Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
rialú ruling
" Dhiúltaigh muintir Southie don rialú seo agus thosaigh siad ag tógáil a gcuid páistí amach ón scoil phoiblí agus á gcur isteach sna scoileanna príobháideacha Caitliceacha.
rialú stoic stock control
" Mar sin de, tá deis curtha ar fáil do chomhlachtaí suíomh lánfheidhmeach ríomhthráchtála a bheith acu, ceann ina bhfuil rialú stoic, ina bhfuil nuashonrú déanta ar phraghsanna ar líne, ina bhfuil cumas ríofa CBL agus costas seachadta atá bunaithe ar mheáchan na n-earraí.
á rialú ag being ruled by
" Ó dheireadh 1999 tá an tír á rialú ag na Náisiúin Aontaithe.
rialú ruling
" Ba é an rialú seo go háirithe a spreag an rialtas le Binse Fiosraithe Morris a bhunú.
iad féin a rialú to rule themselves
" Thug an Ísiltír aitheantas do neamhspleáchas na hIndinéise i 1949, ansin i 1952 d'aithin siad ceart phobal Papua Thiar iad féin a rialú, de réir Chairt na Náisiún Aontaithe.
rialú ruling
" Cé gur chuir rialú a thug breitheamh de chuid na Cúirte Dúiche i Cincinnati deireadh le cuid iarrachtaí na bPoblachtánach agóid a dhéanamh in aghaidh cháilítheacht na vótóirí nua, dúirt Mark Weaver, dlíodóir de chuid an Pháirtí Phoblachtánaigh in Ohio, nach gcuirfeadh an rialú seo cosc ar chuid pleananna an pháirtí 3,600 dá lucht monatóireachta a chur sna hionaid vótaíochta, go háirithe i gceantair uirbeacha a thugann tacaíocht láidir do na Daonlathaigh.
a rialú its regulation
" Ach tapaíodh an deis arís, sna nuachtáin ach go háirithe, le gearáin a dhéanamh i gcoinne an tionscail agus a rialú in Éirinn.
rialú cáilíochta quality control
" "Tacaíonn muid go láidir le rialú cáilíochta," a deir sé.
iad féin a rialú to rule themselves
" Is iomaí cor is lúb a tharla i gcinniúint na nGael ó shin ar ndóigh agus tá ceart na bpobal iad féin a rialú bainte amach anois.
Rinneadh Aird Uladh a rialú ón chaisleán seo the Ards were ruled from this castle
" “Rinneadh Aird Uladh a rialú ón chaisleán seo,” arsa Billy.
mar chéim thabhachtach i rialú caighdeáin as an important step in quality control
" Bíonn obair aistriúcháin ag teacht isteach ónár n-aistritheoirí go rialta agus deintear profáil ar an ábhar sin mar chéim thabhachtach i rialú caighdeáin.
mar chéim thabhachtach i rialú caighdeáin as an important step in quality control
" Bíonn obair aistriúcháin ag teacht isteach ónár n-aistritheoirí go rialta agus deintear profáil ar an ábhar sin mar chéim thabhachtach i rialú caighdeáin.
rialú to rule
" Coimeádach is ea an fear is déanaí a ceapadh ar an gcúirt - an Breitheamh Samuel Alito, ach níor ghá dhó rialú ar aon rud suntasach go fóill.
i rialú na tíre, in the ruling of the country,
" Fiú dá gcuirfeá ceist ar na daoine céanna cén ról atá ag an Seanad i rialú na tíre, is cinnte nach mbeadh a fhios acu ach an oiread.
scaoileadh eolais a rialú to regulate the releasing of knowledge
" Léirigh sé fosta nach bhféadfadh na húdaráis nó foinsí seachtracha scaoileadh eolais a rialú ar a rogha bealaigh.
rialú ruling
" D’aithin Cowen chomh maith go raibh daoine buartha faoi neodracht na tíre seo agus eagla orthu go dtiocfadh leis an gCúirt Bhreithiúnas Eorpach rialú a dhéanamh i réimsí conspóideacha mar an ginmhilleadh.
rialú regulation
" Chuir an reachtaíocht seo deireadh, go bunúsach, le rialú ar an earnáil airgeadais a bhí ann ó chuir an tUachtarán Franklin D.
féin-rialuithe self-regulation
" Madoff féin, bhí sé an-ghnóthach i gCumann Náisiúnta na gCeannaithe Urrús, a bhí go láidir ar son ‘féin-rialuithe’ i dtionscal an airgid.
rialú (to) regulate
" Dar le Madoff agus le cuid mhór daoine, ba cheart do réimse an airgeadais é féin a rialú, agus nach raibh ról ar bith don rialtas in eagrú an domhain airgeadais.
rialú regulation
" Tá ceannaire láidir de dhíth go mór ar Mheiriceá anois i ndiaidh ocht mbliana den lagcheannaireacht a chuaigh roimhe, agus tuigeann an té beag ar mealladh a mhorgáiste agus a mhaoin uaidh go bhfuil sé in am rialú a thabhairt ar ais.
