le beocht agus cuisle a thabhairt d’áit, ach caithfidh siad gan é a thréigean a luaithe is atá an lá oibre thart.
riachtanach necessary
" Cé go bhfuil neart ábhair éadóchais ann faoi láthair, agus córas baincéireachta na tíre faoi scamall náire, tá sé tábhachtach go ndéanfaí ciorruithe sna háiteanna cuí seachas creimeadh a dhéanamh ar sheirbhísí riachtanacha.
riachtanacha necessary
" An t-adhmad atá le baint as na haltanna seo uilig faoin chaiteachas ar an teanga ná go bhfuil an rialtas ag caitheamh airgead an cháiníocóra ar theanga atá marbh (nó ina hothar i muinín inneall tacaíochta beatha mar a déarfadh Kevin Myers) fad is atá deireadh á chur le seirbhísí riachtanacha sláinte is oideachais, de cheal maoinithe.
Drochrud riachtanach a necessary evil
" Drochrud riachtanach, leadránach agus uaigneach a bhíos iontu ar mhuileann coise an tsaoil ghnó do dhream eile.
riachtanach necessary
" Tá iriseoirí gairmiúla den scoth agus neart airgid riachtanach don fhiosrú fhíochmhar a bhíonn de dhíth chun an solas a lonrú i nduibheagáin an daonlathais.
riachtanach necessary
" Tugtar tús áite d’airgead sa chóras oibriúcháin domhandaithe seo, a mhíníonn Gates, agus déantar neamhaird ar na luachanna atá riachtanach i gcomhair folláine fhadtéarmach an phobail: fadbhreathnaitheacht fhioscach, comhtháthú sóisialta agus inmharthanacht an chomhshaoil.
riachtanach necessary
" fr/) Beidh leagan Bhaile Átha Cliath de Vélib á sheoladh ag deireadh na míosa seo agus tá cuid mhaith den ullmhúchán a bheas riachtanach, idir lánaí rothair agus stáisiúin pháirceála, tógtha cheana féin.
riachtanacha necessary
" Tá na hOgiek fós gan seirbhísí bunúsacha riachtanacha cosúil le rochtain ar chúram sláinte.
riachtanach necessary
" com/watch?v=EEIGSBpZURc) Tá sé riachtanach an fócas sin a thabhairt ar ais do Roinn na Gaeltachta, le go mbeidh sé in ann an méidín beag den Ghaeltacht, ina n-úsáidtear an Ghaeilge go fóill ann mar ghnáth-theanga chumarsáide, a tharrtháil ón díothú teanga atá i ndán di, má ligtear do chúrsaí dul ar aghaidh mar atá.
riachtanach necessary
" Is riachtanach an tseift í sin chun dul i ngleic leis an tsoiniciúlacht bhinbeach a spreagann teorainn reatha na Gaeltacht.
riachtanach necessary
" Tá sé riachtanach go mbeidh ár gcairde ó lár na tíre páirteach sa tionscnamh fosta.
riachtanach necessary
" Dúirt Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge go raibh sé riachtanach go mbeadh beartas gníomhaíochta ann maidir le feidhmiú na straitéise agus go raibh géarghá le spriocanna soiléire agus “amscála cuí” a leagan síos láithreach.
riachtanach necessary
" Beidh sé sin riachtanach amach anseo agus tá súil agam nach dtiocfaidh aon mhaolú ar an dtacaíocht sin.
chuid riachtanach an important part
" Bíodh is gur minice a dhéantar iad a phlé mar chuid riachtanach nó neamhriachtanach den mhargadh, is daoine iad inimircigh a bhfuil cearta daonna acu agus ba chóir na cearta sin a chosaint.
riachtanach essential
" Bímid ag sú tuairimí agus coincheapa athláimhe chugainn thar farraige isteach agus is minic a fhágtar na hathchoinceapa sin gan na hathruithe cuí atá riachtanach chun cultúr fíornuálaíoch a chothú.
riachtanach necessary
" Agus feictear domhsa go bhfuil dhá bhua ar leith riachtanach don té a thugann droim láimhe don mbealach inste traidisiúnta.
