Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
costais ard reatha high running costs
" Is le scairdeanna beaga dúigh a chuireann na printéirí marc ar leathanach agus cé go bhfuil na scairdphrintéirí féin réasúnta saor, bíonn costais ard reatha ag baint leo.
tá scaoll fúthu they're in a panic, running scared
" Tá an chuid is mó den phobal sna Stáit Aontaithe paranóideach agus tá scaoll fúthu mar gheall ar eachtraí an 11 Meán Fómhair.
an t-ord the running order
" Bhí an t-ord ag athrú achan oíche fosta.
Tá mo mhisneach á thrá my courage is running out
" Tá mo mhisneach á thrá; mo choinsias á chliseadh.
costaisí reatha running costs
" Ar ndóigh, tá gá le printéir daite maith (scairdphrintéir, mar shampla) mar aon le páipéar maith chun caighdeán proifisiúnta a shroicheadh agus bíonn na costaisí reatha a ghabhann le scairdphrintéirí cuíosach ard.
ag rith i dtreo an chúil running towards the goal
" Is é sin, in ionad imreoirí peile a thaispeáint ag rith i dtreo an chúil, d'fhéadfaí leagan moillithe a thaispeáint, agus anailís a dhéanamh ar an eachtra sin sa chluiche.
Tá an dóchas ag trá hoping is ebbing/running out
ar rothaí running smoothly
" " Bhí liostaí fada déanta ag cara Ruth leis an lá a choinneáil ar rothaí.
ar chos in airde running at a gallop
" Dá mbeadh liomóg as bharr a mhéire ag Fergus bheadh Ita thart ar chos in airde go bhfeicfeadh sí cad é mar a bhí a peata féin.
tá mo ghaosán ina rith my nose is running
" " "Ó, níl orm ach cloigeann nimhneach agus tá mo ghaosán ina rith, sin é," arsa Fergus, nó bhí a fhios aige gur mhaith an té a rachadh idir Nóirín agus a mháthair.
ar riaradh an stáit the running of the state
" D'fhág sin a lorg go tréan ar riaradh an stáit ar feadh an chuid is mó den 20ú haois, agus tá an lorg ann go fóill.
síor-rith continuous running
" Dá leanfadh contaetha agus foirne eile a sampla agus an iomáint a imirt mar ba chóir, leis na bunscileanna i réim, an sliotar á imirt fan talún níos sciobtha agus an camán á úsáid mar ba chóir (seachas síor-rith agus teagmháil throm chorp, cuir i gcás), b'fhéidir gurbh fhearrde an cluiche.
ord reatha running order
" Déanann sí cur síos ar ord reatha an lae ach, de réir mar a scairteann daoine ar an chlár ag tabhairt tuilleadh eolais ar ábhar nó ag tabhairt faoi dhuine de na haíonna, go minic is clár eile ar fad a bhíonn ann ón cheann a bhí beartaithe.
Bheifeá ag rith timpeall you'd be running around
" Bheifeá ag rith timpeall ó áit go háit ag seinm.
smuigléireacht gunnaí gun-running
" Bhí sé amuigh ar bhaill den teaghlach go raibh baint acu le smuigléireacht gunnaí agus gur gríosóirí a bhí iontu, dar le col ceathracha de chuid mhuintir Chinnéide ar chas Maier orthu agus é in Éirinn.
san iomaíocht do in the running for
" Chuir sé síos ar roinnt de na YBAs (Young British Artists) mar bhómáin nach léann dadaí agus atá leamh mar dhaoine! Speisiúil go leor, bhí smaointe a bhí ag teacht le cuid Collings ag Jake Chapman, ealaíontóir atá, in éineacht lena dheartháir Dinos, san iomaíocht do Dhuais Turner.
ag rith inár dtreo running towards us
" Ar scáileán amháin tá fear le feiceáil ag rith uainn trasna Dhroichead Craigavon i nDoire, agus ar scáileán eile tá sé le feiceáil ag rith inár dtreo.
