Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Chorn Sacair an Domhain the World Cup
" Chaill foireann na hAstráile sa gcluiche deireanach cáilíochta do Chorn Sacair an Domhain.
an Corn Domhanda sacair the soccer World Cup
" Ní bheidh an Corn Domhanda sacair á chraoladh beo ar an idirlíon an samhradh seo, agus tá cúis an-mhaith leis sin: ní fhéadfaí an liathróid a fheiscint.
Craobhchomórtas Sacair na hEorpa European Soccer Championships
" Bhí altanna ag go leor de na páipéir ag cáineadh chinneadh an Chumainn toisc nach mbeadh mórán seans ag Éirinn Craobhchomórtas Sacair na hEorpa a chomhreáchtáil le hAlbain sa bhliain 2008 muna mbíonn an Cumann Lúthchleas Gael sásta a rá go mbeidh Páirc an Chrócaigh ar fáil don chomórtas áirithe sin.
Corn Sacair an Domhain the Soccer World Cup
"Corn Sacair an Domhain thart um an dtaca seo agus tá foireann na hÉireann ar ais sa bhaile nó ar saoire in áit éigin chiúin nach bhfuil aon seans ann go mbualfaidh siad le *fans!* Bhí ceiliúradh mór ar siúl i bPáirc an Fhionnuisce i mBaile Átha Cliath, agus 100,000 duine i láthair más fíor do na tuairiscí, chun fáilte abhaile a fhearadh roimh fhoireann Phoblacht na hÉireann agus aitheantas cuí a thabhairt dóibh as an ngaisce a rinneadar.
thionchar an tsacair the influence of soccer
" An é go bhfuil caighdeán na bhfoirne sin tite go sealadach nó an bhfuil géarchéim sna contaetha sin maidir le dul chun cinn na hiomána? Na scéalta atá ag teacht as Corcaigh is measa, sé sin, go bhfuil caighdeán na gclubanna íslithe an oiread sin nach bhfuil ar a gcumas dul san iomaíocht i gceart i gcraobhchomórtas chlubanna na Mumhan agus go bhfuil clubanna cáiliúla na cathrach, Naomh Fionnbarra, An Charraig Dhubh agus Fánaithe an Ghleanna tite i léig ar fad de bharr athruithe daonra agus thionchar an tsacair.
mhaistín sacair soccer hooligan
" Ciontaíodh Dooley as a bheith ina mhaistín sacair de chuid Bolton Wanderers i 1989 tar éis do na póilíní áitiúla fiosrúchán a dhéanamh.
staid sacair soccer stadium
" D'inis Sheila Coleman, ball den HJC anseo i Learpholl, dom go mbíonn imeachtaí mar seo ar siúl go rialta in Éirinn le cuidiú a thabhairt don fheachtas, a bunaíodh tar éis na tubaiste ag cluiche leathcheannais Chorn an FA i 1989 idir Learpholl agus Nottingham Forest i Hillsborough, staid sacair Sheffield Wednesday.
comórtas sacair cúigear an taobh five-a-side soccer competition
" Is iad Kevin Maguire agus Jason Caldwell a eagraíonn an comórtas sacair cúigear an taobh seo i mBaile Átha Cliath, agus imríonn foirne ó lucht leanúna Arsenal, Manchester United agus clubanna eile in éadan a chéile ar an Pháirc Astro i dTamhlacht.
ag tabhairt airde ar Chorn Sacair an Domhain paying attention to the World Cup in soccer
" B'fhéidir go mbíonn níos mó daoine ag tabhairt airde ar Chorn Sacair an Domhain, ach is cinnte gur ag na Cluichí Oilimpeacha atá an t-aicsean, an dráma, an t-iontas agus an éagsúlacht is mó maidir le cúrsaí spóirt.
foireann uile-Éireann sacair an all-Ireland soccer team
" An mhí seo caite, mhol George Best, mar a mhol Derek Dougan roimhe, gur cheart foireann uile-Éireann sacair a bhunú.
imreoir sacair sármhaith an excellent soccer player
" Sa chéad áit, imreoir sacair sármhaith a bhí ann agus uaireanta, agus é ag imirt le Manchester United nó le hÉirinn, bhí sé dosháraithe ar fad.
in ainneoin go n-imrítear an sacar despite the fact that soccer is played
" Baineann na tíortha is fearr le dhá mhór-roinn, is é sin Meiriceá Theas agus an Eoraip, in ainneoin go n-imrítear an sacar ar fud an domhain go léir.
