Pota Focal Intergaelic
rile | robe | roe | roll | Rome
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ról comhairleach advisory role
" ról comhairleach ======= Go dtí seo is ról comhairleach is mó atá glactha ag an Choimisiún Ach tá cumhachtaí eile i bhfad níos láidre aige.
Leis an ról sin a chomhlíonadh in order to fulfill that role
" Leis an ról sin a chomhlíonadh, níorbh féidir géilleadh agus admháil go raibh aon locht ar thaobh s'acusan.
eiseamláirí role models
" Ach dúirt sé gur cheart go mbeadh siad siúd a thabharfadh cuairt ar an leacht a thógfaí "ábalta ainmneacha na n-oibrithe tarrthála a léamh, go mbeadh a fhios acu cad é a rinne siad, go bhfaigheadh siad tuiscint ar a laochas, go spreagfadh a n-íobairt iad, agus go ndéanfaí iad a áireamh mar eiseamláirí don chéad ghlúin eile a bheas ár gcosaint go léir.
dá iliomad rólanna poiblí of his many public roles
" "Is cosúil gur dá bharr sin nár thoiligh duine ar bith den seisear clainne s'againne dul isteach sa státseirbhís, ach ní mé!" Bheadh sé deacair do dhuine ar bith leithéidí T K Whitaker a leanacht in aon cheann dá iliomad rólanna poiblí i saol na tíre seo.
ról-imeartha role-playing
" Ag an bhomaite seo, tá cuma an-dearfach ar chúrsaí, ainneoin na ról-imeartha atá ag dul ar aghaidh.
i ról na mná dáthúla in the role of the pretty woman
" Tá na haerlínte i ról na mná dáthúla i *singles bar* agus na haerfoirt ag iarraidh iad a mhealladh - go gairmiúil amháin, ar ndóigh.
pháirt achrannach contentious role
" Ach, de réir dealraimh, níor thuig cuid oifigeach an DOE ar chor ar bith an pháirt achrannach atá ag dathanna i stair na hÉireann.
ról faire watchdog role
" Cén t-ionadh, mar sin, go bhfuil cuid acu ag éirí róshócúlach agus róshotalach? Tá ról faire ag an fhreasúra mar sin lena chinntiú nach ligeann an rialtas na maidí le sruth agus le brú a chur orthu éirí as oifig má bhíonn aon ní cam ar bun acu.
ról straitéiseach strategic role
" Ní bheidh na húdaráis áitiúla ag soláthar scoileanna níos mó, ach beidh “ról straitéiseach” acu, mar dhea! Beidh cead isteach sna scoileanna nua faoi smacht na scoileanna féin.
eiseamláir role-model
" An bhean sin de bhunadh Mhaigh Eo a bhí mar eiseamláir aige nuair a rinne sé an cinneadh clúiteach sin arm agus armlón a allmhairiú.
faoin mhalairt róil sin about that change of role
" Tá na polaiteoirí i ndiaidh cruachinneadh a dhéanamh faoin mhalairt róil sin d’arm Cheanada.
faoi thodhchaí ról arm Cheanada about the future of the role of the Canadian army
" Fear é a labhraíonn faoin dóigh gurbh fhéidir leis an arm an trealamh nua sin a úsáid i suímh shibhialta — i dtubaistí nádúrtha i gCeanada agus ar an choigríoch — ach a gheallann fosta gur gairid go mbeidh plean nua réidh ag an Rialtas faoi thodhchaí ról arm Cheanada.
ról ar leith special role
" Cén ról atá agat féin i gComhairle na Gaelscolaíochta (CnaG) agus cén fhad atá tú sa phost? Oifigeach Forbartha atá ionam ach tá ról ar leith agam ag plé cúrsaí gobharnóireachta, polasaithe scoile (Gaeilge) agus bainistíocht scoile.
ról an pháiste a dhaingniú to strengthen the role of the child
" B’íorónta an scéal é gur fhógair an rialtas seachtain i ndiaidh fhoilsiú Thuarascáil Stern go raibh siad le ról an pháiste a dhaingniú i mBunreacht na hÉireann.
Sárimreoirí agus sáreiseamláirí excellent players and excellent role-models
" Sárimreoirí agus sáreiseamláirí don aos óg i gcoitinne is ea iad.
ról lárnach central role
" Tá córas iompair phoiblí i measc na nithe sin, agus tá ról lárnach ag na tramanna sa chóras rathúil iompair in Melbourne.
ról fadbhunaithe na hiriseoireachta traidisiúnta the long-established role of traditional journalism
" Is léir, mar shampla, go bhfuil an tóin ag titim as ról fadbhunaithe na hiriseoireachta traidisiúnta mar gheatóirí a dhéanfadh cinneadh faoi na míreanna nuachta agus faoi na tuairimí ba cheart a chur faoi bhráid an phobail.
malartú ról role reversal
" Scoithimid na hIosraelaigh agus tugann Louis malartú ról faoi deara.
páirt dhíreach direct role
" Siocair gurb iondúil go mbíonn páirt dhíreach acu sa scéal atá faoi chaibidil agus go mbíonn teacht acu ar fhoinsí eolais nach mbeadh ag an iriseoir.
ról fulangach ag freagairt dó. a passive role responding to it.
