Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
go mbeadh sí ina shásamh that is would please him
" An bhfuil tú ag meas go mbeadh sí ina shásamh?" "Níl.
chaith siad uilig an tráthnóna fá shult agus fá shásamh they all had a pleasant evening
" Chuir sé amach gloine beorach do féin, fíon dona chuid tuismitheoirí agus do na cuairteoirí agus *Coke* d'Eilís agus d'Aoife agus chaith siad uilig an tráthnóna fá shult agus fá shásamh.
an-sásamh a lot of satisfaction
" Tá daoine áirithe ag obair sa réimse a bhfuil Gearóidín gníomhach ann nach bhfuil an fhoighid nó an tsuim acu a bheith ag plé le daoine atá ar bheagán Gaeilge ach is léir go mbaineann sise an-sásamh as an obair seo.
an-sásamh a lot of satisfaction
" Bronnadh an gradam Fiontraí na Bliana ar Ó Céidigh i mí Mheán Fómhair i mbliana agus is léir go dtugann sé an-sásamh dó aitheantas mar seo a fháil as an obair chrua atá déanta aige ó cheannaigh sé Aer Árann ocht mbliana ó shin.
sásamh satisfaction
" Bainimid an-taitneamh agus sásamh astu ag an Oireachtas.
agus a shásamh and to satisfy
" Is é dúshlán an CLG ná an fhís a bhí ann i gcónaí a choinneáil beo agus bealaí nua a aimsiú chun an t-iománaí nó an peileadóir óg a mhealladh agus a shásamh.
sásamh faoi leith particular satisfaction
" Nuair a d'iarr mé air tréimhse a phiocadh amach óna shaol a thug sásamh faoi leith dó nó a raibh sé bródúil aisti, d'éirigh sé macnamhach agus thosaigh sé ag gáire.
neart sásaimh plenty of satisfaction
" Is í an éagsúlacht seo a chinntíonn go mbaineann sí neart sásaimh as ó lá go lá.
níos mo sásaimh more satisfaction
" Tá mé cinnte go mbainfinn níos mo sásaimh as an obair mhúinteoireachta.
a rátálacha sásaimh his satisfaction ratings
" Níor glacadh le ceisteanna, agus níor pléadh mórán taobh amuigh de shlándáil, ach d'éirigh leis an tseift – chonacthas an t-uachtarán ar na scáileáin arís, agus mhéadaigh a rátálacha sásaimh go 47%.
rátálacha sásaimh satisfaction ratings
" Cé gur ceapadh nach bhféadfadh rátálacha sásaimh an Uachtaráin Bush titim tuilleadh, thiteadar arís - go dtí 33%, an ráta is ísle d'uachtarán ar bith ó bhí na tríochaidí ann, seachas Nixon i seachtainí deireanacha a uachtaránachta.
rátálacha sásaimh satisfaction ratings
" Cé gur ceapadh nach bhféadfadh rátálacha sásaimh an Uachtaráin Bush titim tuilleadh, thiteadar arís - go dtí 33%, an ráta is ísle d'uachtarán ar bith ó bhí na tríochaidí ann, seachas Nixon i seachtainí deireanacha a uachtaránachta.
an-sásamh a lot of satisfaction
" ” An-tógtha leis an obair Baineann Ó hAoláin an-sásamh as a ról mar Phríomhfheidhmeannach ar an Údarás.
shéid sé anáil amach le teann sásaimh he blew out his breath with pure satisfaction
" Ar ár siúl dúinn síos an halla rinne sé iontas den mhéid dlúthdhioscaí a bhí sa teach, ar sheilfeanna ar an dá thaobh dínn, sa chistin freisin, tuilleadh seilfeanna lán leo, cófraí, seastáin greamaithe den bhalla, bhí siad carntha ar an gcuisneoir—thug me gloine bhainne dó agus rinne sé ceapaire dó féin—agus ar an inneall níocháin, leath an bhoird tógtha acu, dhá stól, go fiú ar leac na fuinneoige sa leithreas—rinne sé mún—agus túrbhloic díobh i ngach cúinne sa chistin, ar dhá thaobh an dorais, taobh istigh agus taobh amuigh sa halla, sa spás faoin staighre agus sa seomra suí—bhí siad i ngach áit, gan an balla le feiceáil acu ach anseo is ansiúd, dlúthdhioscaí, a dúirt sé agus shéid sé anáil amach le teann sásaimh, dlúthdhioscaí, nach iontach é? Ina shuí ar an tolg—bhí air scíth a thabhairt do na seanchnámha, mar a deir sé féin—dúirt sé gur chuimhin leis a óige, gurbh é a aisling leabharlann cheoil a bheith aige, sa bhaile, cartlann de gach uile dhlúthdhiosca a eisíodh riamh, in aon seomra amháin aige, seomra stórais nó garáiste mór ar chúl an tí.
