Pota Focal Intergaelic
rain | rein | réin | rin | ruan
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
rud a scriosfadh which would ruin
" Mhillfeadh seo áilleacht na háite, rud a scriosfadh tionscal na turasóireachta sa cheantar.
cabhlach roofless walls, ruins
"cabhlach de sheanséipéal an oileáin, Cill Chiaráin, fós le feiscint.
ballóga ruins
"ballóga le feiceáil ansin a bhí mar mhainistir ag Ord Naomh Proinsias sa cheathrú haois déag.
bhallóga ruins
" Tá leagan amach an ionaid bunaithe ar bhallóga - mar aon le heolas a fuarthas ó bhéaloideasaithe - in Áit Tí an Mheasaigh, Contae Mhaigh Eo.
scriosta in ruins
" "Bhí dhá acra is caoga, ó Broad Street go South Street, agus ó Wall Street go ceantar ar a tugadh Coenties Slip, scriosta.
fothracha ruins
"fothracha chaisleán chlann Mhic Shuibhne le feiceáil fós in áit ar a dtugtar Magh Ros i bhFánaid.
fothrach ruin
" Ní raibh ann ach fothrach nuair a bhog muid isteach ann.
ballóg ruin
" Níor tháinig deireadh le *line dancing *(is mór an trua), níl Ard-Eaglais Naomh Pól ina ballóg, agus tá an náisiúnachas ag dul ó neart go neart.
an t-uafás a scrios an chuid eile dá shaol the horror that ruined the rest of his life
" Ba ansin a thosaigh an t-uafás a scrios an chuid eile dá shaol.
millte ruined
" Ach, tá rud amháin soiléir, is é sin go bhfuil cúrsaí spóirt millte uair amháin eile ag airgead agus saint agus nach bhfuil sa scéal seo faoin mbainisteoir ach sampla amháin eile den "Capall*ology*" a bhaineann le cúrsaí spóirt uaireanta! *Is múinteoir scoile é Colm Mac Séalaigh a bhfuil cónaí air i mBaile Átha Cliath.
ag déanamh slada spoiling, ruining
" Tá muidne ag déanamh slada ar ár n-oidhreacht féin, mar a tharla d'oidhreacht na nIndiach Dearg i Meiriceá, ach gur sinne féin atá freagrach as an slad.
ballóga ruins
" Tá splanc dóchais ann do mhuintir bhocht Ráth Cairn: tá an rialtas sásta deontas fial flaithiúil a chur ar fáil le cuidiú leo an cac bó a ghlanadh amach as na ballóga thiar.
scriosta ruined
" Dá mba rud é nach bhfuair tú pas, bhí tú scriosta – ní bhfuair tú an Ardteistiméireacht.
iarsmaí ruins
"iarsmaí scríne s’aige san ardeaglais.
fothraigh ruins
" Ba é a d’fhoilsigh cúlra an cheantair dúinn ná na fothraigh féin agus treoraí de bhunús na háite.
