measadh riachtanais
needs were estimated
Dúirt daoine liom gur chuimhin leo grúpaí a raibh baint acu leis an Eaglais Chaitliceach, leithéidí Ridirí Colambanus, ag moladh do Chaitlicigh a gcreideamh a líonadh isteach sna foirmeacha ar an ábhar, dar leo, go raibh an Stát athraithe agus gur
measadh riachtanais maidir le seirbhísí oideachais, sláinte agus cultúir de réir fhigiúirí an daonáirimh.
riachtanais teanga
language needs
Is dúshlán mór é seo, ós rud é nach mbeidh gach Rannóg Stáit iomlán dearfach faoi fhreastal ar
riachtanais teanga an phobail.
riachtanais
needs
Cuireann siad brú leanúnach ar an rialtas freagracht a ghlacadh as nithe sóisialta, déanann siad iarracht
riachtanais grúpaí áirithe atá ar an imeall a chur chun cinn, féachann siad ar na fadhbanna a d'fhéadfadh a bheith againn sa todhchaí, agus gan dabht, cuireann siad seirbhís ar fáil do dhaoine gan dídean.
riachtanais
needs
I gcomhthéacs na n-athruithe sóisialta, polaitiúla, reachtacha agus eacnamaíocha i dtuaisceart Éireann le blianta beaga anuas, tá géarghá lenár leithéid: eagras aontaithe, straitéiseach, atá in ann obair leanúnach a dhéanamh le freastal ar
riachtanais phobal na Gaeilge.
riachtanais
needs
"Bíonn ionsaithe fisiceacha agus creachadóireacht ann fosta, agus ciníochas institiúdach - ní smaoiníonn siad ar
riachtanais phobal s'againne.
riachtanais
needs
Aithnítear go forleathan an tábhacht a bhaineann leis an obair a dhéanaimid agus tá gá i gcónaí le breis acmhainní a sholáthar d'fhonn freastal cuimsitheach a dhéanamh ar
riachtanais na scoileanna agus lucht foghlama agus léite na Gaeilge i gcoitinne.
riachtanais
needs
Tá breis agus 2,000 eagras deonach sa tír, iad ar fad ag freastal ar
riachtanais sheanbhunaithe agus ar
riachtanais nua-aimseartha ar nós seirbhísí tacaíochta do theifigh.
riachtanais
needs
Dá bharr seo, tá sé tábhachtach go mbeadh tuiscint mhaith ag foireann na rannóige ar gach clár agus ar na
riachtanais a bhaineann leis.
riachtanais speisialta
special needs
Seisear atá ar an fhoireann atá ag déanamh an taighde i dteannta leis an Ollamh Smithers agus beidh siad ag obair le 3,500 múinteoir, idir mhúinteoirí bunleibhéil agus dara leibhéal agus iad siúd a bhíonn ag plé le
riachtanais speisialta ar fud na tíre.
riachtanais bheatha
living needs
Is é ár dtuairimne go bhfuil oileán na hÉireann mór go leor le freastal ar
riachtanais bheatha gach duine, bíodh siad ag iarraidh a bheith ina gcónaí i gcathracha agus i mbailte móra, nó faoin tír.
riachtanais speisialta
special needs
Mar shampla, tá sé de dhualgas ar na Gardaí scrúdú a dhéanamh ar chúlra aon duine a chuireann isteach ar phost i mbord sláinte, ina bhfuil sé i gceist go mbeadh sé ag plé le páistí, nó aon duine a chuireann isteach ar phost in eagraíocht a bhíonn ag plé le páistí ag a bhfuil
riachtanais speisialta.
riachtanais
needs
É sin ráite, ar cheart dúinn a bheith ag smaoineamh ar
riachtanais eacnamúla agus síochána s'againn féin amháin nó an bhfuil cinneadh le déanamh maidir le moráltacht an ghnímh chogaidh?
