Pota Focal Intergaelic
sage | sake | sale | same | sane
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
slán sábháilte safe and sound
" Sa deireadh d'éirigh linn an t-óstán a bhaint amach slán sábháilte, ach fanfaidh an lá sin go buan i mo chuimhne! An saol sóisialta ======= Tá saol sóisialta iontach i gCúba: má thaitníonn ceol Laidineach-Mheiriceánach leat, beidh am ar dóigh agat.
slán safe
" Bhí sise ag obair i lár na cathrach agus dúirt sí go raibh Máire slán agus ag siúl aníos ina treo.
shlána safe
" Tá táirgí nua á dtairiscint ag beagnach gach institiúid airgeadais - idir chuntais "shlána" taisce agus chuntais infheistíochta meán-/ardriosca.
Braithim sábháilte I feel safe
mhothaigh mé slán sábháilte I felt safe
" "Níl sé foirfe ach ar a laghad faoin riail dhíreach, mhothaigh mé slán sábháilte.
chuir mé i dtaisce iad I put them away for safe-keeping
" "Órú, chuir mé i dtaisce iad nuair a tháinig muid ar ais an iarraidh dheireanach agus dheamhan má thig liom smaointiú cá bhfuil siad," arsa Bróna.
slán ó thinte safe from fires
" Tá daoine ag rá nach bhfuil aon ghnoithe ag an Astráil a bheith ag caitheamh $1 billiún (€550 milliún) ar an gcogaíocht nuair nach bhfuil dóthain áiseanna ar fáil leis an bpríomhchathair a choinneáil slán ó thinte mar a tharla coicís ó shin.
i bpost buan sábháilte in a safe permanent job
" Mar is eol do a lán ceoltóirí, is rud an-deacair é fanacht i bpost buan sábháilte nach bhfágann an oiread sin ama i gcomhair na rudaí a bhfuil do chroí iontu.
i dtaisce safe
" D'fhéadfaidís í a choinneáil i dtaisce i reoiteoir mór i ngan fhios dá dtuismitheoirí a choinneodh friseáilte í agus fuar crua sa gcaoi nach santódh gadhair, cait ná luchain í.
dhá choisméig shábháilte two safe paces
" " "Cuir, mar sin, a Réamoinn Rua Ribeach Rábach," a dúirt sí, í ag tarraingt a scátha báistí aníos as a mála mar ghléas airm ag an am céanna agus ag cúlú dhá choisméig shábháilte siar uaidh ar fhaitíos go mbainfeadh sé plaic aisti.
slán safe
" Anois, agus bliain úr buailte linn, is é an *Teflon Taoiseach *an t-aon duine den triúr a bhfuil a phost fós slán go dtí seo.
gnéas sábháilte safe sex
" Chinntigh seo gurb é an t-aon teachtaireacht maidir le gnéas sábháilte a bhí le fáil ina dhiaidh sin ná nár cheart do dhaoine nach bhfuil pósta gnéas a bheith acu.
i dtaisce in safe-keeping
" Grian gheall… Trá the… Farraige fhionnuar… Cuimhní curtha i dtaisce ag trealamh teicneolaíochta - trealamh a raibh tionchar an-mhór aige ar beagnach gach gné de na laethanta saoire iad féin.
i dtaisce being kept safe
" Cé go bhfuil cuid mhór saineolais ar an oidhreacht sin i dtaisce sa Bhrainse níl ach fíorbheagán de curtha ar fáil don ghnáthphobal.
slán safe
" De réir cuid de na saineolaithe, beidh níos mó ama de dhíth (mar shampla go dtí 2015 nó 2020) díreach chun an teicneolaíocht a fhorbairt as a dtiocfaidh carranna hidrigine a bheas éifeachtach go leor, slán go leor, agus saor go leor freisin.
slán safe
" In ainneoin ceithre chluiche dhéag as a chéile a chailliúint, bhí beagán le ceiliúradh ar deireadh ag iománaithe Átha Cliath tar éis dóibh a stádas sa chéad roinn a choinneáil slán bliain eile.
slán safe
" An bhfuil an Léann Ceilteach slán in Ollscoil na hÉireann, Maigh Nuad? “Is dóigh liom go bhfuil i Maigh Nuad.
slán safe
" Agus tá siad ina gcónaí ansin chun go mbeidh siad slán, in aice lena chéile, mar go mbíonn ciapadh ciníoch go dona in a lán áiteanna sa chathair, go mór mór i Huyton, an áit ar dúnmharaíodh Anthony Walker.
slán sábháilte safe and well
" Táim ag súil go bhfanfaidh mé féin agus gach duine sa bhaile slán sábháilte.
slán safe
" D'fhéadfá a rá go bhfuil Gaeltacht fhíorúil ann agus tá mé cinnte go mbeidh an teanga slán a fhad is a bheidh cainteoirí Gaeilge agus foghlaimeoirí ar fud an cruinne ag labhairt le chéile tríd an Ghréasán.
sábháilte safe
" An aidhm atá leis ná “go bhfaighidh daltaí buntáistí agus deiseanna foghlama as acmhainní idirlín na scoile ar bhealach sábháilte agus éifeachtach”.
slán ó na forbróirí. safe from the developers.