i mbun na háite running the place
" Tá fear cairdiúil darb ainm Karsten i mbun na háite.
reáchtáil imeachtaí the running of events
" ); seirbhísí oifige; reáchtáil imeachtaí sa Chlub, mar aon bainisteoireacht an Árais agus an Chlub.
costais reatha running costs
" Nuair nach bhfuil sé d'iallach ar aon duine páirt a ghlacadh i spórt, an bhfuil sé ceart go mbeadh club nó cumann amaitéarach freagrach as gach timpiste agus eachtra a tharlaíonn ar pháirc imeartha? Fad agus nach ndéanann cumann nó eagraíocht faillí agus go ndéanann sé gach iarracht réasúnta chun aire a thabhairt do na himreoirí faoina chúram agus iad a bheith clúdaithe maidir le costaisí leighis, cén fáth a mbeadh ar an gcumann níos mó ná sin a dhéanamh? Tá scéimeanna éigeantacha árachais ag cur go mór le costais reatha na gcumann spóirt.
riaradh running
" Má bhíonn tionchar ag Sinn Féin i riaradh an seirbhíse póilíneachta ó thuaidh, is léir nach mbeidh gá leis an IRA nó lena "eite timireachta" féin.
a bhí ina bhun who were running it
" “Bhí sé cloiste againn go raibh stáisiún teilifíse curtha ar bun acu agus bhí spéis againn bualadh leis an dream a bhí ina bhun, rud a rinne muid.
dhrochstiúradh bad running
" Roimh theacht Lennox, bhí stair de dhrochstiúradh agus d'amaidíocht ag baint le clubanna sacair na cathrach.
i mbun na ngnólachtaí seo running these businesses
" Tá teach tábhairne Polannach ann anois, fiú! Is daoine pléisiúrtha, cairdiúla iad siúd atá i mbun na ngnólachtaí seo agus thig a rá go bhfuil gnáthdhaoine na cathrach breá cairdiúil leo fosta.
beagán reatha a dhéanamh to do some running
" Anois is arís, déanann siad iarracht beagán reatha a dhéanamh, ach gearrann siad cúinní agus ar éigean a chríochnaíonn siad an cúrsa, go fiú agus iad ag siúl.
uisce reatha running water
" Ag maireachtaint mar ainmhí, gan teas, ná solas, ná uisce reatha.
go ndamnófaí éinne a mharófaí agus é ag rith ón mblár that anyone killed running from the field would be damned
" Sula ndeachaigh na saighdiúirí Éireannacha isteach sa Wheatfield, thug sé aspalóid ghinearálta don bhriogáid uilig, ag rá leo, ámh, go ndamnófaí éinne a mharófaí agus é ag rith ón mblár.
ag reáchtáil cúrsaí ar gach gné den chultúr running courses on every aspect of the culture
" Tá muid ag reáchtáil cúrsaí ar gach gné den chultúr agus ina theannta sin tá muid ag tógáil leabharlainne agus cartlainne faoin gcultúr céanna.
babhta reatha a thriail to try a bout of running
" Bhí a chuid anála faoi smacht, fonn air babhta reatha a thriail, amhrán a ghabháil.
ar leathrith half running
" ’ Bhí siad ag gabháil ar aghaidh le chéile, Everest os a gcomhair, Liam ar leathrith chun coinneáil taobh le Dixon.
ina throid reatha a running battle
" “Bhí sé ina throid reatha san áit ar feadh na mblianta.
i mbun mainistreach running the monastery
" Bhí Adomnán féin i mbun mainistreach in Í Cholm Cille ag an am.
ag rith i ndiaidh bitseachaí bodógaí running after bitches of heifers
" Cén chaoi a bhfuil sibh inniu? Peadar: Beo ar éigean, agus thú féin? Peaitín: Maraithe, a mhac, maraithe ag rith i ndiaidh bitseachaí bodógaí ó mhaidin is gan a’m ach dhá sheanchois is maide agus Rex bocht atá ag éirí caoch.
den dara bliain as a chéile. for the second year running.