sásamh ar leith special satisfaction
" Rud eile, is annamh a bhuann cuid d’imreoirí na hEorpa aon chomórtas astu féin, agus mar sin, tugann sé sásamh ar leith dóibh nach mbíonn le fáil acu ach go hannamh bheith páirteach i mórbhua i gcomórtas cáiliúil, idirnáisiúnta.
sásamh satisfaction
" Sin é an rud is mó a thugann sásamh domsa.
mo thuismitheoirí a shásamh to please my parents
" Rinne mé é le mo thuismitheoirí a shásamh nuair a bhí mé óg ach i ndiaidh dom an baile a fhágáil, mhothaigh sé ceart.
nach bhféadfadh an comhlacht a shásamh go hiomlán that the company couldn't properly satisfy
" Tar éis blianta den díomá agus de ghealltanais neamhiontaofa na bpolaiteoirí, tugadh cead d’Aer Lingus seirbhísí nua a chur ar bun idir Éirinn agus na Stáit Aontaithe, margadh mór le héileamh turasóireachta nach bhféadfadh an comhlacht a shásamh go hiomlán go dtí anois.
sásamh satisfaction
" Ach tá sásamh le baint as an méid sin freisin.
sásamh inteacht some satisfaction
" Chomh maith leis sin, ní raibh mé ar an duine ba mheasa i mo rang, agus bhain mé sásamh inteacht as sin.
an méid sin sásaimh such satisfaction
" An raibh an obair sin dian? “Tá scannánaíocht dian ar aon nós mar bíonn na laethanta an-fhada ach píosa craice atá ann, faigheann tú an méid sin sásaimh as.
gur bhain sé sásamh ar leith that he derived particular satisfaction
" Deir Lunny gur bhain sé sásamh ar leith as an obair a rinne sé ar albaim de chuid an amhránaí Frank Harte, nach maireann.
shásamh to satisfy
" Grád:E John Gormley (An tAire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil) Gnaithe maith déanta aige ach tá coimheá leochailleach le socrú idir a dhílseacht chomhghuallaíoch don Rialtas agus mianta a chúlbhinseoirí féin a shásamh.
ana-shásamh great pleasure
" Bhaineamar ana-shásamh as an dtírdhreach álainn timpeall an tí ar maidin.
sásamh a bhaint as to enjoy
" Ba nós liom Foinse a fháil ón siopa is goire dhom ar an Satharn, agus sásamh a bhaint as ag an mbricfeasta.
shásamh to satisfy
" Tá a fhios agat féin – bíonn ocras orm agus is deacair muck-savage cosúil liomsa a shásamh ag am dinnéara.
ag baint sásaimh enjoyming
" Tá dúnmharfóir ban amuigh ansin, é ag baint sásaimh as craos cortha a shamhlaíochta féin.
shásamh to satisfy
" Is deacair daoine áirithe a shásamh, áfach.
Sásamh satisfaction
" Sásamh ==== Seoladh *Quora* i lár an samhraidh seo chaite ach bhí sé dúnta do chách seachas an dream a raibh cuireadh faighte acu.
shásamh satisfy
" Theip ar 521 teaghlach an Roinn a shásamh go raibh líofacht Ghaeilge ag na gasúir.
sásamh agus só satisfaction and comfort
" Ach tá sásamh agus só dá chuid féin ins an mbriathar freisin.
thug an sásamh is mó duit most satisfied you
" Cad é an togra a thug an sásamh is mó duit, a Ríonach - as na rudaí ar fad atá déanta agat - cad é an bailiúchán is gaire dod’ chroí?** RUíÓ: Caithfidh mé a rá gurb é Sorcha Ní Ghuairim, agus ní mise a dhein an obair mar bhí an t-ábhar ann.
