Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag milleadh an tírdhreacha tuaithe destroying the rural landscape
" Tá An Taisce go láidir den tuairim go bhfuil muintir na hÉireann ag milleadh an tírdhreacha tuaithe leis an tógáil atá ar siúl agus go mbeadh sé níb éifeachtaí agus níb fhearr don timpeallacht dá mbeadh forbairt á déanamh ar na bailte.
bailte fearainn tuaithe rural townlands
" Tá an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, ag tógáil seasamh láidir i gcoinne an fheachtais seo agus é ag maíomh go bhfuil na bailte fearainn tuaithe ina gcóras traidisiúnta maireachtála, agus gur cheart leanúint leis mar pholasaí stáit tacú leo, in ainneoin thuairimí An Taisce.
shochaí na tuaithe rural society
" Mar sin, cuireadh cosc ar *An Bhó* ar dtús, mar bhí léargas an-dorcha ann ar shochaí na tuaithe.
saol na tuaithe rural life
" Labhraíonn Ballagh faoin chogadh a fógraíodh ar na seanluachanna a bhí ceangailte leis an am a chuaigh thart agus faoin dearcadh a tháinig chun cinn nach raibh báúil leis an náisiúnachas, leis an Ghaeilge ná le saol na tuaithe.
scéimeanna forbartha tuaithe rural development schemes
" Beidh ciorruithe anseo is ansiúd, ach rachaidh an chuid is mó den airgead a ghearrfar ar ais chuig an bhfeirmeoireacht bealach amháin nó bealach eile - trí scéimeanna comhshaoil, cuir i gcás, nó scéimeanna forbartha tuaithe.
saol laethúil bhochtáin na tuaithe the daily life of the rural poor
" "Is in *Ireland's Welcome to the Stranger* a fhaigheann muid cur síos ar bhotháin Éireannacha agus saol laethúil bhochtáin na tuaithe, a ndearnadh scrios iomlán orthu, beagnach, aimsir an Ghorta.
Scéim Chaomhnaithe an Chomhshaoil faoin Tuath Rural Environmental Protection Scheme
" Ach nach bhfuil ceist thruailliú an chomhshaoil i bhfad níos simplí? Cuireadh tús le Scéim Chaomhnaithe an Chomhshaoil faoin Tuath i 1994 agus, idir 2000 agus Meitheamh 2004, fuair 46,000 feirmeoir deontais faoin scéim seo arbh fhiú €420 milliún iad (tháinig 75% den airgead ón Aontas Eorpach).
An Tionscnamh Iompair Tuaithe The Rural Transport Initiative
" Ach tá a teach thart ar thrí mhíle ón N54, a shíneann idir baile Shligigh agus Béal an Átha, agus nuair a bhris sí a cos tamall de sheachtainí ó shin bhí sí sa bhfaopach ceart murach An Tionscnamh Iompair Tuaithe áitiúil.
ag tórramh faoin tuath at a rural funeral
" Bhí fógartha ag lucht eagraithe na Feise go raibh Íochtarán na hÉireann, Íosa Mhic Ghiolla Mháire le cuairt a thabhairt ar an *Fest*, agus bhí lucht Sheirbhís Dúrúnda Stáit Aontaithe Mheiriceá ag rith thart ar nós scaifte polaiteoirí ag tórramh faoin tuath ag iarraidh duine le cosaint.
chomh tábhachtach is a bhí siúlóirí do gheilleagar na tuaithe how important walkers were for the rural economy
" Osclaíodh Slí na Gaineamhchloiche i 1974 mar gur thuig an Chomhairle Contae ag an am sin chomh tábhachtach is a bhí siúlóirí do gheilleagar na tuaithe.
ceantair iargúlta tuaithe remote rural areas
" Caithfidh tú dul isteach sna ceantair íseal-ioncaim, uirbeacha agus na ceantair iargúlta tuaithe leis an easnamh agus an fhaillí a fheiceáil i gceart.
do gheilleagar na tuaithe for the rural economy
" Tuigeann an rialtas agus na daoine chomh tábhachtach is atá an earnáil siúl sléibhe do gheilleagar na tuaithe agus déanann siad gach iarracht í a chur chun cinn.