" Níor mhór do na meáin Ghaeilge ról a imirt lena bhfuil i ndán a mhúnlú, seachas ról fulangach ag freagairt dó.
ról aisteach strange role
" *’”Cé go ndeachaigh Myers go Béal Feirste mar iriseoir, bhí ról aisteach aige agus é ó thuaidh.
ról an-lárnach very central role
" An bhfuil mé mícheart go hiomlán agus mé ag maíomh go bhfuil cosúlachtaí ann idir an cás hipitéiseach seo agus cúrsaí ceoil sa lá atá inniu ann? Cinnte tá dlúthdhioscaí neamhspleácha ag teacht amach atá go maith, ach an bhfuil siad chomh maith is a d’fhéadfadh siad a bheith? Sa litríocht, tá ról an-lárnach ag foilsitheoirí agus eagarthóirí, ag obair leis an scríbhneoir, ag tabhairt spreagadh agus comhairle dó/di leis an saothar is fearr a chur ar fáil.
an ról sin that role
" Thosaigh Kieran ag obair le BBC Thuaisceart Éireann sa bhliain 1983 nuair a ceapadh é mar léiritheoir ar chláracha Gaeilge – an chéad duine riamh a raibh an ról sin aige.
ról lárnach central role
"ról lárnach ag na hinstitiúidí stáit sa bhainistíocht agus sa phleanáil teanga mar is tríothusan a chuirtear tacaíocht agus treoir ar fáil do na heagraíochtaí agus coistí pobail chun gur féidir leo gníomhaíochtaí dearfacha a thionscain.
ról an léiritheora fheidhmeannaigh. the role of the executive producer.
" Níor tharla aon *puppet murder* sa chompántas fós!”Is é an ról atá ag Darach anois ná ról an léiritheora fheidhmeannaigh.
ról leanúnach regular role
" ” Bhí lucht leanúna díograiseach ag Bishop faoin mbliain 2000, ach ba sa bhliain seo a tarraingíodh aird an phobail i gcoitinne air nuair a ghlac sé le ról leanúnach ar chlár teilifíse den chéad uair.
páirt thábhachtach an important role
" D’imir muintir Moon páirt thábhachtach ann chomh maith.
mar gheall ar an bpáirt lárnach because of the central role
" Tiarnaí drugaíNuair a cuireadh rialtas na Bolaive as cumhacht i 1980, tugadh an “*Cocaine Coup*” air mar gheall ar an bpáirt lárnach a bhí ag tiarnaí drugaí na tíre ann.
páirt lárnach a central role
" Le beagnach 50 bliain anuas, is amhlaidh go bhfuil páirt lárnach glactha ag lucht leanúna Moon i gcogadh mínaofa na heite deise i gcoinne an daonlathais.
ról searmóineach ceremonial role
" Roimh an ngéarchéim bhunreachtúil thuasluaite, ghlac muintir na hAstráile leis gur ról searmóineach amháin é ról an ard-ghobharnóra.
ról ceannasaíoch leading role
" com) ag glacadh ról ceannasaíoch sna cúrsaí seo.
ról níos tábhachtaí fós a more important role still
" Ach, seans maith go bhfuil ról níos tábhachtaí fós ag an gcuntasóir! Is í an cheist atá agam faoi seo uile ná an bhfuiltear ag dul thar fóir i gcúrsaí spóirt agus an bhfuiltear ag cur brú ar imreoirí atá thar cionn cheana féin a bheith níos fearr agus níos tapúla? Is cuid den saol iad athruithe, agus ní féidir stop a chur leo.
ról tábhachtach important role
" Is cinnte go mbeidh ról tábhachtach ag acmhainní foinse oscailte mar OpenStreetMap amach anseo – go háirithe nuair a bheas táillí arda i gceist ar úsáid seirbhísí úra ar nós Loopt.
baint mhór a major role/connection
" Bhí baint mhór ag athair an tseanadóra i bhforcheilt ar cheann de na heachtraí ba scanrúla i stair mhíleata SAM.
dea-eisleamáirí fireanna good male role models
" Tá ciallachais mhóra ag an chlaonadh seo ar ndóigh do shochaí na hÉireann frí chéile ó tharla go measann lucht saineolais sa réimse seo go mbíonn dea-eisleamáirí fireanna de dhíth go mór ar ghasúirí agus iad ag teacht i méadaíocht - ar bhuachaillí ach go háirithe.
