Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag riaradh managing
" Tá an comhlacht IE Domain Registry ag riaradh an raoin d'Éirinn, ach ní féidir déileáil leo go díreach agus is gá dul trí chomhlacht idirlín chun seoladh ".
ag riaradh administering, managing
" "Fuair mé thart ar 2,000 teachtaireacht *spam* le daichead lá nó mar sin anuas," a dúirt David Malone, atá ag riaradh na ríomhairí i Roinn na Matamaitice i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, le *Beo!* "Sroicheann na mílte teachtaireacht an córas s'againne gach lá.
ar riaradh an stáit the running of the state
" D'fhág sin a lorg go tréan ar riaradh an stáit ar feadh an chuid is mó den 20ú haois, agus tá an lorg ann go fóill.
leis an struchtúr nua seo a riaradh to manage the new structure
" Ach mar chuid den phlean, agus déarfaidh mé seo go neamhbhalbh agus go macánta, bhí i gceist agus thuig mé agus chreid mé go mbeadh, faoin am seo, breis airgid agus dá bhrí sin breis foirne leis an struchtúr nua seo a riaradh.
a bhí á riaradh which was being run
" Ach cad é an tionchar a imrítear ar chuid de mhuintir Bhéal Feirste a thiontaíonn ina nGaeilgeoirí iad? D'fhoghlaim Gearóid méid éigin Gaeilge ar an bhunscoil agus ó sin chuaigh sé go Scoil Mhuire ar Bhóthar an Ghleanna i mBéal Feirste thiar, scoil a bhí á riaradh ag na Bráithre Críostaí agus ina raibh an Ghaeilge ar fáil mar ábhar.
á riaradh being managed
" Tá feachtas ar siúl le roinnt blianta ag lorg airgid a shaothraigh dúchasaigh blianta fada ó shin ach a cuireadh i gcuntais speisialta a bhí á riaradh ag an rialtas.
riaradh running
" Má bhíonn tionchar ag Sinn Féin i riaradh an seirbhíse póilíneachta ó thuaidh, is léir nach mbeidh gá leis an IRA nó lena "eite timireachta" féin.
i riaradh morálta agus intleachtúil na sochaí in the moral and intellectual managing of society
" De réir an fhealsaimh Antonio Gramsci, coinníonn an stát smacht ar an tsochaí fríd an fhorneart (forneart “dlisteanach”) agus ag an am chéanna baintear heigeamaine amach nuair a ghlacann an grúpa ceannasach tús áite i riaradh morálta agus intleachtúil na sochaí.
a riaradh to run
" Ní bheidh ann ag deireadh an lae ach céatadán fíorbheag den bhuiséad airgid a bhíonn ar fáil dóibh chun a gcuid cúrsaí a riaradh de ghnáth.
a riaradh administer
" Mar bharr air seo, ní féidir cláracha leanúnacha taighde a riaradh ar an chaoi seo.
riaradh administration
" Thug sé ról lárnach don stát i riaradh gheilleagar na tíre.
riaradh na tíre the running of the country
" Fágann sé nach bhfuil guth ag an ghnáthdhuine sa Seanad ná guth ag an Seanad i riaradh na tíre.
riaradh administration
" D’aon scríob amháin, tá molta ag an abairt seo na blianta de chleachtais fhadbhunaithe Gaeltachta mar aon le struchtúr riaradh na Gaeilge a chaitheamh i dtraipisí.
riaradh admin
" Clár sceanairte a bhí molta ag Tuarascáil An Bord Snip Nua don teanga, a bhainfeadh an bonn de thionscail fhadbhunaithe Ghaeltachta agus de struchtúr riaradh na Gaeilge in aon scríob amháin.
riaradh attend to, deal with
" Ó tháinig Acht na dTeangacha Oifigiúla i bhfeidhm sa bhliain 2003, tá dualgas ar an stát agus ar chomhlachtaí poiblí cásanna cúirte sibhialta a riaradh i nGaeilge más í sin rogha teanga an pháirtí eile.
riaradh administrating
" Is iad na hathruithe a bhaineann le riaradh agus le leagan amach na gcraobhchomórtas sinsear peile agus iomána is mó a bhíonn faoi chaibidil agus ní bréag a rá nach bhfuil gach duine sásta lena bhfuil ag tarlú.
riaradh geilleagair na tíre managing the country’s economy
" Chuir an CAI agus an AE isteach ar riaradh geilleagair na tíre go tobann, ach i gcás na hÉireann níl siad ag plé le tír a bhfuil teipthe go hiomlán uirthi.
