Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ruainne beag bídeach a tiny piece
" Tá New South Wales ar fad, ach amháin ruainne beag bídeach sna Snowy Mountains, fógartha faoi thriomach.
ruainní scraps
" Níor tháinig an cás féin chun cúirte go fóill, ach gach seachtain tagann ruainní nua eolais amach faoin Uasal DeLay agus a cheangal le leithéidí Jack Abramoff, stocaire a daoradh chun príosúin i mí Eanáir 2006 nuair a phléadáil sé ciontach i gcomhcheilg, calaois, agus breabaireacht.
ruainní scraps
" Níor tháinig an cás féin chun cúirte go fóill, ach gach seachtain tagann ruainní nua eolais amach faoin Uasal DeLay agus a cheangal le leithéidí Jack Abramoff, stocaire a daoradh chun príosúin i mí Eanáir 2006 nuair a phléadáil sé ciontach i gcomhcheilg, calaois, agus breabaireacht.
ruainne péinte a little bit of paint
" Chuaigh mé thart ar go leor cairteacha dramhaíola eile, chuardaigh i bhfoirgnimh thréigthe, cúl-lánaí agus a leithéid, boscaí carntha os cionn a chéile taobh thiar de shiopaí agus rinne mé taiscéalaíocht ar shráideanna i bhfad ó bhaile—ar rothar, seanrothar meirgeach ar tháinig mé air sa chéad chairt dramhaíola sin, tar éis braon ola a chur ar an slabhra ní raibh caill ar bith air, an roth tosaigh a athrú, caoi a chur ar na coscáin chúil, na boinn, na cáblaí agus ruainne péinte—síos cnoc, trasna na habhann, suas cnoc, faoin tuath beagnach a bhí mé sula raibh mo dhóthain piléar agam, péire agus cúpla ceann le spáráil.
ruainne beag braon de a little bit sick of it
" Ach is é an feachtas is mó atá ar bun faoi láthair ná feachtas na huachtaránachta, agus d’ainneoin chomh tógtha is atá Meiriceánaigh leis an bpolaitíocht, feictear dom go bhfuil muintir na tíre ruainne beag braon de cheana féin.
ruainní tiny bits
" Ní ga dom ach seinnt nó fuaimeanna nó frásaí ceoil a thaifeadadh agus fágaim an draíocht teicniúil faoi na draoithe teicniúla! Sé an chaoi go n-oibríonn sé ná go roinntear an scáileán i mboscaí ina gcuirtear ruainní beaga ceoil atá réamhthaifeadta agus trí bhreathnú ar na boscaí ‘seinntear’ an ruainnín ceoil.
ruainne a smattering
" Ní raibh sí ach th’éis an jab a fháil agus chuir mise an t-agallamh uirthi, ruainne i nGaeilge agus ruainne i mBéarla.
ruainne ar bith any bit
" Deirtear go n-itheann na sionnaigh sméara agus ruainne ar bith a dtiocfaidh siad air san earrach, ach b’fhearr leo feoil na mionmíolta, nó creimirí beaga, in aimsir fuachta mar seo.
ruainne beag slightly
" An raibh ao' nduine as Clann na Poblachta ag imeacht, an raibh ao’ nduine as Sinn Féin ag imeacht, an raibh ao’ nduine eile a bhí ruainne beag amuigh ar an imeall ag imeacht? Bhí mé á phlé le Proinsias Mac Aonghusa.
ruainne beag den chonspóid a little touch of controversy
" Cuidíonn sé go mór le díol leabhair, dar ndóigh, ruainne beag den chonspóid a bheith ag baint leis agus tá sin amhlaidh i gcás an leabhair *This is Our Year* le Declan Bogue, a d’fhoilsigh Ballpoint Press).
ruainne de a touch of
" Meascán den Chaitliceachas, de chreidimh dhúchais na hAmasóine agus ruainne de na creidimh Afra-Bhrasaíleacha atá sna creidimh Santo Daime.
ruainne ar bith den éadach sin a tiny piece of that clothing
" ** Benedictus: Ach níor liom féin ruainne ar bith den éadach sin, ná fiú oiread is uinge den ór.
tá ruainne beag de airithe agam I've felt a little of it
" Ná Déan Nós is Bris Muinéal ========== Níor chaith mé tréimhse ní b’fhaide ná aon bhliain amháin ar an gcoigrích agus dá bharr sin ní dóigh liom go bhfuil an t-údarás céanna agam is atá ag Hijmans le bheith ag trácht ar an suaitheadh saíochta, ach fós féin tá ruainne beag de airithe agam.