rólchuspaí ríthábhachtacha highly important role models
" De réir taighde a rinne an Áisíneacht um Thraenáil agus Forbartha Scoileanna (TDA) sa Bhreatain anuraidh, fritheadh gur rólchuspaí ríthábhachtacha iad múinteoirí fireanna do bhuachaillí agus iad ag éirí aníos.
feidhm lárnach central role
" Níor chaill aon duine de na fostaithe a phost agus go deimhin tá sé molta ag an Dréacht-Straitéis go méadófaí cumhachtaí agus dlinse an Údarais agus go mbeadh feidhm lárnach ag an eagraíocht i gcur chun cinn na straitéise.
ról-imeartas role play
" Nuair a mhíníonn Binoche dó amuigh sa tsráid cad a tharla, tosaíonn seisean isteach ar ról-imeartas na beirte seanphósta freisin! Arís, caidé an rud atá fíor, is cad tá bréagach, agus cad is ‘Cóip Dheimhnithe’ ann pé sceal é? An tAmhras ====== Ceistímis anois brí fhormhór na dtarlúintí i dtús an scannáin.
Cúraimí Breise more roles
" Cúraimí Breise ======== Chuaigh cúrsaí san Afganastáin in olcas arís sul i bhfad agus, dá bhrí sin, iarradh ar Rialtas na hAstráile na fórsaí SAS a chur ar ais ann sa bhliain 2005, le bheith páirteach sa chogadh in éadan na dTalaban.
sárlaochra atá acu their role models
" Do bhuachaillí agus do chailíní óga na linne seo is minic gurb iad laochra spóirt agus popcheoil na sárlaochra atá acu.
ról gairmshainithe professionally determined role
" An Múnla ==== Tá sé faiseanta, ar shála leithéid *‘Priceless’* (2006) - atá sárthaithneamhach, dála an scéil - agus ag cur san áireamh a chéad mór-ruathar ceallalóide *‘Amelie’* (2001) go mbeadh criticí téagartha (ina mbreithiúnas féin, gan amhras) ag fanacht leis an ról gairmshainithe sin di.
ba thábhachtach an ní an ceol music played a major role
" I Mainistir Chnoc Muaidhe, ba thábhachtach an ní an ceol.
cúram a bhí air a role he had
" Thosaigh na fadhbanna nuair a d’fhógair Declan Ó Duáin, bainisteoir na foirne, nach mbeadh Ó Drisceoil ina chaptaen níos mó, cúram a bhí air ó 2003, agus inar chruthaigh sé arís is arís eile a chumas iontach mar cheann feadhna.
Bhí baint ríthábhachtach ag played a very important role
" Bhí baint ríthábhachtach ag na Squatters, mar a thugtaí orthu, i bhforbairt na hAstráile san ochtú haois déag, agus bhí an Rianach i measc lucht na buannachta, na suiteoirí, ba shaibhre sa choilíneacht.
ról dearfach a positive role
" Ní fhéadfaí glacadh leis an gcaoi a fhaigheann daoine isteach ann (gáire), ach ainneoin na staire aistí agus easpa a daonlathais, éiríonn leis ról dearfach a imirt ar shaol polaitiúil Shasana.
na príomhróil the main roles
" Ba léir, áfach, nach maith le gach duine an saghas seo scannánaíochta ón méid daoine a shiúil amach as an scannán impriseanaíoch Cambódach-Astrálach Ruin, scéal léanmhar grá inar ghlac daoine nach aisteoirí iad na príomhróil.
tá bearnaí le líonadh mar there are roles/gaps to be filled as
" Ní gá gur imreoir gach duine áfach: tá bearnaí le líonadh mar bhainisteoirí, roghnóirí, traenálaithe, oiliúnóirí, lucht tacaíochta, baill choiste, coiste siamsaíochta agus araile”.
cúram na bainistíochta the role of managing (them)
" Thóg mé féin agus Ruadhán cúram na bainistíochta orainn féin – teagmháil agus cumarsáid a dhéanamh le himreoirí faoi thraenáil agus faoi chluichí, aire a thabhairt do gheansaithe agus araile.
ról an tuismitheora agus na clainne the role of the parent and the children
" Beidh an leibhéal murtaill san Ísiltír ardaithe 15%, fágaim, ach in Éirinn, meastar go mbeifear ag súil le hardú 47%! Tá neart staidéir déanta ar ról an tuismitheora agus na clainne i gcúrsaí spóirt agus spraoi an pháiste atá róthrom.
Tugtar dualgais an bhoic mhóir thráchtála áitiúil the role of the local big business git is given
" Tugtar dualgais an bhoic mhóir thráchtála áitiúil do Risteárd Cooper.
ról níos dearfaí a more positive role
" Tá sé in am ag Protastúnaigh Uladh ról níos dearfaí bheith acu sa tsochaí ó thuaidh, dar le Robert McMillen.
chion na dtomhaltóirí sa bheart the consumers’ role in the matter
" Is ait le Niamh Ní Shúilleabháin gur beag aird a thugtar ar chion na dtomhaltóirí sa bheart.