riaradh to administer
" Tá rúnaithe agus lucht riaracháin fostaithe ag gach cúige agus ag gach contae chun an obair sin go léir nach mbeadh an t-am ná na scileanna ag oibrithe deonacha a dhéanamh chun eagraíocht chomh mór agus chomh tábhachtach leis an gCumann Lúthchleas Gael a riaradh ar bhonn láidir, sásúil.
scéim a riaradh to administer the scheme
" Ceaptar go gcosnaíonn sé thart ar €300,000 eile an scéim a riaradh, idir thuarastal agus chostais taistil na gcigirí, a bhíonn ag taisteal thart ar scoileanna ar fud na Gaeltachta ar feadh cúpla mí den bhliain le tástáil a dhéanamh féachtaint an bhfuil “an líofacht nádúrach” ag gasúir na dteaghlach, a bhfuil iarratas déanta faoin scéim.
riaradh to administer
" Tá ceist na pokies agus na gcearrbhach anó go mór i mbéal an phobail faoi láthair mar gheall ar thuarascáil de chuid an Productivity Commission ar Chearrbhachas, agus ar iarracht chonspóideach atá faoi chaibidil ag an rialtas cónaidhme córas nua náisiúnta a chur i bhfeidhm le gealltóireacht ar na meaisíní a riaradh.
riaradh administrating
" Bhí alltacht ar dhaoine a dúirt nár cheart go mbeadh ról i riaradh na Sé Chontae ag a leitheid de dhuine.
riaradh running, administrating
" Ach sílim go gcothóidh an gréasán oscailteacht i gcúrsaí gnó agus polaitíochta – bíonn daoine ag súil go mbíonn mioneolas a bhaineann le riaradh na gcomhairlí contae nó na gcomhlachtaí móra a bhfuil spéis acu iontu ar fáil ar líne.
riaradh running
" Tar éis an tsaoil, ní inniu ná inné a thosaigh fadhbanna MFG, agus is leor mar chruthú ar sin líon na bhfiosrúchán agus na dtuarascálacha a coimisiúnadh maidir le riaradh na cuideachta i gcaitheamh na mblianta.
an riaradh the organizing
" Cé go dtaitníonn an riaradh ionannais agus an síor-idirdhealú seo go mór le daoine áirithe – an lucht acadúil fágaim – tá a thuilleadh atá amhrasach ina thaobh.
aon eagraíocht a riaradh to run any organization
" Ní féidir aon eagraíocht a riaradh i gceart mar seo agus téann sé glan in aghaidh an daonlathais áitiúil.
riaradh go feidhmiúil administer effectively
" Cuireadh in iúl dúinn go pianmhar le déanaí fosta nach raibh sé ar chumas ár gcórais stiúrtha geilleagair ná polaitíochta an tír a riaradh go feidhmiúil.
a riaradh i gceart to regulate properly
" Luíonn sé le céill gur fearr don tír a bheith ina ball d’aontas airgeadra, is é sin, más féidir an t-aontas airgeadra sin a riaradh i gceart.
riaradh administration
" Ní haon áibhéil é a rá mar sin go bhfuil an bhearna chumarsáide seo ag cur as do riaradh an chóras dlí is cirt sa Ghaeltacht.
i gcoincheap agus i riaradh an tionscnaimh the concept and the organizing of the project
" D’admhaigh Ericsson ina dhiaidh sin gur botún straitéiseach a bhí i gcoincheap agus i riaradh an tionscnaimh AXE-N, ach léiríonn achar agus méid an tionscnaimh an dóigh ar oibrigh cúrsaí teicneolaíochta roimh na nóchaidí.
an freastalaí a riaradh in organizing the server
" An buntáiste is mó atá leis seo ná gur le cuireadh amháin a ligeann tú imreoirí teacht isteach; an míbhuntáiste ná is faoin tuismitheoir, de ghnáth, an freastalaí a riaradh.
chun an caipitleachas a riaradh to direct capitalism
" Don chuid is mó, níl smaointe radacacha ar chor ar bith ag gnáthpháirtíthe na heite clé níos mó; ní bhíonn i gceist acu ach an bealach is fearr a fháil chun an caipitleachas a riaradh.
riaradh na tíre seo running this country
" Anuas ar an chastacht a tháinig ar riaradh na tíre seo, tá scéal an Aontais Eorpaigh.
riaradh mar is mian linn run it as we please
" Ach fós féin tá níos mó cumhachta againn nó mar a cheaptar, cuirim i gcás, tá sé ar ár gcumas, mar Éireannaigh, ár gcóras sláinte féin a dhearadh agus a riaradh mar is mian linn.
gan aon tionchar acu ar a riaradh while they would have no influence on its management
" Bheadh an punt acu mar airgeadra agus gan aon tionchar acu ar a riaradh.