Tá sé soiléir go bhfuil go leor de lucht na polaitíochta agus den phobal in Éirinn agus i dtíortha eile na hEorpa ag iompú i gcoinne na Stát Aontaithe agus feachtas na tíre in éadan na hIaráice.
caithfear freastal ar riachtanais an phobail seo
the needs of this community must be catered for
Níl aon dabht ach go bhfuil pobal na Gaeilge ag neartú de réir a chéile ach
caithfear freastal ar riachtanais an phobail seo.
riachtanais
needs
Cé go bhfuil tithe altranais do sheandaoine le fáil in Éirinn, agus grúpaí gníomhaíochtaí a dhéanann freastal ar
riachtanais daoine níos sine, níl an bhéim chéanna ar phobail lánaimseartha cónaithe atá cruthaithe go speisialta do lucht scoir.
ag freastal ar riachtanais oiliúna gairmiúla
catering for the professional training needs
Tá siopa leabhar agus ceardaíochta - Ogmios - ag soláthar áiseanna do scoileanna agus do chliaint ar fud fad na tíre agus tá tionscadal ceannródaíoch, Gairm,
ag freastal ar riachtanais oiliúna gairmiúla phobal na Gaeilge agus ag cur na Gaeilge chun cinn sa áit oibre.
mhór-riachtanais shóisialta
vast social needs
Tá ciall leis an suíomh sin, nuair a smaoiníonn tú ar
mhór-riachtanais shóisialta na n-inimirceach Éireannach a bhí ag cur fúthu i Five Points.
riachtanais
needs
Tá roinnt oibre déanta cheana féin ar an gcoincheap seo ach ní mhothaíonn Nic Pháidín go bhfuil an plé tar éis díriú ar na ceisteanna is tábhachtaí, is iad sin an fhís, an fhealsúnacht a bheidh taobh thiar de agus
riachtanais na mac léinn féin.
chun freastal ar riachtanais
to cater for the needs (of)
Áiseanna, imeachtaí agus cúrsaí nua a bheith ar fáil
chun freastal ar riachtanais fhoghlaimeoirí agus phobal na Gaeilge.
riachtanais saoránachta
citizenship requirements
Níos déanaí, tar éis do chairdeas fás eatarthu, d'admhaigh Cole d'Allen gur dócha go mbeadh na creidmheasa coláiste agus, ar ndóigh, na
riachtanais saoránachta an-deacair dósan, Cole, a láimhseáil.
riachtanais chórais
system requirements
Ní gá ach féachaint ar na
riachtanais chórais a mholtar do PC a ritheann clár ar nós Adobe Premiere chun an fhianaise de seo a fheiceáil.
riachtanais fhostaíochta agus shóisialta
employment and social needs
Tá dhá chlár á reáchtáil againn i láthair na huaire, ceann amháin acu clár fostaíochta pobail atá ag déanamh digitiú ar chartlann fuaime Raidió na Gaeltachta agus, chomh maith leis an obair a dhéanann na rannpháirtithe, cuirtear cúrsaí oiliúna ar fáil dóibh atá dírithe ar na
riachtanais fhostaíochta agus shóisialta atá acu.
le freastal ar na riachtanais
to attend to the needs
Ní raibh gach duine sa rang ag an leibheál céanna agus bhí bealach an-chliste ag na múinteoirí
le freastal ar na riachtanais a bhíodh ag na gasúir.
ag freastal ar riachtanais an phobail
attending to the public's needs
Chaill an daonra pé muinín a bhí acu sna páirtithe polaitíochta mar gur tháinig siad ar an tuairim nach raibh siad
ag freastal ar riachtanais an phobail ach ar a gcuid riachtanas féin.
go gcaithfear riachtanais shóisialta i dtraipisí
that social needs will be cast aside
Tá sé ráite ag ceardchumainn éagsúla
go gcaithfear riachtanais shóisialta i dtraipisí má tharlaíonn sin.
comhlíonann sé riachtanais Mhurcaidh
it fulfills Murchadh's requirements
Le cois a bheith "alainn" (agus tá),
comhlíonann sé riachtanais Mhurcaidh, go háirithe maidir le taisteal mar go bhfuil neart traenacha ag tarraingt air.