seanbhallógaí old ruins
" * Gluais • Glossary fríd ghloine dhorchathrough a dark glass smúidmist, murkiness bréagachfalse is annamhit is seldom mionrudaíminor things doiléirvague i sruth na éiginnteachtain the stream of uncertainty glas ceart na gcuibhreannthe correct green of the fields sin an tuigethat's why ag stánadh amachstaring out léanalawn ag croitheadh a gcinnshaking their heads íomhánnaimages iontassurprise machnamh ceartproper thinking scáileánscreen ag preabadhjumping bladhaire coinnlea candle flame eachtraíevents chan éthat's not it dá thairbhe sinbecause of that rudaí neamhiontachaunexciting, ordinary things ar bharr na mbeannon the cliff tops an lá fá dheireadhthe other day ag coimhéad ar thonnta ag briseadh go díbhirceachwatching waves breaking with ardour substaintsubstance dá dtitfeadh mo chorp de bharr na mbeannif my body fell from the top of the cliffs taoidetide fiúntasworth gníomhact nó a mhalairtor the opposite blaiseadhtaste gan rud ar bith bheith gnóthaithe agam as m’aistearwithout having gained anything from the journey fuaimeanna fánachaoccasional noises díoscadhcreaking coiscéimeanna folmhaempty footsteps stánadh fadaa long stare craos na tineadhthe roaring fire dromchlasurface cha dtig liomI can't cha dtig liom í á threorúI can't guide it déanaim iarracht a gciall a scaoileadhI try to release their meaning le rachtanna fiáinein wild fits seileogaspits sáthadh scinethe stabbing of a knife aonarachsolitary staidéarthalevel-headed teas an phaisinthe heat of passion breithbirth a cheiltto hide anáilbreath is annamhit is seldom fiúntachworthwhile dathanna seachantachaelusive colours goitsecome on, come here neadrachanests seanbhallógaíold ruins deifrehurry cha raibh faill aigehe hadn't the time contráiltewrong go brách síoraíever ag déanamh iontaiswondering i bpeannaireacht chruinn shlachtmharin accurate neat writing stócach ógyouth bodhardeaf pian a fhuilstinto suffer pain mo bheomy life lena dhornwith his fist le mé féin a chosaintto protect myself ní léimfinn amach as a bhealachI wouldn't jump out of the way cinneadhdecision cinntídecisions go fadálachslowly chan fhuil an cinneadh déantathe decision has not been made déanaim mo chac agus mo mhúnI defecate and urinate cuideachtúilhelpful athrú séasúrthe change of seasons de ghlanmheabhairoff by heart gialljaw gobachprotruding gruaig fhionnblond hair dóighiúlachtbeauty tarraingteachattractive rud inteachtsomething buaireamhsorrow ag bruidearnaighthrobbing coimhthíochstrange idir barra na gcrannbetween the tops of the trees ag iarraidh mairstin airtrying to live on it nimhneachsore bhlais mé an phianI tasted the pain tchíthear domhit seems to me go dianstrictly samhailimage mar nach bhfuil sé de dhánacht ionam a bheith éagsúilbecause I haven't got the guts to be different daonnachtaíhumanist an cine daonnathe human race bréanfoul an bréantas a cheiltto hide the foulness cumhráin bhréigefalse perfumes lofarotten gnásanna sóisialtasocial customs béasamanners seanseiteannaold sets ag foscladhopening ag scamhadhpealing creatlachframe-work creidbheáilto believe scigdhráma an tsaoilthe farce of life de réir mar atáthar ag dréimas is expected táirgíproducts caiteoir eiseamláireachexemplary spender lúcháireachjoyous teorainneacha luaisspeed limits ag cailleadh foighdelosing patience sceadamánthroat mo bhrú folamy blood pressure sciathánarm go hionraice is a thiocfadh liomas honestly as I could comhairleadvice díomádisappointment sólassolace lagmheasarthachtrather small amount ag tochailtdigging
curtha de dhroim seoil subverted, ruined
" Deamhan athrú sa mhéid sin, is dóigh, ach mura ngníomhaíonn CLG go luath ar son na hiomána, beidh pé dul chun cinn a rinneadh le cúig bliana fichead anuas curtha de dhroim seoil.
ag scriosadh ár gcruthaitheachta ruining our creativity
" Ach, anuas air sin – agus seo an difear idir m’altsa agus GnáthAlt Ar Google (nó GAAG) - ceapaim go bhfuil Google ag scriosadh ár gcruthaitheachta.
ag scriosadh ár gcruthaitheachta ruining our creativity
" Ach, anuas air sin – agus seo an difear idir m’altsa agus GnáthAlt Ar Google (nó GAAG) - ceapaim go bhfuil Google ag scriosadh ár gcruthaitheachta.