" Más ea, is mór an iarracht a rinneadh ceantar Jamestown féin a choinneáil slán ó na forbróirí.
sách sábháilte safe enough
" Ach tá tránna anseo sa Nua-Shéalainn nach bhfuil sách sábháilte don tsiamsaíocht nó chun snámh a dhéanamh amach uathu.
curtha i dtaisce putting in a safe place
" Beidh an tAthair ag cur fainice ar dhaoine fá dtaobh d’aimhleas an óil, an Mac ag fanacht amach ón GAA - na Gaeilgeoirí Aeracha Aontaithe - agus an triúr acu ag iarraidh díchoimisiúnú a dhéanamh ar na bairillí breise Guinness a bheas curtha i dtaisce ar eagla na hEaglaise ag Gearóid Ó Mór Ghuth.
a raibh post bog sábháilte aige who had a nice soft and safe job
" ”**Cogaíocht** Seans maith go síleann go leor daoine faoi thríocha bliain d’aois nach bhfuil in Myers ach colúnaí deisbhéalach a raibh post bog sábháilte aige leis an *Irish Times* ar feadh na mblianta.
Níl aon rud bainte amach ó thaobh an teanga a chur ar bhonn slán. nothing has been achieved to put the language in a safe position
" Níl aon rud bainte amach ó thaobh an teanga a chur ar bhonn slán.
áit ar shíl sí go mbeadh sí slán. a place where she thought that she would be safe
" Ghlaoigh an dochtúir ar Ospidéal Ollscoil na Gaillimhe agus chaith Barbara trí seachtaine ansin, áit ar shíl sí go mbeadh sí slán.
slán safe
" Ach tá *Lá Nua* slán arís, a bhuíochas sin le scairshealbhóirí atá ag dul i bpáirt le Grúpa Meán Bhéal Feirste le tuilleadh airgid a chur ar fáil don tionscadal tábhachtach seo; tionscadal atá ceannródaíoch de bhrí é a bheith ar fáil ar an idirlíon.
sábháilte, safe
" Is cuma liomsa cén bealach a théim ó áit go háit, a fhad is go bhfuil an modh taistil sábháilte, go bhfuil an t-airgead agam le híoc as agus go bhfuil sé ag dul an bealach atá feiliúnach domhsa.
go bhfuil an comhshaol slán that the environment is safe
" Ó aire comhshaoil a chreideann go bhfuil an comhshaol slán go haire cultúir atá in éadan an chultúir! Tá Edwin díbeartha anois as an Fheidhmeannas agus Gregory Campbell tagtha ina áit.
slán sábháilte safe and sound
" Ba dhúshlán é 100 canbhás a smuigleáil as an Iaráic trí chóras poist arm na Stát Aontaithe agus, lena chinntiú go dtiocfaidís ar fad slán sábháilte go Nua-Eabhrac, níor inis Brownfield an fhírinne iomlán agus é ag comhlánú na bhfoirmeacha custaim.
Teach sábháilte safe house
" Teach sábháilte do cheol David Gray agus Rodrigo y Gabriela sna Stát Aontaithe is ea é.
slán safe, all in one piece
" Faigheann tú buneolas iontach maith fríd an traenáil i gcúrsaí ceannaireachta agus bainistíochta agus faigheann tú léargas ar chúrsaí slándála.
dhaonlathach, dhleathach, shábháilte safe, legal, democratic
" Dúshlán mór a bhí ann náisiún a thógáil ina tír dhaonlathach, dhleathach, shábháilte.
slán safe
" Tá sé ráite i mbrollach Thuarascáil An Bord Snip Nua nár tháinig na forais trasteorainn faoina scáth, rud a d’fhág gur tháinig Foras na Gaeilge agus, dá réir sin, go leor de na heagrais dheonacha slán ó chorrán géar an speallaire.
slán safe
" D’fhógair an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte 429 básanna go dtí tús mí Iúil, ach mhol siad ansin gur féidir talamh slán a dhéanamh de gur ulpóg na muc is siocair le haon chás ina bhfuil comharthaí ulpóige i gceist ó shin i leith.
go ngnóthaí Dia duit safe home
" Agus go ngnóthaí Dia duit ar an mbealach abhaile, tá an aimsir an-dona.
slán safe
" Ach bíonn na dromanna slán ó mhaidhmeanna sneachta de ghnáth agus mar sin chuaigh mé féin, Chris, Alan agus Andy go dtí Am Mónadh Ruadh le Fiacaill Coire an t-Sneachda a dhreapadh Dé Céadaoin.