riachtanais
needs
Ar ndóigh, níl an scéal baileach chomh simplí sin, mar fiú amháin dá mbeadh Ospidéal Thuama faoi lánseol tá gach seans ann go mbeadh an t-ospidéal i nGaillimh fós ag cur thar maoil, mar gheall go bhfuil an t-éileamh chomh mór sin ann agus an freastal ar
riachtanais chomh heasnamhach i láthair na huaire.
riachtanais phearsanta
personal needs
Dá gcuirfí ceist ortsa cén dúshlán is mó atá ag Éirinn sa bhliain atá amach romhainn, cén freagra a thabharfá ar an cheist sin? Laghdú a dhéanamh ar an slad ar na bóithre? An rialtas a athrú? Leapacha a fháil sna hospidéil dóibh siúd atá tinn agus sean? Praghsanna earraí agus seirbhísí a laghdú? Scoileanna nua a thógáil agus bail a chur orthu sin atá i ndroch-chaoi? Tuilleadh gardaí bheith ag siúl na sráide? Iarracht a dhéanamh ar fhadhb an ólacháin a réiteach?
Tá a thosaíocht féin ag gach duine, ag brath ar chúinsí a shaoil agus ar a
riachtanais phearsanta.
riachtanais na hearnála
the needs of the sector
Córas oiliúna a aithníonn
riachtanais na hearnála a bheith ar fáil do mhúinteoirí ar mian leo teagasc i scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta.
riachtanais speisialta
special needs
Éist leis seo mar fháinne fí:
Go dtí seo, d'éirigh le síceolaithe oideachais fadhbanna síceolaíochta agus
riachtanais speisialta daltaí scoile a aithint agus a fháthmheas níos fearr agus níos luaithe.
Riachtanais chorparáideacha
corporate needs
Táthar ag iarraidh go mbeadh Aer Lingus ábalta an dá thrá a fhreastal, idir
Riachtanais chorparáideacha agus chúram pobail.
riachtanais
needs
Marc: D
*Cathy Ní Ghoill (Ball ainmnithe, Neamhspleách) *
D'éirigh go maith le Cathy Ní Ghoill
riachtanais na n-oileán a chur ar an chlár oibre.
riachtanais
needs
Chomh maith leis sin táimid ag freastal ar
riachtanais an Achta Teanga, trí thraenáil agus seirbhísí aistriúcháin.
riachtanais
needs
Chomh maith leis sin táimid ag freastal ar
riachtanais an Achta Teanga, trí thraenáil agus seirbhísí aistriúcháin.
riachtanais tomhaltóirí
consumer needs
Mar atá fíor i gcás go leor rudaí, tá
riachtanais tomhaltóirí agus stíl bheatha daoine tar éis cur leis an éileamh ar theicneolaíocht an chleamhnais.
riachtanais
needs
Mar atá fíor i gcás go leor rudaí, tá
riachtanais tomhaltóirí agus stíl bheatha daoine tar éis cur leis an éileamh ar theicneolaíocht an chleamhnais.
riachtanais
needs
Cén fáth ar bunaíodh é?
Tá sé mar chuspóir ag an Acadamh cúrsaí tríú leibhéal a chur ar fáil a fhreastalaíonn ar
riachtanais phobal na Gaeilge sa Ghaeltacht agus ar fud na tíre agus tabhairt faoi thaighde a threiseoidh forás na bpobal sin.
riachtanais
needs
Tá na
riachtanais sin ag teacht i bhfeidhm anois agus creidim go dtiocfaidh méadú, agus méadú suntasach, ar an éileamh a bheidh ar sheirbhísí ar nós aistriúcháin agus seirbhísí teanga eile, sna blianta atá romhainn.