Corn sacair an Domhain the soccer World Cup
" Ba bhliain mhór greamaitheoirí é 1982, óir cúpla mí roimhe sin bhí Corn sacair an Domhain ar siúl sa Spáinn agus bhí idir chailíní agus bhuachaillí ag bailiú greamaitheoirí agus imreoirí sacair orthu.
imreoirí sacair soccer players
" Ba bhliain mhór greamaitheoirí é 1982, óir cúpla mí roimhe sin bhí Corn sacair an Domhain ar siúl sa Spáinn agus bhí idir chailíní agus bhuachaillí ag bailiú greamaitheoirí agus imreoirí sacair orthu.
gafa le sacar into soccer
" Bhí an-chairdeas eadrainn – muid beirt gafa le sacar.
an sraithchomórtas sacair is fearr agus is spéisiúla the best and most interesting league
" Ar chuma ar bith, nach í Príomhroinn Shasana an sraithchomórtas sacair is fearr agus is spéisiúla ar domhan? Nó an ea? Is cinnte go bhfuil aird mhuintir na hÉireann, chomh fada is a bhaineann le cúrsaí sacair ar aon nós, dírithe ar fad, beagnach, ar imeachtaí na Príomhroinne sin.
Comórtas sacair soccer competition
" Comórtas sacair atá i gceist – bhí Peel an-tógtha le Liverpool FC – agus tarlaíonn sé in Acadamh Traenála LFC.
féile sacair a soccer festival
" D’eagraigh an tsraith féile sacair dhá lá ar an 5 agus 6 Bealtaine le deireadh a chur leis an séasúr agus le deis a thabhairt don ocht bhfoireann déag faoi ocht mbliana teacht le chéile arís.
na foirne gairmiúla sacair the professional soccer teams
" Ar ndóigh, tuigeann muid nach n-éiríonn ach le fíorbheagán, agus go bhfuil droch-chlú ar na foirne gairmiúla sacair mar gheall ar an dóigh a mbaineann siad úsáid as buachaillí óga.
an córas sacair proifisiúnta the professional soccer system
" com/)) D’inis mé an scéal seo do mo mhac féin agus sílim go dtuigeann sé an dóigh a n-oibríonn an córas sacair proifisiúnta sa lá atá inniu ann agus nach mbeidh díomá millteanach air muna n-éiríonn leis ag Everton.
Deir daoine áirithe nach raibh ann ach sacar, Some people say it was only soccer,
" Deir daoine áirithe nach raibh ann ach sacar, ar leagadh rialacha síos dó sa bhliain 1863 i Sasana.
cluiche sacair soccer game
" Thuig sé mo chás, ach ní raibh aon tuiscint ná meas aige ar scoláire eile a dúirt go raibh cluiche sacair aige ar an Satharn! Fuair an buachaill sin íde béil uaidh.
ó thraenáil sacair from soccer training
" Is é seo an áit ar scaoileadh leis an bhuachaill aon bhliain déag d'aois agus é ag siúl abhaile ó thraenáil sacair ag 7.
léinte sacair soccer jersies
" Bhí siad uilig gléasta in éide scoile gheal, agus d'amharc siad féin agus a dtuismitheoirí ar na bláthanna, bréagáin agus léinte sacair ar an scrín, gach duine fós faoi bhrón mar gheall ar bhás an bhuachalla óig.
inar taispeánadh buaicphointí ó chluichí sacair na Spáinne. in which highlights of Spanish soceer was shown.
" Ach ansin fuair siad a gcéad mhórchonradh: sraith dar teideal “Olé Olé” inar taispeánadh buaicphointí ó chluichí sacair na Spáinne.
ar foluain sna hardáin sacair flying in the soccer stands
" Is túisce anois, áfach, go bhfeicfeá bratach Naomh Seoirse ar foluain sna hardáin sacair ná an Union Jack.
ar fhoireann sacair Chorcaí faoi bhun ceithre bliana déag, on Cork's under-14 soccer team
" Tá mo mhic comhshamhlaithe go maith i sochaí na hÉireann, tá duine acu ar fhoireann sacair Chorcaí faoi bhun ceithre bliana déag, agus tá staidéar gnó á dhéanamh ag an duine eile in institiúid tríú leibhéal.
imreoir maith sacair good soccer player
" Is imreoir maith sacair í freisin agus seans maith go mbeidh sí ar fhoireann na hÉireann i mbliana.
tslua sacair soccer crowd
" Tá a lán ball ag an BNP i Stoke agus bhí siad ag iarraidh tacadóirí atá acu i measc an tslua sacair a úsáid don mhórshiúl.
foireann sacair i bpríomhshraith a first division soccer team
" Is aisling ag na mílte déagóirí in Éirinn a bheith earcaithe le foireann sacair i bpríomhshraith Shasana.
bhfuil smál ar chraobh an tsacair the soccer championship is besmerched
" Níl aon dul as, áfach, ach go bhfuil smál ar chraobh an tsacair san Úcráin mar gheall ar gheimhliú iar-Phríomh-Aire na tíre sin, Yulia Tymoshenko.
foireann sacair ban womens’ soccer team
" É sin ar fad ráite, in ainneoin chonspóidí faoi dhrugaí, faoi bhaghcait pholaitiúla, chiníochas agus faoi oilbhéimeanna éagsúla (mar shampla shiúil foireann sacair ban na Cóiré Thuaidh den pháirc nuair a ardaíodh brat náisiúnta na Cóiré Theas roimh a gcluiche), leanann an Ghluaiseacht Oilimpeach ar aghaidh agus í ag díriú ar na hidéil a spreag Baron Pierre de Coubertin in 1894 í a bhunú.