ar bhealach bhur n-aimhleasa on the road to ruin
" folachcovering nochtnaked slaitín saileachwillow rod á lascadhthrashing her ar chúl na gclaíochabehind the stone walls an iarraidh seothis time Cuardaitheoirí Rudaí AisteachaSearchers for Strange Things saineolaitheexperts ráflaírumours cleamhnaitherelations by marriage fireann nó baineannmale or female a ndrioballtheir tail ganntan olaoil shortage stangadhstart ag útamáilfumbling ag cogarnaílchewing gaibhte a chodladhgone to bed sórt baoitea kind of bait go mbéarfaidís airthat they would catch him drochfhliúa bad flu cragtha ceartbadly hit cliabhrachchest cáirseán aisteachstrange wheeze duáinkidneys ag fual ina threabhsarwetting his trousers fliuchándrenching eascainecurse bá is múchadh airdrowning and smothering on him cóir leighistreatment seanmóirsermon a rachthis outburst a phaca diabhalyou pack of devils ar bhealach bhur n-aimhleasaon the road to ruin go bagrachthreateningly fainicwarning cúrfoam ag gíoscángrating i ngábhin a dangerous situation collachcrude, fleshy person scuaid tearraa splattering of tar isteach ina chlabinto his mouth
creach ruin, plunder
" creach oscailte ======= Téann fréamhacha na caismirte seo siar chomh fada le Cath Ghort na Lonta Dubha i 1389.
fothrach ruin
" Is beag lá sa léigear nár chaith na Seirbiaigh corrshliogán eile isteach i bhfothrach na seanleabharlainne.
millte as éadan totally ruined
" Mar is é an comhthoradh is mó atá ar an tsíorthógáil seo ná go bhfuil stráicí móra den tírdhreach is deise ar domhan millte as éadan againn.
scriosta ruined
" Bhí an Ghearmáin fós scriosta agus bhí bochtanas i go leor tíortha eile san Eoraip.
gur scrios an taithí a bhí acu ar an teilifís a saol. that the experience they had on television ruined their lives.
" Creideann an dream seo gur scrios an taithí a bhí acu ar an teilifís a saol.
scriosadh a saol their life was ruined
" Rinneadh éagóir ar na daoine seo agus scriosadh a saol orthu.
agus fágadh na foirgnimh ina bhfothracha. and the buildings became ruins.
" Tháinig deireadh leis an mhainistir i ndiaidh an Reifirméisin agus fágadh na foirgnimh ina bhfothracha.
fothrach ruin
" Is fothrach é, ach tá cuid dá bhallaí móra dúbáilte le feiceáil go fóill.
ag an bhallóg at the ruin
" Bíonn lón againn ag an bhallóg ar a dtugtar Díseart Aoidh Mhic Bhricne, atá ciliméadar amháin ón mhullach, díreach os cionn Loch Each.
fothrach ruin
" Is fothrach é anois; tá sciatháin leathair sa túr agus crainn ag fás sa chorp.
as ucht a gcultúr a bheith scriosta for their culture being ruined
" Mar chéad mhír ar chlár gnó an tseisiúin, mhol Príomh-Aire na hAstráile, Kevin Rudd, rún inar ghabh sé leithscéal oifigiúil le Bundúchasaigh na hAstráile as ucht a gcultúr a bheith scriosta ag muintir gheal na hAstráile.
scriosta. ruined
ballóga ruins
" Lá 7 - Dé Luain: ó Viana go dtí Logrono - 10 cm D’fhág mé an baile trí Portal San Felices, áirse cloiche meánaoiseach, agus ar mo bhealach chonaic mé ballóga eaglais San Pedro, eaglais atá tréigthe le fada.
dhea-rúin na bliana úire the nice ruins of the clay year
" Níl fágtha anois de dheasghnátha bliantúla seo lár an gheimhridh ach díriú ar dhea-rúin na bliana úire: iad a chumadh, a scríobh, a mhionnú.
scriosadh being ruined
" Tuigimid go bhfuil an aeráid ag athrú agus go bhfuil an comhshaol á scriosadh againn, ach táimid tugtha don chineál saoil seo, saol atá bunaithe ar an tomhaltas agus ar an fhás gheilleagair.
scriosadh ruined
" Díothaíodh dhá theach sa tsráid taobh linn, agus scriosadh 35 teach ar fud an bhruachbhaile s’againn féin.
loite ruined
" Tá na bóithríní loite le plaisteach dubh.
ag milleadh an cheoil ruining the music
" Ní dhearna Séamus gearán faoi dhuine ar bith eile a bhí ag seinm in aice leis, bíodh sé sin beagnach ag milleadh an cheoil ar achan duine eile.