de cheantair thuaithe agus uirbeacha of rural and urban areas
" Cheistigh TNS/MRBI 500 duine i 50 ionad éagsúil ar fud Chontae Shligigh agus thuaisceart Chontae Liatroma – dáilcheantar úr a bhfuil meascán mór de cheantair thuaithe agus uirbeacha ann.
scoilt láidir uirbeach/tuaithe a strong urban/rural split
" Is léir scoilt láidir uirbeach/tuaithe faoi thástáil anála ar maidin; tá 71% de thoghthóirí uirbeacha ina fhabhar, agus níl tacaíocht aige ach ó 36% faoin tuath.
coirpigh thuaithe rural criminals
" Ní hamháin go bhfuil coirpigh thuaithe Passaic ag meascadh le coirpigh Paterson ann, ach tá príosúnaigh ann ó chóras phríosúin na Cónaidhme freisin, agus, Dia dár réiteach, lucht iarrtha tearmainn nach bhfuil coir ar bith curtha ina leith, ach atá “idir lámha” ag Gníomhaireacht Inimirce Mheiriceá go gcloisfear a gcásanna dídine.
ag déanamh iontais den radharc tuaithe seo being amazed by this rural view
" Agus ó shin i leith, tá daoine ina suí sa Chlabhstra agus iad ag déanamh iontais den radharc tuaithe seo i lár Nua-Eabhrac.
faoin tuath rural
" Is cuimhin liom chomh deacair is a bhí sé beoir éagsúil a aimsiú i gcuid mhaith tábhairní Meiriceánacha, fiú i 1994 nuair a tháinig mé go Champaign-Urbana, ar baile beag ollscoile faoin tuath in Illinois é.
lucht na tuaithe rural people
" Nua Eabhracach go smior is ea Giuliani, a bhfuil íomhá an *City Slicker* ag baint leis, agus beidh sé deacair dó lucht na tuaithe a mhealladh.
bailte tuaithe rural towns
" Faoi 1960 ba bheag Éireannach a bhí fágtha – bhí siad uilig bogtha amach go dtí bailte tuaithe taobh amuigh den chathair.
baile an-bheag tuaithe a very small rural town
" Rugadh agus tógadh Bryce in Ilfracombe, baile an-bheag tuaithe in Queensland.
ceantair thuaithe rural areas
" Shílfeá go mbeadh ceantair thuaithe mar Cheshire idéalach – bíonn radhairc mar bha Fríseacha ag ithe sna páirceanna glasa le feiceáil, cuir i gcás.
tús áite don tuath. the countryside, or rural places, first
" Bhí an dara ciall ní ba shuntasaí, ámh: tús áite don tuath.
cumann tuaithe rural association
" Ar ndóigh, is cumann tuaithe é an NRA agus is sealgairí iad an chuid is mó dá bhaill.
ceantair thuaithe rural areas
" Má chuirtear toirmeasc ar ghunnaí sna cathracha, tá faitíos orthu go leathnóidh an cosc sin amach go dtí na ceantair thuaithe.
stáit tuaithe dheireanacha last rural states
" I bhfírinne, tá Alasca ar cheann de na stáit tuaithe dheireanacha sa tír, agus is eisceacht é nó tá an stát dubh le hola.
stáit tuaithe rural states
" Is stáit tuaithe iad na cinn atá ag claonadh leis na Poblachtánaigh – Idaho, Utah, Arizona, Texas, agus Georgia, mar shampla.
dearcaidh nua tuaithe new rural view
" Ó thaobh an dearcaidh nua tuaithe atá tagtha chun cinn sa Pháirtí Poblachtánach, is ionadaí maith í Sarah Palin.
trí bhealaigh thuaithe, through rural routes
" Téann formhór den tsiúlóid seo trí bhealaigh thuaithe, trí fhoraoisí, fheirmeacha agus bhailte beaga tuaithe, áiteanna ar féidir fíorchultúr na Spáinne a fheiceáil.
Roinne Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta The Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs
" An mhí seo caite léirigh mé nach raibh oiread is cáipéis nó comhfhreagras nó meamram nó tuarascáil i seilbh na Roinne Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta a bhaineann le gearradh siar ar eagraíochtaí deonacha Gaeilge, iad a chónascadh le chéile nó iad a chur faoin díon céanna.