Báireoir cumasach sacair a powerful soccer player
" Báireoir cumasach sacair ab ea Niels Bohr ach is i ngort eile ar fad a dhein an t-eolaí Danmhargach seo an t-aicsean a thuill clú is cáil dó ar fud na cruinne.
chuig ceann de na foirne sacair is cáiliúla one of the most famous soccer teams
" Nuair a tháinig Sir Alexander Chapman (“Alex”) Ferguson, i mí na Samhna 1986, mar bhainisteoir chuig ceann de na foirne sacair is cáiliúla ar domhan, Manchester United, ní raibh mórán cuma air mar chlub ná ní raibh mórán dóchais ag a lucht leanúna.
príomhchathair an tsacair soccer’s capitol city
" Cá bhfuil príomhchathair an tsacair i Sasana? Learpholl, Manchain, Londain ? Ceist chonspóideach atá ann, gan amhras, agus is dócha go raibh Preston, Lancashire, ina ‘suíomh neodrach’ nuair a roghnaíodh é mar láthair do Iarsmalann Náisiúnta an tSacair i 2001.
an tSraith Sacair the soccer league
" Is é sin, an Corn FA agus an tSraith Sacair, éacht nach bhfuil bainte amach ag foireann ar bith eile ó shin.
ar an fhoireann sacair chéanna on the same soccer team
" Bhí siad ar an fhoireann sacair chéanna i Runcorn, Cheshire, agus bhí suim acu an staid stairiúil Deepdale a fheiceáil chomh maith leis an iarsmalann féin.
Tá drochchlú ar bhia ag staid sacair soccer stadium food has a bad name
" Tá drochchlú ar bhia ag staid sacair - pióga agus a leithéid a bhíonn ar fáil de ghnáth, agus cé go bhfuil an biachlár san iarsmalann bunaithe ar rudaí simplí mar sin, bhí gach rud de dhéantús baile agus an-bhlasta ar fad.
bpríomh-shraithchomórtas sacair na hAstráile Australia's premier soccer league competition
" Is ar éigean má tá éinne ionchurtha leis i bpríomh-shraithchomórtas sacair na hAstráile.
Thabharfadh cumann mór sacair a large soccer club would bring
" Thabharfadh cumann mór sacair pobail scaite uilig na dúichí, nua agus sean, le chéile.
deir an tacadóir sacair the soccer supporter says
" Ag labhairt ar an fhiontar úr, deir an tacadóir sacair Seán gur: “Cuireadh an síol lá samhraidh amháin agus mé ag díol bróg ar Thrá Bondi san Astráil.
Corn Sacair an Domhain the world cup
"Corn Sacair an Domhain faoi lánseol agus mé á scríobh seo.
an ngnáthleantóir sacair your usual soccer supporter
" Samhlaím go bhfuil níos mó airgid acu ar an gcéad dul síos ná mar atá ag an ngnáthleantóir sacair – tá costais arda taistil, lóistín agus bia (gan trácht ar ól) i gceist agus lucht tacaíochta i bhfad ó bhaile agus bíonn ticéid do na cluichí daor.
lucht leanta an tsacair soccer followers
" Ní fhaigheann lucht leanta an tsacair, ag an leibhéal is airde den spórt sin, an deis seo go minic, is é sin tacaíocht a thabhairt d’fhoireann a mbaineann na himreoirí leis an gcathair nó leis an tír fiú amháin ina bhfuil an fhoireann lonnaithe.
ar chuid de bhuaicphointí Chorn sacair an Domhain on some of the highlights of the soccer World Cup
" Féachann Colm Mac Séalaigh siar ar chuid de bhuaicphointí Chorn sacair an Domhain ó bunaíodh an comórtas i 1930.
foireann phroifisiúnta sacair a professional soccer team
" Tá mac óg Tony Birtill ag traenáil le foireann phroifisiúnta sacair faoi láthair ach tuigeann Tony nach ionann sin is a rá go n-éireoidh leis gairm a bhaint amach sa spórt sin.
galar an tsacair the soccer disease
" Admhaíonn Donncha Ó hÉallaithe go bhfuil sé i ngreim ag galar an tsacair.
cumainn sacair agus rugair of soccer and rugby clubs
" Le barr díograise CLG, cumainn sacair agus rugair, is beag an líon pionsóirí, nó lucht coraíochta nó a leithéid a sheasfas an fód d’Éirinn i gcluichí idirnáisiúnta a deir Colm Mac Séalaigh.