scriosta in ruin
" Tá an tír scriosta tar éis fhorghabháil bhrúidiúil a mhair dhá bhliain.
scrios ruin
" Níl solas ar bith ag béal an tolláin dhuibh dhorcha seo ach lampa tosaigh na traenach atá ag teacht le scrios a dhéanamh orainn.
millte ruined
" Chuir siad siúd é ar ais chuig Enda, ag rá nach raibh sé cosúil le cód ar bith a chonaic duine ar bith acu riamh, agus ag gearán go raibh seacht gcinn de na ríomhairí ba chumhachtaí ar domhan millte acu agus iad ag iarraidh an cód a bhriseadh.
truaillithe ruined, spoiled
" Mar sin caidé an ‘big deal’ fá dtaobh de leathanach eile a bheith ag feidhmiú agat nuair atá na boscaí sin ticeáilte cheana féin? Caithimse cuid mhór iarracht agus fuinneamh i ndaoine a sheachaint, agus nuair a deirtear liom go dtig leat a bheith ar gach eolas te bruite fá dtaobh de chuid gníomhaíochtaí agus gluaiseachtaí achan duine a bhfuil tú mór leis, cha dtig liom a shamhlú cúis ar bith le d’intinn a bheith truaillithe ag stuif mar seo nuair nach bhfuil mórán smachta agat ar do chuid gluaiseachtaí agus gníomhaíochtaí féin.
scríosfadh would ruin
" ) Níl fhios agam cén sórt amadáin a scríosfadh áit álainn le teachtaireacht mar seo, ach guím drochrath ar an chleamhnas! An Camus Binne Tógadh leacht cuimhneacháin nua i mbliana in aice leis an chosán go Port, clachán tréigthe, álainn ar an taobh thuaidh de Ghleann Cholm Cille.
Scriosann ruins
" Scriosann an colm míofar seo áit a bhí galánta.
mhillfeadh would ruin
" Níl mé ag maíomh ach an oiread gur cheart go mbeadh cosán tógtha ar achan sliabh in Éirinn - mhillfeadh a leithéid áilleacht aiceanta agus fiántas na tíre – ach ba cheart aire a thabhairt do na cnoic is mó a dhreaptar sa tír ar nós Corrán Tuathail, Cruach Phádraig, an Earagail, Sliabh a Liag agus Lug na Coille.
scrios to ruin
" Ach, níos measa ná sin, dar le Ó Cuinneagáin, tá bunús na peile á scrios toisc nach é an t-imreoir oilte is tábhachtaí ach an t-imreoir is aclaí nó, lena rá ar bhealach eile, gurb é aclaíocht an imreora seachas scil an imreora is ceannasaí sa chluiche faoi mar a imrítear inniu é.
mballóga ruins
" com/watch?v=3nuUhKVIrWU) Modd Cymru – Modh na Breataine Bige Mhínigh sé dúinn go gceannaíonn a chomlacht sa Bhreatain Bhig seantithe faoin tuath, tithe atá tréigthe agus ina mballóga go minic, agus athchóiríonn sé iad, ag baint úsáid as seanscileanna agus as ábhar tógála traidisiúnta.
scrios despoliation, ruin
" com/Buildings/Picture_Gallery/?CI_Building_ID=49) De réir mar atá níos mó daoine ón taobh amuigh tar éis teacht go Mau is ea is mó an scrios atá déanta ar an bhForaois.
súil le breis a mhilleann an cearrbhach expecting more ruins the gambler
" B’fhéidir go mbeidh mé níos ádhúla an bhliain seo chugainn – cé go dtuigim go bhfuil sé ráite gur ‘súil le breis a mhilleann an cearrbhach’.
scriosta ruined
" Tá leath na tíre scriosta ag an díle agus an leath eile scriosta ag Thierry Henry, a bhfuil LÁMH agus focal idir é agus muintir FIFA.
scrios ruin
" Agus chun an geilleagar ‘a tharrtháil,’ bronnadh na trilliúin ar na daoine atá ciontach as an ngeilleagar a scrios.