freastal ar riachtanais na ndreamanna seo
to cater for the needs of these groups
Tá breis is 600 comhlacht agus eagraíocht a thagann faoi fhorálacha an Achta agus dúshlán an-mhór a bheidh ann
freastal ar riachtanais na ndreamanna seo sna blianta atá romhainn.
freastal ar riachtanais na ndreamanna seo
to cater for the needs of these groups
Tá breis is 600 comhlacht agus eagraíocht a thagann faoi fhorálacha an Achta agus dúshlán an-mhór a bheidh ann
freastal ar riachtanais na ndreamanna seo sna blianta atá romhainn.
riachtanais
needs
Is léir ó thuarascáil an Choimisinéara Teanga don bhliain 2005 go bhfuil an Stát fós ag imirt cluichí cama le muintir na Gaeilge agus go bhfuil drogall go fóill ar fhostaithe an Stáit freastal ar
riachtanais agus ar chearta mhuintir na Gaeilge.
riachtanais éagsúla
various requirements
Bíonn
riachtanais éagsúla ag mic léinn nach bhfuil cur amach acu ar theanga ar bith eile agus ag mic léinn atá líofa i dteangacha eile agus atá ag foghlaim na Gaeilge mar go bhfuil spéis ar leith acu i dteangacha.
riachtanais fuinnimh
energy needs
Is dócha go bhfuil sé beagáinín mífhoighneach na laethanta seo de bharr eachtraí polaitiúla eile: chuir sé coimisiún ar bun chun na
riachtanais fuinnimh a bheidh ann amach anseo a mheas, ach níor fhan sé lena dtuarascáil chun a thuairim féin, i bhfabhar an tionscail núicléach, a nochtadh.
riachtanais éisteachta
listening needs
Cén fáth ar bunaíodh é?***Chonacthas don Chomharchumann go raibh géarghá le stáisiún a d’fhreastalódh go speisialta ar
riachtanais éisteachta phobal na Gaeilge agus a dhéanfadh ceangal tábhachtach cumarsáide idir comhluadair na Gaeilge a bhí scaipthe ar fud mhórlimistéar Bhaile Átha Cliath.
riachtanais an phobail
the needs of the public
Ní féidir leis iallach ar bith a chur ar chomhairle chontae nó ar fhoirgneoirí
riachtanais an phobail a chur roimh bhrabús.
maidir leis na riachtanais speisialta
regarding the special needs
Ba cheart oiliúint a chur orthu
maidir leis na riachtanais speisialta atá i gceist agus dara teanga á teagasc agus, níos tábhachtaí ná sin, iad a spreagadh chun a chinntiú go mbeadh siad tiomanta don Ghaeilge tar na hoiliúna.
bunaithe ar riachtanais an tsaoránaigh
based on the needs of the citizen
Tá sé róluath le hainm a thabhairt ar an tréimhse ina bhfuil muid faoi láthair, tréimhse ina bhfuil – tá súil againn – tús á chur le polaitíocht úr
bunaithe ar riachtanais an tsaoránaigh ó thuaidh.
riachtanais dhlíthiúla
legal requirements
Cuirfear oiliúint ar dhaoine maidir le
riachtanais dhlíthiúla faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla chomh maith.
riachtanais
needs
Le freastal ar
riachtanais an ghrúpa seo, tá an t-iliomad brúnna óige, caifí agus clubanna oíche anois ar oscailt sa bhaile.
riachtanais
needs
Tá athrú ag teacht fosta ar
riachtanais an lucht léitheoireachta, éisteachta agus féachana.
riachtanais an tionscail
needs of the industry
“Tá Béarla líofa ag na rannpháirtithe seo chomh maith, tuigtear dom! Tá na cúrsaí seo ag freastalar
riachtanais an tionscail i gcoitinne.
i dtaobh riachtanais leanaí na tíre.
about the needs of the children of the country
Ag ócáid a sheolta, dúirt sé gur chéim thábhachtach ab ea an curaclam seo i stair oideachas na hÉireann agus gur eascair sé as blianta fada de thaighde agus de dhianmhachnamh
i dtaobh riachtanais leanaí na tíre.
riachtanais a phóca
the needs of his pocket
Deirtear gur de réir
riachtanais a phóca seachas mianta a chroí a chaitheann an tAlbanach vóta.
riachtanais mhúinteoirí.
the needs of teachers.