riachtanach necessary
" Baineannú na hImirce ========= Is cinnte go bhfuil obair luachmhar riachtanach á déanamh ag eagraíochtaí cosúil le OR.
fíor-riachtanach imperative
" Tá sé sin fíor-riachtanach i saol gach éinne againn.
riachtanach necessary
" Ach tháinig sé slán as an gcogadh, agus mhaíodh sé gurbh é an féinoideachas a bhí riachtanach ag an am a chuir ar a chumas aige smaointe neamhghnácha a cheapadh ina shaol acadúil.
riachtanach necessary
" Tar éis an tsaoil is í Éire an t-aon Stát san Eoraip nach bhfuil an phríomhtheanga oifigiúil riachtanach don Státseirbhis.
riachtanach mandatory
" Bhí bunús na leasaitheoirí Protastúnacha ar aon intinn le Luther maidir leis an aontumhacht: mhaigh Calvin nár chóir go mbeadh sí riachtanach.
riachtanach necessary
" Níl aon amhras ach go bhfuil gaelscoileanna riachtanach agus lárnach i ngluaiseacht athbheochan na Gaeilge.
riachtanach necessary
" 
An ainnise seo, is díol deirce é dóibh sin atá ag iarraidh táillí uisce a thabhairt isteach ó thuaidh, cás láidir a dhéanamh go bhfuil an t-airgead breise riachtanach le go gcuirfear feabhas ar an bhonneagar uisce.
riachtanach necessary
" Is mór an baol anois go gcuirfear an saghas reachtaíocht radacach sin atá riachtanach ar an méar fhada, ar eagla go gcuirfeadh sí isteach ar dhreamanna a bhfuil bun mór acu sa chóras mar a bhfuil sé.
riachtanach necessary
" James Reilly ========================== Beidh Reilly buartha muna bhfágfar an Roinn Sláinte faoina stiúir, ach bíonn comhréiteach riachtanach agus comhrialtas á chur i gcionn a chéile.
riachtanach necessary
" Tá lochán alathe agus éadomhain riachtanach don ghoir, agus crochtar na huibheacha i dteaghrán aonair, 2m ar a bhfad in uisce níos doimhne.
riachtanach necessary
" Teastaíonn sciorta den ádh go minic chun an toradh atá riachtanach ó fhoireann a ghnóthú.
riachtanach necessary
" An bhfuil boird áirithe rómhór agus an bhfuil caighdeáin, cumas agus taithí na mball sách maith? An dtuigeann na comhaltaí go soiléir ról s’acu agus an dtig leo idirdhealú a dhéanamh idir a gcuid dualgais féin agus feidhmeanna na bainistíochta? An n-éilíonn siad agus an bhfaigheann siad oiread eolais agus atá riachtanach lena gcúram a dhéanamh go hiomlán? Má amharcann muid ar ghné amháin den scéal, díol spéise é líon na mball ar bhord stiúrtha MFG, i gcomórtas le cuideachtaí eile.
seirbhísí riachtanacha necessary services
" Mar a dúirt mé, tá ár lámh i mbéal an mhadaidh mar go bhfuilimid ag brath ar an Eoraip agus ar an CAI ó mhí go mí an t-airgead a thabhairt dúinn na seirbhísí riachtanacha a choinneáil ag dul, na tuarastail a dhíol do na haltraí, do mhúinteoirí, do ghardaí, do shaighdiúirí, do sheirbhísí poiblí agus, ach amháin go bhfuilimid ag fáil an airgid sin, b’fhéidir go mbeas muid cosúil leis an Ghréig.
bhí sé riachtanach it was necessary
" Ach bhí mé ceithre bliain ag dul dó ar fad, is dóigh, ach fuair mé an scoláireacht seo agus chuir sé sin ar mo chumas taisteal timpeall na tíre agus bualadh leis na daoine, rud nár ghá a dhéanamh ar pháipear ach ó thaobh na hoibre bhí sé riachtanach, agus ar mo shon féin bhí sé riachtanach agus ar shon na daoine a thug an t-ábhar bhí sé riachtanach.