thruailligh ruined
" Ní le haon ghrá do Fhine Gael, a deirim gur ábhar dóchais domsa go mbeidh cumhacht Fhianna Fáil briste tar éis an chéad olltoghchán eile ach le gráin ar an mbealach a thruailligh Fianna Fáil polaitíocht na hÉireann le 30 bliain anuas faoi Charlie Haughey, faoi Albert Reynolds agus faoi Bhertie Ahern.
loite ruined
" Deirtear ann go bhfuil an ceantar loite ag róthogáil agus ag barraíocht tithe saoire: “*the coast, dotted with white, sandy beaches, has been overrun by holiday homes.
millte ruined
" Go deimhin deir an leabhar go bhfuil stráicí móra de Chontae Dhún na nGall millte ag easpa pleanála: “*cashed-up Dublin developers building holiday homes in some of Donegal’s most pristine beauty spots.
scriosta ruined
" Ó na hochtóidí ar aghaidh, tá moscanna agus scoileanna creidimh scriosta agus ní annamh a chuirtear cosc ar dheisiú na bhfoirgneamh seo.
scriosta ruined
" Tá Údarás na Gaeltachta scriosta aige.
scriosta ruined
" Gadaíocht ó na daoine is boichte le tabhairt don dream a bhfuil an geilleagar scriosta agus an todhchaí curtha i mbaol acu fríd an chaimiléireacht nó fríd an neamhinniúlacht.
scriosta ruined
" Má tá Nóra ag fulaingt as siocair a laige féin, feicimid an bród mar laige mhór i gcás athair Nóra, agus saol Nóra agus saol na dtuismitheoirí scriosta dá chionn.
ar bhealach a aimhleasa on the road to ruin
" Tá an fear a thréig Neill caillte faoin am seo ach tá mac ag an mbean eile, ‘an scoláire óg’ mar a thugtar air, atá an-cosúil lena athair agus cuireann Neill ar bhealach a aimhleasa é chun díoltas a bhaint amach ar an mbean.
scriosfaí would be ruined
" Tá sé curtha i leith an Aire Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha, Éamonn Ó Riain TD, ag príomhfheidhmeannach Aontas Peil Rugbaí na hÉireann (IRFU), Philip Browne, go scriosfaí an cluiche rugbaí in Éirinn má chuirtear moltaí áirithe ón Aire maidir le craoladh teilifíse cluichí móra rugbaí i bhfeidhm.
scriosamar we ruined
" Is iomaí sliotar a scriosamar in aghaidh bhalla an tseanbhuncair a thóg saighdiúirí an Tríú Reich.
scriosfaí would be ruined
" Dúirt an t-ealaíontóir Edvard Munch mar fhreagra ar dhuine a mhol leigheas dó agus é buailte le dúlagar gruaime, go raibh an galar mar chuid dá ealaín agus gan é, go scriosfaí an ealaín.
mhilleadh to ruin
" Cén fáth go gceadaítear do dhream an mhíchruinnis obair mhaith na coda eile a mhilleadh? An samhlaítear nach dtugtar an míchruinneas faoi deara, go forleathan? Cén fáth nach gcuidítear le craoltóir an mhíchruinnis i ndiaidh cláir, nó an mhaidin dár gcionn? Sin, nó a bhaint d'obair an chraolacháin! Ní hé go mbeifí ag súil le cruinneas chuile lá den saol ag duine, ach tá roinnt a chaithfear cuidiú leo.
léirscriosadh was ruined
" Bhí a ndúichí seilge traidisiúnta caillte ag an mhuintir dhúchais agus dá bhrí sin léirscriosadh a slí mhaireachtála agus a saíocht.
scríosta ruined
" A luaithe agus a chuirtear rudaí saorga mar ionad cuairteoirí, clár fógraí, binsí plaisteacha agus mar sin de san áit, tá sé scríosta.
fhothrach ruin
" Marach Buí na Léige ======== Mar cuid den iarracht siúlóirí a bhrú i dtreo Cosán an Oilithrigh, tá líne carraigeacha atá péinteáilte buí geal ón fhothrach séipéil go dtí imeall na haille, áit a bhfuil fógra nua ann.
scriosann ruins
" Fágann sé seo go mbíonn an-smacht ag an rialtas láir ar na comhairlí, rud a scriosann an daonlathas áitiúil.
scriosadh to ruin
" Bhí muid sásta dlíthe na tíre a lúbadh agus ár dtimpeallacht álainn a scriosadh ar mhaithe lena mbeannacht agus lena n-airgead siúd.
scriosadh was ruined
" Is cathair í Brest a d’fhulaing go mór ag deireadh an dara cogadh domhanda, nuair a scriosadh an chuid is mó de na foirgnimh ag buamaí Mheiriceá.