***Buntáistí*: **De bharr a chúlra mar léachtóir i gColáiste tríú leibhéal, ba cheart go mbeadh tuiscint aige ar
riachtanais mhúinteoirí.
riachtanais
requirements
Dyane Adam, Coimisinéir na dTeangacha Oifigiúla i gCeanada: “Tá sé ríthábhachtach oiliúint a sholáthar d’oibrithe san earnáil phoiblí ar
riachtanais Acht na dTeangacha Oifigiúla agus ar bhunphrionsabail chothromaíocht teangacha.
riachtanais an cheantair sin.
needs of that area
Tá an páipéar préamhaithe go hiomlán i bpobal gníomhach Gaelach iarthar Bhéal Feirste agus is cinnte go dtugtar léargas maith ann ar shaol cultúrtha agus ar
riachtanais an cheantair sin.
riachtanais
necessities
Ach seo atá molta:
2009 Annus horribilis na Gaeilge: Deireadh le Roinn rialtais faoi leith do chúrsaí Gaeltachta agus gearradh 196 ball dá fhoireann; Údarás na Gaeltachta le briseadh ina ghiotaí agus a chúraimí le scaipeadh soir siar; deireadh le ceann de na tionscail is dúchasaí agus is rathúla sa Ghaeltacht, is é sin, na Coláistí Samhraidh; gan aon ionadaíocht faoi leith ag an Ghaeltacht nó ag an Ghaeilge ag bord an Rialtais; deireadh le Scéim Labhairt na Gaeilge agus leis an Scéim Tithíochta Gaeltachta; deireadh leis an eagraíocht a bhí ag dul i ngleic le
riachtanais Ghaelscoileanna agus scoileanna Gaeltachta.
riachtanais
necessities
Mar a dúirt Oideas Gael ag an am: "Táthar ag súil go n-éireoidh leis an tionscadal:
Cur ina luí ar lucht oiliúna go bhfuil achmainní luachmhara dúchasacha ag an réigiún, idir scileanna traidisiúnta agus ábhair;Taispeáint gur féidir fiontar inbhuanaithe a chruthú sa phobal trí na scileanna a fhoghlaimeofar a úsáid le freastal ar
riachtanais chomhshaoil, ealaíonta agus tógáil baile an réigiúin;Cuidiú le caomhnú an chomhshaoil thraidisiúnta agus le coinneáil na sainfhéiniúlachta cultúrtha, rud a chuirfidh go mór le fás na turasóireachta cultúrtha sa Ghaeltacht;Eiseamláir a chur ar fáil a mbeidh pobail eile ábalta scrúdú a dhéanamh uirthi agus úsáid a bhaint aistí mar acmhainn phraicticiúil chun tionscadal forbartha tuaithe eile a chur i bhfeidhm .
riachtanais
needs
Gineadh 86% de
riachtanais fuinnimh Phoblacht na hÉireann sa bhliain 2007 ó na foinsí seo, rud a chinntíonn go bhfuil ceann de na rátaí astuithe CO2 is mó san Eoraip againn.
riachtanais
needs
Moladh i dtuarascáil na saineolaithe go gcuirfí tús an athuair le córas cuóta do phoist Ghaeilge sa státseirbhís ionas go bhféadfaí freastal ar
riachtanais Acht na dTeangacha Oifigiúla.
riachtanais
necessities
Más é seo an tslí inar caitheadh leo nuair ba mhó a ngátar, is féidir talamh slán a dhéanamh de nach maith an bhail a thugtar orthu agus
riachtanais bheatha nach bhfuil chomh bunúsach le huisce á n-éileamh acu.
riachtanais
needs
Daoine seo nach bhfuil tuigse dá laghad acu ar an Ullanais, nó do
riachtanais sochtheangeolaíocha lucht labhartha na hUllanaise.