" Lean cúilín cúilín eile agus ar deireadh bhí bua cuimsitheach ag peileadóirí Átha Cliath ar Chiarraí den dara bliain as a chéile.
ag stiúradh a chomhlachta comhairliúcháin, running his consultancy company,
" Le cois a bheith ag stiúradh a chomhlachta comhairliúcháin, Peter Quinn Consultancy Services (PQCS), a bhunaigh sé i 1994, tá Peter tar éis a bheith bainteach thar na blianta le neart painéal comhairleach, coimisiún, bord gnó agus rialtais, agus fondúireachtaí éagsúla.
i mbun an bhrú running the hostel
" Tá bean chairdiúil agus fháilteach darb ainm di Hannah i mbun an bhrú agus bíonn sí ag bácáil scónaí agus brioscaí seacláide blasta le díol.
i mbun na hiarsmalainne, running the museum,
" Tá fear gealgháireach darb ainm Murray Cameron i mbun na hiarsmalainne, agus d'aithris sé scéalta agus dánta beaga dom.
snaidhm reatha running knot
" Craoladh an scannán oifigiúil den bhású ó cheann ceann na cruinne agus foilsíodh pictiúir éadrócaireacha de Saddam agus snaidhm reatha ar a mhuineál.
Cluiche reatha running game
" Cluiche reatha ab ea an pheil seo, mar sin, seachas an cluiche caite atá ann anois, agus mar gheall air seo, chruthaigh na foirne seifteanna le gluaiseacht chun tosaigh leis an liathróid.
rith agus pasáil running and passing
" Shocraigh mé go dtriáilfinn rith agus pasáil mar athrú.
san iomaíocht in the running
" Agus ar ndóigh, moladh go mbeadh Kings san iomaíocht d’ainmniúchán Oscar.
san iomaíocht in the running.
" Agus ar ndóigh, moladh go mbeadh Kings san iomaíocht d’ainmniúchán Oscar.
ab fhadmharthanaí longest running
" “Ba é an cás brionnaithe ab éagsúla agus ab fhadmharthanaí dá raibh baint agam riamh leis,” a dúirt an Bleachtaire-Sháirsint Vernon Rapley ón Metropolitan Police.
san iomaíocht in the running, in the competition
" Lena chinntiú go mbeimid san iomaíocht le tíortha eile agus go mbeidh teacht againn ar fhoinsí neamhspleácha eolais dár gcuid féin, caithfimid fáil a bheith againn ar ár seirbhísí satailíte féin.
chostais reáchtála running costs
" Is oth linn an t-ardú seo, ach ó bhí an t-ardú deireanach praghais ann trí bliana ó shin, tá méadú suntasach tagtha ar chostais reáchtála an nuachtáin.
ag reáchtáil na bialainne running the restaurant
" Tharla sé go díreach go raibh ceangal againn ar fad leis an bhfear a bhí ag reáchtáil na bialainne ag an am.
á reáchtáil running it
" Muna bhfuil tú sásta le toradh reifrinn, reáchtáil arís é agus lean ar aghaidh á reáchtáil go bhfaighidh tú an toradh atá uait.
reathaíocht running
" D’eascair na cluichí páirce as comórtais neamhfhoirmiúla a bhíodh ar siúl fadó – comórtais a bhain le reathaíocht agus le neart; le hardú agus le caitheamh clocha móra; le *teilgeil a’ chabair*.
san iomaíocht in the running
" Cheana féin, tá sé fógartha ag úinéir *Foinse* agus ag úinéir *Lá Nua* go mbeidh siad san iomaíocht don chonradh agus is dócha ná a mhalairt go mbeidh suim ag an nuachtán laethúil Feirsteach, *The Irish News*, ann fosta.