Tuaithe rural
" Díol suntais go bhfuil formhór na dtagairtí a rinne an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta nó an Roinn Airgeadais d'Údarás na Gaeltachta scriosta amach sa leagan de Thuarascáil Mheasúnaithe na Roinne atá foilsithe ar shuíomh idirlín na Roinne Airgeadais.
suaimhneas tuaithe rural quiet
" ‘Das Weisse Band’ - ‘An Ribín Bán’, le Michael Haneke Briseann sraith de ‘thimpistí’ agus de dhrochtharlúintí suaimhneas tuaithe an phobail.
bheatha thuata rural life
" Fad is a bhí sé ina chónaí i Netivot – an baile is ceartchreidmhí in Iosrael – mhaígh Cohen gur éirigh sé bréan de bheatha thuata na tíre.
bánú na tuaithe rural depopulation
"bánú na tuaithe ar siúl le blianta fada chomh maith, agus meastar go gcuirfear leis an gclaonadh seo i ngeall ar an triomach a thit amach ní ba mhinice le fiche bliain anuas.
saol na tuaithe rural life
" Baineann siad le páistí agus le saol na tuaithe.
tuaithe rural
" Tugadh na feisirí neamhspleácha tuaithe ar an triúr seo, atá ag obair as láimh a chéile le tamall anuas.
tionscail tuaithe rural industries
" Anuas ar sin, rinne na gabhálaithe Eorpacha léirscrios ar a ngnáthóga agus iad ag glanadh na talún le tionscail tuaithe éagsúla a bhunú.
faoin tuath in rural areas
" Tá an cultúr ábhartha Ceilteach coinnithe acu ansin go fóill go fairsing faoin tuath.
tuaithe rural
" Bíodh is gur rugadh MacKellar in Sydney, chaitheadh sí sealanna fada go rialta sa cheantar tuaithe in aice le Gunnedah, áit a raibh gabháltais ag a muintir.
tuaithe rural
" An tAire Comhshaoil: Phil Hogan ================= Beidh sparánacht fhairsing ag an Roinn seo agus is post fóirsteanach é do Theachta tuaithe.
tuaithe rural
" Cé go mbaineann an scannán seo le pobal beag tuaithe ar imeall an Atlantaigh ar chósta iarthar na hÉireann, is scéal domhanda é an caidreamh atá ag pobail bheaga le tionscal an ola.
tsaol faoin tuaith rural life
" Faoi dheireadh na gcaogaidí, bhí bunús tacaíochta faoin pháirtí ar fud na tíre a bhí bunaithe ar dhearcadh maoth pobalach: thaobhaigh siad le cúis na poblachta le mórán briathra agus le beagán beart; bhí tuiscint shimplí shoineanta acu ar an tsaol faoin tuaith; mhaígh siad go raibh siad ag seasamh ar son lucht oibre na gcathracha – rud a raibh craiceann na fírinne air ón uair a thug siad faoi shlumaí suaracha Bhaile Átha Cliath a fheabhsú agus a ghlanadh sna tríochaidí.
muintir na tuaithe the rural population
" Nuair a theilg na Naitsithe na mílte buamaí anuas ar shráideanna Béal Feirste 70 bliain ó shin an mhí seo caite - maraíodh suas le míle duine - cuireadh páistí amach chun na tuaithe le hiad a choinneáil slán, ach baineadh geit as muintir na tuaithe nuair a chonaic siad cad é chomh lag, gannchothaithe is a bhí na páistí, bhí déistin orthu.
ceantair tuaithe rural districts
" An tuiscint a bhain mé as na figiúirí úd go raibh athrú bunúsach tagtha ar na ceantair tuaithe agus gurbh ea gur thit siad isteach leis na hathruithe móra a bhain le nua-aoisiú na tíre.
pobail tuaithe rural communities
" Sa deireadh thiar thall, thiocfadh na pobail tuaithe slán.
forbairt na tuaithe rural development
" Mar sin féin, tá roinnt mhaith eagraíochtaí ann fós a bhfuil baint acu le forbairt na tuaithe.
pobal na tuaithe rural community(/ies)
" Baineann sé le pobal na tuaithe go ginearálta san iarthar.
saol na tuaithe rural life
" Chonaic mé saol na tuaithe agus chonaic mé saol na cathrach freisin.
chultúr na tuaithe rural culture
" Sean-Deasghnátha á gCleachtadh =============== Labhair mé le Bogdan Neagota, eitnegrafaí as ollscoil Cluj maidir le gnéithe de chultúr na tuaithe sa Rómáin.