an sásamh satisfaction
" 99 más fiú, agus an sásamh nó an tsíocháin!) atá faighte againn ar fad.
sásamh agus taitneamh pleasure and satisfaction
" Baineann daoine foladh agus ciall, sásamh agus taitneamh, as an obair dheonach a dhéanann siad – is é sin an íocaíocht is mó a bhíonn uathu i ndeireadh báire.
is mó údar mórtais agus sásaimh greatest pride and satisfaction
" Cré na Cille agus Na Cloigne ======= **SMM: Cén léiriú, clár, scannán nó sraith, is mó údar mórtais agus sásaimh duit?** CÓC: (Ag meabhrú) Shílfeá go mbeadh freagra a’m ar an gceist sin, ceann de na ceisteanna is minice a chuirtear ar dhaoine, ach tá sé deacair é sin a fhreagairt.
Ba údar sásaimh it was a matter of satisfaction
" Ba údar sásaimh d'fhormhór mór mhuintir na tíre gur ar an Satharn a ceiliúradh an fhéile chéanna i mbliana.
Faoiseamh agus sásamh relief and satisfaction
bhain mé sult agus sásamh as I really enjoyed
" Seacht mbliana is fiche ó shin a ghlac mé páirt in Oireachtas na Samhna den chéad uair, agus thig liom a rá go neamhbhalbh gur bhain mé sult agus sásamh as achan uile cheann acu.
ardtaitneamh agus sásamh great pleasure and satisfaction
" Sílim gur bhain Páidí Ó Sé ardtaitneamh agus sásamh as na coimhlintí sin toisc gur iontu a bhí na dúshláin agus na trialacha ba ghéire a bhí le fáil aige mar pheileadóir.
tugann sé sásamh ar leith it gives a certain pleasure
" Ní bhíonn ach achar gearr ama idir an coincheap agus an tseilf agus tugann sé sásamh ar leith don innealtóir an táirge a dhear sé a fheiceáil ag an phobal.
ní féidir sinn a shásamh we can’t be satisfied
" Ar bhealach tá muintir na dtíortha saibhre uilig mar i gcéanna – ní féidir sinn a shásamh.
bainim níos mó sásamh as cuairt a thabhairt ar sheanfhothracha mainistreach I enjoy more so paying a visit to an old monastery building
" Anois, de bharr an chúrsa sheandálaíochta, bainim níos mó sásamh as cuairt a thabhairt ar sheanfhothracha mainistreach, ar iarsmalanna, nó ar shuíomhanna ar a bhfuil iarsmaí dár sinsir le feiceáil.
idir an dá linn bainimis taitneamh agus sásamh in the meantime let’s enjoy
" Beidh fhios againn faoi sin in am agus i dtráth, ach idir an dá linn bainimis taitneamh agus sásamh as an gcuid eile den chraobhchomórtas nuair a thabharfaidh Áth Cliath aghaidh ar Chorcaigh agus Luimneach aghaidh ar an gClár.
ní bhfuair sé sásamh ar bith he’s still waiting
" " Scríobh íospartach eile, Gearóid Ó Conchúir, chuig Coimisinéir an Gharda Síochána i mí Bealtaine seo caite ag lorg téarmaí tagartha an athbhreithnithe ach ní bhfuair sé sásamh ar bith.
ar mhaithe le sásamh pearsanta for personal satisfaction
" Tugann siad faoi ar mhaithe le sásamh pearsanta, glóir nó cáil, b’fhéidir duais agus ceisteanna sláinte.
Bhreá leat an sásamh a bhain le lascáil na caide i gcoinne na binne you loved the satisfaction of lashing the ball of the gable end
" Bhreá leat an sásamh a bhain le lascáil na caide i gcoinne na binne aige baile cúpla míle babhta.