ar chosa in airde running
" Ar an ceathrú lá de mhí na Nollag a bheidh (seo an rud a bhfuil mé ag súil leis cibé!) mo chuid obair chúrsa uilig istigh, agus beidh mé saor le himeacht ar chosa in airde ar feadh dhá mhí! Ní bheidh orm amharc siar ar na nótaí sin a choíche arís, agus nuair a thosóidh mé ag deireadh mí Eanáir arís, bheidh cúrsa (nó modúl mar a deir an lingo) iomlán úr amach romham.
i mbun an ghnó seo running this business
" Is seandaoine den chuid is mó atá i mbun an ghnó seo, daoine nach leor dóibh an liúntas pinsin atá acu leis an snáithe a choinneáil faoin bhfiacail.
ina suí up and running
" Agus tá daoine go leor abhus a mheasann nach mbeidh fíorshaoirse bainte amach ag an Astráil go dtí go mbeidh an phoblacht ina suí.
reachtáil running, administration
" Cé go bhfuil na toghcháin seo dírithe ar reachtáil contaetha agus eile, bíonn súil ghéar á coinneáil orthu ó thaobh dul chun cinn na bpáirtithe polaitíochta agus ar chomh maith agus a éiríonn lena gcuid iarrthóirí.
riaradh na tíre the running of the country
" Fágann sé nach bhfuil guth ag an ghnáthdhuine sa Seanad ná guth ag an Seanad i riaradh na tíre.
faoi lán seoil up and running
" Tá an meitheal faoi lán seoil agus de réir cosúlachta tá FIS sásta go bhfuil na húdaráis abhus i ndáiríre faoina ngeall na mic léinn a chosaint.
uisce reatha running water
" Bhí siad go léir ina gcónaí i rud beag a thabharfá scioból air, gan uisce reatha, gan leithreas, is gan chistin ann.
reatha running
" Níl aibhléis acu agus d’fhonn uisce reatha is bia fóirithinte a fháil, caithfidh siad achar fada a shiúl.
ag teacht salach ar running counter to
" Sa chás cáiliúil *Brown v The Board of Education*, 1954, rialaigh an chúirt go raibh an dlí i gcuid de na stáit a chuir scoileanna poiblí ar leith ar fáil, do pháistí geala agus do pháistí gorma, ag teacht salach ar an bhunreacht.
reatha running
" Ar maidin, seisiún reatha nó seisiún fisiceach, ardú meáchan mar shampla, a bhíonn i gceist, agus sa tráthnóna, bíonn seisiún dornálaíochta i gceist.
reatha running
" Ach oiread le lucht reatha na hAetóipe agus críocha arda eile na hAfraice a mbíonn tionchar na timpeallachta le sonrú ar a gcumas reatha fadréimse, b’fhéidir go bhfuil buntáistí timpeallachta le fáil sna ceantair sin i gCúige Mumhan agus i ndeisceart Laighean a chinntíonn go mbíonn níos mó fir mhóra, láidre, folláine, aclaí le fáil i measc an phobail ná mar a bhíonn i réigiúin eile.
ag teacht salach running counter to
" Bheadh beartas Fhine Gael i leith ábhar roghnach a dhéanamh den teanga i ndiaidh an teastais shóisearaigh ag teacht salach go huile is go hiomlán ar aidhmeanna na straitéise.
ag teacht salach ar running counter to
" Bhí an chollaíocht ag teacht salach ar an naofacht, dar leo.
as reáchtáil from running
" D’fhoghlaim mé as reáchtáil na céad bhliana agus d’éirigh linn go breá ar fad.
a lán reatha trastíre a lot of cross-country running
" Bhínn ag déanamh a lán reatha trastíre freisin ar scoil agus bhuaigh mé Craobh na hÉireann faoi 16 bliain i 1976.
i mbun cúrsaí running the show
" Bhí siad mar pheataí tí agamsa nuair a bhí mise i mbun cúrsaí.
riaradh running, administrating
" Ach sílim go gcothóidh an gréasán oscailteacht i gcúrsaí gnó agus polaitíochta – bíonn daoine ag súil go mbíonn mioneolas a bhaineann le riaradh na gcomhairlí contae nó na gcomhlachtaí móra a bhfuil spéis acu iontu ar fáil ar líne.