frith-tuaithe anti-rural
" Sceanairt san Áit is Gainne Vótaí ================ Téann na polasaithe frith-tuaithe níos faide arís leis an chinneadh atá déanta cónascadh a bhrú ar scoileanna beaga tuaithe agus líon na múinteoiri a ghearradh sna scoileanna sin.
thimpeallacht tuaithe rural environment
" Tá plé ar siúl sna meáin faoi cead a thabhairt do lucht cuardaithe gáis an proiséas domhainscoilteadh, nó ‘fracking’ a úsáid i gcondaethe Liatroma, Dún na nGall agus An Clár, imeacht driléala atá ina chontúirt ollmhór d’uisce agus do thimpeallacht tuaithe faoin dromchla agus os cionn talaimh mar atá léirithe i dtíortha eile.
Gnáthshaol tuaithe an ordinary rural lifestyle
" Gnáthshaol tuaithe a bhí agam ag fás suas.
faoin tuaith rural
" Tá folús fágtha sna teaghlaigh agus sna pobail a d’fhág siad ina ndiaidh agus i gceann achair gairid blianta, beidh toradh an imeachta le feiceáil in ísliú an daonra agus i ndúnadh scoileanna faoin tuaith.
tuaithe rural
" **SÓC: An bhfeiceann tú cosúlacht idir na ciorruithe atá os comhair scoileanna beaga tuaithe agus an tréimhse sna seascaidí nuair a bhí scoileanna beaga á ndúnadh?** MMGE: Ní brú a cuireadh ar na scoileanna ón Rialtas.
faoin tuath in rural areas
" Cé go bhfuil créole na Fraincise fós le cloisteáil faoin tuath sna bayúnna ó thuaidh den chathair, ní labhraítear ach Béarla agus Spáinnis sa chathair anois.
bhánú na tuaithe the rural depopulation
" Arsa Abdoulaye Dia, stiúrthóir an togra: “tá sé de chuspóir (ag an bhfál mór glas) srian a chur ar bhánú na tuaithe, beart a dhéanamh in aghaidh triomú na créafóige, an bhithéagsúlacht a chosaint, agus clár bia a thabhairt chun cinn”.
gceantair thuaithe rural areas
" ' In ainneoin sin, amharctar ar an eachtra anois mar chéim thábhachtach san fheachtas chun cead slí a thabhairt don ghnáthdhuine i gceantair thuaithe.
a phlódaigh prós tuaithe who flooded into the rural prose of
" Blas ar an nGontacht ======== Cá bhfuair an fear seo an fhéinmhuinín agus an íogaireacht mhórálta shainiúil seo? Cé go raibh an-chosúlachtaí idir Lincoln féin agus na daoine neamhoilte a phlódaigh prós tuaithe William Carleton in Éirinn roimis Chogadh na gCarad, d’éirigh leis an bhfear ait ó Springfield Illinois ceol ar leith a bhaint as an mBéarla le linn a shaoil.
téamaí tíriúla rural themes
" Bhí dúil mhór ag an aicme gnó nua seo i bpictiúir a léirigh a saibhreas agus a stádas féin ach bhí spéis acu fosta i bpictiúir le téamaí tíriúla chomh maith le portráidí, saothar neamhbheo, pictiúir genre agus thírdhreacha.
ag cur faoi i dteachín tuaithe living in a small rural house
" Bhí Niels Bohr ag cur faoi i dteachín tuaithe i Tisvilde na Danmhairge.
greann uirbeach agus is greann tuaithe urban and rural comedy
" An cineál grinn a thaitníonn le muintir na hÉireann sa lá inniu, is greann uirbeach agus is greann tuaithe é, meascán den éadrócaire agus den chomhbhá (an greann sin inar leor nod don eolach chun é a thuiscint go minic).
as ceantar tuaithe from a rural area
" Míníonn Linda an dóigh a bhfuair a deartháir cleamhnais, David Ervine nach maireann, iarcheannaire an PUP agus a fear cheile, Brian, amach go raibh Gaeilge agus Béarla ag a seantuismitheoirí cionn is gurb as ceantar tuaithe inar labhraíodh an Ghaeilge.