riachtanais an mhargadh
market demand(s)
Ligeann imircigh do mhórán tíortha
riachtanais an mhargadh fostaíochta a shásamh agus an daonra dúchais ag dul anonn in aois nó scileanna nua ag teastáil mar gheall ar dhul chun cinn teicneolaíochta, nó mar gheall ar athruithe eile i ndálaí an mhargaidh.
fíor-riachtanais
real necessity
Níor cheart cuairt a thabhairt ar an réigiún, dar leis, ach i gcás
fíor-riachtanais amháin.
riachtanais
needs
- Áireamh ar
riachtanais dhifriúla foghlaimeoirí agus cainteoirí dúchais
- Polasaí náisiúnta ó thaobh an tumoideachais de
- Scéim ‘Erasmus’ na Gaeltachta a bhunú agus Cúrsa Gaeltachta an BA (Oideachas) a leathnú
- Clár oibre d’fhorbairt na hollscolaíochta lán-Ghaeilge
- Ábhar scoile eile “Saíocht agus Litríocht na Gaeilge” a sholáthar
- Curaclam comhtháite a chur i bhfeidhm
-5 Tacaíocht, treoir agus maoiniú cuí a chur ar fáil do na heagrais dheonacha agus phobail a mbeidh ról criticiúil acu i gcur i bhfeidhm pleananna teanga insna ceantair Ghaeltachta.
riachtanais airgid an stáit
the state’s financial needs
Déanfaidh seo freastal ar
riachtanais airgid an stáit as seo go ceann trí bliana.
riachtanais
necessities, requirements
Is é ról an ÚCÉ, a bunaíodh i 2009, "a chinntiú go bhfreastalaíonn an líon agus catagóirí na seirbhísí craolacháin a chuirtear ar fáil sa stát ar an gcaoi is fearr ar
riachtanais mhuintir oileán na hÉireann, ag cuimhniú i gcónaí ar a dteangacha, ar a dtraidisiúin agus ar a n-ilchineálacht creidimh, eitice agus saíochta.
beag beann ar riachtanais
disregarding the needs
Lena chois sin, chinn an Coimisinéir Teanga gur sháraigh an Roinn Oideachais agus Scileanna foráil de chuid an Achta Oideachais 1998 trí raon suíomhanna gréasáin oideachasúla a sholáthar trí Bhéarla amháin,
beag beann ar riachtanais na ngaelscoileanna nó na scoileanna Gaeltachta.
riachtanais fhisiceacha
physical necessities
Tá
riachtanais fhisiceacha na leadóige go maith ag Daithí– sithiúlacht, luas, neart, comhordú, scil agus teicníc.
riachtanais
necessities
Aithníodh ag an am gur deis a bhí ann lena chinntiú go mbeadh an tAcht ag freastal go sásúil ar
riachtanais phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta; go ndéanfaí soiléiriú ar chearta agus ar dhualgais teanga; agus go n-aimseofaí dóigh leis an ualach riaracháin agus maorlathais a bhaineann leis a ghearradh siar.
chun freastal ar riachtanais
to serve the needs
“Tá an bonneagar atá riachtanach
chun freastal ar riachtanais lucht labhartha na Gaeilge ar tí a scriosta!” Sin téacs na teachtaireachta atá ag dul thart ó dhuine go duine i saol na Gaeilge san am i láthair mar a bheadh spideog ag eitilt ó chrann go crann.
as riachtanais na cogaíochta
from the necessities of war
Ní féidir an dul chun cinn agus an bharbarthacht a scaradh –
as riachtanais na cogaíochta a d’eascair cuid den teicneolaíocht is iontaí dá bhfuil againn, ach cuireann an teicneolaíocht ar chumas an duine ollscriosadh uafásach a dhéanamh ar a dheartháireacha.
shásódh riachtanais
would satisfy the necessities
Ach mar bharr ar an dá bhua san, chum an tsamhlaíocht fís leathan Éireorpach, a
shásódh riachtanais na mblianta atá romhainn amach.
an riachtanais
the necessity
Chuir a dtarla iontas an tsaoil ar na taighdeoirí – theip ar na daltaí díríu i gceart ar an obair rompu de thoradh
an riachtanais a leathanach *Facebook* a sheiceáil arís agus arís eile, thart ar gach uile 3 nóiméad!