Scrios ruined
" Scrios gobharnóir nua an stáit sin, Chris Christie, tionscadal tolláin mhór do thraenacha idir Nua-Gheirsí agus Nua-Eabhrac i mí na Samhna seo caite, agus tá gobharnóir tofa Wisconsin, Scott Walker, tar éis tionscadal iarnróid mhórluais d'ardchathair an stáit sin, Madison, a Scrios freisin, ag diúltú do $810 milliún ó rialtas na Cónaidhme sa phróiséas.
truaillithe ruined
" Tá ar ndóigh, *Yahoo Answers* ann ach tá an suíomh seo truaillithe nuair nach bhfuil córas ceart coimeádta air.
dtithe millte ruined houses
" Tá an láib uileláithreach i gcónaí agus tá eagla ar mhuintir na háite roimh lucht gadaíochta atá ag creachadh na dtithe millte.
scrios ruined
" Ar an 11 Eanáir, scrios láib agus uisce codanna móra de Teresópolis, Nova Friburgo, Petrópolis agus Sumidouro, ceithre chathair bheaga, chodlatacha i gceantar sléibhtiúil thart ar seachtó ciliméadar soir ó thuaidh as Rio de Janeiro.
ballóga ruins
" Bhí na ballóga suite ag bun an tSléibhe Mhóir.
an teanga a mhilleadh to ruin the language
" Ní dóigh liom gur cheart an teanga a mhilleadh amach is amach ach oiread – an saibhreas sin a chailleadh.
millte ruined
" An Daingean ======= **SMM: Ach an Daingean agus thart sa taobh sin, tá fógraí bóthair millte, sa Ghaeltacht féin** BNC: Ní dóigh liom gur cheart dóibh é sin a dhéanamh.
Millte ag Muilte ruined with turbines
" Millte ag Muilte? ========= Chuimhnigh mé ar an seanstáisiún ginte leictreachais i nGlinn Chatha agus mé ag éisteacht leis an gclár Iris Aniar ar Raidió na Gaeltachta ag deireadh mhí an Mhárta.
ag déanamh scrios ar ruining
" Ní móide go dtabharfaidh Caoimhe — ná na mílte eile a chuir Barack Obama faoi dhraíocht lena bhriathra binne agus a mheangadh ceanúil — mórán aird go deo ar an méid atá á scríobh ag a huncail faoi Uachtarán SAM agus an bhaint atá aige le lucht an airgid atá ag déanamh scrios ar an domhan lena chomhairle geilleagair a d’eascair as Ollscoil Chicago agus a chuid saineolaithe ar nós Milton Friedman.
millte ruined
" Tá sé millte lena mbíonn de fhógraíochta air.
scriosta ruined
" Agus na hearnálacha geilleagracha a bhí láidir go maith faoin tuaith le linn aimsir an téagair, tá siad scriosta ar fad anois nó beidh srian orthu ar feadh i bhfad.
scríos ruined
" Agus scríos an ghaoth ‘rua’ / reo prátaí ar fud an cheantair fosta.
fhothrach séipéil chapel ruins
" Graffiti atá ansin ó Samhradh 2009! Roimh sin, tá an líne carraigeacha atá péinteáilte buí, geal, feiceálach agus gránna ón fhothrach séipéil go dtí imeall na n-aillte ansin go fóill.
mhilleadh to ruin
" Gan chomhréiteach, bheadh an tUachtarán Obama in ann a chur i gcoinne na bPoblachtach go raibh siad ag staonadh d’aon ghnó chun a uachtaránacht a mhilleadh, agus go raibh siad ag scriosadh na tíre dá réir.
ag truailliú na díospóireachta ruining the debate
" Tá idé-eolaithe ón dá thaobh ag truailliú na díospóireachta.