na tuaithe agus na bhfobhailte rural and suburban (California)
" Ar ndóigh, cuireann dlí California iontas orthu siúd a bhreathnaíonn ar California mar stát forchéimnitheach, go háirithe in áiteanna mar San Francisco, atá breac leis an bpobal Aerach, ach tá dhá California ann: California na gcathracha, agus California na tuaithe agus na bhfobhailte.
cuirfidh muintir na tuaithe fáilte romhat the rural community welcomes you
" Ó thaobh ceart slí de, tá an dlí sa Spáinn ar malairt bealaigh ar fad le dlí na hÉireann - is é sin, tá cead spaisteoireachta agat ar thalamh oscailte de ghnáth agus cuirfidh muintir na tuaithe fáilte romhat fosta.
airíonn duine tuaithe a rural person feels
" Ar bhonn níos inmheanaí, is minic a airíonn duine tuaithe, a bhfuil cónaí air sa chathair ar feadh bliain nó dhó, an suaitheadh saíochta nuair a fhillfidh sé ar áit dúchais.
sheanbhéasa na tuaithe old rural customs
" Déanann sé dearmad ar dhearcadh coimeádach agus ar sheanbhéasa na tuaithe, osclaíonn sé a bhéal chun scéal a insint, smaoiníonn sé ar an scéal agus dúnann a bhéal arís.
lucht na tuaithe rural dwellers
" Caitheadh lasadh sa bharrach leis an bhfógra seo, agus d’eascair díospóireacht fhíochmhar eatarthu siúd a d’aontaigh leis an gcairt, na Franca-Cheanadaigh (scarúnaíthe agus lucht na tuaithe don chuid is mó), agus an chuid eile a d’easaontaigh leis (muintir na cathrach agus lucht an Bhéarla don chuid is mó).
tháinig feabhas agus athrú ar shaol na tuaithe rural life changed and improved
" Tréimhse nuair a tháinig feabhas agus athrú ar shaol na tuaithe.
is fear tuaithe mise I’m a rural man
" Ar ndóigh, is fear tuaithe mise, agus is iad muintir na tuaithe a thogh mé, agus is ar son mhuintir na tuaithe a bheas mise ag obair.
mar aon le greann tobann na tuaithe as well as the quick rural wit
" Is iomaí gné sa dráma seo a dhéanann nasc daingean idir na haisteoirí agus an lucht féachana: fiacha an dráma féin do thraidisiún scéalaíochta a ritheann ó William Carleton go Séamus Ó Duilearga, an bhéim ghrámhar a chuirtear ar chairdeas leochaileach na bhfear, mar aon le greann tobann na tuaithe.
Turasóireacht na Tuaithe Tite go Dona rural tourism is badly hit
" Turasóireacht na Tuaithe Tite go Dona ==================== Tá an fhianaise le feiceáil sa phobal seo.
de gheilleagar na tuaithe of the rural economy
" Turasóireacht, feirmeoireacht, iascaireacht: is cuid de gheilleagar na tuaithe achan cheann acu.
gnóthaí faoin tuaith rural businesses
" Gan na turasóirí, ní féidir le cuid mhaith gnóthaí faoin tuaith maireachtáil agus má dhúnann siad, caithfidh muintir na háite dul chuig mórbhailte le haghaidh breosla, earraí grósaera, pionta agus comhluadar.
ceann de na ceantair tuaithe ba bhisiúla one of the most productive rural districts
" B’é ceann de na ceantair tuaithe ba bhisiúla sa tír ag an am.
ar bhailte fearainn faoin tuath on the town lands in rural areas
" Ach an bhfuil barraíocht comharthaí crochta in airde agus an bhfuil an baol ann go mbainfidh siad ón fhiántas aiceanta atáthar ag iarraidh a chur chun cinn? Comharthaí eile atá ag déanamh tinnis dom le dornán blianta anuas ná na cinn atá á gcrochadh ar bhailte fearainn faoin tuath.
ré na dtithe tábhairne tuaithe. the era of the rural pubs.
" Dealraíonn sé go bhfuil deireadh ag teacht le ré na dtithe tábhairne tuaithe.
mhuintir na stát bocht tuaithe. people of the poor rural states
" Seift chliste ab ea é Sarah Palin a roghnú mar iarrthóir leasuachtaránachta an Pháirtí Phoblachtánaigh, dar le Brian Ó Broin, mar go rachaidh a cuid polaitíochta i bhfeidhm ar mhuintir na stát bocht tuaithe.