Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
le taobh an bhealaigh on the roadside
" Tugtar ‘La Ristic’ ar an mbóthar seo, agus is féidir seasamh aon áit le taobh an bhealaigh, agus siúl síos chuig tránna carraigeacha mar a bhfuil diúilicíní, feamainn agus portáin, nó tránna gainimh bán agus na mílte faoileán ann.
thaobh an bhóthair the roadside
" Níorbh fhada ina dhiaidh sin gur tháinig mé chuig an seanstáisiún ginte leictreachais i nGlinn Chatha, é ar thaobh an bhóthair agus an fharraige lena chúl aniar aneas.
taobh an bhealaigh on the roadside
" Bhí dath dubh ar na duilleogaí úra ar na crainnte taobh an bhealaigh ar a rabhas ag siúl: iad dóite ag gaoth goirt na stoirme a d’fhág sáinnithe mé ar fuireach calaidh in Ailt an Chorráin ar feadh seachtaine.
le taobh an bhealaigh by the roadside
" Imeacht ón Eoraip ========= Tamall soir bhí uaigheanna aos Allah go líonmhar le taobh an bhealaigh, oidhreacht an chogaidh a strac an tír ó chéile fiche bliain ó shin ar éigean.
le taobh an bhealaigh by the roadside
" Agus is ann a chonaic mé ursa bhreá chloiche ina seasamh le taobh an bhealaigh.
sceitheann le taobh an bhealaigh he vomits by the roadside
" "M'anam go cinnte tá sé ag teacht," arsa mo dhuine arís, agus go tobann stadann sé agus sceitheann le taobh an bhealaigh.
ar leataobh an bhóthair on the roadside
" Bhí slua de dhaltaí meánscoile na háite ina seasamh ar leataobh an bhóthair agus iad ag fanacht leis an mbus.
le taobh an bhóthair by the roadside
" Tá mé in ann breis is scór go leith crann a chuir mé a fheiceáil ón bhóthar phoiblí, mar is le taobh an bhóthair féin iad nó istigh i mbearnaí sna foraoisí stáit a chuir mé iad.
ar cholbha an bhóthair on the roadside
" Tús na bliana anuraidh, níorbh iad an BSL amháin a shaighdigh comhlacht príobháideach amach le géaga a ghearradh siar ar na crainn, ach sheol comhlacht gutháin éicint lucht na dtoireasc slabhra amach agus réab siad na crainn ar cholbha an bhóthair.
fógraí crochta le taobh an bhealaigh signs on the roadside
" Chonaic mé fógraí crochta le taobh an bhealaigh anseo in aghaidh an domhainscoilteadh nó an *fracking*.
ar thaobh an bhealaigh on the roadside
" Bhí fear amháin a d’fhreastail ar mo chúrsa in ann 12 cineál féir a aimsiú ar thaobh an bhealaigh cóngarach d’Oideas Gael in achar gairid 10 mbomaite! Ach cúpla lá tar éis sin, chuaigh fear áitiúil thart ag scairdeadh fiailnimhe ar chiumhais an bhóthair agus mharaigh sé gach rud! In ionad lusanna ildaite, tá gach rud dóite agus liath anois agus tá cuma uafásach air agus tá dochar déanta don ghnáthóg seo.
ag scairdeadh fiailnimhe ar chiumhais an bhóthair spraying weed killer on the verge /roadside
" Bhí fear amháin a d’fhreastail ar mo chúrsa in ann 12 cineál féir a aimsiú ar thaobh an bhealaigh cóngarach d’Oideas Gael in achar gairid 10 mbomaite! Ach cúpla lá tar éis sin, chuaigh fear áitiúil thart ag scairdeadh fiailnimhe ar chiumhais an bhóthair agus mharaigh sé gach rud! In ionad lusanna ildaite, tá gach rud dóite agus liath anois agus tá cuma uafásach air agus tá dochar déanta don ghnáthóg seo.