á rialú being ruled
" Tá a leithéid fíor ach go háirithe faoi Éire Teoranta atá á rialú, a bheag nó a mhór, le breis is scór bliain anuas (díomaite de bhearna dhá bhliain go leith i lár na nóchaidí) ag comhrialtais a bhfuil Fianna Fáil mar pháirtí cheannasach ann.
rialú run, rule
" Anois, éist liom go cúramach, a Bhaloir, agus b’fhéidir go bhfoghlaimeoidh tú rud nó dhó faoin dóigh le tír a rialú.
nárbh fhéidir daoine a rialú in éadan a dtola you could not rule people against their will
" Ag caint ar na trí chontae sin, dúirt staraí aontachtach amháin, Gordon Lucy "nárbh fhéidir daoine a rialú in éadan a dtola," ag cailleadh leimhe na tuairime sin i dtaca le saol daoine taobh istigh de na Sé Chontae! Ach luaigh Lucy Michael Elliott, aontachtach as tuaisceart Mhuineacháin a bhí ina bhall den Chomhdháil Éireannach deireanach i 1917, fear a mhaígh gurbh fhéidir stát naoi gcontae fanacht i seilbh na nAontachtach agus, dá mbeadh cothrom na Féinne ag gach duine san Ulaidh aontachtach seo, gur mó an seans go mairfeadh agus go mbláthfadh sé.
d'fhan an rialú sin slán the ruling remained untouched
" In 1856, mar shampla, rialaigh Cúirt Uachtarach na Stát Aontaithe nár bhain bille cearta na tíre le daoine Gormaigh, agus d'fhan an rialú sin slán go dtí 1868.
den rialú inimirce of immigration control
" Taispeánann sé na deacrachtaí a bhíonn ag daoine a dhéanann iarratas ar thearmann ar bhonn na gnéasachta agus an chontúirt a bhaineann le príobháidiú is seachfhoinsiú gnéithe áirithe den rialú inimirce.
an rialú teorann border control
" Ach is mó i bhfad an obair atá déanta ar ghné eile den chomhbheartas inimirce, is é sin an rialú teorann.
rialú ar an roth stiúrtha steering wheel control
" Seo roinnt de na rudaí atá ar fáil léi – luasrialú, suíocháin théite, roth stiúrtha déanta as leathair, Déad Ghoirm, aerchóiriú, ceangaltáin USB agus MP3, rialú ar an roth stiúrtha agus neart eile.
mbeifí ag rialú na tíre the country would be ruled
" Tá scór bliain ann ó mhaígh an t-iar-Thaoiseach John Bruton go mbeifí ag rialú na tíre ‘trí phána gloine’ ach is iondúil ó mo thaithí féin go mbíonn na dallóga tarraingte ar an phróiseas chinnteoireachta.
ag troid in aghaidh aon rialú dian fighting against strict regulation
" Sa lá atá inniu ann tá David Cameron ag troid in aghaidh aon rialú dian a chuirfeadh an Eoraip ar na bainc i Londain! Ní féidir ach aon toradh a bheith ar na coimhlintí agus ar na deighiltí seo: an laige.
Rialú de Dhíth regulation needed
" Rialú de Dhíth ===== “Thuigeamar i gcónaí an tábhacht a bhain le rialtóir san earnáil seo agus bhí díomá orainn go léir nár cuireadh an bonn faoi go dtí go raibh géarchéim.
rialú regulation
" Smachtú agus rialú géar a bheas i bhfeidhm feasta dar le Brian Ó Broin.
rialú níos fearr a dhéanamh ar thionscal na bhfeirmeacha gaoithe to rule the wind farm industry better
" Tá sé in am ag an stát rialú níos fearr a dhéanamh ar thionscal na bhfeirmeacha gaoithe, dar le Breandán Delap.