Dar leis an staidéar, is dócha ná a mhalairt go mbeidh fadhbanna iompraíochta ag daltaí as a bheith ag caitheamh iomarca ama ar na suímh meán sóisialta seo.
ar riachtanais na tuaithe
on the needs of the country
Dúirt sé go bhfuil ganntanas oibrithe oilte ag cur isteach ar fhorbairt i réimsí áirithe an gheilleagair agus go bhfuil an scéim SMP bunaithe ar urraíocht na bhfostóirí,
ar riachtanais na tuaithe agus ar ghairmeacha ardluacha.
a bhfuil riachtanais speisialta acu
who have special needs
Ach níl aon mhaith in ailt bhunreachta mura bhfuil cúram leighis ar fáil do pháiste, mura bhfuil tacaíocht acu siúd
a bhfuil riachtanais speisialta acu sna scoileanna, nó mura bhfuil na háiteanna cuí ann d’ógánaigh a chur faoi choinneáil.
seachas freastal lom dáiríre ar riachtanais T1
rather than attending to the needs of first language speakers
) mar gheall gur tuiscintí T2 is bonn di
seachas freastal lom dáiríre ar riachtanais T1.
de dhroim riachtanais
by dint of necessity
Mar sin féin,
de dhroim riachtanais is dócha go mbeadh ceannasaíocht an pháirtí toilteanach a gcuid prionsabal a chur ar leataobh ar feadh scaithimh ar mhaithe le cothromaíocht na cumhachta.
a riachtanais oiliúna
its training needs
Mar shampla tá An Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta ‘i mbun idirchaidrimh faoi láthair le Ranna agus Oifigí Rialtais chun
a riachtanais oiliúna (sa Ghaeilge, glacaim leis) a fháil amach’.
bhí trí riachtanais ag baint le
three elements were necessary in
Dar leis an bhFrancach seo,
bhí trí riachtanais ag baint le gach leabhar staire, ‘modh, insint leanúnach is fealsúnacht’.
gan aird acu ar riachtanais teanga
while disregarding linguistic needs
Níor chaill Airdeall oiread is achomharc amháin os comhair an Bhord Pleanála maidir le scéimeanna tithe a bheith á gceadú ag Comhairlí Contae éagsúla
gan aird acu ar riachtanais teanga sna coinníollacha.
riachtanais
the needs
Bhí liosta de cúig éileamh breactha síos againn, a bhain go sonrach le
riachtanais cainteoirí Gaeilge sa Ghaeltacht.
riachtanais
needs
Arís eile, titfidh sé ar eagarthóir an nuachtáin nua a chinntiú go n-úsáidfear a chuid acmhainní teoranta go siosmaideach le go ndéanfar freastal ceart ar
riachtanais na léitheoirí.
níltear ag freastal ar a gcuid riachtanais siúd
their needs are not being catered for
“Lena chois sin, tá go leor páistí ar scoil i Sasana a bhfuil Gaeilge acu agus
níltear ag freastal ar a gcuid riachtanais siúd.
ceantair ba mhó riachtanais
areas of greater necessity
Agus nuair a rinne Róisín Shortall iarracht a chinntiú go mbeadh na haonaid nua sláinte á lonnú sna
ceantair ba mhó riachtanais, níor sheas Gilmore léi ach a mhalairt.
Riachtanais
needs
Daniel Bourgeois saineolaí ar theangacha mionlaithe, sa Spidéal le déanaí tar éis dó léacht phoiblí a thabhairt ar “Stiúradh na scoileanna lán-gaeilge: Dúshláin &
Riachtanais”.