Rinneadh léirscrios orthu they were ruined
" Rinneadh léirscrios orthu tar éis an dara cogadh domhanda.
scrios to ruin
" De réir mar a théann oíche na bainise ar aghaidh, feicimid Justine ag bá i ndúlagar nach bhfuil neart aici air - dúlagar atá chun gach éinne laistigh d’fhithis a ciorcal caidrimh a scrios.
dhéanfaí scrios ar would be ruined
" Ina theannta sin, dhéanfaí scrios ar an nGaeilge mar rogha gairme do dhaoine amach anseo.
scrios ruined
" Uaireanta ba iad na galair a d’iompair dreamanna daoine leo (daoine a bhí tar éis ainmhithe ar nós muc agus beithíoch a chur faoina smacht agus a bhfuair siad galair uathu) a mharaigh agus a scrios na pobail a bhí rompu sna háiteanna a shroich siad agus iad i bhfad óna n-áit dúchais féin.
scrios ina iomlán ruin entirely
" Má tá tú ag iarraidh an cuntas a scrios ina iomlán caithfidh tú rud beag níos mó profa a sholáthar.
fothracha ruins
" Oileán beag atá i gceist, agus tar éis mo phuball a chrochadh is a shocrú, thug mé aghaidh ar na fothracha.
eachtra a scrios an incident which ruined
" Ba í Tymoshenko duine de cheannairí na Reábhlóide Flannbhuí sna blianta 2004-05, eachtra a scrios céad iarracht Yanukovich le bheith ina Uachtarán ar an tír.
fothrach séipéil church ruins
" Leanann siad líne charraigeacha atá péinteáilte buí geal go dtí an fothrach séipéil, líne a thug na siúlóirí ‘Bóthar na mBrící Buí’ air nuair a nochtadh é i 2010.
scrios na tuillte ba mheasa leis na cianta the worst floods in a long time ruined
" Cuimhnímis ar ar tharla i gCorcaigh ag deireadh an Mheithimh i mbliana nuair a scrios na tuillte ba mheasa leis na cianta siopaí agus tithe, agus níor den chéad uair é! Is beag faoiseamh a bhí ag an earnaíl mhiondíola ón drochaimsir ach oiread le haon dream eile.
má shalaíonn an mionlach if the minority ruin
" Is é an trua má shalaíonn an mionlach dea-theist an mhóraimh, óir is iad na hÉireannaigh Úra ceann de na imeachtaí is fearr a tharla inár leith le tamall.
scriosadh was ruined
" Ní hamháin gur scriosadh an séipéal ach rinneadh dochar d’fhoirgnimh eile, ina measc iarsmalann Bhiosántach Chríostaí agus na hárais a bhain leis na Críostaithe Marainíteacha.
ballóga ar láthair an tsléachta ruins on the site of the slaughter
" Níl fágtha anois ach ballóga ar láthair an tsléachta ach tá macallaí na n-imeachtaí fós beo i gcuimhne na ndaoine i gConamara.
scriosfaí an radharc the view would be ruined
" I mbeagán focal, scriosfaí an radharc nuair nach mbeadh le feiceáil soir nó siar ach muilte móra millteacha.
millfidh sé a bhfuil de chrainn fuinseoige in Éirinn it shall ruin all of Ireland’s ash trees
" Ach de réir na saineolaithe tá an galar chomh láidir sin go bhfuil seans maith ann go millfidh sé a bhfuil de chrainn fuinseoige in Éirinn.
a bhfuil seanbhallóg na mainistreach where the old ruin of the abbey is
" ” Bhí cónaí ar Julie agus ar a muintir leath bealaigh idir Mainistir Chnoc Muaidhe agus Áth an Rí i gContae na Gaillimhe, agus ba ag Mainistir Chnoc Muaidhe, áit a bhfuil seanbhallóg na mainistreach a bhunaigh Cathal Crobhdearg Ua Conchobair siar i 1190, a chuaigh Julie ar an scoil a raibh a máthair mar phríomhoide scoile inti.
ba mhó a milleadh mostly that were ruined
" Ach b'ar na ceantracha cósta ba mhó a milleadh.