riaradh running
" Tar éis an tsaoil, ní inniu ná inné a thosaigh fadhbanna MFG, agus is leor mar chruthú ar sin líon na bhfiosrúchán agus na dtuarascálacha a coimisiúnadh maidir le riaradh na cuideachta i gcaitheamh na mblianta.
giotaí reatha some running
" Siúlfaidh tú ag an tús le giotaí reatha anois is arís ach ag an deireadh san iomlán tá tú in ann rith gan stró ar feadh 10 ciliméadar.
uisce reatha running water
" Nuair a bhí na Cumannaigh i réim sa bPolainn, bhí dídean agus uisce reatha ag an bpobal ar fad.
ag rith tríd running through it
" Scéal bleachtaireachta é seo a bhfuil an draíocht agus an ósnádúrthacht ag rith tríd, scéal a bhfuil teannas agus líonrith ann go dtí an deireadh ar fad.
ag rith tríd running through it
" Scéal bleachtaireachta é seo a bhfuil an draíocht agus an ósnádúrthacht ag rith tríd, scéal a bhfuil teannas agus líonrith ann go dtí an deireadh ar fad.
uisce reatha agus gan séarachas running water and sewage
" Áiteanna iad sin a raibh an iomarca daoine i dtithe suaracha, gan uisce reatha agus gan séarachas don chuid is mó.
seachas ag reathaidh rather than running
" Ná hAithris an Scéal ======== Táthar ag súil le slua mór a bheith i láthair ar an dara lá déag Iúil an bhliain seo chugainn nuair a bheidh Mo ag máirseáil seachas ag reathaidh thart ar an chúrsa, sais thar a ghualainn aige, agus an slua ar fad ag canadh in ard a gcinn in éineacht leis: *“The Sash Mo Farah Wore”*.
is i mBéarla a bhí sé á reachtáil aige he was running it in English
" Bhíos féin ar an gcéad chúrsa traenála, ar feadh leath uair an chloig! Eoghan Harris a bhí i mbun an chúrsa ach is i mBéarla a bhí sé á reachtáil aige! Ar ndóigh níor cheart go mbeadh ar an Údarás a rá le Eoghan Harris go gcaithfí an cúrsa a chur ar fáil i nGaeilge.
ag rith thart mar a bheadh seangáin ann running around like ants
" Bhí cuma dheas ar na soilse i lár na cathrach, Margadh na Mór-Roinne faoi lán tseoil ar thailte Halla na Cathrach agus dúscaifte ag rith thart mar a bheadh seangáin ann, ag iompar cumhráin, carbhat, bréagán agus an uile chineál pronntanais.
le go laghdófaí costais riartha an stáit in order to pull back the costs of running the state
" Táthar i gcónaí a rá go bhfuil barraíocht daoine ag obair san earnáil phoiblí ó thuaidh agus go gcaithfidh an earnáil phríobháideach jabanna a chruthú dóibh le go laghdófaí costais riartha an stáit, ach níor fhás an earnáil phríobháideach le 58 mí anuas.
ag rith rósciobtha running too fast
" B’fhéidir go raibh an ceart aige ach bhí an t-imreoir céanna ag rith rósciobtha le go bhféadfadh an ceamara a chos a thaispeáint go soiléir.
ag reáchtáil sraith imeachtaí ceiliúrtha running a series of celebration events
" I mbliana, tá Comhairle Cathrach Bhéal Feirste ag reáchtáil sraith imeachtaí ceiliúrtha, Belfast 400, leis an ceithre céad bliain ó fuair Béal Feirste an chairt le cathair a dhéanamh di a cheiliúradh.
atá thuas sa saol anois who are now running the show
" Is é an feall nach dtugann an dream óg atá thuas sa saol anois cuairt ar na daoine eisceachtúla sin.