hiad a choinneáil slán keep them safe
" Nuair a theilg na Naitsithe na mílte buamaí anuas ar shráideanna Béal Feirste 70 bliain ó shin an mhí seo caite - maraíodh suas le míle duine - cuireadh páistí amach chun na tuaithe le hiad a choinneáil slán, ach baineadh geit as muintir na tuaithe nuair a chonaic siad cad é chomh lag, gannchothaithe is a bhí na páistí, bhí déistin orthu.
slán safe
" Tá an khat chomh luachmhar go mbíonn túr beag cosanta taobh leis an chuid is mó de na garrantaí, garda ina shuí ann lá agus oíche le raidhfil ag coinneáil an fhómhair slán ó lucht bradaíola.
mhothaigh muid slán we felt safe
" Crosleac Reachlainne =========== Roghnaigh Ó hOireachtaigh lá socair, ciúin don turas seo mar sin agus mhothaigh muid slán faoi chúram na mbádóirí áitiúla, Síol gColla nó clann Mhic Uidhir.
choinneáil saor ó chathú agus ó cháim to keep safe from temptation and blemish
" Tá dualgas ormsa mar Rí ar an chreag seo i lár na farraige mo phobal a choinneáil saor ó chathú agus ó cháim.
bhí ag cur beartais sábháilteachta i gcrích were engaged in making safe [buildings]
" Tháinig oibrithe, a bhí ag cur beartais sábháilteachta i gcrích tar éis don chrith talún an ceantar a bhualadh, ar an gcatacóm ársa seo lena n-áirítear dorchlaí agus seomraí a úsáideadh do chleachtais chreidimh agus chun daoine a adhlacadh.
mbeadh sí slán sábháilte she’d be perfectly safe
" Ionsaíodh í ar shráid in aice le lár na cathrach, áit ar mheas muintir Melbourne go mbeadh sí slán sábháilte.
i dtearmann sábháílte na pictiúrlainne in the safe refuge of the cinema
" Ach, ar a laghad, leagann Bruno Dumont an rogha ficseanúíl amach dúinn i dtearmann sábháílte na pictiúrlainne.
go dté sibh slán i mbun tiomána safe driving
" Mar sin, go dtí an mhí seo chugainn, go dté sibh slán i mbun tiomána!
níos fusa agus níos sábháilte easier and safer
" Ar ámharaí an tsaoil, b'iomaí uair a bhí mé ar an tsliabh seo agus bhí mé ábalta daoine a threorú i dtreo altán ar shleasa an chnoic a bhí níos fusa agus níos sábháilte le teacht anuas uaidh.
cé chomh slán how safe
" Ó thaobh chúrsaí sabháilteachta de, ghnóthaigh an T250 cúig réalta sa Euro Ncap – eagras atá i mbun scrúduithe sabháilteachta san Eoraip agus a chuireann in iúl don chustaiméir cé chomh slán agus atá na gluaisteáin ar fad atá ar fáil ar an Mór-Roinn.
Tá bonn níos sláine faoin iarracht go léir this whole effort is safe
" Tá bonn níos sláine faoin iarracht go léir.
slán ó cháineadh na ndaoine safe from peoples' condemnation
" Chuir tubaiste Fukushima scéal na cumhachta eithnigh ar ais i mbéal na ndaoine, ach ar chúis amháin nó ar chúis eile tháinig an t-arm eithneach slán ó cháineadh na ndaoine.
slán safe, all in one piece
" Ba dheas a cheapadh go dtiocfadh duine thall is abhus slán i ndiaidh an tríú cogadh domhanda, ach cé ar mhaith leis fanacht beo faoin talamh ar feadh breis is sé mhí le teacht aníos ina dhiaidh sin chuig domhan nach mbeadh aon léas de sholas na gréine le feiceáil ann ar feadh blianta fada? Dá gcuimhneodh daoine go leor ar a leithéid in am, d’fhéadfaí é sheachaint.
tá sibh slán you’re safe
" Ar thíortha uilig an domhain, tá sibh slán.
níos sábháilte safer
" In ainneoin na bhfadhbanna ar fad atá ag Béal Feirste, braitheann Liz Curtis níos sábháilte ansin faoi láthair ná i Londain.
slán safe, all in one piece
" Is dócha gur shíl roinnt daoine a chonaic ar an teilifís é faoi Nollaig agus tús na bliana seo nach mbainfeadh sé tír na hÉireann amach slán a choíche feasta lena raibh de chontúirt thart ina ghaobhar i nGaza ag an am.
bundúnslán safe-arsed
" D'éalaigh Balor bundúnslán ó na lúchorpáin agus bhuail isteach sa Ghaeltacht ar thaobh Loch Michigan le gairid, mar a bhfuil an bheoir saor agus an fheoil saorga.