An mbainis sásamh as do laethanta ar scoil did you enjoy your years in school
" Cúrsaí Oideachais ====== **CB: An mbainis sásamh as do laethanta ar scoil?** DÓC: Bhaineas ana-shásamh as mo laethanta sa bhunscoil i Scoil Naomh Eirc agus bhuamair a lán cluichí caide ann! Ní fhéadainn a rá gur thaitin an mheánscoil chomh mór san liom ach is blianta deacra iad na déaga.
sásamh éigin a thabhairt do to give some satisfaction to
" Ó mhuintir Dhomhnach na Fola agus íobartaigh an chlaonpháirteachais go dtí mná chéile na bpóilíní a maraíodh agus na daoine nach ndearna éagóir riamh ina saoil ach a sciobadh ar shiúl óna dteaghlaigh mar gheall ar ghníomhartha foréigin nach raibh baint nó páirt acu leo, tá sé de dhualgas orainn sásamh éigin a thabhairt do na daoine seo, más féidir é.
le sásamh a bhaint as to enjoy
" Casadh fear as Árainn orm le gairid agus bhí a thuiscint féin aige sin ar an ‘*lean back screen-free reading*’, nuair a dúirt sé liom gur olc an scéil é go gcaithfeá an ‘*laptop* a tabhairt leat ’ig teach an asail feasta le sásamh a bhaint as nuachtán Ghaeilge’.
leis an dá chineál léitheora a shásamh to satisfy both types of reader(s)
" Ba léir ón grúpa fócais sin ar aon chaoi go dteastódh nuachtán Ghaeilge clóite a bheith ar fáil chomh maith lena chur ar an idirlíon leis an dá chineál léitheora a shásamh.
mó an sásamh a bhainfimis as we’d find more enjoyment from
" B’fhéidir gur mó an sásamh a bhainfimis as ár gcuid ama a thairiscint do chumainn ar nós an Simon Community, Cumann Uinsionn de Pól nó Arm an tSlánaithe.
an dá thaobh a shásamh satisfy both sides
" Cé gur chríochnaigh an ghéarchéim úd go síochánta, bhíothas a rá go raibh deighilt mhór sa tír i rith an ama agus nach raibh sé cinnte go n-éireodh le ceannairí na tíre an dá thaobh a shásamh agus an tsíocháin a choinneáil.
sásamh as enjoyment from it
" Ar an aos óg atá an saothar dírithe ach bainfidh idir óg agus aosta sásamh as go cinnte.
sásamh agus taitneamh ar leith a special satisfaction and pleasure
" Scoth na bPeileadóirí le hAirgead na hEorpa ===================== Rud eile ná go mbaineann daoine sásamh agus taitneamh ar leith as tacaíocht a thabhairt d'fhoireann a dtíre atá déanta don chuid is mó d’imreoirí a rugadh sa tír nó, i gcás Phoblacht na hÉireann, d’imreoirí a bhfuil baint éigin acu leis an tír.
Bhain mé sásamh as an gcúram I enjoyed the responsibility
" Bhain mé sásamh as an gcúram a bhí orm le roinnt blianta anuas, a bheith ag tochailt sna cartlanna le haghaidh míreanna spéisiúla sna meáin chlóite i nGaeilge agus bhíodh fáilte i gcónaí roimh an íocaíocht a thugtaí dom as mo chuid oibre.
Is deacair lucht na Gaeilge a shásamh the Irish language community are hard to satisfy
" Is deacair lucht na Gaeilge a shásamh.
gur chóir dúinn sásamh a fháil we ought to enjoy
" Is mé ag tabhairt faoin taighde don alt seo thug na giuirléidí áiféiseacha seo le tuiscint dom nach gcruthaíonn an gá ach crá inár gcroí agus gur chóir dúinn sásamh a fháil sa mhéad atá againn inár saol cheana.
Ní sásamh there's no satisfaction
" Ní sásamh go mothú an chlúdaigh ná ní barr feabhais go boladh an pháir.
thugann sásamh do chách pleasing to all
" Gné a thugann sásamh do chách is ea cumas an ghutháin agus deiseanna an ríomhaire le grianghraif a tharraingt, a fheabhsú agus a roinnt le daoine eile.
meáin chumarsáide a shásamh please the media
" Is eol do Ken Ó Donnchú thall sa Spáinn nach saol furasta a bhíonn ag rí atá iarriadh na meáin chumarsáide a shásamh agus eilifint a mharú.