an iliomad srutháin ag rith a myriad of streams running
" Gaineamhchloch agus aolchloch is mó atá anseo timpeall, an aolchloch ag tuaslagadh go héasca in uisce, rud a fhágann an iliomad srutháin ag rith faoi thalamh, cuid acu sin ag cothú Log na Sionainne mar a bhfuil sruth láidir ag rith go tréan as.
mar a bhfuil sruth láidir ag rith go tréan as which has a strong stream running out of it
" Gaineamhchloch agus aolchloch is mó atá anseo timpeall, an aolchloch ag tuaslagadh go héasca in uisce, rud a fhágann an iliomad srutháin ag rith faoi thalamh, cuid acu sin ag cothú Log na Sionainne mar a bhfuil sruth láidir ag rith go tréan as.
riaradh na tíre seo running this country
" Anuas ar an chastacht a tháinig ar riaradh na tíre seo, tá scéal an Aontais Eorpaigh.
drong léirseoirí ag rith inár n-airricis a gang of demonstrators running towards us
" “Oíche amháin, b’éigean don ghrianghrafadóir a bhí liom u-casadh ar ardluas a dhéanamh ar Bhóthar Dhún na nGall agus drong léirseoirí ag rith inár n-airricis,” arsa Allison, a fuair bagairt bháis ón UVF ar na mallaibh.
an fhreagacht an ghnó a rith the responsibility of running the business
" Ach fiú muna bhfuil siad óg go minic bíonn easpa taithí acu ar conas gnó a rith mar go dtí seo níorbh orthu a bhí an fhreagacht an ghnó a rith: bhí foireann mhór ag an gcomhlacht nó bhí an comhlacht chomh mór sin go raibh gach rud seachfhoinsithe.
raon reatha running track
" Féach Sonia O Sullivan ag siúl isteach ón raon reatha sna cluichí Oilimpeacha, nó Roy Keane ag siúl isteach ó pháirc na himeartha in Saipan.
sluaite ag rith crowds running
"sluaite ag rith agus sluaite ag breathnú, agus déanaim dearmad ar feadh tamaillín breathnú ar an gcathair, ach go tobann tarraingíonn Coláiste na Tríonóide ar ais mé.
ag rith ar aon bhord le running level with
" Táim ag rith ar aon bhord le fear gealgháireach.
ag brostú léi go glórach noisily running by
" Bhí na réalta ag scairteadh agus abhainn an Dwyfor ag brostú léi go glórach chun an chuain síos.
atá ar bhfód up and running
" Tá líne chabhrach SBCA, mar is fearr aithne air, ar fáil don phobal mar chuid de sheirbhís shaor neamhspleách atá ar bhfód ó 1992, tráth a bunaíodh í le dul i ngleic le hiasachtú mídhleathach.
cuidiú ina reáchtáil to help in running it
" Ba í seo an chéad uair riamh don fhéile a bheith i nDoire nó fiú i dTuaisceart Éireann, agus ba mhór an onóir agus an t-ábhar pléisiúir a bhí ann do mhuintir na cathrach é fáiltiú rompu agus cuidiú ina reáchtáil.
chuir uisce reatha ar fáil provided running water
" Muintir nach raibh sásta le geallúintí ach a chuir uisce reatha ar fáil lena gcuid allais féin.
tá guth acu i stiúradh an airgeadra they have a say in running the currency
" Ar a laghad tá feisirí acu i Londain faoi láthair agus tá guth acu i stiúradh an airgeadra.
Níl aibhléis ná uisce reatha there’s neither electricity nor running water
" Níl aibhléis ná uisce reatha sa mhainistir nó cúinsí saoil thar a bheith crua atá acu.
ina bhun running it
" Sasanach darb ainm Steve Chambers atá ina bhun le tamall beag de bhlianta anuas.
san iomaíocht in the running
" Tá ardmholadh á fháil aige agus táthar ag rá go bhféadfadh sé a bheith san iomaíocht d'ainmniúchán Oscar.
san iomaíocht in the running.
" Tá ardmholadh á fháil aige agus táthar ag rá go bhféadfadh sé a bheith san iomaíocht d'ainmniúchán Oscar.